This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1396
Council Decision (CFSP) 2026/1396 of 22 June 2026 amending Decision (CFSP) 2023/2135 concerning restrictive measures in view of activities undermining the stability and political transition of Sudan
Cinneadh (CBES) 2026/1396 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
Cinneadh (CBES) 2026/1396 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
ST/9709/2026/INIT
IO L, 2026/1396, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1396/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1396 |
22.6.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1396 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Meitheamh 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2135 (1). |
|
(2) |
An 28 Aibreán 2026, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ceathrar le liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
An 7 Bealtaine 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 (2) lenar cuireadh triúr as an gceathrar sin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle (3). |
|
(4) |
An 22 Meitheamh 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 (4) lenar cuireadh an ceathrú duine le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil le haghaidh an ceathrú duine sin a bhaint de liosta na ndaoine nádúrtha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/2135 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135, faoin gceannteideal ‘A. Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1)’, scriostar an iontráil seo a leanas:
‘14. Algony Hamdan DAGALO MUSA’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin (IO L, 2026/1049, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1049/oj).
(3) Cinneadh 2014/450/CBES an 10 Iúil 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES, (IO L 203, 11.7.2014, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/450/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin (IO L, 2026/1390, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1390/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1396/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)