Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0320

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/320 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 a mhéid a bhaineann le tagairtí d’aicmiú staidrimh táirgí de réir gníomhaíochta (CPA) a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/758

IO L, 2026/320, 13.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/320/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/320/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/320

13.2.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/320 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Feabhra 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 a mhéid a bhaineann le tagairtí d’aicmiú staidrimh táirgí de réir gníomhaíochta (CPA) a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear aicmiú staidrimh coiteann ar tháirgí de réir gníomhaíochta (‘CPA’) Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2008.

(2)

Éilíonn comhsheasmhacht inmheánach an staidrimh Eorpaigh go bhfuil CPA nasctha go struchtúrach lena aicmiú tagartha Eorpach, aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach (NACE), a leasaíodh le déanaí le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 (3) ón gCoimisiún lena mbunaítear NACE Athbhreithniú 2 Nuashonrú 1 (‘NACE Athbhreithniú 2.1’).

(3)

Mar thoradh ar na hathruithe sin ar NACE Athbhreithniú 2.1, glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3103 ón gCoimisiún (4) lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 chun CPA Leagan 2.2 (‘CPA Leag. 2.2’) a bhunú.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún (5) leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla agus na socruithe, mar aon leis na ceanglais sonraí maidir le staidreamh gnó Eorpach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2152. Le hIarscríbhinn I agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197, leagtar amach na ceanglais tarchurtha sonraí a thagraíonn do cheannteidil shonracha CPA. Ba cheart na ceanglais tarchurtha sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go bhfuil siad comhoiriúnach le CPA Leag. 2.2.

(5)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 a leasú dá bhrí sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 17.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2152/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena mbunaítear aicmiú nua staidrimh ar tháirgí de réir gníomhaíochta (CPA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3696/93 ón gComhairle (IO L 145, 4.6.2008, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/451/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 (IO L 19, 20.1.2023, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/137/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3103 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haicmiú táirgí de réir gníomhaíochta (CPA) a thabhairt cothrom le dáta (IO L 2024/3103, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3103/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2020 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus socruithe de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 271, 18.8.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1197/oj).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4:

Tábla 4. Staidreamh gnó gearrthéarmach maidir le praghsanna allmhairí

Athróga

130101. Praghsanna allmhairí (roghnach i gcás tíortha nach bhfuil sa limistéar euro agus tíortha a chuireann na scéimeanna samplála Eorpacha i bhfeidhm)

130102. Praghsanna allmhairí (limistéar euro) (roghnach i gcás tíortha nach bhfuil sa limistéar euro (agus tíortha a chuireann na scéimeanna samplála Eorpacha i bhfeidhm)

130103. Praghsanna allmhairí (lasmuigh den limistéar euro) (roghnach i gcás tíortha nach bhfuil sa limistéar euro)

Aonad tomhais

Innéacsanna: neamhchoigeartaithe

An pobal staidrimh

Táirgí in CPA B (seachas B0721 agus B09), C (seachas C18, C2446, C253, C301, C303, C304 agus C33) agus D

Miondealuithe

Miondealú de réir táirgí

Le haghaidh na dtíortha uile:

PGTanna Ranna B (seachas B0721 agus B09), C (seachas C18, C2446, C253, C301, C303, C304 agus C33) agus D de CPA mar a shainítear in Iarscríbhinn II.A a ghabhann leis an Rialachán seo;

Comhiomláin CPA de Ranna B (seachas B0721 agus B09)+C (seachas C18, C2446, C253, C301, C303, C304 agus C33)+D;

Ranna B (seachas B0721 agus B09), C (seachas C18, C2446, C253, C301, C303, C304 agus C33), D de CPA.

I gcás tíortha meánmhéide nó móra mar a shainítear in Iarscríbhinn III.A.2 a ghabhann leis an Rialachán seo:

Ina theannta sin, Rannáin Ranna B (seachas B0721 agus B09), C (seachas C18, C2446, C253, C301, C303, C304 agus C33) agus D de CPA.

Tá na miondealuithe breise le haghaidh tíortha meánmhéide agus móra roghnach i gcás tíortha beaga (mar a shainítear in Iarscríbhinn III.A.2 a ghabhann leis an Rialachán seo).

