Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0341

Cinneadh (AE) 2026/341 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2025 lena ndeonaítear maolú do Phoblacht na Polainne ar Airteagal 22(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sásra acmhainneachta na Polainne (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5575)

C/2025/5575

IO L, 2026/341, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/341/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/341/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/341

24.2.2026

CINNEADH (AE) 2026/341 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2025

lena ndeonaítear maolú do Phoblacht na Polainne ar Airteagal 22(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sásra acmhainneachta na Polainne

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5575)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (1), arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (2), agus go háirithe Airteagal 64 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA AGUS RAON FEIDHME AN CHINNIDH

(1)

An 4 Feabhra 2025 chuir Poblacht na Polainne (‘an Pholainn’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaolú (‘an maolú’) ar an gceanglas in Airteagal 22(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2019/943 (‘an Rialachán Leictreachais’) de bhun Airteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais (‘an t-iarratas’).

(2)

Bheadh feidhm ag an maolú a iarradh ón 1 Iúil 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028.

(3)

An 14 Feabhra 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar a shuíomh gréasáin agus d’iarr sé ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach faoin 17 Márta 2025. Chuir páirtí leasmhar amháin barúlacha isteach.

(4)

Chuir an Pholainn faisnéis bhreise isteach an 28 Feabhra, an 26 Márta, an 9, an 17 agus an 25 Aibreán, an 5, an 7 agus an 15 Bealtaine, agus an 2 Meitheamh 2025.

2.   AN SÁSRA ACMHAINNEACHTA ATÁ ANN CHEANA

(5)

Baineann an t-iarratas leis an sásra acmhainneachta atá i bhfeidhm faoi láthair sa Pholainn (‘an sásra acmhainneachta atá ann cheana’), a fuair imréiteach Státchabhrach faoin gcinneadh ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2018 (3) (‘an cinneadh maidir le Státchabhair’). Ina hiarratas, dheimhnigh an Pholainn nach bhfuil aon athrú tagtha ar phríomhghnéithe an tsásra acmhainneachta atá ann cheana ó glacadh an cinneadh maidir le Státchabhair. Tagraíonn an Cinneadh seo don chinneadh maidir le Státchabhair le haghaidh tuairisc mhionsonraithe ar an sásra acmhainneachta atá ann cheana.

(6)

Eascraíonn na príomhathruithe ar an sásra acmhainneachta atá ann cheana ó glacadh an cinneadh maidir le Státchabhair as ceanglais an Rialacháin Leictreachais, a tháinig i bhfeidhm an 4 Iúil 2019, lena leagtar síos, den chéad uair, rialacha mionsonraithe maidir le sásraí acmhainneachta i reachtaíocht thánaisteach an Aontais.

(7)

De réir Airteagal 22(4)(b) den Rialachán Leictreachais, ón 1 Iúil 2025 ar a dhéanaí, maidir le hacmhainneacht ghiniúna a thosaigh táirgeadh tráchtála roimh an 4 Iúil 2019 (‘gléasraí atá ann cheana’) agus a astaíonn níos mó ná 550 g de CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh de leictreachas (‘an teorainn astaíochta’) agus níos mó ná 350 kg de CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana in aghaidh an kWe suiteáilte (‘teorainn an bhuiséid carbóin’), ní bhfaighidh an acmhainneacht ghiniúna sin íocaíochtaí ná gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo faoi shásra acmhainneachta. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le gealltanais ná conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 31 Nollaig 2019.

(8)

Tá an teorainn astaíochta ionchorpraithe ina reachtaíocht náisiúnta ag an bPolainn, rud a chuireann cosc ar ghléasraí atá ann cheana a sháraíonn an teorainn astaíochta páirt a ghlacadh i gceantanna a reáchtáladh tar éis an 31 Nollaig 2019, agus leag sí amach na rialacha maidir leis an teorainn astaíochta a ríomh le haghaidh gach aonaid margaidh acmhainneachta. Dá bhrí sin, ón 1 Iúil 2025, níl gléasraí atá ann cheana a sháraíonn an teorainn astaíochta incháilithe a thuilleadh d’íocaíochtaí ná do ghealltanais le haghaidh íocaíochtaí amach anseo faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana, gan dochar do ghealltanais ná do chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 31 Nollaig 2019.

(9)

Is sásra ar fud an mhargaidh é an sásra acmhainneachta atá ann cheana i bhfoirm oibleagáid acmhainneachta, faoina bhfaigheann rannpháirtithe sa mhargadh luach saothair acmhainneachta seasta mar mhalairt ar infhaighteacht le linn laethanta oibre idir 07:00 agus 22:00 agus le linn tréimhsí brú ar chórais.

(10)

Mar a luaitear in aithris 4 den chinneadh maidir le Státchabhair, tá an sásra acmhainneachta atá ann cheana oscailte do ghineadóirí nua, do ghineadóirí athchóirithe agus do ghineadóirí atá ann cheana, agus d’oibreoirí freagartha ar an éileamh agus oibreoirí stórála, atá lonnaithe sa Pholainn nó i mBallstáit chomharsanachta an Aontais. Eisiatar ón sásra acmhainneachta atá ann cheana soláthraithe acmhainneachta a fhaigheann cineálacha eile tacaíochta (féach aithris 18 den chinneadh maidir le Státchabhair). Ceadaítear rannpháirtíocht trasteorann faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana mar a leagtar amach i Roinn 2.5 den chinneadh maidir le Státchabhair. Is féidir le soláthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i gcriosanna comharsanachta a bheith rannpháirteach go díreach sa sásra acmhainneachta atá ann cheana (i gcomhréir leis an spriocréiteach a leagtar amach sa chinneadh maidir le Státchabhair). Níor cheart rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí a bheith ina sárú ar leibhéal réamh-mheasta na n-allmhairí chuig an bPolainn le linn teagmhais ina mbíonn brú ar chórais. Déantar an uasacmhainneacht iontrála le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann le haghaidh gach bliana seachadta a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 26(7) den Rialachán Leictreachais, ar bhonn na tuarascála is déanaí a formheasadh maidir leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.

