Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0247

Rialachán (AE) 2026/247 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta

C/2026/517

IO L, 2026/247, 3.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/247/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/247/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/247

3.2.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/247 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2026

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún (2), cuireadh Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh chláir náisiúnta um rialú cáilíochta na mBallstát i réimse na slándála eitlíochta sibhialta.

(2)

I bhfianaise éabhlóid leanúnach na gcaighdeán, na gcleachtas, na modheolaíochtaí agus na n-uirlisí idirnáisiúnta maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha slándála eitlíochta sibhialta ó glacadh Iarscríbhinn II, tá sé tábhachtach na sonraíochtaí atá ann cheana le haghaidh na gclár náisiúnta um rialú cáilíochta a leasú agus iad a thabhairt cothrom le dáta dá réir.

(3)

Go háirithe, cuireadh le hIarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta an 7 Nollaig 1944 dhá chaighdeán nua lena gceanglaítear ar Stáit Chonarthacha a áirithiú go sainítear ina gcláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta próisis chun faisnéis a thuairisciú a bhaineann le teagmhais cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin a ghabhann leo (caighdeán 5.1.6), chomh maith le córas tuairiscithe rúnda chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis slándála arna soláthar ag foinsí amhail paisinéirí, criú agus pearsanra talún (caighdeán 3.5.1 (d)).

(4)

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, le clár náisiúnta um rialú cáilíochta an Bhallstáit beifear in ann easnaimh a bhrath agus a cheartú go tapa. Chun an cuspóir sin a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla, ba cheart caighdeáin nua ICAO dá dtagraítear in aithris (3) a léiriú sna cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta.

(5)

Go háirithe, chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas, chun an tuairisciú a dhéanann oibreoirí agus eintitis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a shimpliú agus chun tacú le comhlíonadh na gcaighdeán ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ba cheart go mbunófaí creat comhchoiteann chun sonraí ó tharluithe a bhaineann le slándáil eitlíochta a bhailiú, a chomhroinnt agus a anailísiú, agus ar an gcaoi sin teacht in ionad na timpeallachta rialála ilroinnte atá ann faoi láthair ar an leibhéal náisiúnta.

(6)

Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tsásra tuairiscithe a áirithiú, ba cheart go gceanglófaí leis an gcreat comhchoiteann ar oibreoirí agus ar eintitis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta faisnéis faoi theagmhais slándála eitlíochta, faoi ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus faoi ghníomhartha ullmhúcháin ina leith a thuairisciú do na húdaráis ábhartha laistigh de sprioc-amanna a leagtar síos, ag brath ar a thromchúisí agus a láithrí atá an tionchar ar an tslándáil eitlíochta, agus ba cheart dóibh córas tuairiscithe inmheánach a chur ar bun a bheidh le húsáid ag a bpearsanra uile. Agus a gcórais tuairiscithe inmheánacha á mbunú acu, ba cheart d’oibreoirí agus d’eintitis daoine nó eintitis fhreagracha a ainmniú, comhsheasmhacht sonraí a fheabhsú, daoine atá ainmnithe chun cúraimí tuairiscithe a dhéanamh a earcú agus oiliúint a chur orthu, foirmeacha tuairiscithe a chaighdeánú agus aicmiú coiteann a úsáid.

(7)

Na hoibleagáidí maidir le tuairisciú faisnéise ar tharluithe slándála, ar theagmhais slándála agus ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a bhaineann le slándáil eitlíochta agus ar ghníomhartha ullmhúcháin ina leith a bhunaítear sa Rialachán seo, tá siad gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann faoi láthair maidir le tarluithe slándála eitlíochta áirithe a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht eitlíochta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus lena rialacha cur chun feidhme. Leasófar na rialacha cur chun feidhme sin chun forálacha an Rialacháin seo a chur san áireamh.

(8)

Chun an leibhéal rúndachta is gá a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis atá sna tuarascálacha a chosaint le linn a próiseála agus a stórála, agus níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha eile seachas an tslándáil eitlíochta. Ba cheart rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine a luaitear sa tuarascáil a choimirciú, faoi réir na gceanglas maidir le himeachtaí coiriúla, araíonachta nó riaracháin faoin dlí náisiúnta.

(9)

Chun tapúlacht a áirithiú maidir le haon tionscnamh is gá ón gCoimisiún, ó Bhallstáit eile, ó údaráis náisiúnta eile lena n-áirítear údaráis sábháilteachta eitlíochta, ón tionscal agus ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, ba cheart nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú chun faisnéis ábhartha atá sna tuarascálacha agus faisnéis maidir le bearta leantacha a roinnt, de réir mar is iomchuí.

(10)

Chun forléargas éifeachtach ar tharluithe agus ar theagmhais slándála eitlíochta san Aontas a áirithiú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh staidreamh maidir leis na tuarascálacha a fuarthas agus maidir leis an anailís a dhéantar orthu.

(11)

Ba cheart tarluithe slándála eitlíochta a thuairisciú ar bhealach comhchuibhithe trí theimpléad caighdeánaithe chun an fhaisnéis sin a thuairisciú. Tá an teimpléad sin bunaithe ar an ábhar treorach atá ann cheana a d’fhorbair an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus a chuirtear ar fáil sa tuarscáil ‘Tuairisciú ar Tharluithe agus Teagmhais Slándála Eitlíochta’ a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022.

(12)

Thairis sin, léirigh an taithí a fuarthas le cur chun feidhme Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, chomh maith le héabhlóid na modheolaíochta domhanda um fhaireachán ar chomhlíonadh agus na téarmaíochta earnála, go bhfuil gá le mionleasuithe ar na sonraíochtaí coiteanna le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta. Baineann na leasuithe sin le sainmhínithe áirithe (amhail bearta slándála) agus le feabhsuithe ar na forálacha atá ann cheana (amhail minicíocht a leagan síos i ndáil le cigireacht a dhéanamh ar aerfoirt).

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a leasú dá réir sin. Ós rud é go meastar go ndéanann líon agus méid na leasuithe atá á dtabhairt isteach modhnú suntasach ar Iarscríbhinn II atá ann cheana a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, is iomchuí Iarscríbhinn nua a chur in ionad na hIarscríbhinne sin.

(14)

Tá gá le tréimhse ullmhúcháin leordhóthanach chun an sásra agus an próiseas a bhunú d’fhonn faisnéis maidir le teagmhais slándála eitlíochta, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin a thuairisciú, a aicmiú, a phróiseáil, a stóráil, a chosaint, a anailísiú agus a chomhiomlánú. Dá bhrí sin, ba cheart moill a chur ar chur i bhfeidhm roinnt de na forálacha gaolmhara a leagtar síos san Iarscríbhinn chun an t-am is gá a thabhairt do na Ballstáit comhlíonadh éifeachtach agus éifeachtúil na gceanglas a áirithiú.

