|
|
Ainmneacha
(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)
(Traslitriú an litrithe Rúisise)
|
Ainmneacha
(An litriú Bealarúisise)
(An Litriú Rúisise)
|
Faisnéis Aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta liostaithe
|
|
‘1.
|
Uladzimir Uladzimiravich NAVUMAU
Vladimir Vladimirovich NAUMOV
|
Уладзімір Уладзіміравіч НАВУМАЎ
Владимир Владимирович НАУМОВ
|
Post/poist: iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha; iar-Cheannaire ar Sheirbhís Slándála an Uachtaráin
Dáta breithe: 7.2.1956
Áit bhreithe: Smolensk, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
|
Níor ghníomhaigh sé chun imscrúdú a dhéanamh ar chás gan réiteach, is é sin fuadach Yuri Zakharenko, Viktor Gonchar, Anatoly Krasovski agus Dmitri Zavadski sa Bhealarúis in 1999-2000. Iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha agus iar-Cheannaire ar Sheirbhís Slándála an Uachtaráin freisin. Ina cháil mar Aire Gnóthaí Inmheánacha, bhí sé freagrach as cur faoi chois léirsithe síochánta go dtí go ndeachaigh sé ar scor an 6 Aibreán 2009 ar chúiseanna sláinte.
Thug Riarachán an Uachtaráin teach cónaithe dó i gceantar nomenklatura Drozdy i Mionsc. I mí Dheireadh Fómhair 2014, bhronn an tUachtarán Lukashenka ord fiúntais den tríú grád air. Ó mhí na Samhna 2023, tá Vladimir Naumov ina úinéir ar sciar dar méid 75 % sa chuideachta Zorka Food. Tá Zorka Food cláraithe i Moscó agus a oibríonn i réigiún Donetsk, atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, agus i gcathair Mariupol san Úcráin, cuideachta a onnmhairíonn grán agus beatha trí chalafort Mariupol, agus a thacaíonn, dá bhrí sin, le rannpháirtíocht na Bealarúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka
|
24.9.2004
|
|
2.
|
Dzmitry Valerievich PAULICHENKA
Dmitri Valerievich PAVLICHENKO (Dmitriy Valeriyevich PAVLICHENKO)
|
Дзмiтрый Валер'евiч ПАЎЛIЧЭНКА
Дмитрий Валериевич ПАВЛИЧЕНКО
|
Post/poist: Iar-Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta; Ceannasaí ar aonad OMON
Dáta breithe: 1966
Áit bhreithe: Vitebsk/ Viciebsk, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Seoladh: Belarusian Association of Veterans of Special Forces of the Ministry of Internal Affairs “Honour”, 111 Mayakovskogo St., 220028 Minsk, an Bhealarúis
Inscne: fireann
|
Duine lena mbaineann príomhthábhacht i gcásanna gan réiteach is iad sin fuadach Yuri Zakharenko, Viktor Gonchar, Anatoly Krasovski agus Dmitri Zavadski sa Bhealarúis in 1999-2000. Iar-Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta ag an Aireacht Gnóthaí Inmheánacha.
Fear gnó, Ceannaire ar “Honour”, Cumann Iarshaighdiúirí ó Fhórsaí Speisialta de chuid na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha.
Aithníodh é a bheith i gceannas ar aonad OMON le linn na cniogbheartaíochta brúidiúla ar lucht agóide, a tharla sa Bhealarúis tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. Thacaigh Dzmitry Paulichenka le Lukashenka sa tréimhse roimh thoghchán uachtaránachta mhí Feabhra 2025 sa Bhealarúis. Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka.
|
24.9.2004
|
|
3.
|
Viktar Uladzimiravich SHEIMAN (Viktar Uladzimiravich SHEYMAN)
Viktor Vladimirovich SHEIMAN (Viktor Vladimirovich SHEYMAN)
|
Вiктар Уладзiмiравiч ШЭЙМАН
Виктор Владимирович ШЕЙМАН
|
Post/poist: Iar-Cheann ar an Belarus President Property Management Directorate; Comhcheannaire “Vector Capital Group”; Toscaire Uachtaránachta
Dáta breithe: 26.5.1958
Áit bhreithe: Réigiún Soltanishki, Grodno/ Hrodna, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Seoladh: Belarus President Property Management Directorate, 38 Karl Marx St., 220016 Minsk, an Bhealarúis
Inscne: fireann
Grád: Coirnéalghinearál
|
Iar-Cheann ar an Belarus President Property Management Directorate. Freagrach as cásanna gan réiteach. is iad sin fuadach Yuri Zakharenko, Viktor Gonchar, Anatoly Krasovski agus Dmitri Zavadski, a tharla sa Bhealarúis in 1999-2000. IarRúnaí ar an gComhairle Slándála. Tá Sheiman gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka; is é cúntóir Speisialta/Sainchabhróir an Uachtaráin agus is é toscaire speisialta Lukashenka é le haghaidh teagmhálacha leis an Afraic.
Thairis sin, tá Viktar Sheiman ina chomhcheannaire ar an bhfiontar “Vector Capital Group”, a dhéanann maoirseacht ar chuideachta a bhfuil baint aici le monarú ladrann.
Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka agus le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Bealarúise trí bheith rannpháirteach i dtáirgeadh teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.
|
24.9.2004
|
|
4.
|
Iury Leanidavich SIVAKAU (Yuri Leanidavich SIVAKAU, SIVAKOU)
Iury (Yuri) Leonidovich SIVAKOV
|
Юрый Леанідавіч СIВАКАЎ, СIВАКОЎ
Юрий Леонидович СИВАКОВ
|
Post/poist: iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha; iar-Leas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin; Ollamh Comhlach in Acadamh na nGnóthaí Inmheánacha agus dámh an dlí in Ollscoil Stáit na Bealarúise (An Roinn Dlí)
Dáta breithe: 5.8.1946
Áit bhreithe: Onor, Sakhalin Region/Oblast, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Seoladh: Belarusian Association of Veterans of Special Forces of the Ministry of Internal Affairs “Honour”, 111 Mayakovskogo St., Minsk 220028 , an Bhealarúis
Inscne: fireann
|
Freagrach as an mbeartaíocht sna cásanna gan réiteach, is iad sin fuadach Yuri Zakharenko, Viktor Gonchar, Anatoly Krasovski agus Dmitri Zavadski, a tharla sa Bhealarúis in 1999-2000. Iar-Aire Turasóireachta agus Spóirt, iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha agus iar-Leas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin.
|
24.9.2004
|
|
5.
|
Yuri Khadzimuratavich KARAEU
Yuri Khadzimuratovich KARAEV
|
Юрый Хаджымуратавіч КАРАЕЎ
Юрий Хаджимуратович КАРАЕВ
|
Post/poist: Iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha; Leifteanantghinearál an Mhílíste (fórsa póilíneachta); Sainchabhróir Uachtarán Phoblacht na Bealarúise - Cigire Réigiún Grodno/Hrodna; Cathaoirleach Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Grodno
Dáta breithe: 21.6.1966
Áit bhreithe: Ordzhonikidze (iarAPSS), (Vladikavkaz, Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
|
Ina phost ceannaireachta mar Aire Gnóthaí Inmheánacha (AGI) mar a bhí, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí AGI tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka ina shainchabhróir le hUachtarán na Bealarúise agus ina chigire sa Réigiún Grodno/Hrodna, agus ina Chathaoirleach ar Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Grodno.
Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
6.
|
Genadz Arkadzievich KAZAKEVICH
Gennadi Arkadievich KAZAKEVICH
|
Генадзь Аркадзьевіч КАЗАКЕВIЧ
Геннадий Аркадьевич КАЗАКЕВИЧ
|
Post/poist: IarChéad-Leas-Aire Gnóthaí Inmheánacha; Leas-Aire Gnóthaí Baile sa Roinn Gnóthaí Inmheánacha – Ceann ar an Mílíste Coiriúil, Coirnéal an Mhílíste (an fórsa póilíneachta)
Dáta breithe: 14.2.1975
Áit bhreithe: Mionsc, iarAPSS, (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Grád: Maorghinearál an Mhílíste
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar ChéadAire ar an Aireacht Gnóthaí Inmheánacha, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí na haireachta sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar an Leas-Aire Gnóthaí Inmheánacha. Is é an ceann é go fóill ar an Mílíste Coiriúil.
|
2.10.2020
|
|
7.
|
Aliaksandr Piatrovich BARSUKOU
Alexander (Alexandr) Petrovich BARSUKOV
|
Аляксандр Пятровіч БАРСУКОЎ
Александр Петрович БАРСУКОВ
|
Post/poist: Iar-Leas-Aire Gnóthaí Inmheánacha; Leifteanantghinearál ar an Mílíste (an fórsa póilíneachta); Sainchabhróir le hUachtarán Phoblacht na Bealarúise — Cigire do Réigiún Mhionsc, Comhalta de Theach Ionadaithe Thionól Náisiúnta na Bealarúise
Dáta breithe: 29.4.1965
Áit bhreithe: Vetkovski (Vetka) District, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Aire ar an Aireacht Gnóthaí Inmheánacha, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí na hAireachta sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean a dhéanamh orthu.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Sainchabhróir le hUachtarán na Bealarúise — Cigire do Réigiún Mhionsc, agus mar chomhalta de Theach Ionadaithe Thionól Náisiúnta na Bealarúise.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
8.
|
Siarhei Mikalaevich KHAMENKA
Sergei Nikolaevich KHOMENKO
|
Сяргей Мiкалаевiч ХАМЕНКА
Сергей Николаевич ХОМЕНКО
|
Post/poist: Iar-Leas-Aire Gnóthaí Inmheánacha; Maor-ghinearál an Mhílíste (an fórsa póilíneachta); Iar-Aire Dlí agus Cirt; Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Phoblacht na Bealarúise
Dáta breithe: 21.9.1966
Áit bhreithe: Yasinovataya, iarAPSS (an Úcráin anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Aire na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí na haireachta sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean a dhéanamh orthu.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Phoblacht na Bealarúise.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
11.
|
Aliaksandr Valerievich BYKAU
Alexander (Alexandr) Valerievich BYKOV
|
Аляксандр Валер’евiч БЫКАЎ
Александр Валерьевич БЫКОВ
|
Post/poist: Céad Leas-Cheannasaí ar na Trúpaí Intíre, iar-Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta, an Leifteanant-Choirnéal
Inscne: fireann
Grád: Maorghinearál
|
Sa phost a bhí aige mar Cheannasaí ar Aonad Mearfhreagartha Speisialta na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí an Aonaid Mhearfhreagartha Speisialta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chéad Leas-Cheannasaí ar na Trúpaí Intíre.
|
2.10.2020
|
|
13.
|
Dzmitry Uladzimiravich BALABA
Dmitry Vladimirovich BALABA
|
Дзмітрый Уладзіміравіч БАЛАБА
Дмитрий Владимирович БАЛАБА
|
Post/poist: Iar-Cheann ar OMON (“Aonad Sainchuspóra an Mhílíste”) le haghaidh Choiste Fheidhmiúcháin Chathair Mhionsc; Cathaoirleach Chomhairle Lárnach Chumann Fisiciúil, Cultúir agus Spóirt na Bealarúise ar a dtugtar Dynamo
Dáta breithe: 1.6.1972
Áit bhreithe: sráidbhaile Gorodilovo, Minsk Region/Oblast, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Ina phost ceannasaíochta ar fhórsaí OMON i Mionsc, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí OMON i Mionsc tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.
|
2.10.2020
|
|
14.
|
Ivan Uladzimiravich KUBRAKOU
Ivan Vladimirovich KUBRAKOV
|
Iван Уладзіміравіч КУБРАКОЎ
Иван Владимирович КУБРАКОВ
|
Post/poist: Ceann ar Phríomhstiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc; Aire Gnóthaí Inmheánacha, Maor-Ghinearál an Mhílíste (an fórsa póilíneachta)
Dáta breithe: 5.5.1975
Áit bhreithe: sráidbhaile Malinovka, Mogilev/Mahiliou Region/Oblast, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Grád: Leifteanant-Ghinearál
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann Phríomhstiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí póilíneachta tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Aire Gnóthaí Inmheánacha.
|
2.10.2020
|
|
18.
|
Aliaksandr Paulavich VASILIEU
Alexander Pavlovich VASILIEV
|
Аляксандр Паўлавiч ВАСIЛЬЕЎ
Александр Павлович ВАСИЛЬЕВ
|
Post/poist: Iar-Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Gomel/Homyel/Oblast; Ceann ar Acadamh na hAireachta um Gnóthaí Inmheánacha; Ionadaí Chomhairle na nAirí Gnóthaí Inmheánacha chuig Coiste Feidhmiúcháin CSN
Dáta breithe: 24.3.1975
Áit bhreithe: Mahiliou/Mogilev, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Gomel/Homyel/Oblast, ba é a bhí freagrach as feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Ionadaí ar Chomhairle na nAirí Gnóthaí Inmheánacha chuig Coiste Feidhmiúcháin CSN. Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
19.
|
Aleh Mikalaevich SHULIAKOUSKI
Oleg Nikolaevich SHULIAKOVSKI
|
Алег Мiкалаевiч ШУЛЯКОЎСКI
Олег Николаевич ШУЛЯКОВСКИЙ
|
Post/poist: IarChéad-Leas-Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Gomel, Ceann ar na Póilíní Coiriúla; Ceann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Brest
Dáta breithe: 26.7.1977
Inscne: fireann
Grád: Maorghinearál
|
Sa phost a bhí aige mar Chéad-Leas-Cheann ar Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Gomel/Homyel/Oblast agus Ceann ar na Póilíní Coiriúla, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin igcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Brest.
|
2.10.2020
|
|
21.
|
Aliaksandr Viachaslavavich ASTREIKA
Alexander Viacheslavovich ASTREIKO
|
Аляксандр Вячаслававiч АСТРЭЙКА
Александр Вячеславович АСТРЕЙКО
|
Post/poist: Iar-Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Brest, Maor-Ghinearál an Mhílíste (an fórsa póilíneachta); Iar-Cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Mhionsc; Ceann ar Acadamh na hAireachta um Gnóthaí Inmheánacha
Dáta breithe: 22.12.1971
Áit bhreithe: Kapyl, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Grád: Maor-Ghinearál an Mhílíste
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann ar Choiste Feidhmiúchán Roinn Gnóthaí Inmheánacha Réigiún Brest agus Maor-Ghinearál an Mhílíste, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh, i gcoinne léirsitheoirí síochánta.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar Acadamh na hAireachta um Gnóthaí Inmheánacha.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
22.
