This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1754
Decision (EU) 2026/1754 of the European Central Bank of 7 July 2026 amending Decision (EU) 2022/911 concerning the terms and conditions of TARGET-ECB and repealing Decision ECB/2007/7 (ECB/2022/22) (ECB/2026/16)
Cinneadh (AE) 2026/1754 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22)(BCE/2026/16)
Cinneadh (AE) 2026/1754 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22)(BCE/2026/16)
ECB/2026/16
IO L, 2026/1754, 24.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1754/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1754 |
24.7.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1754 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 7 Iúil 2026
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22)(BCE/2026/16)
TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2), an ceathrú fleasc de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3.1 agus Airteagail 17, 22 agus 23 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Meitheamh 2021, chinn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil feidhmiúlacht socraíochta trasairgeadra sa tseirbhís um shocraíocht íocaíochta meandraí TARGET (TARGET instant payment settlement, TIPS) i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha an Eurochórais. Sa bhreis ar an gcinneadh sin, leasaíodh Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8) (1) (dá ngairtear ‘Treoirlíne TARGET’ anseo feasta) le Treoirlíne (AE) 2026/1473 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2026/11) (2) ionas go gceadóidh TIPS, ón 14 Samhain 2026, íocaíochtaí a sheoladh agus a fháil ó rannpháirtithe TIPS nó chucu, ar rannpháirtithe iad a chloíonn le scéim um Aistriú Creidmheasa Meandrach Aon Chéim Amháin (One-Leg Out Instant Credit Transfer (OCT Inst) SEPA an Chomhairle Íocaíochta Eorpach (European Payment Council, EPC). |
|
(2) |
Tugadh saoráid isteach in TARGET le leasuithe ar Threoirlíne TARGET chun go mbeidh rannpháirtithe in ann a leachtacht a bhainistiú ar bhealach níos fearr trí aistrithe leachtachta uathoibríocha a chumasú idir príomhchuntais airgid (main cash accounts, MCAnna) rannpháirtí agus a gcuntais airgid thirim thiomnaithe (dedicated cash accounts, DCAnna TIPS), a luaithe a shárófar tairseach nó uasteorainn arna socrú ag an rannpháirtí. |
|
(3) |
Déanann leasuithe eile a dhéantar ar Threoirlíne TARGET difear do théarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE, lena n-áirítear athrú ar tháillí do shealbhóirí cuntas tiomnaithe ollsocraíochta fíor-ama, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a léiriú i gCinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/22) (3). |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn I le héifeacht ón 14 Samhain 2026 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn III le héifeacht ón 14 Samhain 2026 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 7 Iúil 2026.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2022/912/oj).
(2) Treoirlíne (AE) 2026/1473 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Bealtaine 2026 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna (BCE/2022/8) (BCE/2026/11) (IO L, 2026/1473, 1.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/1473/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2022 lena nglactar téarmaí agus coinníollacha TARGET BCE agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/911/oj).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
(2) |
i gCuid II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(4): ‘4. An MCA holder may authorise its MCA to be debited in the event that a floor is breached in one or more specified RTGS DCAs, TIPS DCAs or MCAs within the same liquidity transfer group in TARGET-ECB or another TARGET component system. By authorising its account to be debited, the MCA holder instructs the ECB to execute a rule-based liquidity transfer order that credits the RTGS DCA(s), TIPS DCA(s) or MCA(s) whenever the floor is breached.’ |
|
(3) |
i gCuid V, cuirtear an tAirteagal 7a seo a leanas isteach: ‘Article 7a Rule-based liquidity transfer orders 1. A TIPS DCA holder may specify a floor and/or a ceiling amount for its TIPS DCA. 2. By setting a ceiling and opting for a rule-based liquidity transfer order, if, following the settlement of an instant payment order, a positive recall answer or a liquidity transfer order, the ceiling is breached, the TIPS DCA holder instructs the ECB to execute a rule-based liquidity transfer order that credits an MCA designated by that TIPS DCA holder. The credited MCA may belong to another participant in TARGET-[insert CB/country reference] or in another TARGET component system. 3. By setting a floor and opting for a rule-based liquidity transfer order, if, following the settlement of an instant payment order, a positive recall answer or a liquidity transfer order, the floor is breached, a rule-based liquidity transfer order is initiated that debits an MCA authorised by the MCA holder. The debited MCA may belong to another participant in TARGET-[insert CB/country reference] or in another TARGET component system. The holder of the debited MCA must authorise its MCA to be debited in this manner.’ |
|
(4) |
i gCuid VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(1): ‘1. TIPS AS technical account holders may use the broadcast message function offered by TIPS, which allows a TIPS DCA holder or a TIPS AS technical account holder to send a message to all other TIPS DCA holders and TIPS AS technical account holders, to send broadcast messages in the following categories:
|
|
(5) |
Leasaítear Foscríbhinn VI mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn III de Chinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22),‘SAINMHÍNITHE’ cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (55):
|
‘(55) |
“rule-based liquidity transfer order” means a liquidity transfer order that is triggered as a result of: (a) the balance on an MCA, or RTGS DCA or TIPS DCA breaching a pre-defined floor or ceiling; or (b) insufficient funds being available to cover queued urgent payment orders, AS transfer orders or high priority payment orders on an RTGS DCA;’. |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Cuid V mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Cuid VII mar a leanas:
|
|
4. |
Leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Foscríbhinn VI mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an pointe (28a) seo a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (33):
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (42):
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1754/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)