Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0056

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/56 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú srianta aeracmhainneachta

C/2025/6987

IO L, 2026/56, 19.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/56/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/56/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/56

19.1.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/56 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú srianta aeracmhainneachta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 19(1) agus Airteagal 62(13), pointe (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 (2) ón gCoimisiún na ceanglais maidir le haeracmhainneacht tosaigh aerárthaí, lena n-áirítear na ceanglais maidir leis an deimhniú aeracmhainneachta agus an deimhniú srianta aeracmhainneachta a eisiúint.

(2)

Ba cheart castacht na rialacha cur chun feidhme sin a laghdú chun iad a ailíniú leis na rioscaí a bhaineann le catagóirí éagsúla aerárthaí, le cineálacha éagsúla oibríochtaí agus le stair na n-aerárthaí. Is gá na rialacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a shimpliú agus a chomhchuibhiú chun iad a dhéanamh níos soiléire agus chun míthuiscintí a sheachaint.

(3)

Mar gheall ar na spleáchais chasta idir Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (3) i ndáil le deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta faoi seach, is gá feabhas a chur ar an ailíniú idir an dá Rialachán sin, go háirithe i gcás aerárthaí a aistrítear idir Ballstáit nó a allmhairítear isteach san Aontas.

(4)

D’fhonn saorghluaiseacht aerárthaí laistigh den Aontas a fheabhsú, is gá an próiseas chun eisiúint deimhnithe aeracmhainneachta a éascú nuair a aistrítear aerárthaí idir Ballstáit agus cead a thabhairt d’iarratasóirí deimhniú aeracmhainneachta a iarraidh ar údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit inar mian leo an t-aerárthach a chlárú.

(5)

Ba cheart ceanglais maidir le hiarratais ar dheimhnithe aeracmhainneachta agus ar dheimhnithe srianta aeracmhainneachta a leasú chun cásanna aerárthaí athláimhe seachas aerárthaí de thionscnamh tríú tíortha a chur san áireamh, amhail aerárthaí a úsáideadh roimhe sin le haghaidh gníomhaíochtaí nó seirbhísí a shainítear in Airteagal 2(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1139.

(6)

Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar dheimhniú aeracmhainneachta nó ar dheimhniú srianta aeracmhainneachta d’aerárthach a allmhairítear ó thríú tír, beidh gá le ráiteas ina léireofar stádas aeracmhainneachta aerárthaigh. I gcás nach bhfuil fáil ar an ráiteas sin agus nach féidir é a fháil, ba cheart sásra malartach a thabhairt isteach bunaithe ar ghníomhaíochtaí imscrúdaithe agus meastóireachta.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú dá réir.

(8)

Tá na tuairimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le Tuairim 08/2024 (4), a d’eisigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 7 Lúnasa 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 an 3 Lúnasa 2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil nó dearbhú comhlíontachta d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara, fearais, aonaid rialaithe agus faireacháin agus comhpháirteanna aonaid rialaithe agus faireacháin, chomh maith le ceanglais maidir le cumas eagraíochtaí deartha agus táirgthe (athmhúnlú)’; ( IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/748/oj.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1321/oj).

(4)  Tuairim Uimh. 08/2024 an 17 Nollag 2024 ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, Próiseas athbhreithnithe aeracmhainneachta — Allmhairiú aerárthaí ó chórais rialála eile, agus athbhreithniú ar Chuid 21 Fochuid H — Athbhreithniú ar IRanna Bhun-Rialachán EASA le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, (https://www.easa.europa.eu/en/document-library/opinions/opinion-no-082024).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

leasaítear an clár ábhar mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil phointe 21.A.179:

‘21.A.179   Inaistritheacht’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála i bhFoscríbhinn II:

‘Foscríbhinn II — forchoimeádta’;

(2)

leasaítear pointe 21.A.174 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

i bpointe (2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (ii) agus (iii):

‘(ii)

an ráiteas maise agus cothromaíochta a chomhfhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh, de réir mar is infheidhme;

(iii)

an lámhleabhar eitilte má éilítear sin leis an mbonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme.’;

(ii)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 3:

‘3.

maidir le haerárthaí athláimhe ag tráth an iarratais:

(i)

tá deimhniú aeracmhainneachta aige arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, cóip den deimhniú sin agus ceann de na doiciméid seo a leanas:

