Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1721

Cinneadh (CBES) 2026/1721 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive le trealamh míleata atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh

ST/9439/2026/INIT

IO L, 2026/1721, 14.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1721/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1721/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1721

14.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1721 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2026

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive le trealamh míleata atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá an tAontas tiomanta go mbeidh dlúthchaidreamh ann chun tacú le Poblacht na Moldóive a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Comhlachais’), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus tá sé tiomanta freisin comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus tacaíocht dhaingean á tabhairt do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh de theorainneacha na tíre sin, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta. De bhun Airteagal 5 den Chomhaontú Comhlachais, tá an tAontas agus Poblacht na Moldóive lena n-idirphlé agus lena gcomhar a threisiú agus le cóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus tá siad le haghaidh a thabhairt go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(3)

Aithníonn an tAontas rannchuidiú tábhachtach Phoblacht na Moldóive le CBSC an Aontais.

(4)

Leis an gCinneadh seo, cuirtear le Cinntí (CBES) 2021/2136 (3), (CBES) 2022/1093 (4), (CBES) 2023/921 (5), (CBES) 2024/1049 (6), (CBES) 2024/1713 (7), (CBES) 2025/697 (8) agus (CBES) 2025/809 (9), ón gComhairle maidir le tiomantas leanúnach an Aontais tacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú i réimsí a bhfuil riachtanais tosaíochta acu.

(5)

An 14 Márta 2025, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) iarraidh ó Phoblacht na Moldóive go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive trealamh barrthábhachtach a fháil chun acmhainneachtaí aerchosanta a neartú. An 13 Samhain 2025, athdhearbhaíodh an iarraidh sin tar éis thoghcháin pharlaiminteacha mhí Mheán Fómhair 2025 i bPoblacht na Moldóive.

(6)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (10), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoi SES.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Phoblacht na Moldóive (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:

(a)

rannchuidiú le hacmhainneachtaí míleata agus cosanta Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú chun an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht náisiúnta in earnáil na cosanta a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin sibhialtaigh a chosaint ar bhealach níos fearr tráth géarchéime agus éigeandála;

(b)

tacú le comhar i réimse na slándála agus na cosanta idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive, d’fhonn ailíniú le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais a chur chun cinn.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh trealamh aerchosanta meánraoin atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh.

Maoineofar leis an mbeart cúnaimh freisin soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear oiliúint, i gcás inar gá.

4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh ar feadh tréimhse 60 mí ón dáta a thabharfar an conradh i gcrích idir an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó/di mar oifigeach údarúcháin, agus an Lár-Ghníomhaireacht Bainistíochta Tionscadal na Liotuáine i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 120 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a sholáthrófar faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a sholáthrófar faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is í Lár-Ghníomhaireacht na Liotuáine um Bainistiú Tionscadal a chuirfidh chun feidhme na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Mar a leanas a dhéanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí a eagrú tar éis a loingsithe:

(a)

fíorú ar a seachadadh, arb iad na fórsaí is úsáideoirí deiridh atá le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-earraí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun cigireacht ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an beart cúnaimh sin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha don Choiste Polaitiúil agus Slándála gach 6 mhí maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).

(2)  An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, (IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2136 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 432, 3.12.2021, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2136/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/1093 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 176, 1.7.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1093/oj).

(5)  Cinneadh (CBES) 2023/921 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 119, 5.5.2023, lch. 173, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/921/oj).

(6)  Cinneadh (CBES) 2024/1049 ón gComhairle an 4 Aibreán 2024 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L, 2024/1049, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1049/oj).

(7)  Cinneadh (CBES) 2024/1713 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive le trealamh míleata atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L, 2024/1713, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1713/oj).

(8)  Cinneadh (CBES) 2025/697 ón gComhairle an 7 Aibreán 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L, 2025/697, 8.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/697/oj).

(9)  Cinneadh (CBES) 2025/809 ón gComhairle an 23 Aibreán 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive le trealamh míleata atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L, 2025/809, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/809/oj).

(10)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1721/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top