Neastacháin a úsáid agus ceanglais cháilíochta

Raon feidhme soláthair sonraí a theorannaítear le scéimeanna samplála Eorpacha le haghaidh tíortha sonracha mar a shonraítear in Iarscríbhinn III.C a ghabhann leis an Rialachán seo

Sprioc-am le haghaidh tarchur sonraí

T+1M+15 lá

An chéad tréimhse thagartha

Eanáir 2006, seachas i gcás:

An Ostair: Eanáir 2009 le haghaidh CPA C161, C2811, C2892.

I gcás na mBallstát sa limistéar euro a tháinig isteach san Aontas tar éis Eanáir 2006, ceanglaítear na hathróga 130101 (Praghsanna allmhairí), 130102 (Praghsanna allmhairí (limistéar euro)) agus 130103 (Praghsanna allmhairí (lasmuigh den limistéar euro)) ó thús na bliana a thángthas isteach sa limistéar euro.’

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 23:

‘Tábla 23. Staidreamh gnó ar an leibhéal tíre maidir le miondealú glanláimhdeachais fiontar de réir táirge agus áit chónaithe an chliaint

Athróga

250112. Glanláimhdeachas de réir áit chónaithe an chliaint (féadfar an riail 1 % mar a shainítear in Iarscríbhinn III.A.1 bunaithe ar ‘glanláimhdeachas’ agus ‘an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe’ ag leibhéal rannáin NACE a chur i bhfeidhm: i gcás grúpaí agus aicmí, cuirfear an riail 1 % i bhfeidhm ag an leibhéal rannáin comhfhreagrach)

250113. Glanláimhdeachas de réir táirge (féadfar an riail 1 % mar a shainítear in Iarscríbhinn III.A.1 bunaithe ar ‘glanláimhdeachas’ agus ‘an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe’ ag leibhéal rannáin NACE a chur i bhfeidhm: i gcás grúpaí agus aicmí, cuirfear an riail 1 % i bhfeidhm ag an leibhéal rannáin comhfhreagrach)

Aonad tomhais

Airgeadra náisiúnta (mílte)

An pobal staidrimh

Cumhdach gníomhaíochtaí: Táirgeoirí margaidh rannáin NACE 62, 63, 78, ghrúpaí NACE 58.2, 69.1, 69.2, 70.2, 71.1, 71.2, 73.1 agus 73.2.

 

Cumhdach aicme méide: Fiontair ina bhfuil 20 fostaí nó níos mó ná sin agus daoine féinfhostaithe agus iad sin amháin

Miondealuithe

féadfar bratach CETO a chur i bhfeidhm mar a shainítear in Iarscríbhinn III.B

Le haghaidh athróg 250113 (Glanláimhdeachas de réir táirge)

1.   Miondealú de réir táirge

CPA le haghaidh rannáin NACE 62 agus 63, agus ghrúpaí NACE 58.2, 63.1 agus 63.9 (Gníomhaíochtaí a bhaineann le ríomhairí): Iomlán, 58.21, 58.29, 58.29.1 + 58.29.2, 58.29.3 + 58.29.4, 62.1, 62.2, 62.20.1, 62.20.2, 62.20.3, 62.20.4, 62.20.5, 62.9, 63.1, 63.10.1, 63.10.11, 63.10.12, 63.9, 95.1, Seirbhísí athdhíola (ba cheart a áireamh leis sin seirbhísí athdhíola (mórdhíol agus miondíol) uile bogearraí nach bhforbraíonn an fiontar, mar aon le hathdhíol crua-earraí nach monaraíonn an fiontar), Táirgí eile

CPA le haghaidh ghrúpa NACE 69.1 (Gníomhaíochtaí dlí): Iomlán, 69.10.01, 69.10.02, 69.10.03, 69.10.04, 69.10.05, 69.10.06, 69.10.07, 69.10.08, 69.10.09, Táirgí eile

CPA le haghaidh ghrúpa NACE 69.2 (Gníomhaíochtaí cuntasaíochta, leabharchoimeádta agus iniúchóireachta; sainchomhairliúchán cánach): Iomlán, 69.20.1, 69.20.2, 69.20.21 + 22 + 23, 69.20.24, 69.20.29, 69.20.3, 69.20.4, Táirgí eile

CPA le haghaidh ghrúpa NACE 70.2 (Gníomhaíochtaí gnó agus sainchomhairleoireachta bainistíochta eile): Iomlán, 70.20, 70.20.1, 70.20.11, 70.20.12, 70.20.13, 70.20.14, 70.20.15, 70.20.16, 70.20.17, 70.20.2, 70.20.3, Táirgí eile