(11)

Leagtar amach na ceanglais réamhcháiliúcháin is infheidhme maidir le soláthraithe acmhainneachta go mion roimh ré, mar a thuairiscítear i Roinn 2.3.2. den chinneadh maidir le Státchabhair.

(12)

Mar a luaitear in aithris 37 den chinneadh maidir le Státchabhair, reáchtáiltear ceant acmhainneachta gach bliain le haghaidh bliain seachadta ar leith, le haga seachadta 5 bliana (‘príomhcheant’). Reáchtáiltear ceantanna breise le haghaidh gach ráithe de bhliain seachadta ar leith sa bhliain roimh an tréimhse sheachadta sin (‘ceant breise’). Chun críocha an Chinnidh seo, tagraítear do phríomhcheantanna agus do cheantanna breise le chéile mar ‘cheantanna príomhúla’.

(13)

Leagtar amach formáid an cheant i Roinn 2.4.2 den chinneadh maidir le Státchabhair. Is ceant íslitheach íoc-mar-imréitithe é gach ceant ina bhfaigheann na haonaid acmhainneachta buaiteacha uile an praghas céanna as a n-oibleagáidí acmhainneachta a chomhlíonadh.Fógraíonn an ceantálaí praghas ard i dtús an cheant, agus cuireann rannpháirtithe incháilithe tairiscintí isteach lena léirítear an méid acmhainneachta atá siad toilteanach a sholáthar ar an bpraghas sin. Déantar an próiseas sin arís i mbabhtaí comhleanúnacha de réir sceideal réamhchinntithe. I ngach babhta, féadfaidh aonaid margaidh acmhainneachta tarraingt siar ó bhabhtaí ina dhiaidh sin trí thairiscint scoir a chur isteach. Dúntar an ceant nuair a shainaithnítear an praghas is ísle ar a bhfreastalaíonn an t-éileamh ar sholáthar.

(14)

Cinntear méid na hacmhainneachta atá le soláthar trí cheantanna príomhúla ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos i Roinn 2.4.1 den chinneadh maidir le Státchabhair:

Tá an méid acmhainneachta atá le cur ar ceant bunaithe ar an gcaighdeán don iontaofacht, méid atá socraithe ag rialtas na Polainne ag 3 uair an chloig d’ionchas maidir le cailliúint lóid in aghaidh na bliana.

Déanann Polskie Sieci Elektroenergetyczne S.A. - oibreoir córais tarchurtha na Polainne - measúnú ar chásanna éagsúla maidir leis an leibhéal éilimh ar leictreachas agus an méid acmhainneachta arna sholáthar ag gléasraí cumhachta nach bhfuil incháilithe d’íocaíochtaí acmhainneachta (e.g. foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann tacaíocht faoi scéimeanna tacaíochta eile). Ar bhonn na hanailíse sin, cuireann an t-oibreoir córais tarchurtha moladh faoi bhráid an rialtais agus údarás rialála náisiúnta na Polainne maidir leis an méid acmhainneachta is gá chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh.

Déantar moltaí an oibreora córais tarchurtha maidir leis an méid acmhainneachta atá le tabhairt ar conradh trí cheantanna chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh a thabhairt cothrom le dáta roimh gach ceant chun na forbairtí is déanaí san éileamh réamh-mheasta, coimisiúnú agus díchoimisiúnú beartaithe acmhainneachtaí, creat rialála atá ag athrú agus imthosca margaidh a léiriú. Dá bhrí sin, féadfaidh an méid acmhainneachta atá le soláthar ag gach ceant a bheith éagsúil leis an méid arna ríomh le haghaidh an cheant roimhe sin lena gcumhdaítear an tréimhse sheachadta chéanna.

Molann an t-údarás rialála náisiúnta an sprioc-acmhainneacht cheantála don rialtas agus tugann sé tuairim maidir le luachanna na bparaiméadar eile arna moladh ag an oibreoir córais tarchurtha sula ndéanfaidh an rialtas an cinneadh críochnaitheach maidir leis an méid acmhainneachta atá le soláthar i ngach ceant. Socraíonn an rialtas ansin paraiméadair an chuair éilimh mar a leagtar amach i Roinn 2.4.1. den chinneadh maidir le Státchabhair. Is cuar fána é an cuar éilimh a bhfuil praghas íosta 0.12 PLN/kW air (arb é 0.01 PLN/kW an praghas is ísle is féidir in aghaidh na míosa). Deartar an cuar éilimh ionas go soláthrófar níos lú acmhainneachta i gceant ar leith má tá praghsanna ard, agus a mhalairt.

(15)

Braitheann fad na gconarthaí acmhainneachta a dhámhtar trí cheantanna ar an gcaiteachas caipitiúil nach mór d’aonaid margaidh acmhainneachta a thabhú chun a n-acmhainneacht a sholáthar (aithris 42 den chinneadh maidir le Státchabhair). Féadfar comhaontuithe bliana a dheonú d’aonaid margaidh acmhainneachta nach dtabhaíonn aon chaiteachas caipitiúil mór (i.e. acmhainneacht atá ann cheana den chuid is mó). Féadfar comhaontuithe den sórt sin a dheonú trí phríomhcheantanna agus ceantanna breise araon.

