This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026H03090
Council Recommendation of 29 May 2026 on a European Union framework for science diplomacy
Moladh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2026 maidir le creat de chuid an Aontais Eorpaigh um thaidhleoireacht eolaíochta
Moladh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2026 maidir le creat de chuid an Aontais Eorpaigh um thaidhleoireacht eolaíochta
ST/8931/2026/ADD/1
IO C, C/2026/3090, 5.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3090/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3090 |
5.6.2026 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Bealtaine 2026
maidir le creat de chuid an Aontais Eorpaigh um thaidhleoireacht eolaíochta
(C/2026/3090)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 182 (5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is earra poiblí domhanda í an eolaíocht, lena leathnaítear an t-eolas is ceannródaíche agus lena bhforbraítear réitigh chun leasa an chine dhaonna trí thaighde bunúsach agus feidhmeach, ar fud na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí. |
|
(2) |
Tá sé de chumas ag an teanga choiteann arb í an eolaíocht í daoine agus náisiúin a nascadh agus a spreagadh. |
|
(3) |
Bhí an eolaíocht i gcónaí ina spreagadh do lánpháirtiú Eorpach agus rannchuidíonn sí le féiniúlacht Eorpach a mhúnlú ar bhonn luachanna agus prionsabail choiteanna. |
|
(4) |
Is príomhghnéithe de chumhacht bhog an Aontais iad an eolaíocht, an taighde, an nuálaíocht agus an t-ardoideachas agus rannchuidíonn siad le feabhas a chur ar chaidreamh an Aontais le tríú tíortha. |
|
(5) |
Ní mór a áirithiú go mbeidh an córas idirnáisiúnta taighde agus nuálaíochta oscailte agus slán araon, de réir an phrionsabail ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle maidir le slándáil taighde a fheabhsú (1). |
|
(6) |
Tá taighde agus nuálaíocht i gcroílár iomaíochas, athléimneacht, rathúnas agus fholláine shochaíoch an Aontais, agus rannchuidíonn siad freisin le leasanna agus luachanna an Aontais a chosaint. |
|
(7) |
Is é Fís Eorpach an clár iltaobhach taighde agus nuálaíochta is mó ar domhan, agus é oscailte le haghaidh rannpháirtíocht ag tríú tíortha lena n-áirítear tríd an gcomhlachas leis an gclár a bheith ag tíortha comhpháirtíochta iontaofa i gcomharsanacht an Aontais agus níos faide i gcéin agus le haghaidh rannpháirtíocht taighdeoirí ar fud an domhain. |
|
(8) |
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’ (2) ar tharraingteacht an Aontais do thaighdeoirí ó gach cearn den domhan, go háirithe trí dheontais ón gComhairle Eorpach um Thaighde (3), ó Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowaska-Curie (4) agus ó ionstraimí a sholáthraítear ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás arb iomchuí, fonáisiúnta. |
|
(9) |
Cuireann forbairt agus imscaradh teicneolaíochtaí, ar nós na hintleachta saorga (IS) nó candam, leis an iomaíocht dhomhanda, iomaíocht atá ag géarú i rith an ama, agus bíonn tionchar ollmhór ag na teicneolaíochtaí seo ar shaol na ndaoine. Le húsáid IS san eolaíocht mar fhórsa claochlaitheach, cruthaítear deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh chomh maith le dúshláin, mar shampla dúshláin a bhaineann le maoin intleachtúil, rialachas sonraí, foilsitheoireacht eolaíoch, comhroinnt samhlacha, rochtain ar eolas agus ar ríomhaireacht chomh maith le heitic agus sláine eolaíoch. |
|
(10) |
Tá timpeallacht gheopholaitiúil dhothuartha roimh an Aontas arb é is príomhthréith di brú méadaitheach ar an gcomhar idirnáisiúnta, an daonlathas, an iltaobhachas, an smachta reachta agus an eolaíocht féin. |
|
(11) |
Tá brú méadaitheach á chur ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit ar earraí domhanda agus coimíneacht dhomhanda, lena n-áirítear ar spásanna lasmuigh den dlínse náisiúnta. |
|
(12) |
Níl an dul chun cinn sásúil a mhéid a bhaineann le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (5) agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, ná le réiteach na géarchéime pláinéadaí triaraí a bhaineann leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus le truailliú, a bhfuil iarrachtaí comhpháirteacha idir tíortha ar bhonn fianaise eolaíoch ag teastáil ina leith. |
|
(13) |