(A)

deimhniú bailí ar athbhreithniú aeracmhainneachta (ARC) arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (*1), nó le hIarscríbhinn I (Cuid-ML.UAS) a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107, de réir mar is infheidhme;

(B)

moladh maidir le deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint de bhun athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.901(b)(1) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014;

(ii)

níl deimhniú aeracmhainneachta aige a eisíodh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo:

(A)

ráiteas ón údarás iomchuí a bhí freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an aerárthach lena léirítear stádas aeracmhainneachta an aerárthaigh tráth a scoir an t-údarás sin dá fhreagrachtaí formhaoirseachta;

(B)

an ráiteas maise agus cothromaíochta a chomhfhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh, de réir mar is infheidhme;

(C)

an lámhleabhar eitilte má éilítear sin leis an mbonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme.’;

(D)

taifid stairiúla is gá chun caighdeán táirgthe, cumraíochta agus cothabhála an aerárthaigh a bhunú, lena n-áirítear na teorainneacha uile a bhaineann le deimhniú srianta ar aeracmhainneacht arna eisiúint i gcomhréir le pointe 21.B.327;

(E)

moladh maidir le deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint de bhun athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 nó deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 nó le hIarscríbhinn I (Cuid-ML.UAS) a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107, mura gcomhaontaítear go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú aeracmhainneachta;

(F)

an dáta a eisíodh an chéad deimhniú aeracmhainneachta agus, má tá feidhm ag na caighdeáin a leagtar amach in Imleabhar III d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, na sonraí maidir le luach méadrach CO2;

(G)

má eisíodh iardheimhniú aeracmhainneachta an aerárthaigh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo ach má rinneadh é a chúlghairm nó a thabhairt suas ina dhiaidh sin, mar mhalairt ar an ráiteas a éilítear i bpointe (A), na doiciméid uile seo a leanas:

(a)

ráiteas ina mbeidh an méid seo a leanas:

(1)

mionsonraí na gcúiseanna atá le cúlghairm nó le tabhairt suas an deimhnithe aeracmhainneachta;

(2)

na mionsonraí faoin gcaoi ar caomhnaíodh agus ar coinníodh an t-aerárthach ón uair a rinneadh an deimhniú aeracmhainneachta a chúlghairm nó a thabhairt suas;

(3)

gach faisnéis ábhartha eile a bhaineann le riocht agus stair an aerárthaigh;

(b)

clár meastóireachta arna fhorbairt agus arna chur i gcrích i gcomhréir le pointí 21.A.174(d)(3) agus 21.A.174(d)(4), mura gcomhaontóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a mhalairt.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1321/oj).’;"

(b)

cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d)

De mhaolú ar phointe 21.A.174(b)(3)(ii)(A), i gcásanna eisceachtúla agus le comhaontú roimh ré ón údarás inniúil, féadfar iarratas a dhéanamh gan ráiteas a léiríonn stádas aeracmhainneachta an aerárthaigh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

1.

tá údarás inniúil Bhallstát an chláraithe sásta nár dhiúltaigh an t-iarúdarás eitlíochta an ráiteas aeracmhainneachta mar gheall ar ábhair imní aeracmhainneachta, mura rud é gur tugadh aghaidh ar na hábhair imní sin agus gur ceartaíodh iad;

2.

tá fianaise ar fáil d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe maidir leis an dearadh formheasta ar dá réir a tógadh agus a seachadadh an t-aerárthach ar dtús;

3.

forbrófar clár meastóireachta ina sonrófar na himscrúduithe is gá chun easpa an ráitis aeracmhainneachta dá dtagraítear i bpointe 21.A.174(b)(3)(ii)(A) a chúiteamh;

4.

rinneadh na gníomhaíochtaí imscrúdúcháin i gcomhréir leis an gclár meastóireachta, agus rinneadh achoimre ar na torthaí i dtuarascáil mheastóireachta;

5.

arna iarraidh sin d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, soláthraíonn an t-iarratasóir rochtain ar aon fhaisnéis, agus cóipeanna di, a úsáideadh chun an clár meastóireachta agus an tuarascáil mheastóireachta a ghiniúint.

