This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1212
Council Decision (EU) 2026/1212 of 29 May 2026 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Committee of the Parties to the Council of Europe Convention on preventing and combating violence against women and domestic violence, at its 20th meeting, concerning conclusions on the implementation of recommendations in respect of certain Parties to that Convention and concerning the election of members of the Group of experts on action against violence against women and domestic violence, with regard to matters related to institutions and public administration of the Union
Cinneadh (AE) 2026/1212 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige, a bhaineann le conclúidí i ndáil le moltaí i leith Páirtithe áirithe sa Choinbhinsiún sin a chur chun feidhme agus a bhaineann le comhaltaí an Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh a thoghadh, maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais
Cinneadh (AE) 2026/1212 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige, a bhaineann le conclúidí i ndáil le moltaí i leith Páirtithe áirithe sa Choinbhinsiún sin a chur chun feidhme agus a bhaineann le comhaltaí an Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh a thoghadh, maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais
ST/9226/2026/INIT
IO L, 2026/1212, 4.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1212/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1212 |
4.6.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1212 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Bealtaine 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige, a bhaineann le conclúidí i ndáil le moltaí i leith Páirtithe áirithe sa Choinbhinsiún sin a chur chun feidhme agus a bhaineann le comhaltaí an Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh a thoghadh, maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1) maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2) i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann na hábhair sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún (‘na Páirtithe’). I gcomhréir le hAirteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus lena chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme. |
|
(3) |
Glacann Coiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, ar bhonn thuarascáil agus chonclúidí GREVIO. Déanann na moltaí sin idirdhealú idir bearta atá le déanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt don Choiste laistigh de thréimhse 3 bliana, agus bearta nach n-éilíonn an leibhéal céanna práinne, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana sin, tá an Páirtí lena mbaineann le tuairisc a thabhairt don Choiste maidir leis na bearta a rinneadh, laistigh de 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aon fhaisnéis bhreise, tá an Coiste le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí sin, arna n-ullmhú ag rúnaíocht an Choiste. |
|
(4) |
Tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige an 2 Meitheamh 2026, na dréachtchonclúidí seo a leanas maidir le cur chun feidhme moltaí i leith 9 cinn de na Páirtithe (‘na dréachtchonclúidí’):
|
|
(5) |
Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas glacadh le hoibleagáidí a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir lena institiúidí agus lena riarachán poiblí féin, faoi raon feidhme Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I mír 305 de Thuairim 1/19 uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2021 (3), dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) go bhfuil cuid shuntasach de na hoibleagáidí a leagtar amach sa Choinbhinsiún a bhaineann le bearta coisctheacha agus cosanta a ghlacadh ina gceangal ar an Aontas, go bunúsach, a mhéid a bhaineann leis an bhfoireann ina riarachán agus a mhéid a bhaineann le baill den phobal a thugann cuairt ar áitribh agus ar fhoirgnimh a institiúidí, a ghníomhaireachtaí agus a chomhlachtaí. Thairis sin, i mír 307 den Tuairim sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nár cheart don Aontas é féin a theorannú d’íoscheanglais ná do bhearta tacaíochta a bhunú, ach gur cheart dó féin a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ina n-iomláine. An tráth céanna, ba cheart raon oibleagáidí an Aontais a léirmhíniú agus aird á tabhairt ar a chineál sonrach agus ar a chumhachtaí sonracha. Go háirithe, ós rud é nach dtugtar cumhachtaí forfheidhmithe dlí do riarachán poiblí an Aontais, ba cheart moltaí a bhaineann le hábhair a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, amhail eisiúint na n-orduithe urchoisc éigeandála, a léirmhíniú mar mholtaí lena gceanglaítear ar an Aontas sábháilteacht na n-íospartach a áirithiú taobh istigh de theorainneacha a chumhachtaí, mar shampla trí rochtain ar áitreabh a institiúidí a dhiúltú do dhéantóirí líomhnaithe. |
|
(6) |
Baineann na dréachtchonclúidí le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas i dtaca lena institiúidí féin agus lena riarachán poiblí féin. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na dréachtchonclúidí tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: beartais agus bearta arna nglacadh chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme a chomhchuibhiú trína áirithiú go gcumhdófar leo gach cineál foréigin in aghaidh na mban, agus go ndéanfar faireachán agus meastóireacht neamhspleách orthu (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); an líon comhlachtaí comhordúcháin atá ann cheana a chuíchóiriú agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a dhéanamh sonraí córasacha, inchomparáide agus imdhealaithe a bhailiú ó na hacmhainní ábhartha uile (Airteagal 11 den Choinbhinsiún) agus a áirithiú gur féidir orduithe urchoisc éigeandála a eisiúint gan mhoill i gcás contúirt láithreach (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(8) |