Tá an tAontas agus a Bhallstáit i measc na bpríomhchumasóirí atá ag comhlachtaí idir-rialtasacha domhanda beartais eolaíochta, mar shampla, an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA) (6) agus an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) (7) agus an Painéal Beartais Eolaíochta maidir le Ceimiceáin, Dramhaíl agus Truailliú (8). |
|
(14) |
Cuireann taighde an fhianaise is gá ar fáil chun taca a chur faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta agus tacú le cinntí beartais ar fud réimse leathan taidhleoireachta earnála i gcás inarb ábhartha. |
|
(15) |
Tá tionchar díreach ag an mbeartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES), ar bheartais taighde agus nuálaíochta, e.g. trí shrianta a fhorchur ar rannpháirtíocht le comhpháirtithe agus iomaitheoirí idirnáisiúnta áirithe, agus tá tionchar indíreach aige, e.g. trí chomhar idirnáisiúnta a éascú agus cothrom iomaíochta a chruthú. |
|
(16) |
Ós rud é go bhfágann eolas, taighde agus nuálaíocht go bhfuil cumhacht agus tionchar geopholaitiúil ann níos mó ná riamh, bhainfeadh Aontas láidir neamhspleách tairbhe as leas a bhaint as sócmhainní taighde agus nuálaíochta an Aontais ar bhealach níos fearr agus as comhpháirtíochtaí straitéiseacha éagsúla a fhorbairt. |
|
(17) |
I bhfianaise an naisc idir an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht, ar thaobh amháin, agus an beartas eachtrach agus slándála, ar an taobh eile, ar nasc í atá ag dul i méid agus a léirítear in go leor doiciméad beartais de chuid an Aontais (9) agus i mórthuarascálacha le déanaí (10), tá gá le creat de chuid an Aontais Eorpaigh um thaidhleoireacht eolaíochta. |
|
(18) |
Tríd an idirphlé idir an eolaíocht agus an taidhleoireacht a idirnascadh agus a neartú, tá ról ríthábhachtach ag an taidhleoireacht eolaíochta maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(19) |
Ba cheart do thaidhleoireacht eolaíochta an Aontais
|
|
(20) |
Níor cheart go bhfeidhmeodh taidhleoireacht eolaíochta mar shásra chun an bonn a bhaint de smachtbhannaí ar leibhéal an Aontais. |
|
(21) |
Cothaíonn Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus eagraíochtaí iltaobhacha eile idirphlé domhanda agus réigiúnach maidir le taidhleoireacht eolaíochta ar cheart don Aontas rannchuidiú leis. |
|
(22) |
Chun a leasanna a shaothrú trí ról a thabhairt do ghníomhaithe stáit agus neamhstáit, ba cheart don Aontas gníomhú go straitéiseach agus ar bhealach comhordaithe ó thaobh taidhleoireacht eolaíochta de maidir lena chomhpháirtithe domhanda agus a iomaitheoirí, a bhfuil infheistíocht á déanamh acu ina n-acmhainneachtaí taidhleoireachta eolaíochta féin. |
|
(23) |
Is gá comhpháirtíochtaí cothroma comhthairbheacha a neartú leis an Domhan Theas, go háirithe i réigiúin atá ábhartha go straitéiseach don Aontas, lena n-áirítear trí Thionscnaimh Global Gateway Fhoireann na hEorpa agus trí shásraí comhair triantánacha, chun tacú le taighdeoirí óga agus le cúrsaíocht daoine oilte, chun an acmhainneacht eolaíoch a threisiú, chun dul i ngleic le neamhshiméadrachtaí taighde, chun comhchruthú eolais a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomhroinnte. |
|
(24) |
Tá méadú ag teacht ar roinnt Ballstát a bhfuil straitéisí náisiúnta taidhleoireachta eolaíochta á bhforbairt agus á nglacadh acu agus a bhfuil acmhainneachtaí taidhleoireachta eolaíochta á neartú acu ina seirbhísí taidhleoireachta sa bhaile agus thar lear. |
|
(25) |
I bhfianaise an iliomad gníomhaíochtaí leanúnacha, ní mór comhleanúnachas a chothú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní sa taidhleoireacht eolaíochta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. Chuige sin, tá gá le comhordú, piarfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún treoir agus cúnamh saincheaptha a chur ar fáil do na Ballstáit, agus a gcás sonrach féin agus na héagothromaíochtaí atá ann cheana á gcur san áireamh. |
|
(26) |
Is féidir leis an taidhleoireacht eolaíochta rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a chur chun cinn agus a bhaint amach, go hinmheánach agus i ndáil lena gné sheachtrach araon. Dá bhrí sin, áiríodh bunú chreat an Aontais Eorpaigh um thaidhleoireacht eolaíochta i gClár Oibre Beartais LET 2025-2027 (15), rud a rannchuidíonn leis an obair ar choincheap an ‘cúigiú saoirse’ – an Margadh Aonair don taighde agus don nuálaíocht (16). |
|
(27) |
