Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1557

Cinneadh (AE) 2026/1557 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, maidir le liosta athbhreithnithe d’eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.18 de agus maidir le liosta athbhreithnithe saineolaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 de

ST/9854/2026/INIT

IO L, 2026/1557, 8.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1557/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1557/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1557

8.7.2026

CINNEADH (AE) 2026/1557 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, maidir le liosta athbhreithnithe d’eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.18 de agus maidir le liosta athbhreithnithe saineolaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 de

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 14.18 den Chomhaontú, bunóidh an Coiste um Thrádáil, arna bhunú de bhun Airteagal 15.1 den Chomhaontú, liosta de 15 dhuine aonair a bheidh toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe (‘an liosta eadránaithe’). Trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2/2011 an 23 Nollaig 2011 (2), bhunaigh an Coiste um Thrádáil liosta na n-eadránaithe.

(3)

Chuir na Páirtithe sa Chomhaontú (‘na Páirtithe’) in iúl gur mian leo roinnt de náisiúnaigh na Cóiré, náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus roinnt de neamhnáisiúnaigh atá ag feidhmiú mar chathaoirligh ar liosta na n-eadránaithe a ionadú. Chun go dtiocfaidh an t-ionadú sin i bhfeidhm, is gá don Choiste um Thrádáil liosta athbhreithnithe na n-eadránaithe a ghlacadh.

(4)

De bhun Airteagal 13.15(3) den Chomhaontú, tá na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le liosta de 15 dhuine ar a laghad a bhfuil saineolas acu ar na saincheisteanna a chumhdaítear leis an gCaibidil maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe den Chomhaontú atá toilteanach agus ábalta a bheith ina bpainéalaithe i gcomhréír le hAirteagal 13.15 den Chomhaontú (‘na saineolaithe’). Trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2/2012 an 27 Meitheamh 2012 (3), ghlac an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Chóiré(‘an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe’) bhunaigh sé liosta de 18 saineolaí. Rinneadh an liosta sin a athbhreithniú go deireanach in 2019 trí bhíthin Chinneadh Uimh. 1/2019 (4) ón gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe.

(5)

Chuir na Páirtithe in iúl gur mian leo daoine eile a chur in ionad roinnt de na saineolaithe neamhnáisiúnaigh atá ag feidhmiú mar chathaoirligh ar liosta na saineolaithe. Chun go dtiocfaidh an t-ionadú sin i bhfeidhm, is gá don Choiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré liosta athbhreithnithe na saineolaithe a ghlacadh.

(6)

Tá an Coiste um Thrádáil beartaithe liosta athbhreithnithe na n-eadránaithe agus liosta athbhreithnithe na saineolaithe a ghlacadh le linn an chéad chruinnithe eile dá chuid nó, más luaithe ná sin é, trí nós imeachta i scríbhinn.

(7)

Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na Cinntí ón gCoiste um Thrádáil, má ghlactar é, ar an Aontas.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh sa Choiste um Thrádáil a bhunú, maidir leis an liosta athbhreithnithe eadránaithe agus maidir leis an liosta athbhreithnithe saineolaithe a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil, arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), maidir le liosta athbhreithnithe na ndaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.18 den Chomhaontú, beidh sé bunaithe ar dhréacht-Chinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil, arna bhunú leis an gComhaontú, maidir le liosta athbhreithnithe na saineolaithe atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar phainéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 den Chomhaontú, beidh sé bunaithe ar dhréacht-Chinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MOUSHOUTTAS


(1)  Cinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 307, 25.11.2015, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/2169/oj)

(2)  Cinneadh Uimh. 2 ón gCoiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré an 23 Nollaig 2011 maidir le bunú liosta na n-eadránaithe dá dtagraítear in Airteagal 14.18 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 58, 1.3.2013, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/111(1)/oj).

(3)  Cinneadh Uimh. 2/2012 ón gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Chóiré an 27 Meitheamh 2012 maidir le Painéal Saineolaithe a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 13.15 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 331, 1.12.2012, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/742/oj).

(4)  Cinneadh Uimh. 1/2019 ón gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Chóiré an 30 Meán Fómhair 2019 maidir le liosta athbhreithnithe saineolaithe atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar phainéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 den Chomhaontú (IO L 264, 17.10.2019, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1734/oj).


IARSCRÍBHINN I

 

CINNEADH UIMH. [X]/2026 ÓN GCOISTE UM THRÁDÁIL IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN CHÓIRÉ

an [Lá agus Mí] 2026

maidir le liosta athbhreithnithe de dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.18 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile

TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, a síníodh sa Bhruiséil an 6 Deireadh Fómhair 2010 (‘an Comhaontú’) agus go háirithe Airteagail 14.18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil sa Chomhaontú maidir le sásra um réiteach díospóidí lena réitítear díospóidí trí dhul ar iontaoibh painéal eadránaithe.

(2)

I gcás díospóide, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun teacht ar chomhaontú maidir le comhdhéanamh an phainéil eadrána agus, in éagmais an chomhaontaithe sin, roghnófar an painéal trí chrannchur ó liosta ainmneacha.

(3)

An 23 Nollaig 2011, ghlac an Coiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré Cinneadh Uimh. 2 (1) lena mbunaítear liosta de 15 dhuine a fhéadfaidh feidhmiú mar eadránaithe i nósanna imeachta an Phainéil de bhun Airteagal 14.18 den Chomhaontú.