(15)

Chuathas i gcomhairle le Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí a bunaíodh le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 agus bhí dlúthbhaint aige le forbairt na gceanglas nua maidir le tuairisciú ar tharluithe slándála eitlíochta.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta (IO L 7, 12.1.2010, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/18(1)/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/376/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

SONRAÍOCHTAÍ COMHCHOITEANNA DON CHLÁR NÁISIÚNTA UM RIALÚ CÁILÍOCHTA ATÁ LE CUR CHUN FEIDHME AG GACH BALLSTÁT I RÉIMSE NA SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA SIBHIALTA

1.   SAINMHÍNITHE

1.1.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “méid bliantúil tráchta” an líon iomlán paisinéirí a thagann isteach, a imíonn agus atá ar idirthuras (paisinéirí a chomhairtear uair amháin);

(2)

ciallaíonn “údarás iomchuí” an t-údarás náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 9 le bheith freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta;

(3)

ciallaíonn “iniúchóir” aon duine a dhéanann gníomhaíochtaí náisiúnta faireacháin ar chomhlíonadh thar ceann an údaráis iomchuí;

(4)

ciallaíonn “deimhniúchán” meastóireacht agus dearbhú foirmiúil ón údarás iomchuí nó thar a cheann go bhfuil na hinniúlachtaí is gá ag duine chun feidhmeanna iniúchóra a chomhlíonadh go leibhéal inghlactha mar atá sainithe ag an údarás iomchuí;

(5)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh” aon nós imeachta nó próiseas a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta;

(6)

ciallaíonn “easnamh” mainneachtain ceanglas slándála eitlíochta a chomhlíonadh;

(7)

ciallaíonn “cigireacht” scrúdú ar chur chun feidhme beart agus nósanna imeachta slándála d’fhonn a chinneadh an bhfuil siad á ndéanamh go héifeachtach agus de réir an chaighdeáin is gá agus chun aon easnaimh a shainaithint;

(8)

ciallaíonn “agallamh” seiceáil ó bhéal ag iniúchóir chun a shuí an bhfuil bearta nó nósanna imeachta sonracha slándála á gcur chun feidhme;

(9)

ciallaíonn “breathnóireacht” seiceáil amhairc a dhéanann iniúchóir go bhfuil beart nó nós imeachta slándála á chur chun feidhme;

(10)

ciallaíonn “tástáil shoiléir” cleachtadh fógartha le scagthóirí nó le pearsanra slándála eile lena mbaineann lena n-ionsamhlaítear go réalaíoch feidhmiú rialaithe slándála nó gníomh cur isteach neamhdhleathaigh chun gnéithe a scrúdú nó a thomhas, amhail éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála atá ann cheana, inniúlachtaí agus cumais an phearsanra sin feidhmeanna sannta a chomhlíonadh;

(11)

ciallaíonn “údaráis ábhartha”, chun críocha Chaibidil 19, an t-údarás iomchuí nó aon údarás náisiúnta eile a bhfuil freagrachtaí air maidir le tarluithe slándála eitlíochta, teagmhais, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin ina leith a thuairisciú;

(12)

ciallaíonn “tuairisceoir” aon duine dlítheanach nó nádúrtha a thuairiscíonn tarlú slándála, teagmhas slándála, gníomh cur isteach neamhdhleathaigh, gníomh ullmhúcháin nó faisnéis eile a bhaineann leis an tslándáil de bhun an phróisis tuairiscithe éigeantaigh nó dheonaigh arna bhunú ag na Ballstáit;

(13)

ciallaíonn “sampla ionadaíoch” rogha a dhéantar as measc roghanna féideartha faireacháin atá leordhóthanach ó thaobh lín agus raoin de chun bonn a sholáthar do chonclúidí ginearálta maidir le caighdeáin cur chun feidhme;

(14)

ciallaíonn “iniúchadh slándála” mionscrúdú ar bhearta agus nósanna imeachta slándála d’fhonn a chinneadh an bhfuil siad á gcur chun feidhme go hiomlán ar bhonn leanúnach;

(15)

ciallaíonn “teagmhas slándála” tarlú slándála a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, do shábháilteacht paisinéirí, foirne, pearsanra talún agus an phobail i gcoitinne;

(16)

ciallaíonn “tarlú slándála” aon teagmhas a bhaineann leis an tslándáil a bhféadfadh toradh slándála laghdaithe a bheith mar thoradh air, a d’fhéadfadh na rioscaí oibríochtúla a mhéadú nó a chuirfeadh sábháilteacht paisinéirí, criú, pearsanra talún agus an phobail i gcoitinne i mbaol, nó ar sárú comhlíontachta féideartha é. Áirítear leis sin leochaileacht i gcosaint na heitlíochta sibhialta ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a shainaithint nó breathnóireacht a dhéanamh uirthi;

(17)

ciallaíonn “tástáil” triail ar bhearta slándála eitlíochta, ina ndéanann an t-údarás iomchuí ionsamhlú ar intinn gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh, chun éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála atá ann cheana a scrúdú;

(18)

ciallaíonn “fíorú” gníomhaíocht a dhéanann iniúchóir chun a shuí an bhfuil beart slándála sonrach i bhfeidhm go hiarbhír;

(19)

ciallaíonn “leochaileacht” aon laige sna bearta agus sna nósanna imeachta a chuirtear chun feidhme a bhféadfaí leas a bhaint aisti chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh.

2.   CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS IOMCHUÍ

2.1.

Tabharfaidh na Ballstáit na cumhachtaí is gá don údarás iomchuí chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar cheanglais uile an Rialacháin seo agus a ghníomhartha cur chun feidhme, lena n-áirítear an chumhacht chun pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.2.

Déanfaidh an t-údarás iomchuí gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh agus beidh na cumhachtaí is gá aige chun a cheangal go gceartófar aon easnamh a shainaithneofar laistigh de thréimhsí ama socraithe.

2.3.

Bunófar cur chuige céimnithe comhréireach maidir le gníomhaíochtaí ceartúcháin ar easnamh agus bearta forfheidhmiúcháin. Is éard a bheidh sa chur chuige sin céimeanna forásacha a bheidh le leanúint go dtí go mbainfear ceartúchán amach, lena n-áirítear:

(a)

comhairle agus moltaí i scríbhinn;

(b)

rabhadh foirmiúil i scríbhinn;

(c)

fógra oifigiúil forfheidhmiúcháin;

(d)

smachtbhannaí riaracháin agus imeachtaí dlíthiúla.

Féadfaidh an t-údarás iomchuí ceann amháin nó níos mó de na céimeanna sin a fhágáil ar lár, go háirithe i gcás ina bhfuil an t-easnamh tromchúiseach nó ina thagann sé chun cinn arís agus arís eile.

3.   CUSPÓIRÍ AGUS ÁBHAR AN CHLÁIR NÁISIÚNTA UM RIALÚ CÁILÍOCHTA

3.1.

Is iad cuspóirí an chláir náisiúnta um rialú cáilíochta a fhíorú go gcuirtear bearta slándála eitlíochta chun feidhme go héifeachtach agus i gceart agus leibhéal comhlíonta fhorálacha an Rialacháin seo agus an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a chinneadh, trí bhíthin gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh.

3.2.

