Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0861

Cinneadh (AE) 2026/861 ón gComhairle an 5 Márta 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Ghrúpa Saineolaithe um an gComhaontú Eorpach a bhaineann le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) agus i Meitheal um Iompar de Bhóthar Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le togra maidir le haontachas na Mongóile do AETR a cheadú

ST/6285/2026/INIT

IO L, 2026/861, 15.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/861/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/861/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/861

15.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/861 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Márta 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Ghrúpa Saineolaithe um an gComhaontú Eorpach a bhaineann le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) agus i Meitheal um Iompar de Bhóthar Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le togra maidir le haontachas na Mongóile do AETR a cheadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Eorpach a bhaineann le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) (1) i bhfeidhm an 5 Eanáir 1976. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir leis an ábhar a chumhdaítear le AETR (2).

(2)

De bhun Airteagal 14(1) AETR, cé is moite de Stáit nach bhfuil san Eoraip atá ina mbaill de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) cheana féin, níl AETR oscailte d’aontachas ach amháin do liosta iata de Stáit nach bhfuil san Eoraip, eadhon an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, Maracó agus an Túinéis. I gcás inar mian le Stát nach bhfuil san Eoraip nach ball den CEE-NA é agus nach bhfuil ar an liosta a leagtar amach in Airteagal 14(1) AETR aontú do AETR, ní mór dó Páirtí Conarthach a aimsiú atá toilteanach togra a chur isteach chun Airteagal 14(1) AETR a leasú, d’fhonn an Stát sin a áireamh ar an liosta sin.

(3)

Is mian leis an Mongóil aontú do AETR. Tá comhaontuithe déthaobhacha ag an Mongóil faoi láthair le roinnt Ballstát den Aontas, chomh maith le roinnt Páirtithe Conarthacha AETR eile nach Ballstáit den Aontas iad. D’fhéadfadh tairbhí áirithe a bheith mar thoradh ar aontachas na Mongóile, lena n-áirítear rialacha níos comhchuibhithe maidir le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar chuig an Mongóil agus uaithi. Dá bhrí sin, is chun leas an Aontais é aontachas na Mongóile le AETR, agus is iomchuí, dá bhrí sin, go dtíolacfadh an tAontas togra chun AETR a leasú chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(4)

De bhun Airteagal 21 AETR, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach tograí le haghaidh leasuithe ar AETR a chur faoi bhráid Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe (NA). Go hiondúil, sula gcuirtear na tograí faoi bhráid Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, cuirtear síos iad, déantar scrúdú orthu agus formhuinítear iad i Meitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1) ar dtús. Bhunaigh CEE-NA Grúpa Saineolaithe um AETR faoi chuimsiú AETR. Is éard atá sa Ghrúpa sin comhlacht a bhfuil sé de chumhacht aige tograí chun an AETR a leasú a fhorbairt agus a chur faoi bhráid Mheitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1). Ba cheart don Aontas a mholadh, ar bhonn an Chinnidh seo, go bpléifidh an Grúpa Saineolaithe CEE-NA um AETR, le linn na gcéad seisiún eile aige, agus Meitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1), le linn an 121ú seisiún atá beartaithe aige an 28 go 30 Deireadh Fómhair 2026, agus ag seisiúin ina dhiaidh sin, leasú ar AETR chun a cheadú don Mhongóil aontú do AETRl.

(5)

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Ghrúpa Saineolaithe CEE-NA um AETR, agus sa Mheitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1), is iomchuí é a bhunú, ós rud é go mbeadh an togra le haghaidh leasú ar AETR a n-iarrfar orthu a fhorbairt agus a fhormhuiniú ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 21(6) AETR.

(6)

Níor cheart do na Ballstáit agóid a dhéanamh i gcoinne fógra ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe faoi Airteagal 21(1) AETR, maidir leis an leasú atá beartaithe agus atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Mura mbeidh fógra ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe teoranta don leasú atá beartaithe agus atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, níor cheart do na Ballstáit agóid a dhéanamh i gcoinne an leasaithe sin atá beartaithe agus atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(7)

Tá seasamh an Aontais sa Ghrúpa Saineolaithe CEE-NA um AETR le cur in iúl ag an gCoimisiún, agus tá seasamh an Aontais sa Mheitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1) le cur in iúl ag na Ballstáit agus iad ag gníomhú go comhpháirteach chun leas an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i seisiúin ina dhiaidh seo de Ghrúpa Saineolaithe CCE-NA um an gComhaontú Eorpach a bhaineann le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR) agus i seisiúin ina dhiaidh seo den Mheitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1) maidir le togra Airteagal 14(1) AETR a leasú chun cead a thabhairt don Mhongóil aontú do AETR, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Cinneadh seo.

Féadfar athruithe foirmiúla agus mionathruithe ar an seasamh dá dtagraítear sa chéad mhír a chomhaontú gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 2

Cuirfidh an Coimisiún an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl sa Ghrúpa Saineolaithe CEE-NA um AETR, agus cuirfidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, in iúl é i Meitheal CEE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1).

Airteagal 3

I gcás inar fhormhuinigh Meitheal CCE-NA um Iompar de Bhóthar (SC.1) an leasú atá beartaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirfidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, faoi bhráid Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe é, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) AETR.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit agóid i gcoinne fógra ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe faoi Airteagal 21(1) AETR maidir leis an leasú atá beartaithe agus atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. IOANNIDES


(1)   IO L 95, 8.4.1978, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1977/2829/oj.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 31 Márta 1971, an Coimisiún v an Chomhairle, Cás C-22/70, ECLI:EU:C:1971:32, míreanna 30-31.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1) AETR:

‘1.   Beidh an Comhaontú seo ar oscailt lena shíniú go dtí an 31 Márta 1971 agus ina dhiaidh sin le haghaidh aontachais, ag Stáit is baill den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip agus ag Stáit a ligfear isteach sa Choimisiún i gcáil chomhairleach faoi mhír 8 nó faoi mhír 11 de théarmaí tagartha an Choimisiúin. Beidh aontachas faoi mhír 11 de théarmaí tagartha an Choimisiúin teoranta do na Stáit seo a leanas: an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an Mhongóil, Maracó agus an Túinéis.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/861/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top