(16)

Níl comhaontuithe acmhainneachta níos faide ná bliain amháin ar fáil ach do rannpháirtithe i bpríomhcheantanna. Go sonrach:

a)

tá aonaid ag a bhfuil caiteachas caipitiúil os cionn 0.5 milliún PLN/MW (± 20 %) incháilithe do chomhaontuithe suas le 5 bliana;

b)

tá aonaid nua ag a bhfuil caiteachas caipitiúil os cionn 3 mhilliún PLN/MW (± 20 %) incháilithe do chomhaontuithe suas le 15 bliana;

c)

tá aonaid a chomhlíonann an caighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí 450 gCO2/MWh incháilithe do chomhaontuithe suas le 7 mbliana nó 17 mbliana má chomhlíonann siad na coinníollacha i bpointí a) agus b) thuas.

(17)

I gcás ina ndéanann beirt an tairiscint acmhainneachta is airde i gceant acmhainneachta, tabharfar tús áite don tairiscint ina bhfuil acmhainneacht astaíochtaí níos ísle (féach aithris 40 den chinneadh maidir le Státchabhair). Tagraítear don bheart sin agus don bheart dá dtagraítear i bpointe c) le chéile mar an ‘bónas glas’.

(18)

I gceantanna breise, féadfar idir conradh acmhainneachta ráithiúil amháin agus ceithre chonradh acmhainneachta ráithiúla ó 3 mhí go 12 mhí a dhámhachtain ar sholáthraithe acmhainneachta.

(19)

Féadfar oibleagáidí acmhainneachta a eascraíonn as ceantanna príomhúla a thrádáil ar an margadh tánaisteach i gcomhréir le Roinn 2.6 den chinneadh maidir le Státchabhair.

(20)

Mar a léirítear in aithris 93 den chinneadh maidir le Státchabhair, ceanglaítear ar sholáthraithe acmhainneachta rathúla fuinneamh a sholáthar nuair is gá chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, i.e. le linn teagmhais ina mbíonn brú ar chórais. Mura gcomhlíonfar an oibleagáid sin, beidh pionóis ann, mar a leagtar amach i Roinn 2.7.3 den chinneadh maidir le Státchabhair.

3.   TUAIRISC AR AN MAOLÚ A IARRADH

3.1.   Coinníollacha de bhun Airteagal 64(2c) den Rialachán Leictreachais

(21)

Le hAirteagal 64(2c) den Rialachán Leictreachais, déantar foráil maidir le próiseas ceant dhá leibhéal chun an maolú a chur chun feidhme, lena gcuimsítear próiseas ceant príomhúil agus próiseas ceant forlíontach.

3.1.1.   Próisis maidir le ceantanna príomha (príomhcheantanna agus ceantanna breise)

(22)

Reáchtáladh an chéad phríomhcheant i mí na Samhna 2018. Tharla an chéad cheant breise in 2020. Tuairiscíonn an Pholainn gur tharla na príomhcheantanna le haghaidh na mblianta seachadta 2025 go 2028, mar aon leis na ceantanna breise le haghaidh 2025 agus 2026. Áitíonn an Pholainn gur ceantanna príomhúla de réir bhrí Airteagal 64(2c)(a) den Rialachán Leictreachais iad na ceantanna príomhúla uile arna ndéanamh tar éis an 31 Nollaig 2019 le haghaidh tréimhse seachadta arna tosú tar éis an 1 Iúil 2025.

(23)

Áitíonn an Pholainn go n-áirithítear le heagrú ceantanna príomhúla le haghaidh tréimhsí seachadta a thosaíonn tar éis an 1 Iúil 2025 nach féidir ach le soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann an teorainn astaíochta a bheith rannpháirteach agus go n-uasmhéadaítear a rannpháirtíocht, toisc nach mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar iomaíocht ó sholáthraithe nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta. Thairis sin, is féidir le hacmhainneacht ísealastaíochta tairbhe a bhaint as an mbónas glas. Ina theannta sin, bíonn fad i bhfad níos faide i gceist le conarthaí arna ndámhachtain i gceantanna príomhúla, agus go háirithe i bpríomhcheantanna, ná na conarthaí a dhámhfaí i gceantanna forlíontacha dá ndeonófaí an maolú.

(24)

Ina hiarratas, áitíonn an Pholainn nach réiteodh na príomhcheantanna a rinneadh agus a (4) dhéanfar le haghaidh na mblianta seachadta 2025 go 2028 na hábhair imní ó thaobh leormhaitheasa de le haghaidh na dtréimhsí seachadta sin. Áitíonn sé freisin, in éagmais an mhaolaithe, go ndéanfaí aonaid ghiniúna atá ann cheana nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta ach atá riachtanach chun leormhaitheas an chórais a ráthú a dhíchoimisiúnú mar gheall ar inmharthanacht eacnamaíoch dhiúltach.

(25)

Sainaithníodh ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de den sórt sin ar bhonn thorthaí mheasúnú náisiúnta 2024 ar leormhaitheas acmhainní (5), atá ina bhonn freisin chun meastachán a dhéanamh ar mhéid iomlán na hacmhainneachta is gá chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh (‘oibleagáid acmhainneachta riachtanach’, féach Tábla 1 thíos).

Tábla 1

Image 1

Foinse:

Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní na Polainne

(26)

Na méideanna a conraíodh cheana trí na ceantanna príomhúla le haghaidh na mblianta seachadta a chumhdaítear leis an maolú (féach Tábla 2 thíos) chomh maith le hacmhainneachtaí eile a mheastar a bheith ar fáil don chóras (e.g. iad siúd a dtacaítear leo trí scéimeanna eile), áitíonn an Pholainn go bhfuil bearna fós ann tar éis iad a asbhaint ón oibleagáid acmhainneachta is gá. Léiríonn an sprioc-acmhainneacht ceantála méid na hacmhainnachta atá le conrú i ngach ceant i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear in aithris 14 thuas. Tugtar gach luach in MW.

