Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026H01812

Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2026 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hÉireann

ST/6768/2026/INIT

IO C, C/2026/1812, 20.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1812/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1812/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1812

20.3.2026

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Márta 2026

lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hÉireann

(C/2026/1812)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Is é is aidhm do chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (1) airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Leis an gcreat sin freisin, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis.

(2)

Na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) a áirithiú, inter alia, faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an t-ollfhiachas rialtais ag imeacht ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go ndéanfar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le huasrátaí fáis glanchaiteachais a chur i láthair i ngach plean (2), lena mbunaítear go héifeachtach srian buiséadach ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha), agus ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. 4 bliana a bheidh sa tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, ar tréimhse í a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis an plean a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar síos uasrátaí fáis chonair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochtaí atá ina mbonn taca le síneadh a cuireadh leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh a fhormhuiniú.

PRÓISIS GHAOLMHARA, LENA nÁIRÍTEAR AN CHONAIR GHLANCHAITEACHAIS A MOLADH ROIMHE SEO AGUS AN MEASÚNÚ UIRTHI

(5)

An 15 Deireadh Fómhair 2024, chuir Éire a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta isteach, ar plean é lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2025 go dtí 2029. An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean mhí Dheireadh Fómhair 2024 (3). Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht in 2025, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos leis an Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 fós ábhartha. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíontacht, bunaithe ar shonraí olltoraidh, i gcomhthéacs phacáiste an earraigh 2026 den Seimeastar Eorpach.

(6)

An 25 Samhain 2025, mar chuid de phacáiste an Fhómhair 2025 den Seimeastar Eorpach, d’fhoilsigh an Coimisiún an measúnú is déanaí uaidh ar chomhlíontacht na hÉireann leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a mhol an Chomhairle i mí Eanáir 2025 (4). De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí ráta fáis glanchaiteachais na hÉireann in 2025 os cionn an uasráta a moladh, rud a chomhfhreagraíonn do dhiallas measta 0,5 % de OTI. Agus 2024 agus 2025 á gcur san áireamh le chéile, réamh-mheasadh freisin go mbeadh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais os cionn an uasráta fáis charnaigh a mholtar, ráta a chomhfhreagraíonn, áfach, do dhiallas níos lú: 0,2 % de OTI.

(7)

Cuireadh san áireamh sa mheasúnú sin an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2026 a chuir Éire isteach an 15 Deireadh Fómhair 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 25 Samhain 2025 (5). Ar an iomlán, is é tuairim an Choimisiúin go gcomhlíonann Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann oibleagáidí beartais bhuiséadaigh an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, ós rud é go réamh-mheastar go mbeidh barrachas sa riocht buiséadach le haghaidh 2026, rud a chuirfidh le laghdú a dhéanamh ar an gcóimheas idir an fiachas rialtais ghinearálta agus OTI. An tráth céanna, tugadh faoi deara sa tuairim ón gCoimisiún an diallas a dtugtar tuairisc air thuas, agus rioscaí diallais, a eascraíonn as uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais sa Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025.

(8)

An 8 Iúil 2025, dhírigh an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha chuig Éirinn i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (6).

BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA hÉIREANN

(9)

De réir Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, i gcás rialtas nuacheaptha, féadfaidh Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a chur isteach. Tar éis an olltoghcháin i mí na Samhna 2024, bunaíodh rialtas nua an 23 Eanáir 2025. An 9 Eanáir 2026, chuir Éire plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe (dá ngairtear ‘an plean’ anseo feasta) faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Cumhdaítear leis an bplean an tréimhse ó 2026 go dtí 2030.

An próiseas sular cuireadh plean mhí Eanáir 2026 isteach

(10)

Bhí Éire incháilithe chun faisnéis theicniúil (7) a fháil ón gCoimisiún, ach níor iarr sí í. An 19 Nollaig 2025, sholáthair an Coimisiún d’Éirinn, agus d’fhoilsigh sé an 12 Eanáir 2026 (8) na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáideadh i gcreat réamh-mheastacháin fiachais meántéarmach rialtais an Choimisiúin (9), dá dtagraítear in Aithris (25) de Rialachán (AE) 2024/1263.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh Éire agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Nollag 2025. Bhí an t-idirphlé teicniúil dírithe ar na huasrátaí fáis glanchaiteachais atá beartaithe ag Éirinn agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann leo, chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.

(12)

I mí an Mheithimh 2025, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir faisnéis a sholáthair Éire ina plean, chuaigh Éire i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, údaráis réigiúnacha agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. De réir na faisnéise a chuir Éire ar fáil ina plean, d’óstáil an rialtas an tIdirphlé Náisiúnta Eacnamaíoch (NED), imeacht bliantúil ag a gcuirtear fóram ar fáil do pháirtithe leasmhara chun plé a dhéanamh leis an rialtas maidir le tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta. Bhí an t-idirphlé le linn NED 2025 dírithe ar théama na pleanála buiséadaí meántéarmaí i gcomhthéacs oibleagáidí na hÉireann faoi chreat fioscach athbhreithnithe an Aontais.