Áireofar na heilimintí seo a leanas sa chlár náisiúnta um rialú cáilíochta:

(a)

struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí agus acmhainní;

(b)

tuairiscí ar phoist, agus na cáilíochtaí is gá, le haghaidh iniúchóirí;

(c)

gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh, lena n-áirítear raon feidhme iniúchtaí slándála, cigireachtaí, tástálacha agus, tar éis sárú iarbhír nó féideartha ar shlándáil, imscrúduithe, minicíochtaí le haghaidh iniúchtaí agus cigireachtaí slándála, agus aicmiú comhlíontachta freisin;

(d)

suirbhéanna, i gcás ina bhfuil cúis le hathmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais slándála;

(e)

gníomhaíochtaí ceartúcháin ar easnamh lena soláthraítear mionsonraí maidir le tuairisciú easnaimh, bearta leantacha agus ceartú chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais slándála eitlíochta;

(f)

bearta forfheidhmiúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis, mar a shonraítear i bpointí 2.1 agus 2.3 den Iarscríbhinn seo;

(g)

tuairisciú ar ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh a dhéantar lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, malartú faisnéise idir comhlachtaí náisiúnta maidir le leibhéil chomhlíontachta;

(h)

próiseas faireacháin ar bhearta rialaithe cáilíochta inmheánacha an aerfoirt, an oibreora agus an eintitis;

(i)

próiseas chun taifead agus anailís a dhéanamh ar thorthaí an chláir náisiúnta um rialú cáilíochta chun treochtaí a shainaithint agus forbairt beartais amach anseo a stiúradh;

(j)

próiseas le haghaidh tuairisciú éigeantach faisnéise a bhaineann le teagmhais slándála eitlíochta, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin ina leith, ag aon oibreoir agus eintiteas atá freagrach as an gclár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a chur chun feidhme ar bhealach praiticiúil agus tráthúil do na húdaráis ábhartha;

(k)

córas tuairiscithe deonach rúnda chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis slándála arna soláthar ag foinsí amhail an pobal, paisinéirí, foireann, criú, pearsanra talún agus aon duine eile in earnáil na heitlíochta.

4.   FAIREACHÁN AR CHOMHLÍONTACHT

4.1.

Déanfar faireachán rialta ar gach aerfort, oibreoir agus eintiteas eile a bhfuil freagrachtaí slándála eitlíochta orthu chun brath agus ceartú tapa teipeanna a áirithiú.

4.2.

Déanfar an faireachán i gcomhréir leis an gclár náisiúnta um rialú cáilíochta, ag cur san áireamh leibhéal bagartha, cineál agus cineál na n-oibríochtaí, caighdeán an chur chun feidhme, torthaí rialaithe cáilíochta inmheánaigh aerfort, oibreoirí agus eintiteas, agus tosca agus measúnuithe eile a mbeidh tionchar acu ar thosaíochtaí agus ar mhinicíocht an fhaireacháin.

4.3.

Áireofar san fhaireachán cur chun feidhme agus éifeachtacht bhearta inmheánacha rialaithe cáilíochta na n-aerfort, na n-oibreoirí agus na n-eintiteas.

4.4.

Beidh an faireachán ag gach aerfort aonair comhdhéanta de mheascán oiriúnach de ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh agus tabharfaidh sé forléargas cuimsitheach ar chur chun feidhme na mbeart slándála allamuigh.

4.5.

Déanfar bainistiú, socrú tosaíochtaí agus eagrúchán an chláir um rialú cáilíochta go neamhspleách ar chur chun feidhme oibríochtúil na mbeart arna nglacadh faoin gclár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta.

4.6.

Áireofar ar na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh iniúchtaí, cigireachtaí agus tástálacha slándála.

5.   MODHEOLAÍOCHT

5.1.

Beidh an mhodheolaíocht chun gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh i gcomhréir le cur chuige caighdeánaithe, lena n-áirítear cúram, pleanáil, ullmhú, gníomhaíocht ar an láthair, aicmiú na dtorthaí, cur i gcrích na tuarascála agus an próiseas ceartúcháin.

5.2.

Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh bunaithe ar bhailiú córasach faisnéise trí bhíthin barúlacha, agallamh, scrúdú doiciméad agus fíoruithe.

5.3.

Áireofar san fhaireachán ar chomhlíonadh gníomhaíochtaí fógartha agus gníomhaíochtaí gan fógra araon.

6.   INIÚCHTAÍ SLÁNDÁLA

6.1.

Cumhdófar an méid seo a leanas in iniúchadh slándála:

(a)

gach beart slándála ag aerfort; nó

(b)

gach beart slándála arna chur chun feidhme ag aerfort, críochfort aerfoirt, oibreoir nó eintiteas aonair; nó

(c)

cuid ar leith den chlár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta.

6.2.

Bunófar modheolaíocht chun iniúchadh slándála a dhéanamh agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

fógra maidir leis an iniúchadh slándála agus ceistneoir réamh-iniúchóireachta a chur in iúl, más iomchuí;

(b)

céim an ullmhúcháin lena n-áirítear scrúdú ar an gceistneoir réamh-iniúchóireachta comhlánaithe agus ar dhoiciméadacht ábhartha eile;

(c)

seisiún faisnéise ar theacht isteach le hionadaithe aerfoirt/oibreoirí/eintitis sula gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht faireacháin ar an láthair;

(d)

gníomhaíocht ar an láthair;

(e)

cuntas agus tuairisciú;

(f)

i gcás ina sainaithnítear easnaimh, an próiseas ceartúcháin agus an faireachán gaolmhar ar an bpróiseas sin.

6.3.

Chun a dheimhniú go gcuirtear bearta slándála chun feidhme, beidh déanamh iniúchta slándála bunaithe ar bhailiú córasach faisnéise trí cheann amháin nó níos mó de na teicnící seo a leanas:

(a)

doiciméid a scrúdú;

(b)

barúlacha;

(c)

agallaimh;

(d)

fíoruithe.

6.4.

Aerfoirt a bhfuil méid tráchta bliantúil de níos mó ná 10 milliún paisinéir iontu, beidh siad faoi réir iniúchadh slándála lena gcumhdófar na caighdeáin slándála eitlíochta uile gach 4 bliana ar a laghad. Beidh sampla ionadaíoch faisnéise san áireamh sa scrúdú.

7.   CIGIREACHTAÍ

7.1.

Cumhdófar le raon feidhme cigireachta tacar amháin ar a laghad de bhearta slándála atá nasctha go díreach agus atá in Iarscríbhinn I agus na gníomhartha cur chun feidhme comhfhreagracha a ndéantar faireachán orthu mar ghníomhaíocht aonair nó laistigh de thréimhse ama réasúnach, nach faide ná trí mhí de ghnáth. Beidh sampla ionadaíoch faisnéise san áireamh sa scrúdú.

7.2.

Is éard atá i gceist le tacar beart slándála atá nasctha go díreach tacar de dhá cheanglas nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus na gníomhartha cur chun feidhme comhfhreagracha a mbíonn tionchar acu ar a chéile ionas nach féidir gnóthú an chuspóra a mheasúnú go leordhóthanach mura meastar le chéile iad. Áireofar ar na tacair sin na tacair a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

7.3.

Ní fhógrófar cigireachtaí. I gcás ina measfaidh an t-údarás iomchuí nach bhfuil sé sin praiticiúil, féadfar cigireachtaí a fhógairt. Bunófar modheolaíocht chun cigireacht a dhéanamh agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

céim an ullmhúcháin;

(b)

gníomhaíocht ar an láthair;

(c)

cuntas, ag brath ar mhinicíocht agus ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin;

(d)

tuairisciú/taifeadadh;

(e)

an próiseas ceartúcháin agus an faireachán air.

7.4.

Chun a dheimhniú go bhfuil bearta slándála éifeachtach, beidh déanamh iniúchta slándála bunaithe ar bhailiú córasach faisnéise trí cheann amháin nó níos mó de na teicnící seo a leanas:

(a)

doiciméid a scrúdú;

(b)

barúlacha;

(c)

agallaimh;

(d)

fíoruithe.

7.5.