Tábla 2

Bliain

Sprioc-acmhainneacht ceantála (príomhcheant)

Toirt chonraithe an phríomhcheant

Sprioc-acmhainneacht ceantála (ceant breise R1)

Sprioc-acmhainneacht ceantála (ceant breise R2)

Sprioc-acmhainneacht ceantála (ceant breise R3)

Sprioc-acmhainneacht ceantála (ceant breise R4)

Toirt chonraithe cheant breise R1

Toirt chonraithe cheant breise R2

Toirt chonraithe cheant breise R3

Toirt chonraithe cheant breise R4

2025

2 526

2 367,304

3 520

1 131

500

842

3 144,653

1 142,555

524,569

830,866

2026

7 991

7 188,584

2 450

100

100

5 010

2 022,723

87,524

93,524

2 387,759

2027

6 237

5 379,156

1 909

100

100

1 284

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

2028

5 791

7 070,951

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Foinse:

An Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil, an Pholainn

3.1.2.   Ceantanna forlíontacha

(27)

Molann an Pholainn ceantanna forlíontacha a thabhairt isteach a bheadh oscailte freisin do ghléasraí atá ann cheana a sháraíonn an teorainn astaíochta. Míníonn an Pholainn nach n-eagrófar na ceantanna forlíontacha le haghaidh bliain ar leith ach amháin nuair a bheidh údar cuí leis an ngá le hacmhainneacht bhreise ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

tugadh na príomhcheantanna agus na ceantanna breise don tréimhse seachadta i gcrích; agus

(b)

theip ar na príomhcheantanna agus ar na ceantanna breise méid acmhainneachta leordhóthanach a sholáthar chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh le haghaidh tréimhse seachadta ar leith.

(28)

Má chomhlíontar na coinníollacha sin le haghaidh gach ceann de na blianta seachadta a chumhdaítear leis an maolú a iarradh, míníonn an Pholainn go ndéanfadh sí ceithre cheant fhorlíontacha le haghaidh na dtréimhsí seachadta seo a leanas: an dara leath de 2025 (conradh leathbhliantúil) agus na blianta seachadta 2026, 2027 agus 2028 (conarthaí bliantúla).

(29)

i dTábla 3, soláthraítear forbhreathnú ar an bpróiseas ceant dhá leibhéal agus ar na blianta ina dtarlódh gach ceant (príomhcheant, ceant breise agus ceant forlíontach, más gá).

Tábla 3

Image 2

Foinse:

An Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil, an Pholainn

(30)

Chuir an Pholainn in iúl don Choimisiún go reáchtáladh an chéad cheant forlíontach (lena sheachadadh sa dara leath de 2025) an 15 Bealtaine 2025, le sprioc-acmhainneacht ceantála 5 444 MW. D’fhíoraigh an t-údarás rialála náisiúnta an sprioc-acmhainneacht ceantála sonrach sin ina litir dar dáta an 14 Bealtaine 2025. Ar bhonn réamhthorthaí an cheant, roghnaíodh na teicneolaíochtaí seo a leanas: gual, gás, foinsí fuinnimh in-athnuaite, freagairt ar an éileamh agus acmhainneacht trasteorann, rud a fhágann go bhfuil oibleagáidí acmhainneachta 5 050,856 MW san iomlán á gconrú. Dheimhnigh an Pholainn nach bhforghníomhófar na comhaontuithe acmhainneachta a thugtar i gcrích sna ceantanna forlíontacha go dtí go nglacfar an Cinneadh seo. (6)

(31)

Dheimhnigh an Pholainn go gcuireann na ceantanna forlíontacha na coinníollacha céanna i bhfeidhm leis na príomhcheantanna faoin scéim atá ann cheana, mar a thuairiscítear i Roinn 2 thuas, cé is moite de na critéir incháilitheachta (féach aithris 32), minicíocht na gceantanna (féach aithrisí 28 agus 29), an fhoirmle a chuirtear i bhfeidhm chun an méid acmhainneachta atá le soláthar a chinneadh, lena n-áirítear acmhainneacht trasteorann (féach aithris 35), agus fad an chonartha (féach aithris 28). Coigeartaíodh na heilimintí sin chun coinníollacha Airteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais a chomhlíonadh.

(32)

Sa bhreis ar na haonaid atá incháilithe chun a bheith rannpháirteach i gceantanna príomhúla, ní cheadaítear do ghléasraí atá ann cheana a sháraíonn an teorainn astaíochta a bheith rannpháirteach ach i gceantanna forlíontacha.

(33)

Faoin 30 Aibreán an bhliain roimh an tréimhse sheachadta, fógróidh an t-oibreoir córais tarchurtha an dáta a reáchtálfar an ceant forlíontach nó, más féidir an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh trí na príomhcheantanna agus na ceantanna breise (ar bhonn an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní), deimhneoidh sé nach reáchtálfar aon cheant forlíontach le haghaidh na tréimhse seachadta lena mbaineann.

(34)

Míníonn an Pholainn go dtugann an t-údarás rialála náisiúnta agus an Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil a dtuairim maidir leis an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní nó a nuashonrú. D’fhoilsigh an t-oibreoir córais tarchurtha an tuairim sin agus feidhmíonn sí mar bhonn chun an toirt acmhainneachta a ríomh atá le soláthar sa cheant forlíontach ar feadh tréimhse sheachadta ar leith.

(35)

De réir na Polainne, chun méid iomchuí na hacmhainneachta atá le soláthar i ngach ceant forlíontach a chinneadh, cuireann an t-oibreoir córais tarchurtha an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm: Sprioc-acmhainneacht ceantála = iomlán na n-oibleagáidí acmhainneachta is gá (mar a shainaithnítear sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, féach Tábla 1 in aithris 25) – acmhainneacht a conraíodh trí cheantanna príomhúla (príomhcheantanna agus ceantanna breise) – acmhainneacht le hioncaim ráthaithe (e.g. foinse fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann tacaíocht faoi scéimeanna eile).