Cuireann an tAontas le hoidhreacht láidir tionscnamh lenar múnlaíodh taidhleoireacht eolaíochta domhanda, lena n-áirítear an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Núicléach (CERN) (17) agus an Institiúid Idirnáisiúnta um Anailís ar Chórais Fheidhmeacha (IIASA) (18). Tá pobal bríomhar Eorpach scoláirí agus cleachtóirí taidhleoireachta eolaíochta tagtha chun cinn le blianta beaga anuas, rud a d’fhág, mar shampla, gur cruthaíodh Comhghuaillíocht Taidhleoireachta Eolaíochta an Aontais (19) agus Líonra Aireachtaí Gnóthaí Eachtracha an Aontais um Thaidhleoireacht agus Comhairle (20). |
|
(28) |
Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit dá bhrí sin iad féin a bhunú mar cheannairí domhanda sa taidhleoireacht eolaíochta, chun a leasanna féin a chosaint, luachanna Eorpacha a chur chun cinn, agus freastal ar leas an phobail dhomhanda. |
|
(29) |
Chun críocha an mholta seo:
|
|
(30) |
Ní chuireann an moladh seo isteach ar inniúlacht na mBallstát in aon réimse beartais, beartas eachtrach agus slándála san áireamh, ná ar fhéinriail agus neamhspleáchas na n-institiúidí eolaíocha. |
MOLANN SÍ LEIS SEO GO nDÉANFADH NA BALLSTÁIT, agus lánurraim á tabhairt do choimhdeacht, do chomhréireacht, do neamhspleáchas institiúideach agus do shaoirse acadúil, agus i gcomhréir le sainiúlachtaí náisiúnta na mBallstát, le túsphointí éagsúla, agus lena n-inniúlachtaí de bhun an Chonartha, agus an gá atá le hacmhainní a bharrfheabhsú á chur san áireamh, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, na gníomhaíochtaí straitéiseacha, oibríochtúla agus cumasúcháin seo a leanas:
Gníomhaíochtaí straitéiseacha
|
1. |
aitheantas a thabhairt do thábhacht na taidhleoireachta eolaíochta mar chuid dá mbeartais taighde agus nuálaíochta agus eachtrach agus slándála chomh maith lena rannchuidiú leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta trína acmhainneacht i straitéisí ábhartha beartais a shainaithint; |
|
2. |
tionchar na taidhleoireachta eolaíochta a uasmhéadú, i gcomhar leis an gCoimisiún, chun luachanna an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, chomh maith leis an tsíocháin agus an t-iltaobhachas; |
|
3. |
aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht na taidhleoireachta eolaíochta chun gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta san eolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht a chothú, agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta eolaíochta a úsáid chun an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda maidir leis an tsaoirse acadúil, saoirse an taighde eolaíoch, an eolaíocht oscailte, agus comhar idirnáisiúnta oscailte agus slán sa taighde, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht, lena n-áirítear tríd an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’ ar bhonn chur chuige Fhoireann na hEorpa, agus trí chomhlachas tríú tíortha leis na Cláir Fís Eorpach agus Euratom; |
|
4. |
leas a bhaint as an taidhleoireacht eolaíochta, i gcomhar leis an gCoimisiún, chun leasanna iomaíochas, athléimneacht, rathúnas agus dhea-bhail shochaíoch an Aontais a shaothrú, mar shampla chun na deiseanna a chuireann comhpháirtíochtaí leis an Aontas ar fáil a oiriúnú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear tríd an straitéis Global Gateway (21), chun teicneolaíochtaí Eorpacha a chur chun cinn, chun tacú le ról an Aontais maidir le caighdeáin theicniúla dhomhanda a leagan síos, chomh maith le ceannasacht teicneolaíochta agus sonraí an Aontais, ar bhonn cómhalartachta, bunaithe ar phrionsabal na cómhalartachta ó thaobh oscailteachta agus comhroinnt sonraí de; |
|
5. |
i gcomhar leis an gCoimisiún, idirphlé idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach a chothú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta idir na gníomhaithe éagsúla taidhleoireachta eolaíochta maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir spriocanna eolaíocha agus leasanna an bheartais eachtraigh agus slándála, agus aird á tabhairt go háirithe ar an ngá atá leis an méid seo a leanas: (a) measúnú a dhéanamh ar thionchair na srianta ar chomhar eolaíoch idirnáisiúnta; (b) rioscaí eacnamaíocha agus rioscaí slándála taighde a shainaithint agus a mhaolú, go háirithe i réimsí teicneolaíochta criticiúla agus íogaire; agus (c) acmhainneacht na taidhleoireachta eolaíochta a fhiosrú agus leas a bhaint aisti chun an bealach a ullmhú don taighde agus don nuálaíocht agus do ghníomhaíocht beartais eachtraigh agus slándála; |
|
6. |