Ag aerfoirt ina bhfuil méid tráchta bliantúil níos mó ná 2 mhilliún paisinéir, gach 12 mhí ar a laghad a bheidh sa mhinicíocht íosta chun cigireacht a dhéanamh ar gach tacar de bhearta slándála atá nasctha go díreach agus a leagtar amach i gcaibidlí 1 go 6 d’Iarscríbhinn I, mura rud é go ndearnadh iniúchadh ag an aerfort le linn an ama sin. Cinnfidh an t-údarás iomchuí an mhinicíocht chun cigireacht a dhéanamh ar na bearta slándála uile a chumhdaítear le caibidlí 7 go 12 d’Iarscríbhinn I bunaithe ar mheasúnú riosca.

7.6.

I gcás nach bhfuil aerfort ag Ballstát ag a bhfuil méid tráchta bliantúil is mó ná 2 mhilliún paisinéir, beidh feidhm ag ceanglais phointe 7.5 maidir leis an aerfort ar a chríoch ina bhfuil an méid tráchta bliantúil is mó.

7.7.

Bunóidh an t-údarás iomchuí minicíochtaí chun cigireacht a dhéanamh ar aerfoirt nach mó a méid tráchta bliantúil ná 2 mhilliún paisinéir, agus oibreoirí agus eintitis, agus na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 4.2 á gcur san áireamh. Tagróidh na minicíochtaí d’fhaireachán ar gach tacar ábhartha de bhearta slándála atá nasctha go díreach agus a leagtar amach i gCaibidlí 1 go 12 d’Iarscríbhinn I.

8.   TÁSTÁLACHA

8.1.

Déanfar tástálacha chun éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála a liostaítear anseo thíos a scrúdú, ar a laghad ag gach aerfort a thagann faoi phointí 7.5 agus 7.6:

(a)

rialú rochtana ar limistéir shrianta slándála;

(b)

scagadh ar dhaoine seachas paisinéirí agus scagadh ar nithe a bheidh á n-iompar acu

(c)

cosaint aerárthaí;

(d)

scagadh ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin

(e)

bagáiste boilg a chosaint;

(f)

scagadh ar lastas nó post;

(g)

lastas agus post a chosaint.

Maidir le tástálacha a bheidh le déanamh ag aerfoirt nach dtagann faoi phointí 7.5 agus 7.6, bunófar tosaíochtaí i bpleanáil bhliantúil na ngníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh.

8.2.

Féadfaidh an t-údarás iomchuí, ar bhonn measúnú riosca, tástálacha a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála breise seo a leanas:

(a)

scrúdú ar fheithiclí;

(b)

cuardach slándála aerárthaí;

(c)

scagadh ar bhagáiste boilg;

(d)

scagadh ar sholáthairtí ar eitilt agus ar sholáthairtí aerfoirt;

(e)

soláthairtí ar eitilt agus soláthairtí aerfoirt a chosaint;

(f)

saoráidí agus imlíne an aerfoirt a chosaint.

8.3.

Forbrófar prótacal tástála, lena n-áirítear an mhodheolaíocht, agus na ceanglais dhlíthiúla, sábháilteachta agus oibríochtúla á gcur san áireamh. Tabharfar aghaidh sa mhodheolaíocht ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

céim an ullmhúcháin;

(b)

gníomhaíocht ar an láthair;

(c)

cuntas, ag brath ar mhinicíocht agus ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin;

(d)

tuairisciú/taifeadadh;

(e)

an próiseas ceartúcháin agus an faireachán gaolmhar.

8.4.

Bunóidh an t-údarás iomchuí minicíochtaí le haghaidh tástálacha agus na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 4.2 á gcur san áireamh.

8.5.

Féadfar tástálacha soiléire a chur in ionad tástálacha nó iad a fhorlíonadh i gcásanna nach féidir sampla ionadaíoch tástálacha a bhaint amach de bharr, mar shampla, cur chun feidhme teoranta beart slándála áirithe, nó i gcás ina ndéanfadh dálaí áitiúla dochar d’éifeachtacht na dtástálacha.

9.   SUIRBHÉANNA

9.1.

Déanfar suirbhéanna aon uair a aithníonn an t-údarás iomchuí gur gá athmheastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí chun aon leochaileacht a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi. I gcás ina sainaithnítear leochaileacht, éileoidh an t-údarás iomchuí go gcuirfear bearta cosanta chun feidhme i gcomhréir leis an mbagairt.

10.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAIREACHÁIN AR CHOMHLÍONTACHT A THUAIRISCIÚ

10.1.

Déanfar gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht a thuairisciú nó a thaifeadadh i bhformáid chaighdeánaithe lenar féidir anailís leanúnach a dhéanamh ar threochtaí.

10.2.

Áireofar na heilimintí seo a leanas san fhormáid chaighdeánaithe:

(a)

an cineál gníomhaíochta;

(b)

an t-aerfort, an t-oibreoir nó an t-eintiteas a ndéantar faireachán orthu;

(c)

dáta agus am na gníomhaíochta;

(d)

ainm na n-iniúchóirí a dhéanann an ghníomhaíocht;

(e)

raon feidhme na gníomhaíochta;

(f)

torthaí mar aon le forálacha comhfhreagracha an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta;

(g)

aicmiú comhlíontachta;

(h)

moltaí maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, i gcás inarb iomchuí;

(i)

fráma ama le haghaidh ceartúcháin, i gcás inarb iomchuí.

10.3.

I gcás ina sainaithneofar easnaimh, tuairisceoidh an t-údarás iomchuí na torthaí ábhartha don aerfort, do na hoibreoirí nó do na heintitis atá faoi réir faireacháin.

11.   AICMIÚ COITEANN COMHLÍONTACHTA

11.1.

Leis na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht, déanfar measúnú ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta trí úsáid a bhaint as an gcóras comhchuibhithe um aicmiú comhlíontachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn II.

12.   EASNAIMH A CHEARTÚ

12.1.

Cuirfear ceartú na n-easnamh sainaitheanta chun feidhme go pras. I gcás nach féidir an ceartú a dhéanamh go pras, cuirfear bearta cúiteacha chun feidhme. Nuair is é an toradh a bheidh ar an bhfaireachán foriomlán ar chur chun feidhme birt slándála, mar gheall ar theipeanna aonair nó aonair, leibhéal an chomhlíonta “Comhlíontach, ach is inmhianaithe feabhas a dhéanamh”, ceartófar na heasnaimh sin freisin.

12.2.

Ceanglóidh an t-údarás iomchuí ar aerfoirt, ar oibreoirí nó ar eintitis atá faoi réir gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh plean gníomhaíochta a thíolacadh lena dtabharfar aghaidh ar aon easnamh a leagtar amach sna tuarascálacha mar aon le tráthchlár chun na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme agus deimhniú a thabhairt nuair a bheidh an próiseas ceartúcháin curtha i gcrích.

13.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ LEANTACHA A BHAINEANN LEIS AN gCEARTÚCHÁN A FHÍORÚ

13.1.

Tar éis don aerfort, don oibreoir nó don eintiteas atá faoi réir faireacháin a dheimhniú go ndearnadh aon ghníomhaíocht ceartaitheach is gá, fíoróidh an t-údarás iomchuí cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha.

13.2.

Úsáidfidh gníomhaíochtaí leantacha an modh faireacháin is ábhartha.

14.   INFHAIGHTEACHT INIÚCHÓIRÍ

14.1.

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh líon leordhóthanach iniúchóirí ar fáil don údarás iomchuí go díreach nó faoina mhaoirseacht chun na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh uile a dhéanamh.