(13)

Thug Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann (IFAC) tuairim uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá ina mbonn taca faoin gconair ghlanchaiteachais sa phlean. Tá an plean bunaithe ar na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha atá ina mbonn taca faoin mbuiséad náisiúnta le haghaidh 2026 agus lena gcumhdaítear na blianta 2025 go 2030, ar réamhaisnéisí iad a d’fhormhuinigh IFAC an 26 Meán Fómhair 2025. Bhí IFAC sásta go raibh na réamhaisnéisí ‘laistigh de raon in-fhormhuinithe’.

(14)

Ghlac an rialtas an plean an 19 Nollaig 2025 agus cuireadh faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta é an 9 Eanáir 2026.

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean i mí Eanáir 2026 mar a leanas:

Comhthéacs: an staid agus an t-ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(16)

Tháinig méadú 2,6 % ar fhíor-OTI in Éirinn in 2024, arb é ba chúis leis an fás ar onnmhairí, go príomha in earnálacha sonracha a bhfuil cuideachtaí ilnáisiúnta i réim iontu. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh méadú 10,7 % ar an ngeilleagar in 2025, mar thoradh ar onnmhairí láidre cógaisíochta, rud atá ina léiriú go páirteach ar thús-ualú roimh na hathruithe a mheastar a thiocfaidh ar bheartas taraife na Stát Aontaithe. Maidir le héileamh intíre modhnaithe, atá ina léiriú níos fearr ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch intíre in Éirinn, meastar go mbeadh méadú 3,4 % tagtha air. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 0,2 % ar fhíor-OTI, rud a mbeidh tionchar diúltach ag an deireadh a thiocfaidh leis an tús-ualú in 2025 air, ach a mbeidh fás ar onnmhairiú seirbhísí agus éileamh intíre ina dtacú leis. In 2027, meastar go dtiocfaidh méadú 2,9 % ar fhíor-OTI, rud atá ina léiriú ar an rannchuidiú dearfach ó onnmhairí agus ón éileamh intíre araon. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e., 2025-2027), meastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar fhás OTI féideartha in Éirinn ó 4,5 % in 2025 go 3,5 % in 2027, laghdú arb é rannchuidiú moillitheach ó shaothar is cúis leis go príomha. 4,3 % a bhí sa ráta dífhostaíochta in 2024. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar gur 4,6 % a bheadh ann in 2025, agus réamh-mheastar gur 4,7 % a bheidh ann in 2026 agus 2027. Meastar gur tháinig laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 4,5 % in 2024 go 2,1 % in 2025, agus réamh-mheastar go sroichfidh sé 2,0 % in 2026 agus 1,8 % in 2027.

(17)

Maidir le forbairtí fioscacha, in 2024 is é a bhí i mbarrachas rialtais ghinearálta na hÉireann 4,0 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar gur 1,5 % de OTI atá ann in 2025 agus réamh-mheastar go laghdóidh sé a thuilleadh go 1,0 % de OTI in 2026 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, go laghdóidh sé go 0,8 % in 2027. Cuirtear san áireamh i Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na hÉireann le haghaidh 2026 a mhol an rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2025, agus a ghlac an pharlaimint náisiúnta idir an dá linn. 38,3 % de OTI a bhí san fhiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2024. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach, maidir leis an gcóimheas fiachais, meastar gur tháinig laghdú air go 33,1 % de OTI ag deireadh 2025. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú breise air go 32,5 % de OTI ag deireadh 2026 agus go 31,3 % ag deireadh 2027.

Uasrátaí fáis glanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha i bplean mhí Eanáir 2026

(18)

Cumhdaítear leis an bplean an tréimhse idir 2026 agus 2030 agus cuirtear i láthair ann coigeartú fioscach i gcaitheamh 4 bliana.

(19)

Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(20)

Leis an bplean, tugtar gealltanas maidir leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a léirítear i dTábla 1 thíos, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais bliantúil 6,7 % i gcaitheamh na mblianta 2026-2030.

Tábla 1: An t-uasráta fáis glanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na hÉireann

 

2026

2027

2028

2029

2030

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2026–2030

Meánfhás i rith na tréimhse coigeartúcháin 2026–2029

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

6,6

6,0

7,6

6,7

6,4

6,7

6,7

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2024 (*1), %)

16,5

23,5

32,9

41,7

50,9

Fás OTI ionchasaigh (%)

1,0

4,6

3,6

3,6

3,6

3,3

3,2

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

2,0

2,1

2,2

2,2

2,3

2,2

2,1

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann (mí Eanáir 2026) agus ríomhanna ón gCoimisiún.

