Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0813

Cinneadh (AE) 2026/813 ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann le haghaidh comhaontú maidir le rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach leictreachais an Aontais agus comhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha idir réigiúin an Aontais a laghdú

ST/5098/2026/INIT

IO L, 2026/813, 7.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/813/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/813/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/813

7.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/813 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2026

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann le haghaidh comhaontú maidir le rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach leictreachais an Aontais agus comhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha idir réigiúin an Aontais a laghdú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2), an chéad fhomhír, agus Teideal XVIII de Chuid a Trí, go háirithe Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagail 177 agus 178, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), i gcrích an 30 Nollaig 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. In éineacht leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), is é is bunchloch don chaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’).

(2)

An 31 Nollaig 2020, nuair a tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, scoir dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus tháinig an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (Creat Windsor) (3) i bhfeidhm, Prótacal ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é.

(3)

Ón 1 Eanáir 2021 i leith, tá margaí leictreachais an Aontais, ar thaobh amháin, agus na Ríochta Aontaithe, ar an taobh eile, scartha óna chéile agus, dá bhrí sin, tá feidhm ag reachtaíocht agus beartais ar leithligh maidir leo. Mar sin féin, leanann feidhm de bheith ag forálacha dhlí an Aontais lena rialaítear margaí mórdhíola leictreachais, mar aon le, inter alia, rialacha áirithe de dhlí ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus an státchabhair, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 de Chreat Windsor, agus le hIarscríbhinní 4 agus 5 a ghabhann leis, a bhfuil socruithe ginearálta rialachais an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, mar aon le socruithe sonracha rialachais Chreat Windsor, mar bhonn taca leo.

(4)

Déantar foráil le hAirteagal 299 den Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir leis na cuspóirí don chomhar fuinnimh, is iad sin an trádáil agus an infheistíocht a éascú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse an fhuinnimh agus na n-amhábhar, agus tacú leis an tslándáil soláthair agus inbhuanaitheacht comhshaoil, go háirithe trí rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide sna réimsí sin.

(5)

Go sonrach, bunaítear le hAirteagal 311 den Chomhaontú Trádála agus Comhair prionsabail ardleibhéil le haghaidh úsáid éifeachtúil idirnascairí leictreachais agus bunaítear le hAirteagal 312 de rialacha maidir le socruithe trádála leictreachais sna tráthchláir uile. Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, tá gá le socruithe a fhorbairt i dtaobh acmhainneacht a leithdháileadh agus plódú a bhainistiú ar an margadh lá roimh ré, i gcomhréir leis an gcoincheap ‘cúpláil toirte scaoilte ilréigiúin’ mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 29 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Mar sin féin, tá na socruithe sin níos deacra a chur chun feidhme ná mar a bhíothas ag súil leis ar dtús.

(6)

Mar chuid de thorthaí chruinniú mullaigh na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh an 19 Bealtaine 2025, bhí an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe den tuairim gur chun leas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon é dlúthchomhar i ndáil le leictreachas agus chomhaontaigh siad na paraiméadair is gá a iniúchadh go mion i dtaobh rannpháirtíocht fhéideartha na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach leictreachais an Aontais, lena n-áirítear a rannpháirtíocht in ardáin trádála de chuid an Aontais i ngach tráthchlár. Ó bhí an cruinniú mullaigh sin ann, tá na paraiméadair fhorluiteacha sin is gá sainaitheanta ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe.

(7)

Chun cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú, ba cheart an chaibidlíocht maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach leictreachais an Aontais a dhéanamh i gcomhthráth leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú lena mbunófar sásra atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le ranníocaíocht airgeadais iomchuí na Ríochta Aontaithe chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha idir réigiúin an Aontais a laghdú. Ba cheart leibhéal iomchuí ranníocaíochta airgeadais a áirithiú leis an gcomhaontú deireanach a léiríonn leibhéal rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach an Aontais.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn dhá chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích agus a chur i bhfeidhm i gcomhthráth maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach leictreachais an Aontais agus maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha idir réigiúin an Aontais a laghdú. Ba cheart an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhaontú maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach leictreachais an Aontais; agus

(b)

comhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha idir réigiúin an Aontais a laghdú.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, faoi réir aon treoracha a d’fhéadfadh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Ríocht Aontaithe, ag gníomhú di mar choiste speisialta i gcomhréir le hAirteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.

(2)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(3)   IO L 102, 17.4.2023, lch. 87.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/813/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top