Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1441

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1441 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2026 lena bhformheastar iarraidh na Stát Aontaithe ar rochtain chómhalartach faoin tSaoráid don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/4569

IO L, 2026/1441, 3.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1441/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1441/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1441

3.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1441 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Meitheamh 2026

lena bhformheastar iarraidh na Stát Aontaithe ar rochtain chómhalartach faoin tSaoráid don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an tSaoráid don Úcráin, cuirtear tacaíocht airgeadais suas le EUR 50 billiún ar fáil don Úcráin le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027 i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus iasachtaí le haghaidh théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine.

(2)

Tá an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais fíor-riachtanach ar mhaithe le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine. Is príomh-chomhpháirtí de chuid an Aontais iad Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine. Tá siad ina gcomhchathaoirleach ar Ardán Deontóirí don Úcráin a bhunaigh ceannairí G7 i mí na Nollag 2022 agus is comhalta dá Choiste Stiúrtha iad.

(3)

An 9 Meán Fómhair 2025, chuir na Stáit Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar rochtain chómhalartach le haghaidh gnólachtaí agus eintiteas ar nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus comórtais duaise na gclár tacaíochta don Úcráin lena mbaineann.

(4)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfaisnéis a chuir na Stáit Aontaithe ar fáil agus rinne sé anailís ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoin tacaíocht idirnáisiúnta a chuirtear ar fáil don Úcráin, d’fhonn a chinneadh an é nach bhfuil tacaíocht na Stát Aontaithe srianta iarbhír agus go héifeachtach agus d’fhonn comparáid a dhéanamh idir an leibhéal tacaíochta a chuireann an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar fáil, agus gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla á gcur san áireamh.

(5)

Ní chuireann na Stáit Aontaithe srian le rannpháirtíocht i dtionscadail arna gcistiú san Úcráin, agus deonaíonn siad rochtain chomhionann ar na nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus duaiseanna a bhaineann lena dtacaíocht don Úcráin do gach tír incháilithe faoin tSaoráid don Úcráin.

(6)

Ó mhí Feabhra 2022 go dtí mí an Mhárta 2026, tá USD 132 bhilliún geallta ag na Stáit Aontaithe don Úcráin, lena n-áirítear USD 70,6 billiún de ghealltanais mhíleata, USD 38,1 billiún de ghealltanais neamh-mhíleata agus USD 4,2 billiún de chúnamh daonnúil. Ina theannta sin, tá USD 20 billiún geallta ag na Stáit Aontaithe don Úcráin mar chuid den tionscnamh ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’. Ar an meán, 0,46 % de OTI na Stát Aontaithe atá sa tacaíocht iomlán don Úcráin. Tá sé sin, in éineacht le ranníocaíochtaí le, i measc nithe eile, cumais chosanta agus faisnéise, inchomparáide le tacaíocht an Aontais don Úcráin (ó bhuiséad an Aontais agus ó bhuiséid na mBallstát le chéile) arb éard atá ann 1,11 % de OTI an Aontais.

(7)

Bhí an tacaíocht a chuir na Stáit Aontaithe ar fáil ríthábhachtach don Úcráin ó thús an ionraidh iomláin. Bhí an tacaíocht bhuiséadach a chuir na Stáit Aontaithe ar fáil ríthábhachtach chun cobhsaíocht mhacrairgeadais a áirithiú, agus ní fhéadfaí deontóirí eile an cúnamh míleata céanna a chur ar fáil, mar gheall ar a dtrealamh míleata ardfhorbartha, lena n-áirítear córais aerchosanta, agus a líonra fairsing faisnéise agus satailíte.

(8)

Is iad na Stáit Aontaithe an soláthraí tacaíochta deontais is mó don Úcráin ó bhí mí Feabhra 2022 ann, is é sin gur chuir siad USD 38 mbilliún san iomlán curtha ar fáil. Tá ranníocaíochtaí deontais ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht fiachais na hÚcráine a áirithiú.

(9)

In éineacht le ranníocaíochtaí substaintiúla airgeadaíochta, chuir na Stáit Aontaithe trealamh míleata, faisnéis agus oiliúint fíor-riachtanach ar fáil don Úcráin, agus ar an mbealach sin chuir siad ranníocaíochtaí ar fáil do cheart na hÚcráine í féin a chosaint nach bhféadfaí a dhéanamh murach sin.

(10)

Cuireann tacaíocht leanúnach na Stát Aontaithe don Úcráin le slándáil na hEorpa, agus le comhroinnt dualgas idirnáisiúnta idir an tAontas agus a chomhpháirtithe a mhéid a bhaineann le tacaíocht don Úcráin.

(11)

Ar bhonn na faisnéise a chuir na Stáit Aontaithe ar fáil, dá dtabharfaí rochtain chómhalartach do na Stáit Aontaithe ar nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus duaiseanna haghaidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tSaoráid don Úcráin, threiseofaí cuspóirí comhroinnte polaitiúla agus eacnamaíocha an dá pháirtí, go háirithe i dtaca le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí na Saoráide don Úcráin.

(12)

Chun éifeachtacht na cabhrach a thugtar don Úcráin a uasmhéadú, is iomchuí rochtain chómhalartach a dheonú do na Stáit Aontaithe go ceann tréimhse bliana.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Úcráin an 21 Aibreán 2026 maidir le hiarraidh na Stát Aontaithe ar rochtain chómhalartach ar an tSaoráid don Úcráin, agus dheimhnigh sí go n-aontaíonn sí leis sin.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an tSaoráid don Úcráin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear rochtain chómhalartach do na Stáit Aontaithe ar nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus duaiseanna haghaidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tSaoráid don Úcráin, go ceann tréimhse bliana ón 23 Iúil 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1441/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top