(21)

Meastar sa phlean gur 9,3 % a bheadh sa ráta fáis glanchaiteachais in 2025. Tá an ráta fáis sin ábhartha chun na rátaí carnacha fáis glanchaiteachais le haghaidh 2026-2030 a léirítear i dTábla 1 a shainiú, ós rud é gurb é 2024 bonnbhliain an phlean, arb í sin an bhliain dheireanach ar fhoilsigh an oifig staidrimh náisiúnta agus Eurostat sonraí olltoraidh ina leith. Má tá na sonraí olltoraidh le haghaidh 2025 atá ar fáil in earrach 2026 i gcomhréir leis an ráta fáis glanchaiteachais a mheastar sa phlean, d’fhágfadh sé sin, i gcomparáid leis an Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025, go gcláródh Éire diallas bliantúil 0,8 % de OTI agus diallas carnach 0,5 % de OTI (féach Tábla 2). An tráth céanna, i gcás nár mhó an cóimheas idir an fiachas rialtais agus OTI ná an luach tagartha 60 % de OTI in 2025, mar a thuairiscítear sa phlean, ní ullmhódh an Coimisiún tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE (10). Is é ba chúis leis an bhfás glanchaiteachais níos airde in 2025 i gcomparáid le meastachán an Choimisiúin a foilsíodh sa Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann, de réir na n-údarás, na holltorthaí caiteachais mheasta is déanaí in 2025, mar a foilsíodh in Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe don tSeirbhís Phoiblí 2026.

Tábla 2: Fás glanchaiteachais in 2025

 

Ráta fáis glanchaiteachais, %

Diallais mheasta vis-à-vis an Moladh i mí Eanáir 2025, % de OTI

 

2024

2025

2025

An t-uasráta fáis, ar bhonn bliantúil (Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025)

9,8  (*2)

5,1

An t-uasráta fáis, ar bhonn carnach (Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025)

15,4

Bliantúil (Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach)

8,0

7,7

0,5

Carnach (Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún Eorpach)

16,3

0,2

Bliantúil (Meastachán sa phlean athbhreithnithe i mí Eanáir 2026)

7,9

9,3

0,8

Carnach (Bunaithe ar an meastachán ar fhás glanchaiteachais i bplean athbhreithnithe mhí Eanáir 2026)

17,9

0,5

Foinse: Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún, Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann (mí Eanáir 2026) agus ríomhanna ó sheirbhísí an Choimisiúin.

(22)

Tuairiscítear go n-eascróidh príomh-chomhardú struchtúrach 0,9 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana (2029), agus príomh-chomhardú struchtúrach 1,1 % de OTI in 2030, as na huasrátaí fáis glanchaiteachais a dtugtar gealltanas ina leith sa phlean. Tá sé sin níos airde ná an cóimheas idir OTI agus an príomh-chomhardú struchtúrach in 2029, ar cóimheas é lena n-áiritheofaí, bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin, comhlíontacht le ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 (11).

(23)

Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh méadú ar fhás OTI féideartha ó 1 % in 2026 go 4,6 % in 2027, agus go mbeidh sé cobhsaí ag 3,6 % ó 2028 ar aghaidh. Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 2,3 % in 2030, ó 2,0 % in 2026.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú an rialtais ghinearálta

(24)

Ar bhonn uasrátaí fáis glanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, laghdódh an barrachas rialtais ghinearálta de réir a chéile ó 1,5 % de OTI in 2025 go 0,5 % de OTI in 2029. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní bheadh aon chomhardú rialtais ghinearálta os cionn an luacha tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin 2029. Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2039), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, ar bhonn ghealltanais bheartais agus thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263 é.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(25)

Dá dtiocfadh ann do na huasrátaí fáis glanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus do na toimhdí bunúsacha a bhaineann leo, thiocfadh laghdú de réir a chéile ar fhiachas rialtais ghinearálta, de réir an phlean, ó 33,0 % in 2025 go 30,0 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2029), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2039), meastar go leanfaidh an cóimheas fiachais de bheith ag laghdú agus go mbeidh sé go mór faoi bhun 60 % de OTI síos agus go sroichfidh sé 23,7 % de OTI faoi 2039. Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, ar bhonn ghealltanais bheartais agus thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263 é.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na hÉireann

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2039

Fiachas rialtais (% de OTI)

38,3

33,0

32,4

31,5

30,7

30,0

28,8

23,7

Comhardú rialtais (% de OTI)

4,0

1,5

0,8

1,0

0,7

0,5

0,5

-0,8

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann (mí Eanáir 2026)

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(26)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh go hÉirinn an 19 Nollaig 2025. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean i gcás ocht n-athróg, mar atá, an túsphointe (an príomh-chomhardú struchtúrach in 2025), fás OTI féideartha, fás fíor-OTI agus dúnadh na bearna aschuir, fás an díbhoilsceora OTI, an leaisteachas ioncaim go OTI féideartha ainmniúil, an coigeartú sreabhaidh i leith stoic agus rátaí úis intuigthe ainmniúla. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin idir toimhdí, go háirithe ós rud é gurb airde an t-uasráta meánfháis glanchaiteachais sa phlean ná mar a bheadh ann mar thoradh ar thoimhdí an Choimisiúin. Liostaítear thíos na difríochtaí i dtoimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar uasteorainn an mheánfháis glanchaiteachais agus déantar measúnú orthu.