A mhéid a bhaineann leis an gCipir, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: iarrachtaí a dhéanamh sonraí córasacha, inchomparáide agus imdhealaithe a bhailiú ó na hacmhainní ábhartha uile (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú gur féidir leis na húdaráis ábhartha orduithe srianta agus urchoisc éigeandála a eisiúint láithreach i gcásanna garchontúirte agus a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an horduithe sin agus go bhforfheidhmeofar iad (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann leis an Eastóin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfaidh beartais agus bearta ábhartha aghaidh ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus go gcuirfear chun feidhme iad de réir tuiscint inscneach ar fhoréigean agus go bhfuil meastóireacht á déanamh ar thionchar na mbeartas agus na mbeart sin (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh an cleachtas maidir le horduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an tSeoirsia, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfidh na beartais agus na bearta ábhartha uile tuiscint inscneach ar fhoréigean chun feidhme agus go mbeidh a dtionchar faoi réir meastóireacht chórasach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh struchtúir institiúidithe i bhfeidhm le haghaidh comhordú agus comhar idir gníomhaithe ábhartha chun freagairt ilghníomhaireachta chomhordaithe a áirithiú ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh ionaid dídine ar fáil (Airteagal 23 den Choinbhinsiún) agus nósanna imeachta nó cleachtais nach bhfuil gá leo a bhféadfadh atrámú íospartach a bheith mar thoradh orthu a sheachaint (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(11) |
A mhéid a bhaineann leis an nGearmáin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: comhordú agus comhar a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus freagairt ilghníomhaireachta chomhordaithe a sholáthar gan idirdhealú (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbaileoidh na gníomhaithe ábhartha uile sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(12) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfar sainordú soiléir don chomhlacht comhordúcháin náisiúnta chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus go soláthrófar acmhainní tiomnaithe (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); agus measúnú riosca córasach inscne-íogair a áirithiú (Airteagail 49, 50 agus 51 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(13) |
A mhéid a bhaineann leis an Iorua, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go mbeidh doiciméid bheartais náisiúnta dea-chomhordaithe agus go dtabharfaidh siad freagairt iomlánaíoch ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); bailiú sonraí imdhealaithe a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú gur féidir leis na húdaráis ábhartha orduithe urchoisc éigeandála a eisiúint i gcásanna garchontúirte (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(14) |
A mhéid a bhaineann leis an Rómáin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: comhordú agus comhar a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais iomchuí ann chun beartais agus bearta ábhartha a chur chun feidhme, agus go mbeidh cistiú seasmhach inbhuanaithe ann d’eagraíochtaí neamhrialtasacha na mban a thacaíonn le híospartaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbaileofar sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(15) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go mbeidh cistiú iomchuí ann le haghaidh beartais agus bearta ábhartha mar aon le cistiú inbhuanaithe d’eagraíochtaí a sholáthraíonn sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh foréigin ar mná iad (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); leanúint d’iarrachtaí feabhas a chur ar bhailiú sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh agus ag a leanaí ar shainionaid dídine ar fud na tíre (Airteagail 22 agus 23 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha. |
|
(16) |
Tá coinne leis go dtoghfar an Coiste, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige an 2 Meitheamh 2026, cúigear comhaltaí GREVIO. Má thoghtar iad, beidh siad i seilbh oifige ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2030.. De bhun Airteagal 66 den Choinbhinsiún, tá 15 chomhalta ag GREVIO. Toghann an Coiste a chomhaltaí as iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe ar feadh téarma oifige 4 bliana, ar féidir é a athnuachan aon uair amháin. Tá comhaltaí GREVIO le roghnú as náisiúnaigh na bPáirtithe, agus cothromaíocht inscne agus gheografach á cur san áireamh, chomh maith le saineolas ildisciplíneach i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac. |
|
(17) |
Mar chomhalta den Choiste, tá an tAontas i dteideal cúig vóta maidir leis an toghchán beartaithe le haghaidh an chúigear comhaltaí GREVIO. Tá an cúigear comhaltaí GREVIO sin le toghadh ag an gCoiste as na 15 iarrthóir arna n-ainmniú ag 13 Pháirtí. As na 13 thír ainmniúcháin, is Ballstáit den Aontas iad 11 díobh. Ós rud é go bhfuil cuid mhór taithí ildisciplíní ag na hiarrthóirí ainmnithe uile i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac, mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2026)2, ba cheart don Aontais an seasamh a ghlacadh staonadh ó vóta a chaitheamh sa toghchán sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige:
|
(1) |
nach ndéanfar agóid in aghaidh ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:
|
|
(2) |
staonadh ó vóta a chaitheamh sna toghcháin do chúigear comhaltaí den Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh (‘GREVIO’). |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 29 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
(3) Tuairim 1/19 ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Coinbhinsiún Iostanbúl, ECLI: EU:C:2021:832.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1212/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)