Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1862

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1862 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2026 lena gcinntear an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú le haghaidh na tréimhse 2026 go 2030 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5379)

C/2026/5379

IO L, 2026/1862, 24.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1862/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1862/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1862

24.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1862 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Iúil 2026

lena gcinntear an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú le haghaidh na tréimhse 2026 go 2030

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5379)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinntear uasmhéid bliantúil na lamháltas a leithdháiltear saor in aisce i gcomhréir leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír agus trí Airteagal 10a(5), (5a), (8) agus (8b) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (2). Úsáidtear an t-uasmhéid bliantúil sin ansin mar bhonn chun lamháltais a ríomh a leithdháiltear saor in aisce ar shuiteálacha i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

(2)

Chun an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE a urramú, níl an t-uasmhéid bliantúil lamháltas a leithdháiltear saor in aisce, arna laghdú leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagail 10a(8) agus (8b) agus, i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm é, agus nuair a chuirtear san áireamh an méid breise a úsáidtear chun uasmhéid na leithdháiltí lamháltas saor in aisce atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE a mhéadú agus na méideanna atá fágtha ó thréimhsí leithdháileacháin roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 10a(5) den Treoir sin, le sárú.

(3)

D’fhonn a áirithiú nach sárófar uasmhéid bliantúil na lamháltas a leithdháiltear saor in aisce, tá coigeartú le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE, más gá, agus lena laghdófaí ar bhealach aonfhoirmeach líon na lamháltas saor in aisce le haghaidh gach suiteáil atá incháilithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce. Mar sin féin, suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun mheán an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh na dtagarmharcanna ábhartha i mbliain nuair atá feidhm ag an gcoigeartú, díolmhaítear ón gcoigeartú sin iad.

(4)

Chun críocha an choigeartaithe sin, cinnfidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 14(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, an fachtóir ceartúcháin trasearnála le haghaidh gach bliain den tréimhse leithdháileacháin ábhartha a luaithe a thabharfar fógra faoi méideanna tosaigh de lamháltais saor in aisce le haghaidh na tréimhse sin.

(5)

An fachtóir ceartúcháin trasearnála, a bhfuil feidhm aige maidir le gach bliain den tréimhse leithdháileacháin 2026 go 2030, tá sé le cinneadh ar bhonn méid tosaigh de lamháltais astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce thar an tréimhse leithdháileacháin. I ndáil leis sin, tá lamháltais saor in aisce arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí agus ar gháis a chuireann na Ballstáit san áireamh sa trádáil lamháltas astaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2003/87/CE le cur san áireamh. Mar sin féin, ní chuirfear san áireamh lamháltais saor in aisce arna leithdháileadh ar shuiteálacha arna n-eisiamh ag na Ballstáit ón gcóras trádála astaíochtaí laistigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 27 nó le hAirteagal 27a den Treoir sin, agus arna n-athbhunú le linn na tréimhse leithdháileacháin. An laghdú ar leithdháiltí saor in aisce a eascraíonn as cur i bhfeidhm fhachtóir SCCT, mar a shonraítear faoi Airteagal 10a(1a), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE, níl sé le léiriú i méid tosaigh de lamháltais astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce, toisc go bhfuil an méid a eascraíonn as an laghdú sin le cur ar fáil don Chiste don Nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10a(1a), an ceathrú fomhír, den Treoir sin.

(6)

Le haghaidh 2026, is é 1 185 420 090 cainníocht na lamháltas uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE, nuair a chuirtear Cinneadh (AE) 2023/1575 (3) ón gCoimisiún san áireamh. De bhun Airteagal 3ga(3), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE, tá laghdú 3.5 % ar chainníocht bhreise na lamháltas i ngeall ar an méadú ar an uasteorainn le haghaidh muiriompair le cur i bhfeidhm, as a dtiocfaidh méid iomlán coigeartaithe 1 180 706 960 lamháltas. I gcomhréir le hAirteagal 10(1), an chéad agus dara mír de Threoir 2003/87/CE, tá feidhm ag tairseach uasta 43 % le haghaidh leithdháiltí saor in aisce, a ríomhadh mar 43 % de 1 180 706 960 de mhéid iomlán na lamháltas coigeartaithe le haghaidh 2026, is é sin 507 703 993 lamháltas. Ón méid sin, tá 35 357 143 lamháltas le hasbhaint i gcomhréir le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, asbhaint as a dtiocfaidh uasmhéid 472 346 850 le haghaidh 2026. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 10a(8b) de Threoir 2003/87/CE agus mar a dheimhnítear le hAirteagal 2, an tríú habairt de Rialachán 2026/667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá 40 000 000 lamháltas le hasbhaint ón uasmhéid le haghaidh leithdháiltí saor in aisce agus le cur ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta, as a dtiocfaidh uasmhéid 432 346 850 lamháltas is féidir a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh 2026.