Glactar leis sa phlean go mbeidh príomh-chomhardú struchtúrach níos mó ann in 2025, mar atá, barrachas 1,1 % de OTI, ach bhí coinne leis go mbeadh sé comhardaithe (ag 0 % de OTI) i Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún. An tráth céanna, an comhardú ceannlíne measta le haghaidh 2025 sa phlean, mar atá, barrachas 1,5 % de OTI, tá sé i gcomhréir le Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún. Is é is cúis leis an toimhde túsphointe níos fabhraí sa phlean ó thaobh príomh-chomhardú struchtúrach de an spleáchas a léirítear sa phlean ar choincheap náisiúnta na bearna aschuir, atá éagsúil le modheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh go comhchoiteann agus a thugann rannchuidiú timthriallach níos lú le tuiscint. Cé go n-imíonn an measúnú náisiúnta ar an mbearna aschuir go coincheapúil ó mhodheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh go comhchoiteann, tá tásca láidre ann go bhfuil an bhearna aschuir dhearfach a eascraíonn as modheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh go comhchoiteann rómhór. Meastar go dtiocfaidh méadú ar OTI na hÉireann ar ráta fáis eisceachtúil in 2025, mar atá, níos mó ná 10 %, ráta arb é is cúis leis go páirteach an méadú géar ar onnmhairí a bhaineann le cógaisíocht tar éis do rialtas na Stát Aontaithe a fhógairt go mbeadh taraifí níos airde ar na bacáin (12). Na meastacháin ar thearcúsáid an lucht saothair agus ar bhrúnna acmhainneachta sa gheilleagar (13), nuair a bhreithnítear iad i gcomhthéacs boilsciú intíre atá ag maolú (14), níl siad comhsheasmhach le bearna aschuir dhearfach mhór. Thairis sin, i bhfianaise an phríomh-chomhardaithe struchtúraigh in 2024 (3,1 %) agus in 2026 (1,4 %) a réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún, d’fhéadfaí a mheas gur toimhde choimeádach í toimhde an phlean go mbeidh barrachas 1,1 % de OTI ann in 2025. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an difríocht sin sa toimhde sin. Gan aon rud eile a chur san áireamh, méadaíonn sí uasteorainn an mheánfháis glanchaiteachais i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin.

Sa phlean, tá fás OTI féideartha i gcaitheamh thréimhse an phlean 0,5 pointe céatadáin níos ísle ar an meán ná toimhdí an Choimisiúin. Dá réir sin, glactar leis sa phlean freisin go bhfuil fás fíor-OTI níos ísle. Glactar leis sa phlean go ndúnfar an bhearna aschuir faoi 2031, i.e. bliain amháin níos luaithe ná i dtoimhdí an Choimisiúin. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na toimhdí sin stuama agus, dá bhrí sin, go bhfuil údar cuí leo. Le chéile, rannchuidíonn siad le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh fás díbhoilsceora OTI 0,3 pointe céatadáin níos mó i gcaitheamh na tréimhse 2027-2030 i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Is cosúil gurb é is cúis go príomha leis an difríocht i réamh-mheastachán fáis an díbhoilsceora OTI in 2027 (2,1 % sa phlean i gcomparáid le 1,8 % i Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún) ráta fáis díbhoilsceora níos airde le haghaidh tomhaltas poiblí. Is léiriú é sin go príomha ar an bhfaisnéis is déanaí maidir leis na spreagthaí costais a bhaineann le soláthar seirbhíse poiblí, lena n-áirítear na leibhéil foirne agus an pá a bhfuil coinne leo, rud a fhágann go dtiocfaidh fás níos airde ar chaiteachas rialtais ar luach saothair fostaithe ná mar a thoimhdítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. Le haghaidh na tréimhse 2028-2030, tá fás díbhoilsceora OTI 0,3 pointe céatadáin níos airde i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin agus 0,1 pointe céatadáin níos airde ná mar a cheanglófaí faoin gcreat comhchoiteann le haghaidh measúnú ar inbhuanaitheacht fiachais agus úsáid á baint as réamhaisnéis nuashonraithe le haghaidh 2027 i gcomhréir leis an bplean (i.e., a ghlacadh leis go mbeidh cóineasú líneach ann ó ráta fáis díbhoilsceora an phlean in 2027 i dtreo ionchais bhoilscithe mhargadhbhunaithe le haghaidh 2036). I réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch an phlean, is iad na treochtaí i bhfás díbhoilsceora tomhaltais phríobháidigh, chomh maith leis an ngníomhaíocht láidir intíre a bhfuil coinne léi sa mheántéarma, is cúis le fás díbhoilsceora OTI níos airde. Ar an iomlán, níl na toimhdí le haghaidh na tréimhse 2028-2030 comhsheasmhach leis an gcreat comhchoiteann le haghaidh measúnú ar inbhuanaitheacht fiachais. Gan aon rud eile a chur san áireamh, cuireann siad le meánfhás glanchaiteachais níos mó i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin.