(36)

Ar bhonn na foirmle thuas, déanann an Pholainn meastachán gur thart ar 5.4 GW agus 6.9 GW faoi seach atá sa sprioc-acmhainneacht ceantála le haghaidh na gceantanna forlíontacha do 2025 agus 2026. Déanfar sprioc-acmhainneacht ceantála le haghaidh 2027 agus 2028 a ríomh tar éis na ceantanna breise le haghaidh na mblianta seachadta sin a chur i gcrích.

(37)

De réir an iarratais, ní fhéadfaidh conarthaí acmhainneachta bliantúla a bheith níos faide ná fad an mhaolaithe, agus dá bhrí sin ní gheallfar íocaíochtaí acmhainneachta ach go dtí deireadh 2028.

3.2.   Sainaithint an ábhair imní ó thaobh leormhaitheasa de

3.2.1.   An caighdeán don iontaofacht

(38)

Le hAirteagal 25(1) den Rialachán Leictreachais, ceanglaítear ar na Ballstáit caighdeán don iontaofacht a bheith i bhfeidhm acu agus sásraí acmhainneachta á gcur i bhfeidhm acu, lena léirítear ‘leibhéal slándála an tsoláthair atá riachtanach sa Bhallstát’.

(39)

De réir Airteagal 25(2) den Rialachán Leictreachais, ní mór don Bhallstát nó d’údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát an caighdeán don iontaofacht a leagan síos, tar éis togra ón údarás rialála náisiúnta. Ní mór an caighdeán don iontaofacht a bheith bunaithe ar an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 23(6) den Rialachán Leictreachais.

(40)

Déantar foráil le hAirteagal 23(6) den Rialachán Leictreachais maidir le modheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú chun luach lóid chaillte (‘VOLL’) (7), an costas ar iontráil nua agus an caighdeán don iontaofacht a ríomh (8).

(41)

In 2024 rinne Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil na Polainne athbhreithniú ar an gcaighdeán don iontaofacht agus shocraigh sí é ag 3 uair an chloig d’ionchas maidir le cailliúint lóid (9) in aghaidh na bliana, méid a chomhfhreagraíonn don luach a bhunaítear i Roinn 2.2.1. den chinneadh maidir le Státchabhair. De réir na Polainne, bunaíodh an caighdeán ar ríomhanna a rinneadh i gcomhréir le modheolaíocht an chaighdeáin don iontaofacht a ghlac Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’) agus úsáid á baint as na paraiméadair arna ríomh ag an údarás rialála náisiúnta (10) agus as an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní le haghaidh 2023 (‘Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní’). Tá an cinneadh ar fáil go poiblí. (11)

3.2.2.   Measúnuithe ar leormhaitheas acmhainní

(42)

Le hAirteagal 20(1) den Rialachán Leictreachais, ceanglaítear ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas acmhainní laistigh dá gcríoch bunaithe ar an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán. Chun an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a chomhlánú, féadfaidh na Ballstáit measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a dhéanamh freisin de bhun Airteagal 24 den Rialachán.

(43)

De réir Airteagal 23(3) agus Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais, ba cheart don Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO-E’) modheolaíocht a fhorbairt bunaithe ar na prionsabail dá bhforáiltear in Airteagal 23(5) den Rialachán Leictreachais, modheolaíocht a úsáidfear le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní agus aon mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní (12). Cé go bhfuil an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní bunaithe ar chás tagartha lárnach den éileamh agus soláthar réamh-mheasta, cás nach mór a áireamh sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní freisin, féadfaidh an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní íogaireachtaí breise a chur san áireamh freisin (féach Airteagal 23(5) agus Airteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais).

(44)

An 2 Bealtaine 2024 d’fhormheas ACER Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní. Ba é sin an chéad uair a formheasadh measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní go foirmiúil.

(45)

Samhaltaítear le Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní 4 bliana sprice (2025, 2028, 2030, agus 2033). Cuirtear i láthair i dTábla 4 thíos torthaí maidir le cás tagartha lárnach don Pholainn i Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní. I gcás ina dtuairiscítear go bhfuil an t-ionchas maidir le cailliúint lóid faoi bhun 3, meastar go bhfuil an caighdeán don iontaofacht comhlíonta, rud a chiallaíonn nár sainaithníodh aon ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de. Ní léiríonn torthaí Mheasúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní aon ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de le haghaidh na spriocbhlianta 2025, 2028 agus 2030. I gcás 2033, áfach, sáraítear an caighdeán don iontaofacht. Mar achoimre, sainaithníonn Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de sa Pholainn le haghaidh na spriocbhliana 2033 amháin.

Tábla 4

Torthaí leormhaitheasa maidir le Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní, ionchas maidir le cailliúint lóid  (13)

Measúnú

2025

2028

2030

2033

Caighdeán iontaofachta na Polainne

3,0

3,0

3,0

3,0

Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní

0,1

1,8

2,5

8,5

(46)

An 7 Aibreán 2025 chuir ENTSO-E a thogra maidir le Measúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní faoi bhráid ACER. (14) Tar éis an tíolactha, chuir ACER tús lena athbhreithniú ar dhréacht Mheasúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 23(7) den Rialachán Leictreachais.

(47)

Cé go bhfuil sé fós faoi athbhreithniú agus faoi réir formheas nó leasú ag ACER, sainaithnítear le Measúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de le haghaidh na spriocbhlianta uile a chumhdaítear leis an maolú (2025 go 2028), cé go bhfuil méid an ábhair imní níos lú ná an méid a shainaithnítear sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, mar a léirítear i dTábla 5 thíos.