i gcomhar leis an gCoimisiún, agus aird chuí á tabhairt ar na hábhair imní slándála a bhaineann le teicneolaíochtaí dé-úsáide agus le teicneolaíochtaí íogaire eile, réimsí sonracha a shainaithint inar féidir taidhleoireacht eolaíochta a úsáid mar uirlis cothaithe muiníne chun idirphlé le tríú tíortha a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn, aon uair a mheastar í a bheith tairbhiúil agus i gcomhréir leis an mbeartas eachtrach agus slándála, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbeidh aistriú neamhúdaraithe eolais íogair chuig seirbhísí míleata eachtracha nó seirbhísí faisnéise eachtracha mar thoradh ar an idirphlé sin, ná an bonn a bhaint de smachtbhannaí ar leibhéal an Aontais; |
|
7. |
cibé áit ar féidir leis breisluach a chur le próisis bheartais atá ann cheana, taidhleoireacht eolaíochta a úsáid chun cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn, chun tacú le comhaontuithe idirnáisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin inbhuanaitheachta dhomhanda, lena n-áirítear i dtimpeallachtaí leochaileacha agus straitéiseacha ó thaobh na geopholaitíochta de amhail an tArtach, an Mheánmhuir, teorainn thoir an Aontais agus na Balcáin Thiar, agus chun earraí domhanda agus coimín a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe i dtimpeallacht gheopholaitiúil ilroinnte, lena n-áirítear spásanna lasmuigh den dlínse náisiúnta amhail an mhórmhuir agus an domhainfharraige, Antartaice, an Domhanfhithis Íseal, an ghealach agus réada neimhe eile, chomh maith le hearraí coiteanna amhail an speictream raidió agus spéir dhorcha chiúin; |
|
8. |
i gcomhar leis an gCoimisiún, ceannaireacht an Aontais i dtaidhleoireacht eolaíochta domhanda a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) trí pháirt a ghlacadh sa dioscúrsa domhanda maidir le taidhleoireacht eolaíochta mar atá á chur chun cinn ag UNESCO agus ag fóraim idirnáisiúnta eile, agus (b) trí naisc a neartú agus comhghuaillíochtaí a thógáil le comhpháirtithe iontaofa ar fud an domhain, faoi threoir leasanna comhchoiteanna an Aontais agus na mBallstát agus bunaithe ar phrionsabail agus luachanna comhchoiteanna sa taighde agus sa nuálaíocht; |
|
9. |
ag tógáil ar shamplaí rathúla amhail solas Synchrotron d’Eolaíocht Thurgnamhach agus d’Fheidhmchláir Thurgnamhacha sa Mheánoirthear (SESAME) (22), leas a bhaint as taidhleoireacht eolaíochta chun bunú agus forbairt bonneagar taighde idirnáisiúnta a éascú, agus ar an gcaoi sin uaillmhian agus cumhacht chomórtha an Aontais a chur chun cinn; |
|
10. |
bonneagair thaighde agus theicneolaíochta Eorpacha a chur chun cinn, i gcomhar leis an gCoimisiún, mar shócmhainní straitéiseacha de chumhacht bhog an Aontais sa taidhleoireacht eolaíochta (23) agus mar phríomhspreagthaí d’uathriail straitéiseach agus barr feabhais eolaíoch an Aontais, agus leas á bhaint as a n-acmhainneacht chun an tallann is fearr a mhealladh, ar a rannchuidiú leis an nuálaíocht, le taighde ceannródaíoch, le giniúint eolais, le socrú caighdeán agus le comhroinnt sonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte (FAIR), agus ar a ról maidir le caidreamh déthaobhach agus iltaobhach a chur chun cinn; |
Gníomhaíochtaí oibríochtúla
|
11. |
i gcás nach bhfuil siad i bhfeidhm cheana agus ag tógáil ar na struchtúir atá ann cheana, smaoineamh ar shocruithe tacaíochta leordhóthanacha a bhunú chun taidhleoireacht eolaíochta a chomhordú ar fud an rialtais agus le príomhpháirtithe leasmhara ar leibhéil éagsúla, lena n-áirítear trí chomhordaitheoir náisiúnta taidhleoireachta eolaíochta a cheapadh, i gcás inarb iomchuí, agus trí iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí le taidhleoireacht earnála eile, amhail taidhleoireacht aeráide, ghlas, uisce, aigéin, pholach, spáis, fuinnimh agus sláinte, agus béim ar leith á leagan ar na trasnaisc leis an teicneolaíocht agus leis an taidhleoireacht dhigiteach chomh maith leis an taidhleoireacht chultúrtha; |
|
12. |
i gcás inarb ábhartha agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí, smaoineamh ar threochláir náisiúnta a tharraingt suas le haghaidh gníomhaíochtaí taidhleoireachta eolaíochta atá bunaithe ar an leas agus ar an luach, a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar an méid seo a leanas: (a) tosaíochtaí agus leasanna téamacha agus geografacha straitéiseacha a shainaithint ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal fonáisiúnta arna gcomhaontú idir páirtithe leasmhara ábhartha na taidhleoireachta eolaíochta, agus (b) measúnú ar na leasanna frithpháirteacha agus ar dheiseanna comhair idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad i réimsí sonracha, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht agus comhlachas ag Fís Eorpach; |