Déantar toimhde sa phlean go mbeidh leaisteachais ioncaim níos airde ann i leith fás OTI féideartha ainmniúil ná mar atá i dtoimhdí an Choimisiúin. Is léiriú é sin ar na difríochtaí idir na modheolaíochtaí a úsáidtear. Déantar toimhdí an phlean bunaithe ar chur chuige ón mbun aníos ina bhfuil measúnú mionsonraithe ar na forbairtí a bhfuil coinne leo in ioncam rialtais, ach toimhdítear i réamh-mheastacháin mheántéarmacha an Choimisiúin go mbeidh leaisteachas ioncaim aonadach ann. An tráth céanna, tá sé de rún ag an rialtas leanúint d’aistrithe a dhéanamh isteach sa dá chiste coigiltis a bunaíodh in 2024 (an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra). Léirítear é sin sna coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic a luaitear sa phlean atá níos airde ná na coigeartuithe sin a luaitear i dtoimhdí an Choimisiúin. Nuair a bhreithnítear le chéile iad, meastar go bhfuil údar cuí leis na toimhdí ioncaim sin.

Na difríochtaí eile idir toimhdí (na toimhdí maidir leis an ráta úis intuigthe ainmniúil), níl tionchar mór acu ar uasteorainn an mheánfháis glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin.

Ar an iomlán, is é toradh na ndifríochtaí idir toimhdí nuair a bhreithnítear le chéile iad, uasteorainn theoiriciúil meánfháis glanchaiteachais atá níos mó ná an méid ba ghá chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin i bhfómhar 2025. Tríd is tríd, is mó an tionchar comhpháirteach a bhaineann le toimhdí níos faichillí agus leis na difríochtaí idir toimhdí a meastar go bhfuil údar cuí leo ná an tionchar comhpháirteach a bhaineann leis na difríochtaí idir toimhdí nach bhfuil comhsheasmhach leis an gcreat le haghaidh measúnú ar inbhuanaitheacht fiachais. Thairis sin, tugann Éire gealltanas ina plean i leith conair ghlanchaiteachais atá níos ísle ná an uasteorainn theoiriciúil sin.

Maidir leis an measúnú ón gCoimisiún ar dá réir a chomhlíonann an plean na ceanglais dhlíthiúla, tá an measúnú sin fós bailí fiú i gcás ina dtugtar neamhaird ar thoimhde an phlean go dtiocfaidh méadú 0,2 pointe céatadáin de OTI ar an bpríomh-chomhardú struchtúrach in 2030, arb é atá i gceist leis sin diallas ón toimhde ‘gan athrú ar bheartas fioscach’ sa chreat comhchoiteann le haghaidh measúnú ar inbhuanaitheacht fiachais (ar faoin toimhde sin a fhanann an príomh-chomhardú struchtúrach seasmhach ar a leibhéal sa bhliain dheireanach den tréimhse choigeartúcháin, 2029).

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe amach anseo ar chomhlíontacht leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(27)

De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, tá na gealltanais maidir le glanchaiteachas comhsheasmhach le méaduithe breise ar chaiteachas rialtais, go háirithe chun seirbhísí poiblí breise a sholáthar chun riachtanais daonra atá ag fás go tapa a chomhlíonadh agus chun an ráta infheistíochta san earnáil phoiblí a mhéadú go mór, ar bhealach lena ndéantar fás an chaiteachais a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le fás eacnamaíoch agus ioncaim cánach sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Comhlánófar é sin le hathchóirithe struchtúracha chun moilleanna a laghdú agus chun feabhas a chur ar sholáthar tionscadal mórbhonneagair, mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta dar teideal ‘Accelerating Infrastucture Action Plan’ [Plean Gníomhaíochta um Dhlús a chur le Tionscadail Bhonneagair]. Chun maoláin fhioscacha a fhorbairt, tá sé beartaithe ag Éirinn leanúint d’aistrithe a dhéanamh chuig an dá chiste coigiltis thuasluaite a bunaíodh in 2024. Cé nach leagtar amach aon bheart ioncaim sa phlean, réamh-mheastar go bhfanfaidh an comhardú ceannlíne ina bharrachas le linn thréimhse ama an phlean a bhuí le tionchar mór na n-ioncam amhantair ó cháin chorparáide. Maidir leis na bearta beartais atá le glacadh, tá sonraíocht na mbeart beartais sin le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, is ann do rioscaí don chás maicreacnamaíoch agus fioscach atá ina bhonn taca faoin straitéis fhioscach tháscach sa phlean, ar rioscaí iad a eascraíonn as leibhéal ard oscailteachta gheilleagar na hÉireann agus a dhírithe agus atá an geilleagar ar roinnt earnálacha a bhfuil cuideachtaí ilnáisiúnta i réim iontu, rud a fhágann go bhfuil sé leochaileach d’fhorbairtí díobhálacha idirnáisiúnta, amhail beartais trádála agus chánach na Stát nó rialacha cánach domhanda atá ag aistriú. Le Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann le haghaidh 2026, sonraítear na bearta beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2026 (15).