Tábla 5

Torthaí leormhaitheasa Mheasúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní, ionchas maidir le cailliúint lóid

Measúnú

2026

2028

2030

2035

Caighdeán iontaofachta na Polainne

3,0

3,0

3,0

3,0

Measúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní

3,9

13,7

9,2

9,8

(48)

Tá cás tagartha lárnach gan conarthaí nua sásra acmhainneachta sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní (dá ngairtear an ‘cás bunlíne’ i measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne) agus cás ina bhfuil conarthaí nua maidir le sásra acmhainneachta (dá ngairtear an ‘cás le sásra acmhainneachta’). Áirítear leis an gcás deireanach sin acmhainneacht atá le soláthar faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana, trí cheantanna forlíontacha agus trí shásraí eile, amhail sásraí acmhainneachta amach anseo. Samhaltaítear leis an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní 16 spriocbhliana (ó 2025 go 2040). Is é an cás bunlíne an cás ábhartha chun ábhair imní ó thaobh leormhaitheasa de a léiriú. I dtuairim ACER maidir leis an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní (féach aithris 51 thíos), cuirtear i gcomparáid é le cás tagartha lárnach Mheasúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní, ós rud é gur cur chuige comhfhreagrach agus inchomparáide é i leith chás tagartha lárnach Mheasúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní, nár áiríodh ann ar an gcaoi chéanna conarthaí nua maidir le sásra acmhainneachta.

(49)

Cuirtear torthaí mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne i dtaca le hionchas maidir le cailliúint lóid agus an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh faoin gcás bunlíne i láthair i dTábla 6.

Tábla 6

Torthaí an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní

Image 3

(50)

Léiríonn torthaí an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní faoin gcás bunlíne ionchas maidir le cailliúint lóid níos airde ná torthaí Mheasúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní le haghaidh gach na 4 priocbhliana uile a breithníodh (2025, 2028, 2030 agus 2033). Go háirithe, sáraítear an caighdeán don iontaofacht sna blianta uile arna samhaltú i gcás bonnlíne an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.

3.2.3.   An tuairim ó ACER de bhun Airteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais

(51)

Chuir an Pholainn measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne faoi bhráid ACER chun tuairim a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais. Ós rud é gur fhormheas ACER measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní den chéad uair in 2024 (féach aithris 44 thuas), ní raibh Airteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a chur faoi bhráid ACER chun tuairim a fháil i gcás éagsúlachtaí idir an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní infheidhme, de facto, sna blianta roimhe sin.

(52)

An 3 Feabhra 2025 d’eisigh ACER tuairim lena n-áirítear moltaí maidir le measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne. (15) Sa tuairim uaidh, mhínigh ACER go raibh údar leis na difríochtaí idir measúnú náisiúnta na Polainne ar leormhaitheas acmhainní agus Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní i dtéarmaí na dtoimhdí maidir le hacmhainní acmhainneachta ach nach raibh údar leo a mhéid a bhaineann leis na toimhdí maidir le malartuithe traschreasacha. Maidir leis an difríocht i samhaltú acmhainní acmhainneachta, níorbh fhéidir le ACER teacht ar an gconclúid go raibh údar leis an difríocht nó nach raibh.

(53)

Sa tuairim uaidh, rinne ACER na moltaí seo a leanas:

(a)

maidir leis na toimhdí i dtaca le malartuithe traschreasacha, ba cheart feabhas a chur ar na toimhdí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin i measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne chun feidhmiú mhargadh leictreachais idirnasctha na hEorpa a léiriú ar bhealach níos fearr. Mar shampla, ba cheart criosanna tairisceana eachtracha agus réigiúin eachtracha a shamhaltú ar bhonn na dtacar sonraí atá ar fáil sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní;

b)

maidir leis na toimhdí i dtaca le hacmhainní acmhainneachta, ba cheart na costais náisiúnta shonracha chéanna a úsáidtear sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a úsáid sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní freisin;

c)

maidir le hacmhainní acmhainneachta a shamhaltú, ba cheart an measúnú inmharthanachta eacnamaíche a thabhairt cothrom le dáta chun ioncaim agus costais amach anseo a mheas i gceart. Molann ACER, go háirithe, tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le torthaí eacnamaíocha an mheasúnaithe inmharthanachta eacnamaíche agus bunús a thabhairt leis an toimhde nach rachaidh aon fhreagairt bhreise ar an éileamh ná aon stóráil bhreise isteach i gcóras na Polainne thar an acmhainneacht a conraíodh sa sásra acmhainneachta.

3.2.4.   Tuarascáil de bhun Airteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais

(54)

Leis an bhfomhír dheireanach d’Airteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais, ceanglaítear ar an gcomhlacht atá freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní aird chuí a thabhairt ar an tuairim ó ACER, agus, i gcás inar gá, a mheasúnú a leasú. I gcás ina gcinnfidh sé gan lánaird chuí a thabhairt ar an tuairim ó ACER, ní mór don chomhlacht atá freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní tuarascáil ina mbeidh réasúnaithe mionsonraithe a fhoilsiú.

(55)

An 22 Aibreán 2025 d’fhoilsigh oibreoir córais tarchurtha na Polainne tuarascáil mar fhreagairt ar an tuairim ó ACER maidir leis na difríochtaí idir an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní. (16) Ina thuarascáil, rinne oibreoir córais tarchurtha na Polainne na pointí seo a leanas.

