This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1910
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1910 of 30 July 2026 amending Implementing Decision (EU) 2025/638 concerning certain emergency measures relating to infection with peste des petits ruminants virus in Romania (notified under document C(2026) 5607)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1910 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5607)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1910 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5607)
C/2026/5607
IO L, 2026/1910, 3.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1910/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1910 |
3.8.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1910 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5607)
(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638, maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, tar éis ráig den ghalar sin. |
|
(4) |
Ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 (5), tá fógra tugtha ag an Rómáin don Choimisiún, an 17 Iúil 2026, faoi dhá ráig d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i gcontaetha Brașov agus Mureș. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tá criosanna srianta bunaithe ag an Rómáin, ina gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Tá ceann amháin de na ráigeanna nua sin lonnaithe lasmuigh de na criosanna srianta a bunaíodh cheana mar thoradh ar ráigeanna roimhe sin, is é sin i gcontae Mureș. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise le haghaidh na Rómáine in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638, chomh maith le fad na mbeart is infheidhme iontu, ba cheart iad a choigeartú chun na ráigeanna nua a chur san áireamh. Dá réir sin, is gá liosta na gcriosanna srianta, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin a leasú. |
|
(6) |
Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Sna critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le méid agus líon na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise a roghnú, chomh maith le fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, déantar breithniú ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán phlá na n-athchogantach beag i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann an galar sin freisin, ní hamháin ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, chomh maith leis an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Ina theannta sin, maidir le fad na mbeart dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo, rinneadh é a chinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (6). |
|
(7) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá atá le cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón Rómáin go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638.
Airteagal 2
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ón gCoimisiún an 25 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/525 (IO L, 2025/638, 28.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/638/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1831 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (IO L, 2026/1831, 24.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1831/oj).
(6) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/.
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN I
Cuid A: Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig deimhnithe
|
Tír |
Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí é |
|
an Rómáin |
Mureș county RO-PPR-2026-00001 RO-PPR-2026-00004 RO-PPR-2026-00006 |
Protection zone: Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.314, Long. 24.578 (2026/1), Lat. 46.277, Long. 24.612 (2026/4), Lat 46.315235, Long. 24.593356 (2026/6). |
27.8.2026 |
|
Surveillance zone: Those parts of Mureș, County, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.314, Long. 24.578 (2026/1), Lat. 46.277, Long. 24.612 (2026/4), Lat 46.315235, Long. 24.593356 (2026/6) excluding the areas contained in the protection zone. |
14.9.2026 |
||
|
Surveillance zone: Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.314, Long. 24.578 (2026/1), Lat. 46.277, Long. 24.612 (2026/4), Lat 46.315235, Long. 24.593356 (2026/6). |
28.7.2026 – 14.9.2026 |
||
|
an Rómáin |
Timiș county RO-PPR-2026-00002 RO-PPR-2026-00003 |
Protection zone: Those parts of Timiș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.555, Long. 20.993 (2026/2), Lat. 45.967, Long. 20.666 (2026/3). |
23.8.2026 |
|
Surveillance zone: Those parts of Timiș County, County, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 45.555, Long. 20.993 (2026/2), Lat. 45.967, Long. 20.666 (2026/3), excluding the areas contained in the protection zone. |
10.9.2026 |
||
|
Surveillance zone: Those parts of Timiș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 45.555, Long. 20.993 (2026/2), Lat. 45.967, Long. 20.666 (2026/3). |
24.7.2026 – 10.9.2026 |
||
|
an Rómáin |
Brașov county RO-PPR-2026-00005 |
Protection zone: Those parts of Brașov County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.07198, Long. 25.11636 (2026/5) |
25.8.2026 |
|
Surveillance zone: Those parts of Brașov County, County, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.07198, Long. 25.11636 (2026/5) |
12.9.2026 |
||
|
Surveillance zone: Those parts of Timiș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.07198, Long. 25.11636 (2026/5) |
26.8.2026-12.9.2026 |
Cuid B: Crios srianta breise
|
Tír |
Limistéar riaracháin |
Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí é |
|
an Rómáin |
Mureș County |
The entire territory of Mureș County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone. |
14.9.2026 |
|
Sibiu County |
The entire territory of Sibiu County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone. |
14.9.2026 |
|
|
Timiș County |
The entire territory of Timiș County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone. |
10.9.2026 |
|
|
Brașov County |
The entire territory of Brașov County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone. |
12.9.2026 |
|
|
Harghita County |
The entire territory of Harghita County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone. |
12.9.2026 |
IARSCRÍBHINN II
|
Tír |
Limistéar riaracháin |
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí é |
|
an Rómáin |
Mureș County |
The entire territory of Mureș County |
15.9.2026-14.10.2026 |
|
Sibu County |
The entire territory of Sibu County |
15.9.2026-14.10.2026 |
|
|
Timiș County |
The entire territory of Timiș County |
11.9.2026-10.10.2026 |
|
|
Brașov County |
The entire territory of Brașov |
13.9.2026-12.10.2026 |
|
|
Harghita County |
The entire territory of Harghita |
13.9.2026-12.10.2026 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1910/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)