Rúin infheistíochtaí agus athchóirithe sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais

(28)

Tugtar tuairisc sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar a leagtar amach go háirithe i moltaí tírshonracha 2025 agus i gcomhréir le tosaíochtaí na Teachtaireachta dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (16). Leagtar amach sa phlean 20 réimse athchóiriúcháin agus infheistíochta, a bhfaigheann 12 cheann díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 10 gcinn díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais comhtháthaithe.

(29)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ón gComhairle, leagtar amach sa phlean sraith chomhsheasmhach athchóirithe agus infheistíochtaí. Cuimsítear leis na bearta maidir le huisce agus fuíolluisce tionscadail bonneagair chriticiúil chomh maith le gníomhaíochtaí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Uisce 2024. Tagraítear sa phlean do bhearta maidir le bainistiú dramhaíola agus chun borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach, ar bearta iad a leagfar amach sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach atá i mbéal a fhoilsithe, chomh maithe le Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach 2026–2028 atá ar na bacáin. Cuimsítear leis na bearta a bhaineann le hiompar inbhuanaithe gníomhaíochtaí sa Bheartas maidir le Breoslaí In-athnuaite 2025-2027 chomh maith le tionscadail infheistíochta caipitil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Airítear bearta maidir le suiteáil pointí athluchtaithe poiblí le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha sa Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha 2024–2030 agus i bpleananna réigiúnacha comhfhreagracha.

(30)

Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach sa phlean bearta chun soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne a mhéadú tríd an bplean ‘Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú 2025-2030’ a chur chun feidhme. Ina theannta sin, i measc na mbeart chun dul i ngleic le srianta acmhainneachta san earnáil tógála cónaithe tá an t-athchóiriú pleanála atá ar siúl faoi láthair, infheistíocht mhéadaithe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, sainchúram leathnaithe na gníomhaireachta forbartha talún (áirítear roinnt gníomhaíochtaí i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann), cáin talún criosaithe cónaithe a thabhairt isteach chomh maith le hathchóiriú ar an earnáil cíosa. I measc na mbeart chun tacú le taighde agus nuálaíocht tá gníomhaíochtaí sa straitéis ‘Impact 2030’, a bhfuil athbhreithniú straitéiseach á dhéanamh uirthi faoi láthair chun treoir a thabhairt maidir lena cur i gcrích amach anseo, mar aon le bearta eile sa Phlean Gníomhaíochta um Iomaíochas agus Táirgiúlacht. Maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach sa phlean bearta chun an margadh saothair agus cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas agus tuismitheoirí aonair a neartú. I measc na mbeart tá gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030, fóirdheontais a thugtar tríd an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus gealltanas maidir le huasteorainn a thabhairt isteach ar tháillí le haghaidh seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí.

(31)

Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, leagtar amach sa phlean bearta maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun úsáide, lena n-áirítear Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite, bunú Tascfhórsa um Sholáthar Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta, gníomhaíochta sa Chreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta chomh maith le hullmhú an Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe. Leagtar amach sa phlean freisin bearta chun feabhas a chur ar sholúbthacht na heangaí leictreachais agus chun acmhainneacht a nuachóiriú agus a leathnú chun ciorrúchán a laghdú trí nascóirí eangaí le Tuaisceart Éireann agus leis an bhFrainc a fhorbairt. Leagtar amach sa phlean freisin infheistíochtaí caipitil breise i bhforbairt na heangaí sa tréimhse 2026-2030. I measc na mbeart maidir le héifeachtúlacht fuinnimh tá gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus sna Pleananna um Ghníomhú ar son na hAeráide.