|
Leanid Viachaslavavich ZHURAUSKI
Leonid Vyacheslavovich ZHURAVSKI
|
Леанiд Вячаслававіч ЖУРАЎСКI
Леонид Вячеславович ЖУРАВСКИЙ
|
Post/poist: Iar-Cheann OMON (“Aonad Sainchuspóra an Mhílíste”) in Vitebsk/Viciebsk; an Chéad Leas-Cheannasaí ar OMON ag Roinn Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc
Dáta breithe: 20.9.1975
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal sa Mhílíste
|
Sa phost ceannasaíochta a bhí aige ar fhórsaí OMON in Vitebsk/Viciebsk, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí OMON in Vitebsk/Viciebsk tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde a thabhairt do léirsitheoirí síochánta.
|
2.10.2020
|
|
23.
|
Mikhail Aliaksandravich DAMARNACKI
MikhailAleksandrovich DOMARNATSKY
|
Міхаіл Аляксандравіч ДАМАРНАЦКI
Михаил Александрович ДОМАРНАЦКИЙ
|
Post/poist: Iar-Cheann ar OMON (“Aonad Sainchuspóra an Mhílíste”) in Gomel/Homyel; Leas-Cheann ar OMON ag Roinn Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal sa Mhílíste
|
Ina phost ceannasaíochta ar fhórsaí OMON in Gomel/Homyel, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí OMON in Gomel/Homyel tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde a thabhairt do léirsitheoirí síochánta.
|
2.10.2020
|
|
24.
|
Maxim Yakaulevich MIKHOVICH
Maxim Yakovlevich MIKHOVICH
|
Максім Якаўлевіч МIХОВIЧ
Максим Яковлевич МИХОВИЧ
|
Post/poist: Ceann ar an Penal Correction Department san Aireacht um Gnóthaí Inmheánacha, Maor-Ghinearál an Mhílíste (an fórsa póilíneachta)
Inscne: fireann
Dáta breithe: 25.11.1974
|
Ina phost ceannasaíochta ar fhórsaí OMON in Brest, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí OMON in Brest tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde a thabhairt do léirsitheoirí síochánta.
|
2.10.2020
|
|
26.
|
Ivan Yurievich SAKALOUSKI
Ivan Yurievich SOKOLOVSKI
|
Iван Юр’евіч САКАЛОЎСКI
Иван Юрьевич СОКОЛОВСКИЙ
|
Post/poist: IarStiúrthóir ar ionad coinneála Akrestina, Mionsc; Ceann na Roinne Maoirseachta agus Forfheidhmithe i bPríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc
Dáta breithe: 17.11.1979
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal sa Mhílíste
|
Ina cháil mar Stiúrthóir ar ionad coinneála Akrestina i Mionsc, is é atá freagrach as an íde mhídhaonna agus tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh atá á gcoinneáil tar éis thoghchán uachtaránachta 2020.
|
2.10.2020
|
|
27.
|
Valeri Paulavich VAKULCHYK
Valery Pavlovich VAKULCHIK
|
Валерый Паўлавіч ВАКУЛЬЧЫК
Валерий Павлович ВАКУЛЬЧИК
|
Post/poist: IarChathaoirleach ar Choiste Slándála an Stáit (KGB); IarStátrúnaí ar an gComhairle Slándála; Iar-Chúntóir ag Uachtarán Phoblacht na Bealarúise – Cigire don Réigiún Brest; Ceann ar Oifig Chomhairle na nAirí
Dáta breithe: 19.6.1964
Áit bhreithe: Radostovo, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chathaoirleach ar Choiste Slándála an Stáit (KGB), is é a bhí freagrach as rannpháirtíocht an KGB san fheachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a tharla tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, agus comhaltaí an fhreasúra.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar Oifig Chomhairle na nAirí.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
28.
|
Siarhei Yaugenavich TSERABAU
Sergey Evgenievich TEREBOV
|
Сяргей Яўгенавіч ЦЕРАБАЎ
Сергей Евгеньевич ТЕРЕБОВ
|
Post/poist: CéadLeas-Chathaoirleach Choiste Slándála an Stáit (KGB)
Dáta breithe: 1972
Áit bhreithe: Borisov/Barisaw, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Grád: Maorghinearál
|
Ina phost ceannaireachta mar Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choiste Slándála an Stáit (KGB), is é atá freagrach as rannpháirtíocht an KGB san fheachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a tharla tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta agus comhaltaí an fhreasúra.
|
2.10.2020
|
|
32.
|
Aliaksandr Uladzimiravich KANYUK
Alexander (Alexandr) Vladimirovich KONYUK
|
Аляксандр Уладзіміравіч КАНЮК
Александр Владимирович КОНЮК
|
Post/poist: IarIonchúisitheoir Ginearálta Phoblacht na Bealarúise; Iar-Ambasadóir Phoblacht na Bealarúise chun na hAirméine
Dáta breithe: 11.7.1960
Áit bhreithe: Grodno/Hrodna, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Ina phost roimhe seo mar Phríomh-Ionchúisitheoir, is é atá freagrach as úsáid fhorleathan a bhaint as imeachtaí coiriúla chun iarrthóirí de chuid an fhreasúra a dhícháiliú roimh thoghchán uachtaránachta 2020 agus cosc a chur ar dhaoine a bheith páirteach sa Chomhairle Comhordúcháin a sheol an freasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
34.
|
Vadzim Dzmitryevich IPATAU
Vadim Dmitrievich IPATOV
|
Вадзім Дзмітрыевіч IПАТАЎ
Вадим Дмитриевич ИПАТОВ
|
Post/poist: iar-Leas-Chathaoirleach ar Choimisiún Lárnach Toghchán Chónaidhm na Rúise (CLT); Leas-Chathaoirleach ar Theach na nIonadaithe
Dáta breithe: 30.10.1964
Áit bhreithe: Kolomyia, Réigiún Ivano-Frankivsk, iarAPSS (an Úcráin anois)
Inscne: fireann
|
Ina cháil mar Leas-Chathaoirleach ar CLT, tá sé freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus an ceannaireacht air, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.
|
2.10.2020
|
|
41.
|
Igar Anatolievich PLYSHEUSKI
Ihor Anatolievich PLYSHEVSKIY
|
Iгар Анатольевiч ПЛЫШЭЎСКI
Игорь Анатольевич ПЛЫШЕВСКИЙ
|
Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta OOO Bergia Group, iar-chomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT); Leas-Chathaoirleach um Ghnóthaí Dlíthiúla Pháirtí Daonlathach Liobrálach na Bealarúise
Dáta breithe: 19.2.1979
Áit bhreithe: Lyuban, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar chomhalta de choláiste CLT, bhí sé freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Stiúrthóir Bainistíochta OOO Bergia Group.
D’oibrigh sé sa Choimisiún Lárnach Toghchán i ról comhairleach le linn fheachtas uachtaránachta 2025. Ní raibh toghchán uachtaránachta 2025 sa Bhealarúis saor ná cothrom, de réir tuarascálacha iomadúla ó bhreathnóirí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Tá Igar Plysheuski ag tacú dá bhrí sin le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
44.
|
Irina Aliaksandrauna TSELIKAVETS
Irina Alexandrovna TSELIKOVEC
|
Iрына Аляксандраўна ЦЭЛIКАВЕЦ
Ирина Александровна ЦЕЛИКОВЕЦ
|
Post/poist: Iarbhall den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT); Rúnaí Feidhmiúcháin Chomhairle Airí Dlí agus Cirt CSN
Dáta breithe: 2.11.1976
Áit bhreithe: Zhlobin, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: baineann
|
Sa phost a bhí aici mar chomhalta de choláiste CLT, bhí sí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta. Sa phost a bhí aici mar Rúnaí Feidhmiúcháin Chomhairle Airí Dlí agus Cirt CSN, bhí sí mar chuid de mhisean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán CSN ag na toghcháin uachtaránachta a bhí ann in 2025.
