Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1438

Cinneadh (CBES) 2026/1438 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

ST/8653/2026/INIT

IO L, 2026/1438, 13.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1438/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1438/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1438

13.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1438 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Iúil 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319 (1).

(2)

An 28 Iúil 2023, i bhfianaise na staide polaitiúla, eacnamaíche, daonnúla agus slándála i Háítí atá ag dul in olcas, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1574 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2022/2319 agus lenar bunaíodh creat nua de bhearta sriantacha breise.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus Airteagal 3a(1) agus (2) de Chinneadh (CBES) 2022/2319, agus i bhfianaise a thromchúisí atá an staid i Háítí, ba cheart na bearta sin a athnuachan go dtí an 29 Iúil 2027.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/2319 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2022/2319, cuirtear an dáta ‘29 Iúil 2027’ in ionad ‘29 Iúil 2026’.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. HARRIS


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2319/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 192, 31.7.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1574/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1438/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top