(32)

Maidir le tosaíocht choiteann na gcumas cosanta, leagtar amach sa phlean bearta chun an caiteachas foriomlán ar réimse na cosanta agus na slándála agus an ullmhacht sna réimsí sin a threisiú trí Phlean Cur Chun Feidhme Mionsonraithe Nuashonraithe chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí atá fágtha a áirítear sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hÓglaigh na hÉireann chomh maith le gníomhaíochtaí chun tacú le pearsanra cosanta a earcú agus a choinneáil agus chun feabhas a chur ar an timpeallacht oibre fhisiciúil agus ar an trealamh.

(33)

Ina theannta sin, leagtar amach sa phlean bearta beartais eile a théann níos faide ná tosaíochtaí coiteanna an Aontais, lena n-áirítear an córas cúraim sláinte a dhéanamh níos costéifeachtaí trí bhearta coigiltis agus táirgiúlachta a áirítear i bPleananna Gníomhaíochta an Tascfhórsa Táirgiúlachta agus Coigiltis agus an Tascfhórsa um Inbhuanaitheacht Leigheasra a chur chun feidhme, taifid agus córais faisnéise cúraim sláinte a dhigitiú a thuilleadh, cúram príomhúil agus pobail níos fearr a fhorbairt (áirítear roinnt gníomhaíochtaí sa phlean téarnaimh agus athléimneachta) agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a athstruchtúrú ina sé réigiún sláinte oibríochtúla. Luaitear sa phlean freisin bearta lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht an chiste árachais shóisialta agus lena leathnaítear an cumhdach pinsin. Ina theannta sin, cé nach luaitear aon bheart a rinneadh le déanaí chun an bonn cánach a leathnú, leagtar amach sa phlean réamhbhearta chun athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme agus ar thionchar an chaiteachais cánach trí threoirlínte a fhoilsiú chun trédhearcacht agus tuairisciú an chaiteachais cánach a fheabhsú.

(34)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann. Tá faisnéis sa phlean maidir le méid agus cuspóirí chistí éagsúla an bheartais comhtháthaithe. Tá tábla sa phlean freisin ina leagtar amach cé na hathchóirithe struchtúracha agus na tosaíochtaí infheistíochta a dtabharfar aghaidh orthu i bpáirt trí bhearta a áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann nó i gcistí an bheartais comhtháthaithe.

(35)

Tugtar forléargas ginearálta sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na hÉireann a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Tá méideanna infheistíochta poiblí bunaithe ar nuashonrú 2025 ar an bPlean Forbartha Náisiúnta. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, tugtar achoimre ghinearálta sa phlean ar an gcaipiteal infheistíochta atá le cur ar fáil go dtí 2030 le haghaidh bonneagar uisce agus fuíolluisce chomh maith le hiompar. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, tugtar achoimre ghinearálta sa phlean ar an gcaipiteal infheistíochta atá le cur ar fáil go dtí 2030 le haghaidh tithíochta chomh maith le spriocanna tithíochta tar éis measúnú ar riachtanais. Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, tugtar achoimre ghinearálta sa phlean ar an gcaipiteal infheistíochta atá le cur ar fáil go dtí 2030 le haghaidh bonneagar fuinnimh agus leictreachais. Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na gcumas cosanta, áirítear sa phlean sprioc maidir le fás an chaiteachais cosanta.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(36)

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean mhí Eanáir 2026 na hÉireann ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN NA COMHAIRLE

(37)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(38)

Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin ar an bplean. Mar sin féin, tathantaíonn an Chomhairle ar an gCoimisiún an athuair a mheasúnú ar phleananna a thíolacadh i ndoiciméad ar leithligh nach ionann é agus an doiciméad ina leagtar síos na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(39)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Tugann an Chomhairle dá haire go háirithe gur fearr le húdaráis na hÉireann méadracht mhodhnaithe a úsáid le haghaidh anailísí intíre ar ioncam náisiúnta mar gheall ar an saobhadh a eascraíonn as scála coibhneasta na hearnála ilnáisiúnta in Éirinn. Ar an gcaoi chéanna, bíonn tionchar ag ioncam ó cháin chorparáide amhantair a d’fhéadfadh a bheith ann ar phríomhstaid fhioscach na hÉireann, rud a dhéantar a scagadh ar an gcaoi chéanna i gcuid mhór de mheastóireachtaí fioscacha intíre na hÉireann. Dá réir sin, tugann an Chomhairle dá haire gur bunaíodh dhá fheithicil choigiltis chun maoláin fhioscacha a fhorbairt; ceann a úsáidfear chun déileáil le dúshláin struchtúracha amach anseo agus ceann eile a oibreoidh ar bhealach frith-thimthriallach i gcás cor chun donais eacnamaíoch nó fioscach agus a chuideoidh le spriocanna aeráide agus comhshaoil na hÉireann a bhaint amach. Is díol sásaimh don Chomhairle gur cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(40)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh Éire réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(41)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(42)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(43)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ó Éirinn ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(44)

Cuirtear an moladh seo in ionad Mholadh an 21 Eanáir 2025. Mar sin féin, na huasrátaí fáis glanchaiteachais le haghaidh 2025 a leagadh síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh an 21 Eanáir 2025, i dtéarmaí bliantúla agus carnacha, tá siad fós ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht go dtí 2025, agus an bhliain sin san áireamh.

