Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1235

Cinneadh (CBES) 2026/1235 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022-2024

ST/9031/2026/INIT

IO L, 2026/1235, 9.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1235/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1235/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1235

9.6.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1235 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022-2024

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/667 (1), lena mbunaítear beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (‘an Beart Cúnaimh’).

(2)

An 14 Aibreán 2026, chuir an Coiste Polaitiúil agus Slándála de chúram ar an Economat des Armées cuid de ghníomhaíocht a chur chun feidhme chun tacú leis an ngné mhíleata de Mhisean Tacaíochta agus Cobhsúcháin an Aontais Afracaigh sa tSomáil, atá le maoiniú faoin mBeart Cúnaimh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Economat des Armées a chur san áireamh ar liosta na n-eintiteas a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/667 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/667:

‘IARSCRÍBHINN

Liosta d’aireachtaí, ranna rialtais agus comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí eile dlí phoiblí de chuid na mBallstát, agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a tugadh ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh, a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt (*1):

Deutsche Gesellschaft für Internationale Zusammenarbeit

Expertise France

Défense Conseil International (DCI Group)

Economat des Armées

Liosta na n-eintiteas neamhbhrabúis a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt:

COGINTA

(*1)  Ní bhaineann an liosta seo ach leis an mBeart Cúnaimh arna bhunú leis an gCinneadh seo, agus ní fhágann sé sin nach bhféadfar eintitis eile a ainmniú do bhearta cúnaimh sa todhchaí, lena n áirítear iad siúd atá i bhfoirm clár ginearálta.’."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VAFEADES


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (IO L 121, 22.4.2022, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/667/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1235/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top