Ní raibh toghchán uachtaránachta 2025 sa Bhealarúis saor ná cothrom, de réir tuarascálacha iomadúla ó bhreathnóirí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Tá Irina Tselikavets ag tacú dá bhrí sin le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
2.10.2020
|
|
47.
|
Ihar Piatrovich SERGYAENKA
Igor Petrovich SERGEENKO
|
Iгар Пятровіч СЕРГЯЕНКА
Игорь Петрович СЕРГЕЕНКО
|
Post/poist: Iar-Cheann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta; Cathaoirleach ar Theach na nIonadaithe (teach íochtarach) de Thionól Náisiúnta na Bealarúise
Dáta breithe: 14.1.1963
Áit bhreithe: Sráidbhaile Stolitsa in Vitebsk/Viciebsk Region/Oblast, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Ina phost mar Cheann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus is é atá freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n-áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas stáit tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020.
|
6.11.2020
|
|
52.
|
Siarhei Yakaulevich AZEMSHA
Sergei Yakovlevich AZEMSHA
|
Сяргей Якаўлевіч АЗЕМША
Сергей Яковлевич АЗЕМША
|
Post/poist: Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste Fiosrúcháin
Dáta breithe: 17.7.1974
Áit bhreithe: Rechitsa, réigiún Gomel/Homyel, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Grád: Maorghinearál Dlí agus Cirt
|
Ina phost ceannaireachta mar Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste Fiosrúcháin, tá sé freagrach as an bhfeachtas diansmachta agus imeaglaithe a raibh an Coiste i gceannas air tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe imscrúduithe a seoladh in aghaidh na Comhairle Comhordúcháin agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta.
|
6.11.2020
|
|
57.
|
Siarhei Yaugenavich ZUBKOU
Sergei Yevgenevich ZUBKOV
|
Сяргей Яўгенавіч ЗУБКОЎ
Сергей Евгеньевич ЗУБКОВ
|
Post/poist: Ceannasaí ALFA Unit (Aonad Frithsceimhlitheoireachta an Choiste Slándála an Stáit (KGB)); Leas-Cheann Ionad Frithsceimhlitheoireachta CSN
Dáta breithe: 21.8.1975
Inscne: fireann
|
Agus ról ceannaireachta aige ar fhórsaí ALFA Unit, tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir na fórsaí sin ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean ina gcoinne.
|
6.11.2020
|
|
65.
|
Ihar Uladzimiravich LUTSKY
Igor Vladimirovich LUTSKY
|
Iгар Уладзiмiравiч ЛУЦКI
Игорь Владимирович ЛУЦКИЙ
|
Post/poist: An Chéad Leas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin; Iar-Aire Faisnéise; Cathaoirleach ar Chomhairle Phoblacht na Bealarúise
Dáta breithe: 31.10.1972
Áit bhreithe: Stolin, réigiún Brest, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Aire Faisnéise, is é atá freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go háirithe maidir le cinneadh na hAireachta Faisnéise deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.
Tá sé fós gníomhach i réimeas Lukashenka mar Chomhalta de Chomhairle Phoblacht na Bealarúise, agus mar Leas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin.
Tá sé ag tacú dá bhrí sin le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
|
17.12.2020
|
|
68.
|
Ihar Paulavich BURMISTRAU
Igor Pavlovich BURMISTROV
|
Iгар Паўлавiч БУРМIСТРАЎ
Игорь Павлович БУРМИСТРОВ
|
Post/poist: Ceann Foirne agus an Chéad-Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Inmheánacha na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha; Cathaoirleach ar Choiste Feidhmiúcháin Chathair Novopolotsk
Dáta breithe: 30.9.1968
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Inmheánacha na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha, bhí sé bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir na Trúpaí Inmheánacha faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean ina gcoinne.
Cuireadh chuig an gcúlchiste míleata é. Tá sé de cheart aige éide agus ionchomharthaí míleata a chaitheamh.
|
17.12.2020
|
|
72.
|
Aliaksandr Henrykavich TURCHIN
Alexander (Alexandr) Henrihovich TURCHIN
|
Аляксандр Генрыхавіч ТУРЧЫН
Александр Генрихович ТУРЧИН
|
Post/poist: IarChathaoirleach Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Mhionsc; Príomh-Aire Phoblacht na Bealarúise
Dáta breithe: 2.7.1975
Áit bhreithe: Novogrudok, réigiún Grodno/Hrodna, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Ina phost mar Chathaoirleach Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Mhionsc, bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an riarachán áitiúil, lena n-áirítear roinnt coistí. Leanann sé de thacaíocht a thabhairt do réimeas Lukashenka ina phost mar Phríomh-Aire Phoblacht na Bealarúise.
|
17.12.2020
|
|
73.
|
Dzmitry Mikalaevich SHUMILIN
Dmitry Nikolayevich SHUMILIN
|
Дзмiтрый Мiкалаевiч ШУМIЛIН
Дмитрий Николаевич ШУМИЛИН
|
Post/poist: Leas-Cheann na Stiúrthóireachta um Chosaint an Dlí agus Ord agus um Chosc, iar-Leas-Cheann Roinn Oll-imeachtaí Príomhranna Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc
Dáta breithe: 26.7.1977
Inscne: fireann
Grád: Maorghinearál an Mhílíste
|
Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann Roinn Oll-imeachtaí Príomhranna Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc, bhí sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas áitiúil tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh ar léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.
Tá sé doiciméadaithe gurb é féin go pearsanta a ghlac páirt i gcoinneáil neamhdhleathach léirsitheoirí síochánta.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann na Stiúrthóireachta um Chosaint an Dlí agus Ord agus um Chosc de chuid Príomhranna Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc.
|
17.12.2020
|
|
85.
|
Yulia Chaslavauna HUSTYR
Yulia Cheslavovna HUSTYR
|
Юлiя Чаславаўна ГУСТЫР
Юлия Чеславовна ГУСТЫР
|
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche Lárnach i Mionsc; Comhairleoir dlí i gCeantar Oktyabrsky
Dáta breithe: 27.2.1974
Inscne: baineann
|
Sa phost a bhí aici mar bhreitheamh sa Chúirt Dúiche Lárnach i Mionsc, bhí sí freagrach as roinnt mhaith rialuithe polaitiúla i gcoinne iriseoirí, cheannairí an fhreasúra, gníomhaithe agus agóideoirí , go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Viktar Babarika a bhí ina iarrthóir don uachtaránacht. Rinneadh sáruithe i réimse chearta na gcúisithe le linn na dtrialacha arna seoladh faoina maoirseacht.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
Tá sí fós gníomhach i réimeas Lukashenka mar dhlíodóir san Oifig Cúnaimh Dhlíthiúil i réigiún Oktyabrsky i Mionsc.
|
17.12.2020
|
|
87.
|
Aliaksandr Vasilevich SHAKUTSIN
Aleksandr Vasilevich SHAKUTIN
|
Аляксандр Васiльевiч ШАКУЦIН
Александр Васильевич ШАКУТИН
|
Post/poist: Fear gnó, scairshealbhóir in Amkodor Bel, Amkodor Spamash, Spamash, EM System, Navanep, Amkodor-Onego, Amkodor-Alga agus Amkodor-Agidel
Dáta breithe: 12.1.1959
Áit bhreithe: Bolshoe Babino, Orsha Rayon, Vitebsk/Viciebsk Region/Oblast, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Is fear gnó Bealarúiseach é Aliaksandr Shakutsin a bhfuil leasanna suntasacha gnó aige sa Bhealarúis, sa Rúis agus i dtíortha nach iad. Bhain sé tairbhe shuntasach as an réimeas Lukashenka mar úinéir agus tairbhí Amkodor Holding. Ó ghlac an stát seilbh ar Amkodor Holding, leanann Aliaksandr Shakutsin de thairbhe a bhaint as an gcaipiteal eacnamaíoch agus polaitiúil as an réimeas Lukashenka a fuarthas le linn a bhlianta ann. Ina theannta sin, leanann sé de thairbhe a bhaint as an réimeas trí na naisc atá fós aige le Amkodor Holding agus le leasanna gnó eile sa Bhealarúis agus thar lear.