15.   CRITÉIR CHÁILÍOCHTA D’INIÚCHÓIRÍ

15.1.

Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas maidir le hiniúchóirí a dhéanann feidhmeanna thar ceann an údaráis iomchuí:

(a)

go mbeidh siad saor ó aon oibleagáid chonarthach nó airgid don aerfort, don oibreoir nó don eintiteas a ndéanfar faireachán orthu; agus

(b)

go mbeidh na hinniúlachtaí iomchuí acu, lena n-áirítear taithí theoiriciúil agus phraiticiúil leordhóthanach sa réimse ábhartha.

Beidh iniúchóirí faoi réir deimhniúcháin nó formheasa choibhéisigh ag an údarás iomchuí.

15.2.

Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag na hiniúchóirí:

(a)

tuiscint ar na bearta slándála reatha is infheidhme agus ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad maidir leis na hoibríochtaí atá á scrúdú, lena n-áirítear:

tuiscint ar phrionsabail slándála,

tuiscint ar chúraimí maoirseachta,

tuiscint ar na tosca a dhéanann difear d’fheidhmíocht an duine,

(b)

eolas feidhmiúil ar theicneolaíochtaí agus teicnící slándála;

(c)

eolas ar na prionsabail, na nósanna imeachta agus na teicnící maidir le faireacháin ar chomhlíonadh;

(d)

eolas feidhmiúil ar na hoibríochtaí atá ina n-ábhar scrúdúcháin.

(e)

tuiscint ar ról agus ar chumhachtaí an iniúchóra.

15.3.

Cuirfear oiliúint thréimhsiúil ar iniúchóirí a mhinice is gá chun a áirithiú go gcoinneofar na hinniúlachtaí atá ann cheana agus go sealbhófar inniúlachtaí nua chun forbairtí i réimse na slándála a thabhairt san áireamh.

16.   CUMHACHTAÍ INIÚCHÓIRÍ

16.1.

Tabharfar údarás leordhóthanach d’iniúchóirí atá i mbun gníomhaíochtaí faireacháin chun an fhaisnéis is gá a fháil chun a gcúraimí a chur i gcrích.

16.2.

Beidh cruthúnas céannachta ag iniúchóirí lena n-údarófar gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh thar ceann an údaráis iomchuí agus lena gceadófar rochtain ar na limistéir uile is gá.

16.3.

Beidh iniúchóirí i dteideal:

(a)

rochtain láithreach a fháil ar gach limistéar ábhartha lena n-áirítear aerárthaí agus foirgnimh chun críocha faireacháin; agus

(b)

cur chun feidhme ceart nó athdhéanamh na mbeart slándála a éileamh.

16.4.

Mar thoradh ar na cumhachtaí a thugtar d’iniúchóirí, gníomhóidh an t-údarás iomchuí i gcomhréir le pointe 2.3 sna cásanna seo a leanas:

(a)

bac intinneach á chur ar iniúchóir;

(b)

mainneachtain nó diúltú faisnéis arna hiarraidh ag iniúchóir a sholáthar;

(c)

nuair a sholáthraítear faisnéis bhréagach nó mhíthreorach d’iniúchóir le hintinn mheabhlaireachta; agus

(d)

iniúchóir a phearsanú le hintinn mheabhlaireachta.

17.   DEA-CHLEACHTAIS

17.1.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhea-chleachtais maidir le cláir um rialú cáilíochta, modheolaíochtaí iniúchóireachta agus iniúchóirí. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis na Ballstáit.

18.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAIREACHÁIN AR CHOMHLÍONTACHT A THUAIRISCIÚ CHUIG AN gCOIMISIÚN

18.1.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na bearta a glacadh chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le staid na slándála eitlíochta ag na haerfoirt atá lonnaithe ar a gcríoch. Is é an 1 Eanáir—an 31 Nollaig an tréimhse thagartha a bheidh ann don tuarascáil. Beidh an tuarascáil dlite trí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

18.2.

Beidh inneachar na tuarascála i gcomhréir le Foscríbhinn III trí úsáid a bhaint as teimpléad a sholáthraíonn an Coimisiún.

18.3.

Roinnfidh an Coimisiún leis na Ballstáit na príomhchonclúidí a bhainfear as na tuarascálacha sin.

19.   TARLUITHE AGUS TEAGMHAIS SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA, GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH AGUS GNÍOMHARTHA ULLMHÚCHÁIN INA LEITH A THUAIRISCIÚ

19.1.

I gcás ina sainaithneoidh nó ina bhfaighidh an t-údarás iomchuí faisnéis faoi ghníomh cur isteach neamhdhleathaigh nó faoi theagmhas slándála eitlíochta a tharla nó ar tí tarlú, a bhfuil tionchar tromchúiseach aige nó ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach aige ar leibhéal na slándála eitlíochta san Aontas nó ar an gcóras slándála eitlíochta idirnáisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas a luaithe is féidir. Faoi réir rialacha náisiúnta maidir le cosaint faisnéise atá ábhartha don tslándáil náisiúnta, áireofar san fhógra aon fhaisnéis fhíorasach ábhartha atá ar fáil agus úsáideach chun a mheas an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht phras chun leibhéal na slándála eitlíochta san Aontas a choinneáil ar bun nó a athbhunú agus chun an comhar agus an comhordú is gá a sholáthar ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas.

19.2.

Chun na ceanglais a leagtar síos i bpointí 3.2 (j) agus (k) agus na forálacha anseo thíos a chur chun feidhme, ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, bunóidh gach Ballstát próiseas chun faisnéis maidir le teagmhais slándála eitlíochta, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin ina leith a thuairisciú, a aicmiú, a phróiseáil, a stóráil, a chosaint, a anailísiú agus a chomhiomlánú. Leis an bpróiseas sin, déanfar foráil maidir le córais tuairiscithe dheonaigh éigeantacha agus rúnda agus beidh ceanglais mhionsonraithe ann chun tuairisciú agus obair leantach éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú lena n-áirítear forghníomhú agus comhordú cúraimí ina dhiaidh sin chomh maith le haon bheart nó cinneadh a dhéanfaidh na húdaráis ábhartha.

19.3.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfaidh oibreoirí agus eintitis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta faisnéis faoi theagmhais slándála eitlíochta a thuairisciú do na húdaráis ábhartha. Aicmíonn oifigeach slándála nó bainisteoir slándála teagmhais slándála mar tharlú slándála tuairiscithe bunaithe ar anailís ar an tarlú agus ar chinneadh go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise. D’fhéadfadh cur isteach neamhdhleathach a bheith mar thoradh ar theagmhas slándála freisin, agus d’fhéadfadh an t-údarás iomchuí é a aicmiú amhlaidh, gníomh atá le tuairisciú do EESI i gcomhréir le hIarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Beidh feidhm ag na sprioc-amanna tuairiscithe seo a leanas maidir le tuairisciú éigeantach den sórt sin, ag tosú ón tráth a thuairiscítear an tarlú bunúsach tríd an gcóras tuairiscithe inmheánach dá dtagraítear i bpointe 19.4:

(a)

déanfar an tuairisciú a luaithe is féidir, ach laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí i gcás ina mbeidh tionchar tromchúiseach láithreach ag an teagmhas ar leibhéal na slándála eitlíochta;

(b)

déanfar an tuairisciú laistigh de 72 uair an chloig, i gcás ina mbeidh tionchar tromchúiseach ag an teagmhas ar leibhéal na slándála eitlíochta;

(c)

déanfar an tuairisciú ar bhonn míosúil, i gcás gach teagmhais eile.