Maidir leis na difríochtaí i dtoimhdí i dtaca le malartuithe traschreasacha, bíonn tionchar teoranta ag an gcur chuige simplithe a chuirtear i bhfeidhm ar shamhaltú réigiúnach ar thorthaí an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní. Cuireann an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní cur chuige i bhfeidhm maidir le toimhdí allmhairiúcháin atá comhsheasmhach leis an modheolaíocht rannpháirtíochta trasteorann (Airteagal 26(11)(a) den Rialachán Leictreachais) (17). Tá údar leis an éagsúlacht i dtoimhdí onnmhairiúcháin toisc gur crios tairisceana allmhairiúcháin í an Pholainn go príomha, agus dá ndéanfaí onnmhairí sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a shamhaltú, ní dhéanfaí ach ciorruithe maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a laghdú gan inmharthanacht eacnamaíoch na ngléasraí atá ann cheana a fheabhsú. Dá dheasca sin, ní dhéanfadh toimhdí onnmhairiúcháin an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní difear don mheascán acmhainneachta ná ní athródh siad rioscaí leormhaitheasa go mór.

Is é is cúis leis an éagsúlacht sna toimhdí maidir le hacmhainní acmhainneachta uainiú éagsúil an bhailithe ionchuir le haghaidh an dá staidéar (an chéad leath de 2024 le haghaidh an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus deireadh 2022 le haghaidh Mheasúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní).

Maidir leis na difríochtaí i samhaltú acmhainní acmhainneachta, is cur chuige níos cruinne agus níos ionadaíche iad ríomhanna an mheasúnaithe inmharthanachta eacnamaíche sa mheasúnú náisiúnta um leormhaitheas acmhainní ná an cur chuige a úsáidtear sa mheasúnú Eorpach um leormhaitheas acmhainní. Maidir leis an éagsúlacht san fhreagairt ar an éileamh agus sna toimhdí stórála, deir oibreoir córais tarchurtha na Polainne nach léiríonn a ríomhanna aon chinneadh infheistíochta maidir le stóráil roimh 2029, agus go mbeifí ag súil le cur in úsáid stórála faoi thionchar an mhargaidh ó 2036 ar aghaidh. Maidir le freagairt ar an éileamh, míníonn oibreoir córais tarchurtha na Polainne, i gcodarsnacht le Measúnú Eorpach 2023 um Leormhaitheas Acmhainní, go samhaltaítear leis an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní freagairt intuigthe ar an éileamh freisin. Tá an éagsúlacht i bpatrúin na cothabhála atá beartaithe ar ghléasraí cumhachta i gcomhréir níos mó le barúlacha ar an bhfíorshaol ná na cinn a breithníodh i Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní.

3.3.   Tuarascáil a ghabhann leis an maolú a iarradh

(56)

De réir Airteagal 64(2d) den Rialachán Leictreachais, ní mór tuarascáil a bheith ag gabháil le hiarratas ar mhaolú, nach mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh inti:

(a)

measúnú ar thionchar an mhaolaithe i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar an tsolúbthacht mhéadaithe, ar an stóráil fuinnimh, ar an leictrea-shoghluaisteacht agus ar an bhfreagairt ar an éileamh;

(b)

plean ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna dá dtagraítear i mír 2b i sásraí acmhainneachta faoi dháta éaga an mhaolaithe, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar i gcomhréir leis an gconair náisiúnta tháscach le haghaidh an sciar fhoriomláin fuinnimh in-athnuaite agus measúnú ar na bacainní infheistíochta is cúis le heaspa tairiscintí leordhóthanacha sa nós imeachta tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2c, pointe (a).

3.3.1.   Tionchar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

(57)

Déanann an Pholainn comparáid idir an dá chás a chuirtear i láthair sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní (féach aithris 48 thuas) chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheadh ann dá dtabharfaí isteach maolú i bhfoirm ceantanna forlíontacha.

(58)

Míníonn an Pholainn gurb í an phríomhdhifríocht idir an dá chás go bhfuil an méid fuinnimh nár seachadadh i bhfad níos airde sa chás bunlíne ná mar atá sa chás le sásra acmhainneachta. I dTábla 7, déantar comparáid thíos idir na luachanna fuinnimh nár seachadadh maidir leis an dá chás sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.

Tábla7

Luachanna fuinnimh nár seachadadh sa dhá chás sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní

Image 4

Foinse:

Sonraí PSE arna dtiomsú chun an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní a ullmhú

(59)

Measann an Pholainn go bhféadfadh méadú beag ar astaíochtaí CO2 (0.2 – 0.3 % d’astaíochtaí ó earnáil an fhuinnimh) a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme an mhaolaithe sa ghearrthéarma le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an maolú (2025 go 2028). Míníonn an Pholainn gurb amhlaidh atá toisc go mbaintear amach an caighdeán don iontaofacht sa chás le sásra acmhainneachta, rud a fhágann níos lú fuinnimh nár seachadadh ná mar atá sa chás bunlíne, ós rud é go mbeadh aonaid atá dian ar astaíochtaí incháilithe chun páirt a ghlacadh i gceantanna forlíontacha chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh. Áitíonn an Pholainn nach féidir cainníochtaí móra d’aonaid theirmeacha nua a bhfuil astaíochtaí níos ísle acu a choimisiúnú le linn na tréimhse sin mar gheall ar a n-aga seachadta, amhail gástuirbíní timthrialla oscailte/gástuirbíní comh-thimthrialla, rud a laghdódh na hastaíochtaí breise sin.

(60)

I dTábla 8 cuirtear i láthair comparáid idir astaíochtaí CO2 bunaithe ar shonraí ón earnáil giniúna leictreachais agus teasa in astaíochtaí CTÉ faoin dá chás sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.