Tuairiscítear go bhfuil sé ar na daoine is mó a thairbhigh as príobháidiú le linn sheal Lukashenka mar Uachtarán.
Bhí sé ina chomhalta de phraesaidiam an chomhlachais phoiblí atá ar son Lukashenka, “Belaya Rus”, agus ina chomhalta den Chomhairle um Fhiontraíocht a Fhorbairt i bPoblacht na Bealarúise.
I mí Iúil 2020, cháin sé go poiblí agóidí an fhreasúra sa Bhealarúis, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé le beartas cos ar bolg de chuid réimeas Lukashenka i leith agóideoirí síochánta, an fhreasúra dhaonlathaigh agus na sochaí sibhialta.
Tá leasanna gnó sa Bhealarúis aige i gcónaí, agus is sealbhóir cothromais i gcuideachtaí atá nasctha le Amkodor Holding é.
Tá sé ag baint tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.
|
17.12.2020
|
|
88.
|
Mikalai Mikalaevich VARABEI/VERABEI
Nikolay Nikolaevich VOROBEY
|
Мiкалай Мiкалаевiч ВАРАБЕЙ/ВЕРАБЕЙ
Николай Николаевич ВОРОБЕЙ
|
Post/poist: Fear gnó, comhúinéir Bremino Group
Dáta breithe: 4.5.1963
Áit bhreithe: PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)
Inscne: fireann
|
Tá sé ar cheann de na fir ghnó is mó sa Bhealarúis, agus tá leasanna gnó aige in earnáil an pheitriliam, earnáil an iompair guail, an earnáil baincéireachta earnálacha nach iad.
Is comhúinéir in Bremino Group é - cuideachta a bhain tairbhe as buntáistí cánach agus as cineálacha eile tacaíochta ó réimeas na Bealarúise. Tugadh ceart eisiach dá chuideachta, BelKazTrans, gual a aistriú tríd an mBealarúis. I mí na Nollag 2020, d’aistrigh sé cuid dá shócmhainní chuig a dhlúth-chomhpháirtithe gnó. De réir tuarascálacha sna meáin tá smacht i gcónaí aige ar na cuideachtaí Interservice agus Oil Bitumen Plant. Bíonn sé i mbun gníomhaíochtaí gnó agus tá dlúthchaidreamh aige le húdaráis na Bealarúise agus thug sé dhá ghluaisteán sóchais do Lukashenka. Tá leasanna gnó aige freisin san Úcráin agus sa Rúis.
Lean sé dá ghníomhaíochtaí gnó tar éis dó a bheith faoi réir smachtbhannaí, agus úsáid á baint aige as idirghabhálaithe chun dul timpeall ar bhearta sriantacha. Tá sé ag baint tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.
|
17.12.2020
|
|
103.
|
Maxim Yurevich FILATAU
Maxim Yurevich FILATOV
|
Максім Юр'евіч ФIЛАТАЎ
Максим Юрьевич ФИЛАТОВ
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Chathair Lida
Dáta breithe: 23.8.1978
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina cháil mar bhreitheamh i gCúirt Chathair Lida, tá Maxim Filatau freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an ngníomhaí Vitold Ashurok, a aithníonn Viasna, eagraíocht Bhealarúiseach um chearta an duine, mar phríosúnach polaitiúil é.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
|
21.6.2021
|
|
116.
|
Siarhei Piatrovich, RUBNIKOVICH
Sergei Petrovich RUBNIKOVICH
|
Сяргей Пятровіч РУБНIКОВIЧ
Сергей Петрович РУБНИКОВИЧ
|
Post/poist: Reachtóir Ollscoil Leighis Stát na Bealarúise
Dáta breithe: 18.6.1974
Áit bhreithe: Sharkauschyna, Vitebsk/ Viciebsk Region/ Oblast, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina cháil mar Reachtóir Ollscoil Leighis Stát na Bealarúise, ar fhormheas Alexander Lukashenka a cheapachán, tá Siarhei Rubnikovich freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hOllscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta. Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
|
117.
|
Aliaksandr Henadzevich BAKHANOVICH
Aleksandr Gennadevich BAKHANOVICH
|
Аляĸсандр Генадзевiч БАХАНОВIЧ
Алеĸсандр Геннадьевич БАХАНОВИЧ
|
Post/poist: An Chéad Leas-Aire Oideachais, iar-reachtaire Ollscoil Theicniúil Stát Brest
Dáta breithe: 15.9.1972
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar reachtaire Ollscoil Theicniúil Stát Brest, ar fhormheas Alexander Lukashenka a cheapachán, bhí Aliaksandr Bakhanovich freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hollscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta. Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna. I mí Eanáir 2023, ceapadh Aliaksandr Bakhanovich mar Chéad Leas-Aire Oideachais Phoblacht na Bealarúise.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
|
119.
|
Maxim Uladzimiravich RYZHANKOU
Maxim Vladimirovich RYZHENKOV
|
Максім Уладзіміравіч РЫЖАНКОЎ
Максим Владимирович РЫЖЕНКОВ
|
Post/poist: An tAire Gnóthaí Eachtracha; An Chéad Leas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin
Dáta breithe: 19.6.1972
Áit bhreithe: Mionsc, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina cháil mar Chéad Leas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin, tá dlúthbhaint ag Maxim Ryzhankou leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Chaith sé breis agus 20 bliain dá ghairm i státseirbhís na Bealarúise, mar a raibh poist éagsúla aige, lena n-áirítear an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus roinnt ambasáidí. Ina cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha, leanann sé de phost cumhachta a bheith aige agus de bheartas eachtrach réimis Lukashenka a chur chun feidhme. Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
|
122.
|
Valeri Valerevich IVANKOVICH
Valery Valerevich IVANKOVICH
|
Валерый Валер'евіч IВАНКОВIЧ
Валерий Валерьевич ИВАНКОВИЧ
|
Post/poist: Stiúrthóir Ginearálta OJSC “MAZ”.