|
13. |
athbhreithniú a dhéanamh ar chomhairle eolaíoch agus sásraí fadbhreathnaitheachta de chuid aireachtaí gnóthaí eachtracha, agus aireachtaí ábhartha eile, agus iad a threisiú, más gá, d’fhonn bearnaí acmhainneachta a shainaithint agus moltaí a fhorbairt chun feabhas a chur ar na sásraí sin maidir leis an eolaíocht le haghaidh beartais, lena n-áirítear trí thaighdeoirí agus foireann taighde (24) a lonnú mar chomhairleoirí eolaíocha sna seirbhísí taidhleoireachta, de réir mar is iomchuí, lena bhforbraítear ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na sásraí comhairle eolaíochta atá ann cheana ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta, agus ar an gcaoi sin tacú le hiarrachtaí níos leithne chun úsáid na fianaise eolaíche i gceapadh beartas poiblí a chur chun cinn (25), lena n-áirítear trí Ghníomhaíocht LET maidir le hEolaíocht Eorpach le hAghaidh Beartais a Chur Chun Cinn; |
|
14. |
sásraí comhair taidhleoireachta agus idirnáisiúnta na n-aireachtaí eolaíochta agus struchtúr ábhartha eile sa taighde agus sa nuálaíocht a athbhreithniú agus, i gcás inarb infheidhme, a threisiú, trí bhearnaí cumais a shainaithint agus trí bhearta a cheapadh chun scileanna taidhleoireachta a fheabhsú sna sásraí sin, lena n-áirítear tríd an bhféidearthacht comhairleoirí taidhleoireachta a bhfuil taithí acu a lonnú in institiúidí eolaíocha; |
|
15. |
i gcomhar leis an gCoimisiún, dlús a chur le rannpháirtíocht an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta eolaíochtbhunaithe agus leis an tacaíocht a thugann sé dóibh ar bhealach comhordaithe, i gcás inar féidir, lena n-áirítear ardáin dhomhanda idir-rialtasacha beartais eolaíochta, agus an comhar a neartú le heagraíochtaí idirnáisiúnta neamhrialtasacha atá gníomhach i réimse na taidhleoireachta eolaíochta amhail an Chomhairle Eolaíochta Idirnáisiúnta (ISC) (26) agus Réamhghníomhaí Eolaíochta agus Taidhleoireachta na Ginéive (GESDA) (27) chomh maith le heagraíochtaí a oibríonn ar chaighdeáin agus ar choinbhinsiúin theicniúla; |
|
16. |
líonraí agus sineirgí a chruthú, i gcomhar leis an gCoimisiún, idir ataiséanna eolaíochta agus teicneolaíochta in ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais agus na mBallstát ar fud an domhain, chun a dtionchar gearrthéarmach agus fadtéarmach a uasmhéadú agus chun úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana, lena n-áirítear líonraí náisiúnta agus ardáin dhigiteacha, agus béim á coinneáil ar chomhordú seachas ar struchtúir nua a chruthú, agus ar ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint; |
|
17. |
tacú le for-rochtain taidhleoireachta eolaíochta an Aontais, i gcomhar leis an gCoimisiún, trí chur chuige struchtúrtha a ghlacadh i leith dhiaspóra eolaíoch na mBallstát, trí chúnamh a thabhairt chun líonraí ábhartha a chruthú i gcomhar le seirbhísí malartaithe acadúil agus sásraí ábhartha eile atá ann cheana, trí úsáid níos fearr a bhaint as líonraí alumni náisiúnta agus de chuid an Aontais atá bainteach le cláir agus scéimeanna soghluaisteachta mar shampla Comhlachas Alumni Marie Curie (28) agus Comhlachas Erasmus Mundus (29) agus trí leas a bhaint as imeachtaí seanbhunaithe lena gcuirtear rannpháirtíocht eolaíochtbhunaithe idir daoine chun cinn ar fud deighiltí geopholaitiúla; |
|
18. |
cur chuige straitéiseach a fhorbairt i leith scoláirí agus taighdeoirí dídeanaithe atá i mbaol chun a rannchuidiú leanúnach le taighde agus nuálaíocht a éascú, ar bhonn na bprionsabal agus na luachanna dá seasann an tAontas, agus na coimircí is gá á gcur chun feidhme ag an am céanna; |
|
19. |
obair a dhéanamh chun comhar tairbheach leis an Domhan Theas a bhaint amach trí chomhpháirtíochtaí cothroma taidhleoireachta eolaíochta a bhunú lena gcothófar rannchuidiú an eolais agus an tsaineolais áitiúil le dúshláin dhomhanda chomhroinnte, lena gcruthófar deiseanna le haghaidh fothú acmhainneachta, agus ar an gcaoi sin lena ndéanfar neamhshiméadrachtaí in acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta a ghleic freisin; |
Gníomhaíochtaí cumasúcháin
|
20. |