(7)

De réir na modheolaíochta céanna, is iad 434 602 358 le haghaidh 2027, 395 980 088 le haghaidh 2028, 357 357 817 le haghaidh 2029 agus 318 735 546 le haghaidh 2030 na huasmhéideanna lamháltas is féidir a leithdháileadh saor in aisce sna blianta ina dhiaidh sin.

(8)

De bhun Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE, le haghaidh gach bliain nach sroicheann suim na leithdháiltí saor in aisce an t-uasmhéid lamháltas is féidir a leithdháileadh saor in aisce agus an sciar cheantála á hurramú, is féidir, na lamháltais atá fágtha suas go dtí an méid sin a úsáid chun laghdú na leithdháiltí saor in aisce a chosc nó a theorannú d’fhonn an sciar cheantála a urramú sna blianta ina dhiaidh sin. Níor úsáideadh 125 586 948 lamháltas ón uasmhéid atá ar fáil le haghaidh leithdháiltí saor in aisce sa tréimhse ó 2021 go 2025, ná iomlán an mhéid breise 3 % dá dtagraítear in Airteagal 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE le haghaidh na tréimhse sin, agus féadfar iad a úsáid chun an gá atá leis an bhfachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar leithdháiltí saor in aisce sa tréimhse ó 2026 go 2030 a sheachaint. Aon lamháltas nár úsáideadh ó uasmhéid na lamháltas atá ar fáil agus a fhéadfar a leithdháileadh saor in aisce in 2026, cuirfear ar fáil é le haghaidh leithdháiltí saor in aisce sa bhliain ina dhiaidh sin, is é sin 2027. Ba cheart feidhm a bheith ag an loighic sin go fóill sna blianta ina dhiaidh sin le linn na tréimhse leithdháileacháin 2026 go 2030 de réir bhrí Airteagal 2, pointe 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

(9)

De bhun Airteagal 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE, tá méid breise suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas, arb é 368 419 533 thar an tréimhse 10 mbliana 2021 go 2030, le húsáid, i gcás inar gá, chun an t-uasmhéid atá ar fáil a mhéadú. Tá feidhm aige sin, i gcás inar mó méideanna tosaigh de lamháltais saor in aisce in aghaidh na suiteála arna gcur isteach ag na Ballstáit agus ag Stáit CSTE LEE, agus tar éis an fachtóir ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a chur i bhfeidhm, ná an t-uasmhéid lamháltas sin atá ar fáil agus a fhéadfar a leithdháileadh saor in aisce. Le linn na tréimhse 2021 go 2030, d’úsáidfí iomlán 289 226 630 lamháltas a thagann ó 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas. Dá bhrí sin, ba cheart 100 % a bheith san fhachtóir ceartúcháin trasearnála bliantúil le haghaidh na tréimhse 2026 go 2030.

(10)

Na huasmhéideanna bliantúla le haghaidh leithdháiltí saor in aisce a chinntear i gcomhréir leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír i gcomhar le hAirteagal 10a(5), (5a), (8) agus (8b), tá na rialacha comhchuibhithe maidir le leithdháileadh agus an fachtóir ceartúcháin trasearnála le cur i bhfeidhm i Stáit CSTE LEE (5). Dá bhrí sin, réamh-mhéideanna bliantúla lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce le linn na tréimhse 2026 go 2030, is gá iad a chur san áireamh, ar bhonn na sonraí lenar ghlac Údarás Faireacháin CSTE maidir leis an Iorua, leis an Íoslainn, agus le Lichtinstéin. Léirítear an riachtanas sin sna ríomhanna dá dtagraítear in aithrisí 6 go 9,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le gach bliain sa tréimhse leithdháileacháin 2026 go 2030, is é 100 % an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 10a(5) agus (5a) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Wopke HOEKSTRA

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 59, 27.2.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/331/oj.

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh do 2024 (IO L 192, 31.7.2023, lch. 30). http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1575/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2026/667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1119 a mhéid a bhaineann le sprioc aeráide idirmheánach de chuid an Aontais do 2040 a shocrú (IO L, 2026/667, 18.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/667/oj).

(5)  Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 335/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1420] (IO L, 2024/1420, 13.06.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1420/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1862/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top