19.4.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfaidh oibreoirí agus eintitis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta córas tuairiscithe inmheánach a chur ar bun chun faisnéis faoi tharluithe slándála eitlíochta a thuairisciú ar bhealach praiticiúil agus tráthúil. Déanfaidh pearsanra uile na n-oibreoirí agus na n-eintiteas atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta faisnéis maidir le tarluithe slándála eitlíochta a thuairisciú tríd an gcóras tuairiscithe inmheánach sin.

19.5.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, ainmneoidh na húdaráis ábhartha agus aon oibreoir nó eintiteas atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta duine nó roinn amháin ar a laghad a bheidh freagrach as tuairisciú, lena n-áirítear seiceáil cáilíochta sonraí chun comhsheasmhacht sonraí a fheabhsú. Leagfar síos ceanglais earcaíochta agus oiliúna do na daoine a ainmneofar chun na cúraimí sin a chomhlíonadh sna rialacha cur chun feidhme, arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo.

19.6.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfar tuairisciú éigeantach chuig na húdaráis ábhartha trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV, agus déanfar tagairt don aicmiú coiteann mar a leagtar síos i bhFoscríbhinn V. Féadfar tuairisciú deonach a dhéanamh freisin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV agus tagairt a dhéanamh don aicmiú coiteann mar a leagtar síos i bhFoscríbhinn V.

19.7.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, stórálfaidh na húdaráis ábhartha tuarascálacha i mbunachar sonraí náisiúnta. Maidir le faisnéis íogair slándála eitlíochta atá i dtuarascálacha agus aon anailís uirthi, déanfar rúndacht na faisnéise agus na hanailíse sin a áirithiú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme. Chuige sin, leagfaidh gach Ballstát síos ceanglais mhionsonraithe maidir le rochtain ar fhaisnéis den sórt sin chomh maith lena cosaint fhisiciúil agus lena cosaint teicneolaíochta faisnéise.

19.8.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, leagfaidh gach Ballstát síos ceanglais mhionsonraithe maidir le próiseáil agus stóráil tuarascálacha chun cosc a chur ar úsáid na faisnéise atá iontu chun críoch seachas an tslándáil eitlíochta agus déanfaidh sé rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine a luaitear sa tuarascáil a choimirciú go hiomchuí, faoi réir na gceanglas maidir le himeachtaí coiriúla, araíonachta nó riaracháin faoin dlí náisiúnta.

19.9.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfaidh na húdaráis ábhartha nósanna imeachta a bhunú agus a chur chun feidhme chun faisnéis ábhartha atá i dtuarascálacha agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí leantacha a chomhroinnt, ar bhonn riachtanais eolais, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis agus do ghníomhaireachtaí náisiúnta eile, d’oibreoirí aerfoirt, d’aeriompróirí agus d’eintitis eile lena mbaineann, i gcás ina bhféadfadh sé sin rannchuidiú le slándáil eitlíochta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

19.10.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, d’ainneoin phointe 19.8, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht eitlíochta, féadfaidh na húdaráis ábhartha í a roinnt leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta eitlíochta sibhialta, faoi réir na gceanglas is infheidhme maidir le rúndacht, cosaint agus folú de réir mar is iomchuí.

19.11.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht agus cosaint faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta, de réir mar is infheidhme, roinnfidh na húdaráis ábhartha faisnéis ábhartha atá i dtuarascálacha leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile, i gcás ina bhféadfadh sé sin rannchuidiú leis an tslándáil eitlíochta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, lena n-áirítear mar fhreagra ar fhiosrúcháin shonracha ón gCoimisiún nó ó Bhallstáit eile.

19.12.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht agus cosaint faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta, de réir mar is infheidhme, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis ábhartha atá i dtuarascálacha a chomhroinnt le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le húdaráis ábhartha tríú tíortha, i gcás inar gá sin faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta nó i gcás ina bhféadfadh sé sin rannchuidiú le slándáil eitlíochta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

19.13.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, gan dochar do phointí 19.1 agus 19.11., cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ina mbeidh staidreamh maidir leis na tuarascálacha a fuarthas, arna gcomhiomlánú i gcomhréir leis an aicmiú coiteann mar a leagtar síos i bhFoscríbhinn V agus an anailís orthu. Is é an 1 Eanáir—an 31 Nollaig an tréimhse thagartha don tuarascáil, agus beidh sí dlite sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

19.14.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, roinnfidh an Coimisiún na príomhchonclúidí a baineadh as tuarascálacha arna dtíolacadh de bhun phointe 19.13 leis an gCoiste Rialála um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta agus le Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí maidir le Slándáil Eitlíochta.

19.15.

Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, chun cur chuige comhchuibhithe a sholáthar ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an Coimisiún ionstraim teicneolaíochta faisnéise iomchuí a chur ar fáil chun tacú le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo, i gcomhar leis na Ballstáit.

Foscríbhinn I

Eilimintí atá le cur san áireamh sa tacar de bhearta slándála atá nasctha go díreach

Áireofar sna tacair de bhearta slándála atá nasctha go díreach dá dtagraítear i bpointe 7.1 den Iarscríbhinn seo na heilimintí seo a leanas d’Iarscríbhinn I agus na forálacha comhfhreagracha ina gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo:

Le haghaidh phointe 1 – Slándáil aerfoirt:

(a)

forálacha uile phointe 1.1; nó

(b)

forálacha uile phointe 1.2 (seachas na forálacha sin a bhaineann le cártaí aitheantais agus pasanna feithicle); nó

(c)

gach foráil de phointe 1.2 a bhaineann le cártaí aitheantais; nó

(d)

gach foráil de phointe 1.2 a bhaineann le pasanna feithicle; nó

(e)

forálacha uile phointe 1.3 agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(f)

forálacha uile phointe 1.4; nó

(g)

forálacha uile phointe 1.5; nó

(h)

forálacha uile phointe 1.7 agus na heilimintí ábhartha de phointe 11.

Le haghaidh phointe 2 – Limistéir chríochaithe aerfort:

forálacha uile an phointe seo.

Le haghaidh phointe 3 – Slándáil aerfoirt:

(a)

forálacha uile phointe 3.1; nó

(b)

forálacha uile phointe 3.2;

Le haghaidh phointe 4 – Paisinéirí agus bagáiste cábáin:

(a)

forálacha uile phointe 4.1 agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(b)

forálacha uile phointe 4.2; nó

(c)

forálacha uile phointe 4.3;

Le haghaidh phointe 5 – Bagáiste boilg:

(a)

forálacha uile phointe 5.1 agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(b)

forálacha uile phointe 5.2; nó

(c)

forálacha uile phointe 5.3;

Le haghaidh phointe 6 – Lastas agus post:

(a)

gach foráil a bhaineann le rialuithe slándála, scagadh agus iompar arna chur i bhfeidhm ag gníomhaire rialáilte agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(b)

gach foráil a bhaineann le rialuithe slándála agus iompar arna gcur i bhfeidhm ag coinsíneoirí aitheanta; nó

(c)

gach foráil a bhaineann le rialuithe slándála agus iompar arna gcur i bhfeidhm ag tarlóirí formheasta; nó

(d)

gach foráil a bhaineann le lastas agus post a chosaint ag aerfoirt.

Le haghaidh phointe 7 – Post aeriompróra agus ábhair aeriompróra:

forálacha uile an phointe seo.