naisc a chothú idir, ar thaobh amháin, seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát, agus, ar an taobh eile, eagraíochtaí taighde, ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais eile, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, cisteoirí taighde, taighdeoirí agus baill foirne taighde, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe neamhstáit, ar féidir leo bealaí nua nuálaíochta a chur ar fáil agus comhpháirtíochtaí domhanda a neartú lasmuigh de na bealaí traidisiúnta idir an rialtas agus an lucht acadúil; |
|
21. |
tacú, i gcomhar leis an gCoimisiún, le forbairt insintí dearfacha taidhleoireachta eolaíochta a bhfuil taighde ildisciplíneach agus idirdhisciplíneach mar bhonn taca leo, lena n-áirítear go córasach na heolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí, agus na torthaí sin a scaipeadh trí fhoilseacháin eolaíocha, cumarsáid agus rannpháirtíocht leis an bpobal, agus arb é is aidhm dó sin feabhas a chur ar mhuinín san eolaíocht, sláine an spáis faisnéise a neartú, an bhréagaisnéis a chomhrac agus an daonlathas, an tsaoirse agus an t-iltaobhachas a chosaint; |
|
22. |
an t-ilteangachas sa taidhleoireacht eolaíochta agus san éagsúlacht teanga san eolaíocht a chur chun cinn i gcomhréir le Moltaí G20 maidir le Rannpháirtíocht Eolaíochta (30); |
|
23. |
a mholadh, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta san oideachas agus sa tsaoirse acadúil, go ndéanfaí gnéithe a bhaineann le taidhleoireacht eolaíochta, ról na heolaíochta sa chomhar idirnáisiúnta agus ceapadh beartas fianaise-shaibhrithe a chomhtháthú i gcláir ábhartha oideachais agus oiliúna, chun feasacht a mhúscailt sna glúine óga ar na naisc idir dúshláin eolaíochta, bheartais agus dhomhanda, mar shampla trí ambasadóirí óige na taidhleoireachta eolaíochta a chothú más mian leo; |
|
24. |
i gcomhar le hinstitiúidí acadúla, measúnú a dhéanamh ar oiliúint taidhleoireachta eolaíochta a chur ar fáil d’eolaithe agus do thaidhleoirí chomh maith le gairmithe atá ag obair ag an gcomhéadan idir an eolaíocht agus an taidhleoireacht i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear trí mhodúil taidhleoireachta eolaíochta a chomhtháthú i gcláir staidéir acadamh taidhleoireachta agus san oiliúint do thaidhleoirí sula ndéantar iad a phostú thar lear. |
MOLANN SÍ DON CHOIMISIÚN na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh go háirithe chun tacú le cur chun feidhme phointí 1 go 24 den Mholadh seo:
|
25. |
tacú le mapáil ar ghníomhaithe, straitéisí agus tairiscintí oiliúna taidhleoireachta eolaíochta an Aontais agus ar iarrachtaí taidhleoireachta eolaíochta ag comhpháirtithe agus iomaitheoirí an Aontais d’fhonn forbhreathnú a fháil ar na creataí náisiúnta atá ann cheana agus ar na hacmhainní agus dea-chleachtais taidhleoireachta eolaíochta atá ar fáil faoi láthair chomh maith leis an timpeallacht dhomhanda taidhleoireachta eolaíochta ina bhfeidhmíonn an tAontas agus a Bhallstáit, agus ar an gcaoi sin cuidiú le héagothromaíochtaí idir na Ballstáit a laghdú; |
|
26. |
an faireachán ar fhorbairtí ceannródaíocha sa taighde agus sa nuálaíocht a neartú, mar shampla úsáid mhéadaithe IS san eolaíocht faoi chuimsiú bheartas foriomlán an Aontais maidir le IS (31), trí mheasúnú a dhéanamh ar a n-impleachtaí don chomhar eolaíoch, don tsláine taighde, do chúrsaí eitice, do chosaint maoine intleachtúla, agus d’iomaíochas, athléimneacht, cruthú luacha eacnamaíoch agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais, agus úsáid dhuinelárnach, fhreagrach, thrédhearcach, chothrom agus shlán na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda; |
|
27. |
malartú tráthrialta idir eolaithe agus taidhleoirí agus le saineolaithe atá ag obair ag comhéadan na beirte a éascú trí Ardán fíorúil Eorpach um Thaidhleoireacht Eolaíochta a bhunú ar bhonn cur chuige de chuid Fhoireann na hEorpa, arna thógáil, i gcás inar féidir, ar ardáin agus líonraí de chuid an Aontais atá ann cheana, lenar féidir ábhair a shainaithint le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach taidhleoireachta eolaíochta maidir le tíortha agus réigiúin ábhartha a bhfuil leas ag an Aontas iontu; |
|
28. |
grúpa teagmhála ad hoc a bhunú faoi chuimsiú chreat an Limistéir Eorpaigh Taighde atá ann cheana (e.g. Buan-Fhoghrúpa Fhóram LET maidir leis an gCur Chuige Domhanda) is féidir a ghníomhachtú nuair is gá chun tacú le freagairt chomhchoiteann a fhorbairt, i réimse an taighde agus na nuálaíochta, ar fhorbairtí geopholaitiúla, mar shampla bagairtí ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais, ionsaithe míleata nó cúlú daonlathach, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt le measúnú riosca comhordaithe agus pleanáil theagmhasach le haghaidh comhar taighde idirnáisiúnta; |