CPA le haghaidh aicme NACE 71.11 (Gníomhaíochtaí ailtireachta): Iomlán, 71.11.1, 71.11.2, 71.11.21 + 22, 71.11.23, 71.11.24, 71.11.25, 71.11.3, 71.11.4, Táirgí eile

CPA le haghaidh aicme NACE 71.12 (Gníomhaíochtaí innealtóireachta agus comhairliúchán teicniúil gaolmhar): Iomlán, 71.12.1, 71.12.11, 71.12.12, 71.12.13, 71.12.14, 71.12.15, 71.12.16, 71.12.17, 71.12.18, 71.12.19, 71.12.2, 71.12.3, Táirgí eile

CPA le haghaidh ghrúpa NACE 71.2 (Tástáil agus anailís theicniúil): Iomlán, 71.20.0, 71.20.01, 71.20.02, 71.20.03, 71.20.04, 71.20.05, 71.20.09, Táirgí eile

CPA le haghaidh ghrúpa NACE 73.1 (Fógraíocht): Iomlán, 73.11.0, 73.11.01, 73.11.02, 73.11.03, 73.11.04, 73.12.1, 73.12.11, 73.12.12, 73.12.13, 73.12.14, 73.12.19, Táirgí eile

CPA le haghaidh ghrúpa NACE 73.2 (Taighde margaidh agus pobalmheas poiblí): Iomlán, 73.20.1, 73.20.11, 73.20.12, 73.20.13, 73.20.14, 73.20.15 + 16, 73.20.2, Táirgí eile

CPA le haghaidh rannán NACE 78 (Gníomhaíochtaí fostaíochta): Iomlán, 78.10.0, 78.10.01, 78.10.02, 78.20.1, 78.20.11, 78.20.12, 78.20.13, 78.20.14, 78.20.15, 78.20.16, 78.20.17, 78.20.18, 78.20.19, 78.20.2, Táirgí eile

Le haghaidh athróg 250112 (Glanláimhdeachas de réir áit chónaithe an chliaint)

2.   Miondealú de réir áit chónaithe an chliaint

Iomlán

Cónaitheach (mar a shainmhínítear in ESA2010 mír 1.62),

Neamhchónaitheach,

laistigh den Aontas,

lasmuigh de Aontas.

Neastacháin a úsáid agus ceanglais cháilíochta

Na sonraí foinseacha a úsáidtear chun sonraí na hathróige a thiomsú, i gcás ina bhfuil na sonraí sin ar fáil le haghaidh na bliana fioscaí i dtaobh roinnt aonad staidrimh agus nach féidir na sonraí sin a athríomh chun an bhliain féilire a chumhdach, féadfar sonraí na bliana féilire a neasú le sonraí faoin mbliain fhioscach i dtaobh na n-aonad staidrimh sin.

Sprioc-am le haghaidh tarchur sonraí

T + 18M

An chéad tréimhse thagartha ina n-úsáidtear sonraíochtaí an tábla seo

2025 i gcás rannáin NACE 62, 63 agus 78 agus ghrúpaí NACE 58.2, 71.1, 71.2, 73.1 agus 73.2

2026 i gcás ghrúpaí NACE 69.1, 69.2 agus 70.2’


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 2:

Tábla 2. Miondealú táirge de réir aicmiú CPA (tarchur deonach sonraí)

Leis an miondealú seo a leanas, tugtar tuairisc ar an leibhéal molta sonraí le haghaidh an tarchuir dheonaigh sonraí de réir aicmiú CPA.

Is éard atá in CPA aicmiú Eorpach táirgí (earraí agus seirbhísí) de réir gníomhaíochta. Faoi CPA, tá gach táirge insannta i leith ceannteideal aonair den aicmiú gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, sanntar é don ghníomhaíochtaí eacnamaíoch trína ndéantar é. Mar thoradh air sin, baineann an struchtúr céanna le CPA agus le haicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE) agus úsáidtear sna Cuntais Náisiúnta é.