Dáta breithe: 15.2.1971
Áit bhreithe: Novopolotsk, PSS na Bealarúise (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina cháil mar Stiúrthóir Ginearálta OJSC “MAZ”, tá Valeri Ivankovich freagrach as gabháil oibrithe MAZ laistigh d'áitribh MAZ ag fórsaí slándála, agus as fostaithe MAZ a bhí ag glacadh páirt in agóidí síochánta i gcoinne an réimis a chur as a bpost. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
Cheap Lukashenka é ina chomhalta den choimisiún ar cuireadh de chúram air leasuithe a dhréachtú ar Bhunreacht na Bealarúise. Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
|
125.
|
Mikail Safarbekovich GUTSERIEV
|
Микаил (Михаил) Сафарбекович ГУЦЕРИЕВ
|
Post/poist: Fear gnó; Iar-scairshealbhóir in Slavkali agus iar-chathaoirleach ar a bhord feidhmeannach; cathaoirleach bhord stiúrthóirí agus scairshealbhóir in: JSC Mospromstroi, Industrial Financial Group Safmar JSC, LLC Proekt Grad; Comhalta de bhord stiúrthóirí JSC NKNeftisa agus scairshealbhóir ann
Dáta breithe: 9.3.1958
Áit bhreithe: Akmolinsk, APSS roimhe seo (an Chasacstáin anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Rúiseach
|
Is fear gnó Rúiseach mór le rá é Mikail Gutseriev, a bhfuil leasanna gnó aige in earnáil an fhuinnimh, earnáil na mianraí criticiúla agus earnálacha eile. Ina theannta sin, tá sé gníomhach freisin in earnáil an chultúir iar-Shóivéadaigh. Tá seanaithne aige ar Aliaksandr Lukashenka agus a bhuí leis an nasc sin, charnaigh sé saibhreas agus tionchar suntasach i measc scothaicme pholaitiúil na Bealarúise.
Ba é “Safmar”, eintiteas a bhfuil nasc aige le Mikail Gutseriev, an t-aon ghnólacht ola Rúiseach a lean d’ola a sholáthar do scaglanna na Bealarúise le linn na géarchéime fuinnimh idir an Bhealarúis agus an Rúis go luath in 2020.
Thacaigh Mikail Gutseriev le Lukashenka i ndíospóidí leis an Rúis faoi sheachadtaí ola freisin. Bhí Mikail Gutseriev ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí cuideachta Slavkali agus ina scairshealbhóir i gcuideachta Slavkali, comhlacht é thóg an mhonarcha mianadóireachta agus próiseála clóiríde potaisiam, Nezhinsky, atá lonnaithe ar an bhfosú salainn potaise, Starobinsky, gar do Lyuban. Ba í an infheistíocht is mó rinneadh sa Bhealarúis í, infheistíocht dar luach USD 2 bhilliún. Gheall Lukashenka go n-athbhaistfí baile Lyuban “Gutserievsk” in ómós do Mikail Gutseriev. Náisiúnaíodh an tionscadal Nezhinsky. Faoi dhlí na Bealarúise, ba cheart Mikail Gutseriev a chúiteamh as an náisiúnú, rud atá á chaibidil leis an réimeas, a dúirt sé.
I measc na ngnóthaí eile a bhí ag Mikail Gutseriev sa Bhealarúis, bhí stáisiúin pheitril agus iostaí ola, óstán, lárionad gnó agus críochfort aerfoirt i Mionsc. Ghabh Lukashenka buíochas le Mikail Gutseriev freisin as na ranníocaíochtaí le heagraíochtaí carthanachta agus as na billiúin dollar a infheistiú sa Bhealarúis. D’fhreastail Mikail Gutseriev ar oirniú Lukashenka in 2020. An bhliain chéanna, bhí Lukashenka agus Mikail Gutseriev beirt i láthair nuair a osclaíodh Eaglais Cheartchreidmheach ar a ndearna Gutseriev urraíocht.
Chuidigh Mikail Gutseriev le scanóirí CT a fháil don Bhealarúis le linn ghéarchéim COVID-19. In 2024, bhuaigh iníon chéile Lukashenka an gradam “amhrán na bliana”, arna eagrú ag stáisiún raidió Mikail Gutseriev, rud a chuidigh le bús a chruthú faoina pearsantacht sular tháinig sí chun bheith ina ceannaire feachtais i dtoghcháin 2025 na Bealarúise. Tá Mikail Gutseriev ag baint tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.
|
21.6.2021
|
|
134.
|
Dzmitry Mikalaevich STREBKOU
Dmitry Nikolaevich STREBKOV
|
Дзмітрый Мікалаевіч СТРЭБКОЎ
Дмитрий Николаевич СТРЕБКОВ
|
Post/poist: Ceann Phríosún Uimh. 8 in Zhodino; Comhalta de Chomhairle Cathrach Zhodino
Dáta breithe: 19.3.1977
Áit bhreithe:
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina cháil mar Cheann Phríosún Uimh. 8 in Zhodino, tá Dzmitry Strebkou freagrach as na coinníollacha uafásacha san ionad coinneála agus as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sa tsaoráid choinneála sin, lena n-áirítear san ionad coinneála sealadach, i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
21.6.2021
|
|
150.
|
Dzmitry Iauhenevich BURDZIUK
Dmitry Evgenevich BURDIUK
|
Дзмітрый Яўгеньевіч БУРДЗЮК
Дмитрий Евгеньевич БУРДЮК
|
Feidhm: Leas-Cheann ar Phríomhroinn Imscrúdaithe Choiriúil na bPóilíní Coiriúla in Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Phoblacht na Bealarúise; Ceann Roinn Póilíneachta Cheantar Oktyabrsky; Iar-Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Partizanski Mhionsc
Dáta breithe: 31.1.1980
Áit bhreithe: Réigiún Brest, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Aitheantas pearsanta: 3310180C009PB7
Pasuimhir: MP3567896
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Partizanski Mhionsc, bhí Dzmitry Burdziuk freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghreadadh uafásach agus céasadh na n-agóideoirí síochánta agus na ndaoine ar an láthair i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020.
I mí na Nollag 2020 ceapadh é ina Cheann ar Roinn Póilíneachta Cheantar Oktyabrsky.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
21.6.2021
|
|
151.
|
Vital Vitalevich KAPILEVICH
Vitaliy Vitalevich KAPILEVICH
|
Віталь Вітальевіч КАПIЛЕВIЧ
Виталий Витальевич КАПИЛЕВИЧ
|
Post/poist: Iar-Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Leninsky Mhionsc; Iar-Leas-Cheann ar an bPríomh-Stiúrthóireacht um Rialú Drugaí agus Comhrac na Gáinneála ar Dhaoine in Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Phoblacht na Bealarúise; Leas-Cheann ar Phríomh-Roinn Imscrúdaithe Choiriúil na bPóilíní Coiriúla in Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Phoblacht na Bealarúise
Dáta breithe: 26.11.1988
Áit bhreithe:
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann ar Roinn Póilíneachta Cheantar Leninsky Mhionsc, tá Vital Kapilevich freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh a coinníodh i Roinn Póilíneachta Cheantar Leninsky. Diúltaíodh cabhair leighis do na cimí; rinneadh imeaglú ar na paraimhíochaineoirí a tháinig chun na Roinne le go gcuirfí cosc ar chúnamh leighis a sholáthar do na cimí.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
|
21.6.2021
|
|
152.
|
Kiryl Stanislavavich KISLOU
Kirill Stanislavovich KISLOV
|
Кірыл Станіслававіч КIСЛОЎ
Кирилл Станиславович КИСЛОВ
|
Post/poist: Iar-Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Zavodsky Mhionsc; Iar-Leas-Cheann na bPóilíní Sábháilteachta Poiblí de Phríomhstiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc; Leas-Cheann Acadamh Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Phoblacht na Bealarúise
Dáta breithe: 2.1.1979
Áit bhreithe: Mionsc, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann ar Roinn Póilíneachta Cheantar Zavodsky Mhionsc, tá Kiryl Kislou freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh do shaoránaigh a coinníodh sa stáisiún póilíneachta sin. Tá sé freagrach freisin as an gcos ar bolg suntasach a imríodh ar agóideoirí síochánta, iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine, oibrithe, ionadaithe thar ceann an phobail acadúil agus daoine ar an láthair, arna dhéanamh ag a fho-oifigigh.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann Acadamh Aireacht Gnóthaí Inmheánacha Phoblacht na Bealarúise.
