Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1138

Cinneadh (AE) 2026/1138 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2026 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ballraíocht an Aontais

ST/8533/2026/INIT

IO L, 2026/1138, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1138/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1138/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1138

21.5.2026

CINNEADH (AE) 2026/1138 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Bealtaine 2026

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ballraíocht an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 212, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4), de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach na coinníollacha a bhaineann le ballraíocht i mBanc Forbartha Chomhairle na hEorpa (‘CEB’) ina Airteagail Chomhaontaithe. De bhun Airteagal III.c de, is féidir le hinstitiúidí idirnáisiúnta a bhfuil fócas Eorpach acu a bheith ina gcomhaltaí de CEB faoi na coinníollacha arna leagan síos ag Bord Rialaithe CEB. Chun go mbeidh an tAontas ina chomhalta, is gá, dá bhrí sin, dul i mbun caibidlíochta le haghaidh comhaontú le CEB maidir leis na coinníollacha sin.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 14 Meitheamh 2021 maidir le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhordú níos dlúithe a áirithiú leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus eatarthu i gcomhthéacs an Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh don Fhorbairt. Dá bhrí sin, is iomchuí don Aontas a bheith ina chomhalta de CEB trí scaireanna ina chaipiteal a fháil chun comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú idir tosaíochtaí CEB agus tosaíochtaí an Aontais agus chun cuspóirí an Aontais i réimse an chomhtháthaithe shóisialta agus an chaidrimh eacnamaíoch sheachtraigh a bhaint amach, tríd an gcumhacht vótála a thugtar le húinéireacht a fheidhmiú. Ina theannta sin, trí bheith ina chomhalta de CEB, cuideofar leis an gcaidreamh idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta eile sa réigiún um méadú agus sa réigiún comharsanachta atá ina gcomhaltaí de CEB a dhoimhniú. Thairis sin, cuideoidh sé le borradh a chur faoin tacaíocht don Úcráin, lena n-áirítear a hatógáil iarchogaidh, ós rud é go bhfuil an tír sin ina comhalta de CEB anois agus gur príomhsprioc dá bheartais í.

(3)

Le fócas CEB ar bheartas sóisialta agus ar bhonneagar, is féidir sineirgí a chomhlánú agus a chruthú le cláir chistiúcháin agus gníomhaíochtaí beartais an Aontais arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas. Baineann sé sin, go háirithe, le réimsí amhail tithíocht inacmhainne agus shóisialta, cúram sláinte, laghdú bochtaineachta, oideachas, comhionannas inscne agus cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, pobail Romacha agus daoine gan dídean. Is féidir ról tábhachtach teicniúil agus cistiúcháin a bheith ag CEB freisin sa bheartas tithíochta san Aontas, i bhfianaise na taithí atá aige le blianta fada ar thacú le tithíocht do ghrúpaí leochaileacha.

(4)

Tá saineolas CEB maidir le hatógáil iarchoinbhleachta agus lánpháirtiú sóisialta ag teacht le spriocanna an Aontais maidir le cobhsaíocht agus comhtháthú a chur chun cinn san Eoraip. D’fhéadfadh CEB tacú leis an Aontas tíortha aontachais a ullmhú agus iad ag iarraidh ballraíocht san Aontas a bhaint amach, agus tacú le cur chun feidhme na bPleananna Fáis sna Balcáin Thiar agus i bPoblacht na Moldóive. Ós rud é gur leathnaíodh raon feidhme geografach oibríochtaí CEB chun an Úcráin a chumhdach, tá sé ar cheann de spriocanna uileghabhálacha nua CEB cúnamh a chur ar fáil chun tacú le hatógáil, téarnamh agus forbairt shóisialta fhadtéarmach na hÚcráine. Leis an méadú caipitil a tugadh i gcrích le déanaí, soláthraítear acmhainneacht airgeadais bhreise chun tacú leis an Úcráin agus í ar a conair bhallraíochta san Aontas. D’fhéadfadh CEB tacú leis an Aontas agus an tSaoráid don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) á cur chun feidhme aige. D’fhéadfadh an tAontas agus CEB tuilleadh feabhais a chur ar a gcomhpháirtíocht maidir le hinfheistíochtaí bonneagair shóisialta sa Tuirc freisin.

(5)

Tá cabhair do dhídeanaithe, d’imircigh agus do dhaoine easáitithe ar cheann de thosaíochtaí reachtúla CEB, rud a fhágann gurb é banc speisialaithe na hEorpa é chun déileáil le tairbhithe cosanta idirnáisiúnta agus le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Is féidir leis an saineolas sin gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlánú chun tacú le tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, rud a rannchuideoidh le gníomhaíocht CEB a dhíriú, inter alia, ar ath-imeascadh dídeanaithe atá ag filleadh abhaile, imirceach nó daoine easáitithe ina dtír féin agus ar lánpháirtiú marthanach náisiúnach tríú tír i dtíortha óstacha.

(6)

Chun go mbeidh tréimhse ama réasúnta ag comhaltaí de chuid na Comhairle ullmhú i gceart don phlé a dhéanfaidh an mheitheal ar an gcaibidlíocht a bheidh ann amach anseo maidir leis an gcreat-chomhaontú, ba cheart don Choimisiún tuairisciú don Chomhairle maidir le seoladh, dul chun cinn agus toradh na caibidlíochta ar bhonn rialta agus aon uair a iarrfaidh an Chomhairle air, agus ba cheart dó na doiciméid ábhartha a chur ar aghaidh chuici a luaithe is féidir. Ba cheart don Choimisiún freisin, i gcás inarb iomchuí, nó arna iarraidh sin don Chomhairle, tuarascáil i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ballraíocht an Aontais.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Leis seo, dírítear na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4

1.   Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar le Meitheal na gComhairleoirí Airgeadais, a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, faoi réir aon treoracha a d’fhéadfadh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le seoladh, dul chun cinn agus toradh na caibidlíochta ar bhonn rialta agus aon uair a iarrfaidh an Chomhairle air, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar aghaidh chuici a luaithe is féidir. I gcás inarb iomchuí, nó arna iarraidh sin don Chomhairle, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1138/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top