A-V

IOMLÁN NA SEIRBHÍSÍ

A

TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA, FORAOISEACHTA AGUS IASCAIREACHTA

B

MIANADÓIREACHT AGUS CAIRÉALACHT

C

TÁIRGÍ MONARAITHE (seirbhísí monaraíochta)

D

SOLÁTHAR LEICTREACHAIS, GÁIS, GAILE AGUS AERCHÓIRITHE

E

SOLÁTHAR UISCE; SEIRBHÍSÍ SÉARACHAIS, SEIRBHÍSÍ BAINISTITHE DRAMHAÍOLA AGUS SEIRBHÍSÍ FEABHSÚCHÁIN

F

FOIRGNÍOCHTAÍ AGUS OIBREACHA FOIRGNÍOCHTA

G

SEIRBHÍSÍ TRÁDÁLA MÓRDHÍOLA AGUS MIONDÍOLA

46

Seirbhísí trádála mórdhíola

47

Seirbhísí miondíola

H

SEIRBHÍSÍ IOMPAIR AGUS STÓRÁLA

49

Seirbhísí iompair ar talamh agus seirbhísí iompair trí phíblínte

50

Seirbhísí iompair uisce

51

Seirbhísí aeriompair

52

Seirbhísí ollstórála, stórála agus tacaíochta iompair

53

Seirbhísí poist agus cúiréireachta

I

SEIRBHÍSÍ CÓIRÍOCHTA AGUS BIA

55

Seirbhísí cóiríochta

56

Seirbhísí riartha bia agus deochanna

J

SEIRBHÍSÍ FOILSITHEOIREACHTA, CRAOLTÓIREACHTA, AGUS TAIRGTHE AGUS DÁILEACHÁIN ÁBHAIR

58

Seirbhísí foilsitheoireachta

59

Seirbhísí léirithe scannán, físeán agus clár teilifíse, taifeadta fuaime agus foilsitheoireachta ceoil

60

Seirbhísí clársceidealaithe agus craoltóireachta

K

SEIRBHÍSÍ TEILEACHUMARSÁIDE, RÍOMHCHLÁRÚCHÁIN, COMHAIRLITHE AGUS SEIRBHÍSÍ FAISNÉISE EILE

61

Seirbhísí teileachumarsáide

62

Seirbhísí ríomhchlárúcháin, sainchomhairleoireachta agus seirbhísí gaolmhara

63

Bonneagar ríomhaireachta, próiseáil sonraí, óstáil agus seirbhísí faisnéise eile

L

SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS AGUS ÁRACHAIS

64

Seirbhísí airgeadais, seachas árachas agus cistiú pinsin

65

Seirbhísí árachais, athárachais agus cistithe pinsin, seachas slándáil shóisialta éigeantach

66

Seirbhísí cúnta do sheirbhísí airgeadais agus seirbhísí árachais

M

SEIRBHÍSÍ EASTÁIT RÉADAIGH

N

SEIRBHÍSÍ GAIRMIÚLA, EOLAÍOCHA AGUS TEICNIÚLA

69

Seirbhísí dlí agus cuntasaíochta

70

Seirbhísí ceannoifigí agus sainchomhairliúcháin bainistíochta

71

Seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta; seirbhísí tástála agus anailíse teicniúla

72

Seirbhísí taighde agus forbartha eolaíochta

73

Seirbhísí fógraíochta, taighde margaidh agus caidrimh phoiblí

74

Seirbhísí eile gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla

75

Seirbhísí tréidliachta

O

SEIRBHÍSÍ RIARACHÁIN AGUS TACAÍOCHTA

77

Seirbhísí cíosa agus léasaithe

78

Seirbhísí fostaíochta

79

Seirbhísí gníomhaireachta taistil, tionscnóra turas agus seirbhísí eile áirithinte agus seirbhísí gaolmhara

80

Seirbhísí imscrúdaithe agus slándála

81

Seirbhísí d’fhoirgnimh agus do thírdhreach

82

Seirbhísí riaracháin oifige, tacaíochta oifige agus tacaíochta gnó eile

P

SEIRBHÍSÍ RIARACHÁIN AGUS COSANTA POIBLÍ; SEIRBHÍSÍ SLÁNDÁLA SÓISIALTA ÉIGEANTAÍ

Q

SEIRBHÍSÍ OIDEACHAIS

R

SEIRBHÍSÍ SLÁINTE DAONNA AGUS OIBRE SÓISIALTA

S

SEIRBHÍSÍ EALAÍON, SPÓIRT AGUS ÁINEASA

T

SEIRBHÍSÍ EILE

U

SEIRBHISÍ TEAGHLACH MAR FHOSTÓIRI PEARSANRA TÍ; EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ NEAMHDHIFREÁILTE A THÁIRGTEAR AG TEAGHLAIGH DÁ nÚSÁÍD FÉIN

V

SEIRBHÍSÍ ARNA SOLÁTHAR AG EAGRAÍOCHTAÍ AGUS COMHLACHTAÍ ALLCHRÍCHE’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/320/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top