This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0227
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/227 of 26 January 2026 amending Annexes V and XIV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for Canada, the United Kingdom and the United States in the lists of third countries, territories, or zones thereof authorised for the entry into the Union of consignments of poultry and germinal products of poultry, and of fresh meat of poultry and game birds
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/227 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/227 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
C/2026/541
IO L, 2026/227, 27.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/227/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/227 |
27.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/227 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2026
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1), pointe (b) agus Airteagal 232(3), pointe (b) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach bhfuil teacht isteach coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó críocha san Aontas le ceadú ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Tá fógra tugtha ag Ceanada don Choimisiún faoi dhá ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúige Quebec, ráigeanna a deimhníodh an 15 Eanáir 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(6) |
Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi cheithre ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Suffolk agus Yorkshire, i Sasana, agus i limistéar comhairle Scottish Borders, in Albain, ráigeanna a deimhníodh idir an 13 Eanáir 2026 agus an 19 Eanáir 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(7) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i Stáit Colorado agus Minnesota, ráigeanna a deimhníodh idir an 14 Eanáir 2026 agus an 16 Eanáir 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(8) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin. |
|
(9) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe, agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha féin agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin de a tharla le déanaí. |
|
(10) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na limistéir lena mbaineann na ráigeanna nua sna tríú tíortha sin a chur ar fionraí chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe, agus leis na Stáit Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Ina theannta sin, tá faisnéis cothrom le dáta soláthartha don Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch a mhéid a bhaineann le ráigeanna a bhí ann roimhe seo den fhliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a chur ar fionraí san Aontas, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(12) |
An 15 Eanáir 2026, an 20 Eanáir 2026 agus an 21 Eanáir 2026, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis cothrom le dáta isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aige i ndáil le trí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Norfolk, North Yorkshire, agus Worcestershire, i Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 7 Samhain 2025 agus an 8 Samhain 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(13) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann roimhe seo, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme aici chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích aici freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme. |
|
(14) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe faoina bhráid agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aici nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí ó na criosanna atá buailte, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna atá buailte den Ríocht Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, gur cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe sna táblaí sin sna hIarscríbhinní sin a leasú dá réir. |
|
(15) |
Agus na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/227/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)