Le haghaidh phointe 8 – Soláthairtí ar eitilt:

forálacha uile an phointe seo agus na heilimintí ábhartha de phointe 12;

Le haghaidh phointe 9 – Slándáil aerfoirt:

forálacha uile an phointe seo agus na heilimintí ábhartha de phointe 12;

Le haghaidh phointe 10 – Bearta slándála ar eitilt:

forálacha uile an phointe seo.

Le haghaidh phointe 11 – Earcaíocht agus oiliúint foirne:

(a)

gach foráil a bhaineann le hearcaíocht foirne ag aerfort, in oibreoir, in aeriompróir nó in eintiteas; nó

(b)

gach foráil a bhaineann le hoiliúint foirne ag aerfort, in oibreoir, in aeriompróir nó in eintiteas;

Foscríbhinn II

Córas comhchuibhithe um aicmiú comhlíontachta

Beidh feidhm ag an aicmiú comhlíontachta seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta.

 

Iniúchadh Slándála

Cigireacht

Triail

Lán-chomhlíontach

Comhlíontach, ach is inmhianaithe feabhas a dhéanamh

Neamhchomhlíontach

Neamhchomhlíontach, le heasnaimh thromchúiseacha

Ní bhaineann le hábhar

 

Gan deimhniú

Foscríbhinn III

Inneachar na tuarascála chuig an gCoimisiún

1.   Struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí agus acmhainní

(a)

Struchtúr na heagraíochta rialaithe cáilíochta, freagrachtaí agus acmhainní, lena n-áirítear leasuithe atá beartaithe amach anseo (féach pointe 3.2(a)).

(b)

Líon na n-iniúchóirí – faoi láthair agus beartaithe (féach pointe 14).

(c)

Oiliúint arna cur i gcrích ag iniúchóirí (féach pointe 15.2).

2.   Gníomhaíochtaí faireacháin oibríochtúla

Na gníomhaíochtaí faireacháin uile a dhéantar, agus na nithe seo a leanas á sonrú:

(a)

cineál (iniúchadh slándála, cigireacht tosaigh, cigireacht leantach, tástáil, eile);

(b)

aerfoirt, oibreoirí agus eintitis a ndéantar faireachán orthu;

(c)

raon feidhme;

(d)

minicíocht; agus

(e)

líon iomlán na ndaonlaethanta a caitheadh ar an talamh.

3.   Gníomhaíochtaí maidir le heasnaimh a cheartú

(a)

Stádas chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maidir le heasnaimh a cheartú.

(b)

Na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe (e.g. poist nua a cruthaíodh, trealamh a ceannaíodh, obair thógála) agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo ceartúcháin.

(c)

Bearta forfheidhmiúcháin a úsáideadh (féach pointe 3.2(f)).

4.   Sonraí ginearálta agus treochtaí

(a)

Trácht náisiúnta bliantúil iomlán paisinéirí agus lastais agus an líon gluaiseachtaí aerárthaí.

(b)

Liosta aerfort de réir catagóire.

(c)

Líon na n-aeriompróirí a oibríonn ón gcríoch de réir catagóire (náisiúnta, Aontais, tríú tír).

(d)

Líon na ngníomhairí rialáilte.

(e)

An líon coinsíneoirí aitheanta.

(f)

An líon tarlóirí formheasta.

(g)

An líon soláthróirí rialáilte (i gcás soláthairtí aerfoirt agus soláthairtí ar eitilt).

(h)

Neaslíon na n-eintiteas eile a bhfuil freagrachtaí slándála eitlíochta orthu (cuideachtaí láimhseála ar an talamh, cuideachtaí slándála, soláthróirí aitheanta soláthairtí aerfoirt agus soláthairtí ar eitilt).

5.   Staid na slándála eitlíochta ag na haerfoirt

Comhthéacs ginearálta staid na slándála eitlíochta sa Bhallstát.

Foscríbhinn IV

Teimpléad chun faisnéis faoi tharluithe agus teagmhais slándála a thuairisciú (1)

Dáta beacht agus am beacht nó tréimhse bheacht (2) an tarlaithe: …/…/…

Dáta na tuarascála (3): …/…/…

Áit an Tarlaithe (4):

Ainm na cuideachta agus/nó ainm an duine atá ag tuairisciú (más féidir (5)):

Tuairisc ar an tarlú:

Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí láithreacha a rinneadh agus cé a rinne an ghníomhaíocht/na gníomhaíochtaí sin (6):

An limistéar slándála eitlíochta lena mbaineann:

Slándáil thaobh na talún; Paisinéirí agus bagáiste cábáin; Foireann agus criú; Rialú rochtana; Bagáiste boilg; Soláthairtí ar eitilt; Soláthairtí aerfoirt; Cosaint aerárthaí ar an talamh; Bearta slándála aerárthaí ar eitilt; Lastas agus post; Rialú Aerthráchta; Faisnéis dhigiteach agus teicneolaíochtaí digiteacha; Córas/córais aerárthaí gan foireann (UAS) / Aerfheithicil gan foireann (UAV) / Córas/córais aerárthaí cianrialaithe (RPAS); Arm cianláinseála (córais aerchosanta iniompartha etc.) Léasair; Faisnéis maiidr le slándáil eitlíochta; Eitlíocht Ghinearálta/Clubanna eitleoireachta

Éifeacht nó éifeacht fhéideartha ar an tslándáil (7):

Aon bharúil/togra/faisnéis eile (8):

Teagmhálaí (ríomhphost, uimhir theileafóin):

Foscríbhinn V

Aicmiú coiteann na dtarluithe agus na dteagmhas slándála (9)

Aicme (10)

Catagóir (11)

Slándáil thaobh na talún;

Aimsiú nó úsáid gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha nó gléas loiscneach seiftithe

 

Gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha nó gléas loiscneach seiftithe arna seachadadh ag duine a aimsiú nó a úsáid

 

Ionsaí armtha

 

Earraí gan aon duine á bhfaire/earraí amhrastacha (rud is infheidhme ar thaobh an aeir freisin)

 

Ionsaí ceimiceach, bitheolaíoch agus raideolaíoch (CBR)

 

Damáiste do bhonneagar criticiúil/pointí leochaileacha

 

Iompraíocht amhrasach

 

Cur isteach neamhphleanáilte, lena n-áirítear bagairt buama nó foláireamh bréige

Paisinéirí agus bagáiste cábáin

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Easnamh sa phróiseas scagtha ag seicphointe slándála

 

Paisinéirí scagtha agus neamhscagtha a mheascadh

 

Iompraíocht amhrasach

Foireann agus criú

Easnamh sa phróiseas scagtha ag seicphointe slándála

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Sabaitéireacht

 

Rialuithe slándála á seachaint ag duine ar an taobh istigh

 

Iarracht d’aon ghnó dul timpeall ar chóras grinnfhiosrúcháin/seiceáil cúlra

Rialú rochtana

Imlíne a shárú nó iarracht a dhéanamh í a shárú

 

Rochtain neamhúdaraithe ar limistéar srianta slándála nó ar limistéar rialaithe eile (gan foireann a bheith i gceist)

 

Rochtain neamhúdaraithe/ gan tionlacan laistigh de limistéar srianta slándála (foireann a bheith i gceist)

 

Iompar amhrasach ón bhfoireann

 

Easnamh sa chóras rialaithe rochtana

 

Easnamh i gcóras eisiúna an phas aitheantais

 