Áiritheofar leis an gclár meastóireachta dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (3), go bhfuil an t-aerárthach agus a thaifid i riocht a fhágann go bhfuil an t-aerárthach incháilithe chun deimhniú aeracmhainneachta a eisiúint, trí imscrúduithe cuimsitheacha arna ndéanamh ag eagraíocht fhormheasta nó ag an údarás inniúil. Sainaithneofar sa chlár aon neamhréireacht nó easnamh a chuirfidh an t-aerárthach i gcomhréir leis na caighdeáin aerfhiúntais is infheidhme tar éis na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá. Ní thiocfaidh an clár meastóireachta in ionad na gcúraimí a dhéanann an duine nó an eagraíocht atá freagrach as cúraimí aeracmhainneachta leanúnaí nó as cúraimí athbhreithnithe aeracmhainneachta, ach comhlánóidh sé iad.

Is iad seo a leanas a dhéanfaidh an clár meastóireachta a fhorbairt agus na himscrúduithe a shonraítear ann a chur i gcrích:

(i)

eagraíocht arna formheas i gcomhréir le pointe CAMO.A.125(g) d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó pointe CAO.A.095(c)(3) d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, nó i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-CAO.UAS) a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107, de réir mar is infheidhme;

(ii)

údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, le haghaidh aerárthaí ag a bhfuil MTOM 2 730 kg agus faoina bhun sin amháin agus ar ghlacadh an údaráis sin leis.

Sonrófar sa chlár meastóireachta na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun stádas an aerárthaigh a shainaithint maidir le comhréireacht leis an dearadh cineáil ceadaithe, modhnuithe agus deisiúcháin agus cothabháil atá ann cheana, agus stádas aeracmhainneachta leanúnaí. Glacfaidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe leis an gclár meastóireachta, má fhorbraíonn eagraíocht dá dtagraítear sa tríú mír, pointe (i), é sula ndéanfar an mheastóireacht.’;

(3)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 21.A.179:

21.A.179   Inaistritheacht’;

Aistreofar an deimhniú aeracmhainneachta agus an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta in éineacht leis an aerárthach ar choinníoll go bhfanfaidh an t-aerárthach ar an gclár céanna.’;

(4)

i liosta na bhFoscríbhinní (FOIRMEACHA EASA), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála i bhFoscríbhinn II:

‘Foscríbhinn II — forchoimeádta’;

(5)

Scriostar Foscríbhinn II.


(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1321/oj).’;’


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

Leasaítear pointe 21L.A.143 mar a leanas:

(a)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

an ráiteas maise agus cothromaíochta a chomhfhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh, de réir mar is infheidhme;’

(b)

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

an ráiteas maise agus cothromaíochta a chomhfhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh, de réir mar is infheidhme;’

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):

‘(e)

I gcás aerárthach athláimhe ar ina leith a eisíodh deimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo tráth an iarratais, áireoidh an t-iarratasóir san iarratas cóip den deimhniú sin agus ceann amháin díobh seo a leanas:

1.

deimhniú bailí ar athbhreithniú aeracmhainneachta (ARC) arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, de réir mar is infheidhme;

2.

moladh maidir le deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint de bhun athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.901(b)(1) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014;

(f)

I gcás aerárthach athláimhe ar ina leith nár eisíodh deimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo tráth an iarratais, cuirfidh an t-iarratasóir an doiciméadacht uile seo a leanas san iarratas:

1.

ráiteas ón údarás iomchuí a bhí freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an aerárthach lena léirítear stádas aeracmhainneachta an aerárthaigh tráth a scoir an t-údarás sin dá fhreagrachtaí formhaoirseachta;

2.

na taifid stairiúla is gá chun caighdeán táirgthe, cumraíochta agus cothabhála an aerárthaigh a bhunú;

3.

an ráiteas maise agus cothromaíochta a chomhfhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh, de réir mar is infheidhme;

4.

an lámhleabhar eitilte má éilítear sin leis an mbonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme nó leis na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe is infheidhme maidir leis an dearbhú comhlíontachta dearaidh;

5.

moladh maidir le deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint de bhun athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 nó deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le hIarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, mura gcomhaontaítear go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú aeracmhainneachta;

6.

má eisíodh iardheimhniú aeracmhainneachta an aerárthaigh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo ach má rinneadh é a chúlghairm nó a thabhairt suas ina dhiaidh sin, mar mhalairt ar an ráiteas a éilítear i bpointe (A), na doiciméid uile seo a leanas:

(i)

ráiteas ina mbeidh an méid seo a leanas:

(A)

mionsonraí na gcúiseanna atá le cúlghairm nó le tabhairt suas an deimhnithe aeracmhainneachta;

(B)

na mionsonraí faoin gcaoi ar caomhnaíodh agus ar coinníodh an t-aerárthach ón uair a rinneadh an deimhniú aeracmhainneachta a chúlghairm nó a thabhairt suas;

(C)

gach faisnéis ábhartha eile a bhaineann le riocht agus stair an aerárthaigh;

(ii)

clár meastóireachta arna fhorbairt agus arna chur i gcrích i gcomhréir le pointí 21L.A.143(h)(3) agus 21L.A.143(h)(4), mura gcomhaontóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a mhalairt.’;

(d)

cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:

‘(h)

De mhaolú ar phointe 21L.A.143(f)(1), i gcásanna eisceachtúla agus le comhaontú roimh ré ón údarás inniúil, féadfar iarratas a dhéanamh gan ráiteas a léiríonn stádas aeracmhainneachta an aerárthaigh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

1.

tá údarás inniúil Bhallstát an chláraithe sásta nár dhiúltaigh an t-iarúdarás eitlíochta an ráiteas aeracmhainneachta mar gheall ar ábhair imní aeracmhainneachta, mura rud é gur tugadh aghaidh ar na hábhair imní sin agus gur ceartaíodh iad;

2.

tá fianaise ar fáil d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe maidir leis an dearadh formheasta ar dá réir a tógadh agus a seachadadh an t-aerárthach ar dtús;

3.

forbrófar clár meastóireachta ina sonrófar na himscrúduithe is gá chun easpa an ráitis aeracmhainneachta dá dtagraítear i bpointe 21L.A.143(f)(1) a chúiteamh.

4.

rinneadh na gníomhaíochtaí imscrúdúcháin i gcomhréir leis an gclár meastóireachta, agus rinneadh achoimre ar na torthaí i dtuarascáil mheastóireachta;

5.

arna iarraidh sin d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, soláthraíonn an t-iarratasóir rochtain ar aon fhaisnéis, agus cóipeanna di, a úsáideadh chun an clár meastóireachta agus an tuarascáil mheastóireachta a ghiniúint.

Áiritheofar leis an gclár meastóireachta dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (3), go bhfuil an t-aerárthach agus a thaifid i riocht a fhágann go bhfuil an t-aerárthach incháilithe chun deimhniú aeracmhainneachta a eisiúint, trí imscrúduithe cuimsitheacha arna ndéanamh ag eagraíocht fhormheasta nó ag an údarás inniúil. Sainaithneofar sa chlár aon neamhréireacht nó easnamh a chuirfidh an t-aerárthach i gcomhréir leis na caighdeáin aerfhiúntais is infheidhme tar éis na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá. Ní thiocfaidh an clár meastóireachta in ionad na gcúraimí a dhéanann an duine nó an eagraíocht atá freagrach as cúraimí aeracmhainneachta leanúnaí nó as cúraimí athbhreithnithe aeracmhainneachta, ach comhlánóidh sé iad.

Is iad seo a leanas a dhéanfaidh an clár meastóireachta a fhorbairt agus na himscrúduithe a shonraítear ann a chur i gcrích:

(i)

eagraíocht arna formheas i gcomhréir le pointe CAMO.A.125(g) d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó pointe CAO.A.095(c)(3) d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014;

(ii)

údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, le haghaidh aerárthaí ag a bhfuil MTOM 2 730 kg agus faoina bhun sin amháin agus ar ghlacadh an údaráis sin leis.

Sonrófar sa chlár meastóireachta na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun stádas an aerárthaigh a shainaithint maidir le comhréireacht leis an dearadh cineáil ceadaithe, modhnuithe agus deisiúcháin agus cothabháil atá ann cheana, agus stádas aeracmhainneachta leanúnaí. Glacfaidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe leis an gclár meastóireachta, má fhorbraíonn eagraíocht dá dtagraítear sa tríú mír, pointe (i), é sula ndéanfar an mheastóireacht.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21L.A.145:

21L.A.145   Inaistritheacht

Aistreofar an deimhniú aeracmhainneachta agus an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta in éineacht leis an aerárthach ar choinníoll go bhfanfaidh an t-aerárthach ar an gclár céanna.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/56/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top