|
29. |
creat an Aontais Eorpaigh um thaidhleoireacht eolaíochta a chomhtháthú sa chlár réime um thaighde agus um nuálaíocht agus i gcláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear clár taighde agus oiliúna Euratom, tríd an méid seo a leanas a chothú: ionstraimí mar shampla an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’, comhlachas le Fís Eorpach agus rannpháirtíocht idirnáisiúnta ann, comhaontuithe eolaíochta agus teicneolaíochta, tionscadail Global Gateway, an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (32), Cuibhreannais don Bhonneagar taighde Eorpach (33), Líonra Eureka (34), agus tionscnaimh atá dírithe ar réigiúin gheografacha shonracha agus ar ábhair shonracha mar shampla an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) 2021-2027 (35), Clár Oibre Nuálaíochta an Aontais Afracaigh agus an Aontais Eorpaigh (36), an Chomhpháirtíocht maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha (EDCTP) 2021-2027 (37), an Misean um an Nuálaíocht (38) agus Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan (39). |
|
30. |
bunú Lárionad na Meánmhara um Thaidhleoireachta Eolaíochta a éascú mar a fógraíodh sa Chomhshocrú don Mheánmhuir (40), bunaithe ar ghníomhaíochtaí atá ann cheana sa réigiún, chomh maith le gníomhaíocht chomhpháirteach taidhleoireachta eolaíochta a fhorbairt sa Mheánoirthear agus leis an Meánoirthear i ndlúthchomhar leis na Ballstáit (Gníomhaíocht Chomhpháirteach Beartais), agus idirphlé taidhleoireachta eolaíochta a neartú le príomh-chomhpháirtithe iltaobhacha agus idirnáisiúnta mar shampla an tAontas Afracach (AA), Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC), Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) agus an Áise Láir, chomh maith le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár réime um thaighde agus um nuálaíocht, de réir mar is iomchuí; |
|
31. |
soláthar na comhairle eolaíche don bheartas eachtrach agus slándála a neartú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh (41) agus an tSásra um Chomhairle Eolaíoch (42) chomh maith le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais (43), lena n-áirítear trí thacú le hidirphlé idirnáisiúnta i gcomhar le comhlachtaí comhairle eolaíochta idirnáisiúnta. |
CUR CHUN FEIDHME, CUMARSÁID AGUS TUAIRISCIÚ
Moltar do na Ballstáit pointí 1 go 24 den mholadh seo a chur chun feidhme, de réir a gcásanna sonracha, a luaithe is indéanta.
Moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le taidhleoireacht eolaíochta a chur in iúl don phobal i gcoitinne.
Moltar don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an mholta seo trí úsáid a bhaint as struchtúir rialachais LET atá ann cheana, go háirithe Buan Fhoghrúpa Fhóram LET maidir leis an gCur Chuige Domhanda, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus Ardán LET agus as uirlisí faireacháin ábhartha á n-úsáid, agus moltar go dtuairisceodh an Coimisiún don Chomhairle gach 2 bhliain i dtaca leis an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an mholta seo, mar chuid dá thuairisciú débhliantúil ar an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta. Ní gá aon struchtúr nua a chruthú.
Moltar go dtacódh Buan-Fhoghrúpa Fhóram LET maidir leis an gCur Chuige Domhanda le bunú táscairí comhchoiteanna is infheidhme maidir leis na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le taidhleoireacht eolaíochta an Aontais, chun faireachán comhleanúnach córasach a chumasú ar a ngníomhaíochtaí agus ar a ndul chun cinn, agus ar an gcaoi sin bailiú éifeachtúil faisnéise comhchoitinne a cheadú chun tacú le gníomhaíochtaí cóineasaithe a fhorbairt eatarthu.
Sa chomhthéacs sin, iarrtar ar na Ballstáit, ar bhonn deonach agus i gcás ina mbeidh sí ar fáil, faisnéis a chomhroinnt leis an gCoimisiún maidir lena gcuir chuige agus lena dtionscnaimh náisiúnta mar ionchur do na gníomhaíochtaí faireacháin agus tuairiscithe thuasluaite a dhéanfaidh an Coimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DAMIANOS
(1) Moladh ón gComhairle an 23 Bealtaine 2024 maidir le slándáil taighde a fheabhsú (IO C, C/2024/3510, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3510/oj).