Tá sé tacú, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
|
21.6.2021
|
|
195.
|
Ivan Ivanavich GALAVATYI
Ivan Ivanovich GOLOVATY
|
Iван Iванавiч ГАЛАВАТЫ
Иван Иванович ГОЛОВАТЫЙ
|
Post/poist: Iar-Ard-Stiúrthóir Open Joint Stock Company “Belaruskali”; Cathaoirleach bhord maoirseachta JSC Belarussian Potash Company; An Chéad Leas-Stiúrthóir ar Nedra Nezhin; An Chéad Leas-Stiúrthóir ar an gCoimpléasc Mianadóireachta agus Próiseála (MPC) i nDúiche Lyuban
Comhalta de Bhuanchoiste Chomhairle na Poblachta de chuid Tionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise maidir le Gnóthaí Eachtracha agus Slándáil Náisiúnta
Dáta breithe: 15.6.1976
Áit bhreithe: Pogost Settlement, Soligorsk District, an Bhealarúis
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Is é Ivan Galavatyi iarArd-Stiúrthóir Belaruskali, cuideachta faoi úinéireacht stáit, ar mórfhoinse ioncaim agus airgeadra eachtraigh í do réimeas Lukashenka. Is iarchomhalta de Chomhairle Phoblacht na Bealarúise agus den Tionól Náisiúnta é. Is iomaí post tábhachtach eile atá aige sa Bhealarúis agus le linn a ghairmréime bronnadh go leor duaiseanna stáit air, cuid acu díreach ó lámha Lukashenka. Bhí sé ina dhlúthchomlach le Lukashenka agus le daoine dá theaghlach. Ba é Aliaksandr Lukashenka a mhol go rachadh Ivan Golovaty chun oibre mar ambasadóir i gceann de thíortha Chomhlathas na Stát Neamhspleách. Tá sé ag baint tairbhe, dá bhrí sin, as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.
Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir Belaruskali, bhí Ivan Galavatyi bainteach go díreach san aslonnú a rinne réimeas Lukashenka i gcomhar leis an Rúis ar leanaí Úcránacha a raibh cónaí orthu sna críocha faoi fhorghabháil. Tacaíonn Ivan Galavatyi, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka. Leanann sé de thacaíocht a thabhairt do réimeas Lukashenka agus de thairbhe a bhaint as mar Chéad Leas-Stiúrthóir Nedra Nezhin, cuideachta a bhfuil tuairisc faoi gurb é comharba Slavkali é, mórtháirgeoir potaise sa Bhealarúis agus ina cháil mar Chéad Leas-Stiúrthóir ar an Mining and Processing Complex (MPC) i gCeantar Lyuban.
Baineadh préimheanna d’fhostaithe OJSC “Belaruskali” agus briseadh amach as a bpost iad as páirt a ghlacadh i stailceanna agus agóidí síochánta tar éis na dtoghchán uachtaránachta calaoiseach a reáchtáladh sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020. Ba é Alexander Lukashenka é féin a bhagair go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na stailceoirí. Dá bhrí sin, mar iar-cheann Belaruskali, tá Ivan Galavatyi freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
3.6.2022
|
|
197.
|
Andrei Siarheevich PALCHIK
Andrei Sergeevich PALCHIK
|
Андрэй Сяргеевiч ПАЛЬЧЫК
Андрей Сергеевич ПАЛЬЧИК
|
Post/poist: Iar-Cheann ar Choilíneacht Cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk; Maor ar an ionad coinneála in Vitebsk; Leas-mhaor ar Shaoráid Choinneála Réamhthrialach Uimh. 2.
Dáta breithe: 3.3.1981
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar cheann ar Choilíneacht Cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk, bhí Andrei Palchik freagrach as céastóireacht agus drochíde, pionóis mhí-úsáideacha, lena n-áirítear gaibhniú aonair a úsáid arís agus arís eile, agus as páirt a ghlacadh sa mhéid sin, i gcoinne na bpríosúnach polaitiúil agus na saoránach eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin, go háirithe tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Mar cheann na coilíneachta pionósaí sin, ní hamháin go bhfuil Andrei Palchik freagrach as na mí-úsáidí sin a ordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, ach tá cuntas teiste doiciméadaithe aige maidir le rannpháirtíocht phearsanta i ngníomhartha céastóireachta agus foréigin i gcoinne príosúnach.
Le linn riarachán Andrei Palchik ó 2017 go mí an Mhárta 2023, tá droch-cháil tagtha ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk mar gheall ar na dálaí coinneála atá ann atá thar a bheith crua agus mar gheall ar an drochíde a thugtar do na príosúnaigh, go leor acu ina bpríomhghníomhaithe polaitiúla agus ina n-ionadaithe ar an tsochaí shibhialta arna gcoinneáil toisc go raibh siad i gcoinne réimeas an Uachtaráin Lukashenka. Tar éis dó aistriú ó Choilíneacht Phionósach Uimh. 1, leanann Andrei Palchik de phost gníomhach ardchéimnitheach a bheith aige i saoráid choinneála eile agus dá bhrí sin, tá sé ag obair don chóras smachtúil go fóill.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar mhaor an ionaid coinneála in Vitebsk agus mar leasmhaor Shaoráid Coinneála Réamhthrialach Uimh. 2.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
|
3.8.2023
|
|
199.
|
Mikhail Mikhailavich MURASHKIN
Mikhail Mikhailovich MURASHKIN
|
Мiхаiл Мiхайлавiч МУРАШКIН
Михаил Михайлович МУРАШКИН
|
Post/poist: Iar-Leas-Cheann ar Municipal Department of Internal Affairs) in Zhodino (Roinn Bardasach Gnóthaí Inmheánacha) – Ceann an Public Security Police (na Póilíní Slándála Poiblí); Céad-Leas-Cheann ar District Department of Internal Affairs (Roinn Ceantair Gnóthaí Inmheánacha) in Borisov (– Ceann an Public Security Police (na Póilíní Slándála Poiblí) ón 29.10.2021 ar aghaidh Ceann Gníomhach Uzda District Department of Internal Affairs (Roinn Gnóthaí Baile Dhúiche Uzda)
Dáta breithe: 8.9.1989
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina phost mar iar-cheann ar na Póilíní Slándála Poiblí in Zhodino, d’ordaigh Mikhail Murashkin do thrúpaí na bpóilíní agus do phóilíní círéibe OMON agóidí síochánta a chur faoi chois go brúidiúil tar éis an toghcháin uachtaránachta in 2020, agóideoirí a bhatráil agus foréigean a dhéanamh orthu. Tá baint aige freisin le hiriseoirí neamhspleácha a chlúdaigh na hagóidí sa tréimhse roimh na toghcháin uachtaránachta a choinneáil arís agus arís eile go neamhdhleathach.
Tá post ardchéime den chineál céanna aige i gcónaí laistigh den Roinn Gnóthaí Inmheánacha.
Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
3.8.2023
|
|
202.
|
Ruslan Khikmetavich MASHADZEOU
Ruslan Khikmetovich MASHADIYEV
|
Руслан Хiкметовiч МАШАДЗЕЎ
Руслан Хикметович МАШАДИЕВ
|
Post/poist: Iar-Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 1; Ceann Reatha Choilíneacht Phionósach Uimh. 1
Inscne: fireann
Dáta breithe: 26.9.1981
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Ina phost mar Cheann agus iar-Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 1, tá Ruslan Mashadziyeu freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh do na príosúnaigh pholaitiúla agus ar shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Is é a bhí i gceannas ar an gcoilíneacht phionósach tráth a bhásaigh an príosúnach polaitiúil, Vitold Ashurak, sa choilíneacht phionósach sin an 21 Bealtaine 2021, nach léir fós mar a tharla sin.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
|
3.8.2023
|
|
206.
|
Sviatlana Paulauna PAKHODAVA
Svetlana Pavlovna POKHODOVA
|
Святлана Паўлаўна ПАХОДАВА
Светлана Павловна ПОХОДОВА
|
Post/poist: Iar-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 4 do mhná in Gomel
Inscne: baineann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
An áit a meastar ina bhfuil sí: Gomel
|
Ina seanphost mar Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 4 do mhná in Gomel, tá Sviatlana Pakhodava freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh do na príosúnaigh pholaitiúla agus do shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach bhan sin. Bhí sí ina ceann cheana féin ar an gcoilíneacht phionósach nuair a ionchúisíodh Maria Kalesnikava, príosúnach polaitiúil ar cuireadh pianbhreith choimeádta 11 bhliain uirthi as a rannpháirtíocht sna hagóidí sa choilíneacht phionósach i gcoinne rialú forlámhach Aliaksandr Lukashenko. Baineadh cearta uile na bpríosúnach di, lena n-áirítear an ceart dul i gcomhairle le dlíodóir.
Tá Sviatlana Pakhodava freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.
|
3.8.2023
|
|
208.
|
Tatsiana Aliaksandrauna GRAKUN
Tatyana Alexandrovna GRAKUN
|
Таццяна Аляксандраўна ГРАКУН
Татьяна Александровна ГРАКУН
|
Post/poist: Ionchúisitheoir Sinsearach in Oifig Ionchúisitheora Réigiún Mhionsc um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla; Comhairleoir Sóisearach an Cheartais
Inscne: baineann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Dáta breithe: 5.2.1986
|
Is ionchúisitheoir Bealarúiseach í Tatsiana Grakun atá ag obair in Oifig Ionchúisitheora Réigiún Mhionsc. Sa phost sin, tá ionadaíocht déanta aici do réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí. Go háirithe, d’ionchúisigh sí Maryna Zolatava, príomheagarthóir TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi, agus Liudmila Chekina, stiúrthóir ginearálta TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi i mí an Mhárta 2023, bunaithe ar na cúisimh gan forais, “dochar a dhéanamh do shlándáil náisiúnta Phoblacht na Bealarúise”.
Tá Tatsiana Grakun freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
3.8.2023
|
|
238.
|
Viktar Aliaksandravich DUBROUKA
Viktor Alexandrovich DUBROVKA
|
|
Feidhm: Céad-Leas-Cheann na Roinne um Pianbhreitheanna a Fhorghníomhú i réigiún Grodno; Iar-Cheann na hinstitiúide ceartúcháin “Penal Colony No. 11” (Coilíneacht Phionósach Uimhir 11); coirnéal sa tseirbhís inmheánach
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Dáta breithe: 19.6.1978
Áit bhreithe: Makhnachi, Slonim District, Grodno Region
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais pearsanta: 3190678K013PB2
|
Is é Viktar Dubrouka iar-cheann na hinstitiúide ceartúcháin Coilíneacht Phionósach Uimh. 11 áit a bhfuil a phianbhreith 20 bliain agus 11 mhí á cur isteach ag Siarhei Ramanau agus áit a bhfuil pianbhreith 11 bhliain á cur isteach ag Vadzim Bobyrau. Cuireadh Ramanau agus Bobyrau sa chill phionóis arís agus arís eile.
Tá Viktar Dubrouka gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chéad Leas-Cheann ar an Roinn um Pianbhreitheanna a Fhorghníomhú i réigiún Grodno
Tacaíonn Viktar Dubrouka, dá bhrí sin, le réimeas Lukashenka agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Bhealarúis.
|
5.8.2024
|
|
242.
|
Andrei Mikhailovich TSEDRYK
Andrey Mikhailovich TSEDRIK
|
|
Post/poist: Iar-Cheann Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1; coirnéal sa tseirbhís inmheánach
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Dáta breithe: 20.4.1978
Áit bhreithe: Mionsc
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais pearsanta: 3200478A058PB3
|
Tá Andrei Tsedryk ina iar-cheann ar Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 i Mionsc, ar a dtugtar freisin “Voldarka”. Chuaigh go leor príosúnaigh pholaitiúla, lena n-áirítear Ales Pushkin, tríd an ionad agus thug siad fianaise go bhfuil na dálaí san ionad mídhaonna. Is ann atá Ales Bialiatski faoi choinneáil. Níl ospidéal cuí san ionad ach an oiread.
Tá Andrei Tsedryk freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Bhealarúis.
|
5.8.2024
|
|
255.
|
Aliaksey Anatolevich KHLYSZCZANKAU
Alexey Anatolievich KHLYSHCHENKOV
|
Аляксей Анатольевіч ХЛЫШЧАНКАЎ
Алексей Анатольевич ХЛЫЩЕНКОВ
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Uachtarach Phoblacht na Bealarúise; iar-bhreitheamh i gCúirt Réigiúnach Gomel
Dáta breithe: 27.8.1982
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais pearsanta: 3270882H007PB4
|
Is breitheamh é Aliaksey Klyshchankau a bhí ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Gomel idir 2019 agus 2023, tar éis do Aliaksandr Lukashenka é a cheapadh. Chuir sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla ar shaoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Ghearr sé pianbhreith 6,5 bliain i gcoilíneacht phionósach ardslándála ar Yuri Vlasov, rúnchara le Svetlana Tikhanovskaya, iarrthóir uachtaránachta.
Ó 2023 i leith, is breitheamh é i gCúirt Uachtarach Phoblacht na Bealarúise, áit ar sheas sé le pianbhreitheanna a cuireadh ar dhaoine ar chúiseanna polaitiúla.
Tá Aliaksey Klyshchankau freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
|
5.8.2024
|
|
258.
|
Viktar Arkadzievich SHAUTSOU
Viktor Arkadievich CHEVTSOV/ SHEVTSOV
|
Вiктар Аркадзьевiч ШАЎЦОЎ
Виктор Аркадьевич ШЕВЦОВ
|
Post/poist: Fear gnó, infheisteoir
Dáta breithe: 5.12.1963
Áit bhreithe: Razumava village, Vitebsk region, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: MP4572331, arna eisiúint an 12.2.2021
Uimhir aitheantais pearsanta: 3051263A036PB7
|
Is pearsa gnó é Viktar Chevtsov ag a bhfuil leasanna gnó sa Bhealarúis.
Ina ról mar chonsal oinigh na nOileán Filipíneach sa Bhealarúis, agus trína rannpháirtíocht in ionadaíocht Rialtas na Bealarúise, tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.
Ina theannta sin, bíonn tairbhe á baint aige as an réimeas, trí pháirt a bheith aige in Reshenie Bank, a bhfuil leasanna agus páirt aige sin i gcoimpléasc iarsmalann Dudutki, a bhaineann tairbhe as buiséad stáit na Bealarúise.
Tacaíonn agus tairbhíonn Viktar Chevstov mar sin de réimeas Lukashenka.
|
5.8.2024’;
|