(4)

Chuir na Páirtithe in iúl gur mian leo ionadú a dhéanamh ar roinnt náisiúnach de chuid na Cóiré, de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus neamhnáisiúnaigh atá ag feidhmiú mar chathaoirligh ar liosta na n-eadránaithe a ionadú. Chun go dtiocfaidh an leasú seo i bhfeidhm, ba cheart don Choiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré liosta athbhreithnithe na ndaoine aonair a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart liosta athbhreithnithe na ndaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.18 den Chomhaontú, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, a ghlacadh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine aonair a fhéadfaidh feidhmiú mar eadránaithe chun críocha Airteagal 14.18 den Chomhaontú.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Thar ceann an Choiste um Thrádáil

Comhchathaoirleach Choiste um Thrádáil an Aontais Eorpaigh

[Ainm]

Comhchathaoirleach Choiste um Thrádáil Phoblacht na Cóiré

[Ainm]


(1)  Cinneadh Uimh. 2 ón gCoiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré an 23 Nollaig 2011 maidir le liosta a bhunú de headránaithe dá dtagraítear in Airteagal 14.18 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.

IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nEADRÁNAITHE

Eadránaithe arna moladh ag an gCóiré:

 

Insoo PYO

 

Seungwha CHANG

 

Sungjoon CHO

 

Joongi KIM

 

Jaemin LEE

Eadránaithe arna moladh ag an Aontas:

 

Mary FOOTER

 

Marcus KRAJEWSKI

 

Crenguta LEAUA

 

Joost PAUWELYN

 

Hélène RUIZ FABRI

Cathaoirligh:

 

William DAVEY

 

Merit JANOW

 

Penelope Jane RIDINGS

 

Valerie HUGHES

 

Marco Tulio MOLINA TEJEDA


IARSCRÍBHINN II

 

CINNEADH UIMH. [X]/2026 ÓN GCOISTE UM THRÁDÁIL IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN CHÓIRÉ

an [Lá agus Mí] 2026

maidir le liosta athbhreithnithe de shaineolaithe atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar phainéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile

TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, a síníodh sa Bhruiséil an 6 Deireadh Fómhair 2010 (‘an Comhaontú’) agus go háirithe Airteagail 13.15 agus 15.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 13.15(3) den Chomhaontú, tá na Páirtithe le liosta a bhunú de 15 dhuine ar a laghad atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar phainéalaithe maidir le hábhair a eascraíonn faoi Chaibidil 13 den Chomhaontú agus a bhfuil saineolas acu ar na saincheisteanna a chumhdaítear leis an gCaibidil sin, go háirithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe. As measc na ndaoine aonair sin, ní mór do chúigear díobh ar a laghad a bheith ina neamhnáisiúnaigh de cheachtar Páirtí agus ní mór dóibh feidhmiú mar chathaoirleach ar an bPainéal Saineolaithe.

(2)

An 27 Meitheamh 2012, tháinig na Páirtithe ar chomhaontú laistigh den Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Chóiré trí Chinneadh Uimh. 2/2012 (1) maidir leis an liosta lena mbunaítear uainchlár 18 saineolaí a fhéadfaidh feidhmiú mar phainéalaithe. Rinneadh an liosta seo a athbhreithniú go deireanach in 2019 le Cinneadh Uimh. 1/2019 (2) ón gCoiste céanna.

(3)

Chuir na Páirtithe in iúl gur mian leo daoine eile a chur in ionad cuid de na neamhnáisiúnaigh a fhéadfaidh feidhmiú mar chathaoirleach ar an bPainéal Saineolaithe.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta athbhreithnithe na saineolaithe atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar phainéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 den Chomhaontú, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo é, a ghlacadh,

(5)

Chun go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm, ba cheart don Choiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré liosta athbhreithnithe na saineolaithe a fhormheas,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta athbhreithnithe na saineolaithe a fhéadfaidh feidhmiú mar phainéalaithe chun críocha Airteagal 13.15 den Chomhaontú.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh [sa Bhruiséil/Súl], [Lá agus Mí] 2026.

Thar ceann an Choiste um Thrádáil

Comhchathaoirleach Choiste um Thrádáil an Aontais Eorpaigh

[Ainm]

Comhchathaoirleach Choiste um Thrádáil Phoblacht na Cóiré

[Ainm]


(1)  Cinneadh Uimh. 2/2012 ón gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Chóiré an 27 Meitheamh 2012 maidir le Painéal Saineolaithe a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 13.15 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2019 ón gCoiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Chóiré an 30 Meán Fómhair 2019 maidir le liosta athbhreithnithe saineolaithe atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar phainéalaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.15 den Chomhaontú.

IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA SAINEOLAITHE

Saineolaithe arna n-ainmniú ag Poblacht na Cóiré:

 

Sung Wook LEE

 

Jaemin LEE

 

Chang Young KWON

 

Suh-Yong CHUNG

 

Taek-Whan HAN

 

Won-Mog CHOI

Saineolaithe arna n-ainmniú ag an Aontas Eorpach:

 

Eddy LAURIJSSEN

 

Jorge CARDONA

 

Karin LUKAS

 

Hélène RUIZ FABRI

 

Laurence BOISSON DE CHAZOURNES

 

Geert VAN CALSTER

Cathaoirligh:

 

Brian LANGILLE

 

Kevin BANKS

 

Le HA THANH

 

Jill MURRAY

 

Ricardo MELÉNDEZ-ORTIZ

 

Nathalie BERNASCONI-OSTERWALDER


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1557/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top