This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026O0692
Guideline (EU) 2026/692 of the European Central Bank of 22 January 2026 amending Guideline (EU) 2024/3129 on the management of collateral in Eurosystem credit operations (ECB/2024/22) (ECB/2026/4)
Treoirlíne (AE) 2026/692 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2026 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (BCE/2026/4)
Treoirlíne (AE) 2026/692 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2026 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (BCE/2026/4)
ECB/2026/4
IO L, 2026/692, 23.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/692/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/692 |
23.3.2026 |
TREOIRLÍNE (AE) 2026/692 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 22 Eanáir 2026
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (BCE/2026/4)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2), an chéad fhleasc de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, Airteagail 9.2, 12.1, 14.3, 18.2, agus an chéad fhleasc d’Airteagal 20 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 13 Lúnasa 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/22) (1), lenar bunaíodh rialacha agus socruithe comhchuibhithe maidir le slógadh agus bainistiú comhthaobhachta atá incháilithe faoi Threoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (2) agus/nó faoi Threoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach (3) ar bhonn intíre nó trasteorann chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú. Áirítear le comhthaobhacht incháilithe den sórt sin ionstraimí fiachais miondíola arna dtacú le morgáistí (RMBDanna) agus ionstraimí fiachais neamh-indíolta arna dtacú le héilimh chreidmheasa incháilithe (non-marketable debt instruments backed by eligible credit claims, DECCanna). |
|
(2) |
An 29 Samhain 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe deireadh a chur le hincháilitheacht RMBDanna agus DECCanna mar chomhthaobhacht, agus léirítear an cinneadh sin, inter alia, i dTreoirlíne (AE) 2026/689 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2026/1) (4) lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), agus i dTreoirlíne (AE) 2026/691 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2026/3) (5) lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, is gá an deireadh atá á chur le hincháilitheacht RMBDanna agus DECCanna a bheith ina gcomhthaobhacht a léiriú i dTreoirlíne (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22). |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22) mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 1(3), scriostar pointe (b); |
|
2. |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
3. |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
4. |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
5. |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
6. |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
7. |
in Airteagal 7, mír 1, pointe (a), agus mír 2, scriostar tagairtí do ‘agus DECCanna’; |
|
8. |
in Airteagal 8(4), scriostar an tagairt do ‘agus DECCanna’; |
|
9. |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Maidir le contrapháirtithe a bhfuil rochtain acu ar chreidmheas ionlae in TARGET, cuirfear ar fáil mar líne chreidmheasa i gcomhréir le mír 4 gach luach comhthaobhachta sa chomhthiomsú comhthaobhachta siúd de chuid an chontrapháirtí atá tiomnaithe do chomhthaobhacht oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais agus nach bhfuil ag teastáil chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chomhthaobhú agus nach bhfuil forchoimeádta.’ |
|
10. |
in Airteagal 10, míreanna 1, 6, 8 agus 11, scriostar tagairtí do ‘nó DECCanna’; |
|
11. |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Gabháil éifeachta agus cur chun feidhme
1. Gabhfaidh éifeacht leis an Treoirlíne seo an lá a dtabharfar fógra fúithi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
2. Glacfaidh bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus chun í a chur i bhfeidhm ón 30 Márta 2026. Tabharfaidh siad fógra faoi na téacsanna agus faoi na meáin a bhaineann leis na bearta sin do BCE faoin 4 Márta 2026 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo chuig bainc cheannais uile an Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 22 Eanáir 2026.
Thar ceann Chomhairle Rialaithe BCE
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (IO L, 2024/3129, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj).
(2) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2015/510/oj).
(3) Treoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Iúil 2014 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta agus lena leasaítear Treoirlíne BCE/2007/9 (IO L 240, 13.8.2014, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2014/528/oj).
(4) Treoirlíne (AE) 2026/689 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2026 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2014/60) (BCE/2026/1) (IO L, 2026/689, 23.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/689/oj)
(5) Treoirlíne (AE) 2026/691 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2026 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta (BCE/2026/3) (IO L, 2026/691, 23.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/691/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/692/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)