This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D03614
Council Decision of 29 June 2026 appointing members and alternate members of the Management Board of the European Food Safety Authority representing civil society and food chain interests
Cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra
Cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra
ST/8666/2026/INIT
IO C, C/2026/3614, 9.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3614/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3614 |
9.7.2026 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meitheamh 2026
lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra
(C/2026/3614)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le cúrsaí sábháilteachta bia (1), agus go háirithe Airteagal 25(1a), pointe (c), de,
Ag féachaint do liosta na n-iarrthóirí a chuir an Coimisiún Eorpach faoi bhráid na Comhairle, i litir dar dháta an 12 Márta 2026,
Ag féachaint do na tuairimí a léirigh Parlaimint na hEorpa i litir dar dháta an 4 Meitheamh 2026,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, bunaíodh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), a bhfuil Bord Bainistíochta mar cheann dá chomhlachtaí. |
|
(2) |
Ceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 go n-áirítear ar Bhord Bainistíochta EFSA ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mbeidh ceart vótála acu agus a dhéanfaidh ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra, eadhon comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí tomhaltóirí, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí feirmeoirí, agus comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ó eagraíochtaí tionsclaíochta. |
|
(3) |
Tá an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar bhonn liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún agus a seoladh chuig an gComhairle, leis na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra a cheapadh. Téarma oifige 4 bliana a bheidh acu agus ní fhéadfar é a athnuachan ach aon uair amháin eile. |
|
(4) |
I gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022 (2), rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha a cheapfar chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra de bhun an Chinnidh sin in éag an 30 Meitheamh 2026. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra a cheapadh do théarma oifige nua 4 bliana, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2030. |
|
(6) |
Ceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 go ndéantar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Bord Bainistíochta EFSA a ainmniú agus a cheapadh ar bhonn a dtaithí agus a saineolais ábhartha, leathain i réimse reachtaíocht agus bheartas an bhiashlabhra, lena n-áirítear measúnú riosca, agus áiritheofar san am céanna go mbeidh saineolas ábhartha ann laistigh de Bhord Bainistíochta EFSA in ábhair bhainistíochta, riaracháin, airgeadais agus dhlíthiúla. |
|
(7) |
Tarraingíodh suas an liosta a thíolaic an Coimisiún d’fhonn ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta EFSA a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra a cheapadh, ar bhonn na doiciméadachta a sholáthair an Coimisiún agus i bhfianaise na dtuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl. Le ceapadh na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha sin, daingnítear a thuilleadh, laistigh de Bhord Bainistíochta EFSA, na caighdeáin is airde inniúlachta agus an raon is leithne taithí ábhartha atá ar fáil, atá ríthábhachtach chun an neamhspleáchas, ardcháilíocht eolaíoch, trédhearcacht agus éifeachtúlacht a áirithiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2030:
|
Catagóir |
Comhaltaí |
Comhaltaí Malartacha |
|
Eagraíochtaí tomhaltóirí |
Agustín REYNA |
Izaskun MARTÍN CABREJAS |
|
Eagraíochtaí comhshaoil neamh-rialtasacha |
Martin DERMINE |
|
|
Eagraíochtaí feirmeoirí |
Max SCHULMAN |
José María CASTILLA BARÓ |
|
Eagraíochtaí tionsclaíochta |
Roxane RÖTHLISBERGER FELLER |
Alejandro David RODARTE CASTREJÓN |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MOUSHOUTTAS
(1) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta agus an bhiashlabhra (IO C 225, 9.6.2022, lch. 2).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3614/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)