(2) https://commission.europa.eu/topics/research-and-innovation/choose-europe_ga.
(3) https://erc.europa.eu/homepage.
(4) https://marie-sklodowska-curie-actions.ec.europa.eu/.
(5) https://sdgs.un.org/2030agenda.
(8) https://www.unep.org/isp-cwp.
(9) Inter alia, Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘on the Global Approach to Research and Innovation’ [maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta] COM(2021) 252 final of 18.5.2021 agus na conclúidí gaolmhara ón gComhairle, 12301/21 an 28.9.2021; Teachtaireacht chomhpháirteach maidir le rannchuidiú an Aontais leis an iltaobhachas riailbhunaithe a neartú, JOIN (2021) 3 final an 17.2.2021; Conclúidí ón gComhairle maidir le prionsabail agus luachanna le haghaidh comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht, 10125/22 an 10.6.2022; Conclúidí ón gComhairle maidir le ról agus tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú sa phróiseas ceaptha beartas san Aontas Eorpach, 16450/23 an 8.12.2023; Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach maidir le bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, COM(2025) 497 final/2 an 30.9.2025; Teachtaireacht chomhpháirteach maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú, JOIN(2025) 977 final an 3.12.2025; Moladh ón gComhairle an 23 Bealtaine 2024 maidir le slándáil taighde a fheabhsú (IO C, C/2024/3510, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3510/oj).
(10) Enrico Letta, Much more than a market – Speed, Security, Solidarity [Margadh thar an gcoitiantacht – Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht] Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens [An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais], 2024; An Coimisiún Eorpach: Todhchaí iomaíochas na hEorpa. Part A, A competitiveness strategy for Europe [Cuid A, Straitéis iomaíochais don Eoraip], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025; An Coimisiún Eorpach: Align, act, accelerate – Research, technology and innovation to boost European competitiveness [Ailínigh, gníomhaigh, luathaigh – Taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024; An Coimisiún Eorpach: A European framework for science diplomacy – Recommendations of the EU Science Diplomacy Working Groups [Creat Eorpach don taidhleoireacht eolaíochta – Moltaí ó Mheithleacha Taidhleoireachta Eolaíochta an Aontais], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025.
(11) Commission communication on the Global Approach to Research and Innovation [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta] COM(2021)252 final an 18.5.2021.
(12) Moladh ón gComhairle (AE) 2021/2122 an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1).
(13) https://www.enseignementsup-recherche.gouv.fr/sites/default/files/2022-03/d-claration-de-marseille--17072.pdf.
(14) https://research-and-innovation.ec.europa.eu/document/download/94d6bb42-1fe7-478c-b6b4-d0be4dfb0204_en?filename=brussels-ministerial-statement-2024-02.pdf.
(15) Moladh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2025 maidir le Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde 2025-2027 (IO C, C/2025/3593, 30.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3593/oj).
(16) Enrico Letta, idem.
(19) https://www.science-diplomacy.eu/.
(20) https://research-and-innovation.ec.europa.eu/strategy/strategy-research-and-innovation/europe-world/international-cooperation/science-diplomacy_en#eu-ministries-of-foreign-affairs-science-diplomacy-and-advice-network.
(21) https://commission.europa.eu/topics/international-partnerships/global-gateway_ga.
(22) https://www.sesame.org.jo/.
(23) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach um bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, COM(2025) 497 final/2 an 30.9.2025, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/.
(24) Féach Moladh ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip (IO C, C/2023/1640, 29.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1640/oj).
(25) I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le ról agus tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú sa phróiseas ceaptha beartas san Aontas Eorpach, 16450/23 an 8.12.2023.
(26) https://council.science/.
(27) https://www.gesda.global/.
(28) https://www.mariecuriealumni.eu/.
(30) https://g7g20-documents.org/fileadmin/G7G20_documents/2025/G20/South%20Africa/Sherpa-Track/Research%20and%20Innovation%20Ministers/1%20Ministers'%20Language/Research%20and%20Innovation_Recommendations%20on%20Science%20Engagement_23.09.2025.pdf.
(31) https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/policies/ai-office.
(33) https://www.eric-forum.eu/.
(34) https://www.eurekanetwork.org/.
(36) https://research-and-innovation.ec.europa.eu/system/files/2023-07/ec_rtd_au-eu-innovation-agenda-final-version.pdf.
(38) https://mission-innovation.net/.
(39) https://allatlanticocean.org/.
(40) Teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an gComhshocrú don Mheánmhuir, JOIN(2025) 26 final, 16.10.2025.
(41) https://joint-research-centre.ec.europa.eu/index_en.
(42) https://scientificadvice.eu/.
(43) https://www.euda.europa.eu/publications/brochures/eu-ansa_en.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3090/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)