Easnamh i gcóras rialaithe rochtana na feithicle lena n-áirítear cur i bhfeidhm rialuithe slándála agus/nó scagadh ar thaistealaithe agus ar fheithiclí

Bagáiste boilg

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Easnamh maidir le bagáiste boilg scagtha a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar bhagáiste bhoilg scagtha

 

Easnamh sa chóras nó sa phróiseas scagtha ar bhagáiste boilg (lena n-áirítear réiteach ‘bagáiste le paisinéir’)

 

Easnamh i bpróiseas iompair na n-arm seolta

Soláthairtí ar eitilt

Rochtain neamhúdaraithe ar shaoráid um sholáthairtí ar eitilt

 

Easnamh maidir le soláthairtí slána a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar sholáthairtí slána ar eitilt

 

Easnamh i gcur i bhfeidhm rialuithe slándála

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

Soláthairtí aerfoirt

Rochtain neamhúdaraithe ar shaoráid

 

Easnamh maidir le soláthairtí slána a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar sholáthairtí slána aerfoirt

 

Easnamh i gcur i bhfeidhm rialuithe slándála

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

Cosaint aerárthaí ar an talamh

Paisinéir neamhúdaraithe ar an aerárthach

 

Foireann neamhúdaraithe ar an aerárthach

 

Easnamh i gcuardach/seiceáil slándála an aerárthaigh

 

Easnamh i mbearta cosanta aerárthaí, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil aerárthaí páirceáilte thar oíche

 

Gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe a aimsiú nó a úsáid i gcábán nó i mbolg an aerárthaigh

Bearta slándála aerárthaí ar eitilt

Paisinéir ainrianta (le cur san áireamh le haghaidh leibhéil 3 agus 4 amháin (féach Lámhleabhar EESI maidir leis an tSlándáil Eitlíochta) le tuairisciú)

 

Easnamh i bpróiseas/cosaint dhoras chró an phíolóta

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Ionsaí ceimiceach, bitheolaíoch agus raideolaíoch

 

Fuadach ar eitilt

 

Bagairt buama ar eitilt

Lastas agus post

Rochtain neamhúdaraithe ar shaoráid um scagadh ar lastas

 

Easnamh sa phróiseas scagtha

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Easnamh maidir le lastas slán a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar lastas slán

 

Easnamh sa phróiseas glactha

 

Gníomhaíocht amhrasach

 

Fógra gan luchtú a dhéanamh faoi scéimeanna um Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI)

Rialú Aerthráchta

Ionsaí armtha ar shaoráid rialaithe aerthráchta (ATC)

 

Áiseanna aerloingseoireachta a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh

 

Rochtain neamhúdaraithe

Faisnéis dhigiteach agus teicneolaíochtaí digiteacha

Ionsaí ar chóras/chórais aerárthaí

 

Ionsaí ar chóras/ar chórais bainistíochta aerthráchta (BAT)

 

Ionsaí ar chóras/chórais aerárthaí

 

Ionsaí ar chórais agus ar shonraí criticiúla eile

Córais aerárthaí gan foireann (UAS)

Ionradh neamhúdaraithe ar aerspás rialaithe

Aerfheithicil gan fhoireann

Neasteagmhas/Teagmháil le haerárthach ar eitilt

Córais aerárthaí cianrialaithe (RPAS)

Buille/Imbhualadh le haerárthach ar eitilt

 

Amharc ó aerárthach/aerfort

 

Aerfheithicil gan foireann tar éis a bheith ina bhagairt ar aerárthach

 

Aerfheithicil gan foireann mar chúis le bagairt ar bhonneagar aerfoirt

 

Aerfheithicil gan foireann mar chúis le bagairt ar phaisinéirí

Arm cianláinseála (córais aerchostanta iniompartha etc.)

Ionsaí ar aerárthaí nó ar shaoráid aerfoirt

 

Amharc tuairiscithe

Léasair

Ionsaí ar aerárthaí nó ar shaoráid aerfoirt

 

Amharc tuairiscithe

 

Gníomhaíocht amhrasach

Faisnéis maidir le slándáil eitlíochta

Easnamh maidir le faisnéis íogair slándála eitlíochta a chosaint

 

Cailleadh sláine agus infhaighteacht córas faisnéise

Eitlíocht Ghinearálta/Clubanna eitleoireachta

Rochtain neamhúdaraithe

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/IED/IID


(1)  Chun críocha an teimpléid, cumhdóidh ‘tarlú’ tarluithe agus teagmhais slándála eitlíochta.

(2)  I gcás nach féidir an dáta agus an t-am beacht a shuí.

(3)  Murab ionann é agus dáta an tarlaithe.

(4)  Ainm agus b’fhéidir cód IATA/ICAO an aerfoirt, chomh maith leis an limistéar ina mbreathnaítear an tarlú.

(5)  Féadfar ainm an duine nádúrtha a thuairiscíonn a fhágáil ar lár.

(6)  Amhail fógra a thabhairt d’údaráis áitiúla forfheidhmithe dlí agus/nó d’údaráis aerfoirt faoin gcás.

(7)  Chun an chaoi a ndéantar difear do leibhéal na slándála eitlíochta a chinneadh ó dhearcadh an tuairisceora.

(8)  Féadfaidh faisnéis inmhianaithe bhreise ón tuairisceoir a bheith sa roinn seo, mar shampla, maidir le réamh-mheasúnú riosca; Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí chun an éifeacht ar an tslándáil eitlíochta a theorannú; Beart/bearta ceartaitheach(a) (i gcás inarb infheidhme); agus Stádas an chomhaid laistigh den chuideachta (i gcás inarb infheidhme).

(9)  Féadfaidh Foscríbhinn V feidhmiú freisin mar uirlis chun sonraí slándála a chatagóiriú agus chun tacú le sainmhínithe ar tharluithe ábhartha a fhorbairt.

(10)  Aicme: déantar cur síos ar an topaic dá dtagraíonn an teagmhas slándála, amhail “rialuithe rochtana”, “bagáiste boilg” nó “lastas/post”. Úsáidtear na haitheantóirí roghnaithe go coitianta cheana féin in Iarscríbhinn 17 EESI agus sa Lámhleabhar um Shlándáil Eitlíochta (Doic 8973) agus meastar go mbeidh sé éasca d’eintitis tagairt a dhéanamh dóibh agus go mbeidh siad ábhartha do na húdaráis maidir le measúnuithe a dhéanamh.

(11)  Catagóir léirítear cur síos níos sonraí ar an teagmhas slándála lena mbaineann. Tá na catagóirí éagsúil de réir aicme toisc go n-athraíonn na teagmhais slándála a d’fhéadfadh a bheith ann ag brath ar an bpróiseas slándála eitlíochta lena mbaineann siad. Mar shampla, áirítear san aicme ‘cosaint aerárthaí ar an talamh’ an chatagóir “easnamh i gcuardach/seiceáil slándála an aerárthaigh”, ach áirítear san aicme “bagáiste boilg” an chatagóir “easnamh maidir le bagáiste boilg scagtha a chosaint”. Bheadh catagóir “eile” ann freisin do na teagmhais sin a d’fhéadfadh a bheith ró-annamh chun údar a thabhairt le catagóir ar leith, nó a d’fhéadfaí a mheas mar bhagairt nó leochaileacht nua. Níor cheart an rogha seo a úsáid, áfach, ach amháin nuair is cosúil nach bhfuil aon cheann de na catagóirí eile oiriúnach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/247/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top