This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0521
Commission Implementing Decision (EU) 2026/521 of 10 March 2026 renewing the authorisation for the placing on the market of products containing, consisting of or produced from genetically modified cotton GHB614 × LLCotton25 pursuant to Regulation (EC) No 1829/2003 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2026) 1494)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/521 ón gCoimisiún an 10 Márta 2026 lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1494)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/521 ón gCoimisiún an 10 Márta 2026 lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1494)
C/2026/1494
IO L, 2026/521, 12.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/521/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/521 |
12.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/521 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2026
lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1494)
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) agus Airteagal 23(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/690 (2) ón gCoimisiún, údaraíodh bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as. Cumhdaíodh le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh na n-úsáidí céanna le cadás ar bith eile, cé is moite de shaothrú. |
|
(2) |
An 22 Márta 2024, thar ceann BASF Agricultural Solutions Seed US LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe (‘an t-iarratasóir’), chuir BASF SE, atá lonnaithe sa Ghearmáin, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an údarú sin a athnuachan. |
|
(3) |
An 7 Lúnasa 2025, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir le cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25 (3) i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan ar aon ghuais, nochtadh modhnaithe nó éiginnteachtaí eolaíocha nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar chadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, a ghlac an tÚdarás in 2014 (4). |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás breithniú, sa tuairim eolaíoch uaidh, ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(5) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil, arna chur isteach ag an iarratasóir, arb é atá ann plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir leis na húsáidí atá beartaithe le haghaidh na dtáirgí, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de. |
|
(6) |
Ina litir dar dáta an 24 Aibreán 2025, chuir BASF Belgian Coordination Center Comm V, atá lonnaithe sa Bheilg, an Coimisiún ar an eolas gur athraigh BASF Agricultural Solutions Seed US LLC a ainm go BASF Agricultural Solutions US LLC ón 30 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh. |
|
(7) |
Agus conclúidí an Údaráis á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, agus táirgí, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan. |
|
(8) |
Tá aitheantóir uathúil sannta do chadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 (5) ón gCoimisiún, i gcomhthéacs a údaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/690. Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach bhfuil gá le haon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25 nó atá comhdhéanta de laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
|
(10) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (7). |
|
(11) |
Leis an tuairim ón Údarás ní thugtar údar le coinníollacha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iarmhargaidh i ndáil le bia agus beatha a chaitheamh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, ná maidir le héiceachórais shonracha nó an comhshaol agus/nó limistéir gheografacha a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e), agus Airteagal 18(5), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(12) |
An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(13) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(14) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh go raibh gá leis an ngníomh cur chun feidhme seo agus chuir an cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
Cadás géinmhodhnaithe (Gossypium hirsutum L. agus Gossypium barbadense L.) Maidir le GHB614 × LLCotton25, a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t-aitheantóir uathúil BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3 dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.
Airteagal 2
Athnuachan an údaraithe
An t-údarú maidir leis na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(c) |
táirgí, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘cadás’‘ainm an orgánaigh’.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sa doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta de, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3 a bhrath.
Airteagal 5
Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóir an údaraithe
Is é BASF Agricultural Solutions US LLC, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag BASF SE, an Ghearmáin, sealbhóir an údaraithe.
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.
Airteagal 9
Seolaí
Is chuig BASF Agricultural Solutions US LLC, 100 Park Avenue, Florham Park, NJ 07932, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, D-67063, Ludwigshafen, an Ghearmáin, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/690 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614xLLCotton25 (BCS-GHØØ2-5xACS-GHØØ1-3), nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 112, 30.4.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/690/oj).
(3) Painéal GMO EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2025. Scientific Opinion on the assessment of genetically modified cotton GHB614 × LLCotton25 for renewal authorisation under regulation (EC) No 1829/2003 (dossier GMFF-2024-21890). [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar chadás géinmhodhnaithe GHB614 × LLCotton25 i ndáil lena húdarú a athnuachan faoi rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (sainchomhad GMFF-2024-21890).] EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9572; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9572.
(4) Painéal GMO EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2014. Scientific Opinion on application (EFSA-GMO-NL-2010-77) for the placing on the market of herbicide-tolerant genetically modified cotton GHB614 × LLCotton25 for food and feed uses, import and processing under Regulation (EC) No 1829/2003 from Bayer CropScience [Tuairim Eolaíoch maidir le hiarratas (EFSA-GMO-NL-2010-77) ar chadás géinmhodhnaithe luibhicídfhulangach GHB614 × LLCotton25 a chur ar an margadh, lena úsáid i mbia agus i mbeatha, lena allmhairiú agus lena phróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Bayer CropScience]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(5):3680; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2014.3680.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(7) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe maidir le cur i láthair na dtorthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
(a) An t-iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:
|
Ainm |
: |
BASF Agricultural Solutions US LLC |
|
Seoladh |
: |
100 Park Avenue, Florham Park, NJ 07932, na Stáit Aontaithe, |
atá á ionadú san Aontas ag BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, D-67063, Ludwigshafen, an Ghearmáin.
(b) Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
|
(1) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(2) |
beatha ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(3) |
táirgí, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú. |
An cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-5 × ACS-GHØØ1-3, léiríonn sé na géinte pat agus 2mEPSPS, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicídí atá bunaithe ar amóiniam glúfosanáite agus luibhicídí atá bunaithe ar ghliofosáit.
(c) Lipéadú:
|
(1) |
Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘cadás’‘ainm an orgánaigh’. |
|
(2) |
Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil an cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1). |
(d) Modh braite:
|
(1) |
Na modhanna braite ISP teagmhas-shonracha cainníochtúla, is iad sin na modhanna a bailíochtaíodh ina n-aonar le haghaidh chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5, ACS-GHØØ1-3 agus a fíoraíodh a thuilleadh ar chruach chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3; |
|
(2) |
arna bhailíochtú ag Saotharlann Tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag https://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/method-validations; |
|
(3) |
ábhar tagartha: Is féidir rochtain a fháil ar AOCS 1108-A (le haghaidh BCS-GHØØ2-5), AOCS 0306-E (le haghaidh ACS-GHØØ1-3) agus AOCS 0306-A (le haghaidh na contrapháirte nach bhfuil géinmhodhnaithe) tríd an American Oil Chemists Society (AOCS), ag https://www.aocs.org/crm?SSO=True. |
(e) Aitheantóir uathúil:
BCS-GHØØ2-5 × ACS-GHØØ1-3
(f) Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:
[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thugtar fógra faoi].
(g) Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:
Ní gá.
(h) Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil:
Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]
(i) Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:
Ní gá.
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
(1) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/521/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)