(45)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais a dtugtar gealltanas ina leith i bplean mhí Eanáir 2026 a mholadh d’Éirinn.

AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh Éire mar a leanas:

1.

A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasrátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/2024-04-30), agus Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/2024-04-30).

(2)  Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan ar na nithe seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (vi) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann, IO C/2025/667, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/667/oj.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘ina ndéantar machnamh ar an gcreat rialachais eacnamaíoch sa bheartas fioscach náisiúnta’ an 25 Samhain 2025, COM(2025)951 final.

(5)  An Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann, 25.11.2025, C(2025)9059 final.

(6)  Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hÉireann, IO C/2025/3981, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3981/oj.

(7)  De réir Airteagal 2 de Rialachán 2024/1263, ciallaíonn ‘faisnéis theicniúil’ an treoraíocht arna tarchur ag an gCoimisiún arna iarraidh sin do Bhallstáit nach mó a fhiachas rialtais ná 60 % den OTI agus nach mó a easnamh rialtais ná 3 % den OTI sula ndéanfaidh na Ballstáit a bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a tharraingt suas.

(8)   https://economy-finance.ec.europa.eu/document/download/3b78cf93-fed7-419c-bb9a-ed6b74913733_en?filename=Commission_prior_guidance-2025-ireland_en.pdf.

(9)  Tá na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear i bhFaireachán an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_en). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá siad bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).

(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024, arb í sin an bhliain is déanaí ar fhoilsigh an oifig staidrimh náisiúnta agus Eurostat sonraí fioscacha olltoraidh ina leith. Le haghaidh 2025, réamh-mheastar sa phlean go mbeidh fás glanchaiteachais 9,3 % ann. Áireofar in iarmhéid carnach an chuntais rialúcháin le haghaidh na chéad bhliana (2026) agus na mblianta ina dhiaidh sin de phlean mhí Eanáir 2026 an difríocht idir an réamh-mheastachán sin agus na sonraí olltoraidh le haghaidh 2025.

(10)  De réir Airteagal 2(2), an dara mír, de Rialachán 1467/97 ‘Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE i gcás inar mó cóimheas an fhiachais rialtais le OTI ná an luach tagartha, nuair nach bhfuil an riocht buiséadach gar don chomhardú nó i mbarrachas, agus nuair a sháraíonn na diallais a thaifeadtar i gcuntas rialaithe an Bhallstáit: (a) 0,3 pointe céatadáin de OTI in aghaidh na bliana; nó (b) 0,6 pointe céatadáin de OTI go carnach.’

(*2)  An ráta fáis in 2024 atá intuigthe sa ráta fáis carntha.

(11)  Sa chás gan an choimirce athléimneachta easnaimh.

(12)  Mar gheilleagar beag oscailte a bhfuil naisc láidre trádála agus infheistíochta aige leis na Stáit Aontaithe, tá Éire an-íogair do dhálaí eacnamaíocha domhanda, go háirithe forbairtí i ngeilleagar na Stát Aontaithe.

(13)  Tháinig méadú ar thearcúsáid an lucht saothair in Éirinn le linn na chéad 3 ráithe de 2025, rud a léiríonn maolú ar dhálaí mhargadh an tsaothair. D’fhan úsáid acmhainneachta sa tionscal déantúsaíochta cobhsaí den chuid is mó in 2025, rud a léiríonn nach raibh aon mhéadú ábhartha ar bhrúnna acmhainneachta.

(14)  Léiriú air sin is ea boilsciú ICPT seirbhísí, ar tháinig moill air in 2025. Cuimsítear brúnna praghsanna intíre le boilsciú ICPT seirbhísí ar bhealach níos cruinne ná an díbhoilsceoir OTI, ar táscaire é sin is féidir a shaobhadh le gníomhaíocht cuideachtaí ilnáisiúnta in Éirinn.

(15)  Féach an Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann, 25.11.2025, C(2025)9059 final.

(16)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ an 29 Eanáir 2025, COM(2025)30 final.


IARSCRÍBHINN

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

Éire

Bliain

2026

2027

2028

2029

2030

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

6,6

6,0

7,6

6,7

6,4

Carnach (*1)

16,5

23,5

32,9

41,7

50,9


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialúcháin.

Tabhair do d’aire: I gcás 2025, na huasrátaí fáis glanchaiteachais bliantúla agus carnacha a leagtar síos leis an Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025, tá siad fós ábhartha agus beidh siad faoi réir measúnuithe ar chomhlíontacht a dhéanfaidh an Coimisiún bunaithe ar shonraí olltoraidh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1812/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top