Tábla 8

Image 5

Foinse:

Sonraí PSE arna dtiomsú chun an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní a ullmhú

(61)

Tháinig an Pholainn ar an gconclúid go mbeadh tionchar an-teoranta ag an maolú ar astaíochtaí in earnáil na giniúna leictreachais in aonaid ghiniúna a sheoltar go lárnach, ós rud é go mbeadh an líon aonad a chumhdaítear leis an maolú a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do chonarthaí acmhainneachta trí cheantanna forlíontacha teoranta don íosmhéid is gá. Ar an taobh eile, mar a leagtar amach go mionsonraithe i Roinn 3.3.2. thíos, áitíonn an Pholainn go gcruthódh an maolú dálaí margaidh níos cobhsaí le haghaidh cinntí infheistíochta maidir le freagairt ar an éileamh, stóráil agus foinsí fuinnimh in-athnuaite, rud a d’éascódh laghdú astaíochtaí níos tapúla sna blianta ina dhiaidh sin (agus sa mheántéarma). Ar an gcúis sin, áitíonn an Pholainn freisin go mbeidh na leibhéil astaíochtaí sa chás bunlíne níos airde sna blianta ó 2033 go 2040, mar gheall ar dhálaí margaidh nach bhfuil chomh fabhrach d’infheistíochtaí nua.

3.3.2.   Tionchar ar an aistriú fuinnimh

(62)

Úsáideann an Pholainn an dá chás a chuirtear i láthair sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní (féach aithris 48 thuas) freisin mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an mhaolaithe ar chuspóirí an aistrithe fuinnimh, i.e. ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt ar an éileamh.

(63)

Léiríonn an anailís chomparáideach sin go bhféadfaidh an maolú méid beagán níos airde d’aonaid ghiniúna astaíochtaí níos airde a choinneáil ar bun go sealadach. Mar sin féin, de réir na Polainne, sa mheántéarma - sna 2030idí - chuirfí dlús le deireadh a chur de réir a chéile le haonaid astaíochtaí arda sa chás le sásra acmhainneachta i gcomparáid leis an gcás bunlíne.

(64)

De réir na Polainne, dá gcuirfí an maolú chun feidhme, d’íoslaghdófaí an riosca nach gcomhlíonfaí an caighdeán don iontaofacht agus laghdófaí luaineacht praghsanna. Chruthódh sé sin dálaí margaidh níos cobhsaí agus níos intuartha, rud a chothódh infheistíochtaí in acmhainneacht sholúbtha, amhail stóráil agus aonaid inseolta nua, acmhainneacht in-athnuaite agus leictrea-shoghluaisteacht, rud a d’fhágfadh nach mbeadh gá a thuilleadh le haonaid ghuail chun an caighdeán don iontaofacht a choinneáil ar bun. Maíonn an Pholainn freisin, in éagmais an mhaolaithe, go gceanglófaí ar aonaid inseolta agus sholúbtha atá ann cheana (i.e. freagairt ar an éileamh agus aonaid stórála fuinnimh) oibriú go han-mhinic agus go bhféadfadh sé nach mbeadh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi rialacha na sásraí acmhainneachta atá ann cheana i gcóras an-neamhdhóthanach, agus an baol ann go ngearrfaí pionóis orthu. Dhídhreasófaí leis sin infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí solúbtha glana agus a rannpháirtíocht sa mhargadh acmhainneachta.

(65)

I bhFíor 1 agus Tábla 9 anseo thíos léirítear cé na teicneolaíochtaí a chuirfidh na haonaid a roghnófar faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana in úsáid trí cheantanna príomhúla le haghaidh tréimhse sheachadta suas go dtí 2029.

Fíor1

Image 6

Tábla 9

Image 7

Foinse:

An Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil, an Pholainn

(66)

Áirítear sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní toimhdí le haghaidh 2025-2040 maidir le forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite, réitigh stórála fuinnimh, foinsí inseolta fuinnimh ina n-úsáidtear breoslaí astaíochtaí ísle nó nialasacha, saoráidí freagartha ar an éileamh, leictrea-shoghluaisteacht agus earnálacha eile. Méadaíonn a gcur in úsáid réamh-mheasta go mór le himeacht ama sa chás le sásra acmhainneachta mar a léirítear i bhFíor 2 thíos, agus tagann laghdú mór ar an sciar guail tar éis dhul in éag an mhaolaithe (ó 40 % in 2025 go 20 % in 2029). Sna blianta ina dhiaidh sin, tiocfaidh laghdú breise ar sciar na giniúna gualbhreoslaithe sa mhargadh. Tá sé sin amhlaidh freisin mar gheall ar dhul in éag conarthaí fadtéarmacha arna ndámhachtain do shuiteálacha gualbhreoslaithe faoin sásra acmhainneachta roimh an 31 Nollaig 2019 (féach aithris 7 thuas).

Fíor 2

Sciar na dteicneolaíochtaí i nginiúint leictreachais i gcás an tsásra acmhainneachta  (18)

Image 8

3.3.3.   Measúnú ar bhacainní infheistíochta

(67)

I mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2024, rinne Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil na Polainne suirbhé i measc rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais (19) chun a dtuairimí a thomhas maidir le cé chomh forbartha atá an margadh leictreachais agus feidhmiú an mhargaidh acmhainneachta.

(68)

Ar bhonn thorthaí an tsuirbhé, shainaithin an Aireacht, i measc nithe eile, na bacainní agus na réimsí seo a leanas lena mbreithniú le haghaidh athrú rialála:

athruithe i dtreo níos mó solúbthachta sa chóras leictreachais, lena n-áirítear seirbhísí solúbthachta, conarthaí praghsanna dinimiciúla agus seirbhísí córais cothromúcháin a chur chun cinn agus foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú ar bhealach níos fearr;

i gcomhthéacs fheidhmiú an mhargaidh mórdhíola, easpa bearta chun corrlach iomchuí i bpraghas an leictreachais a áirithiú agus chun custaiméirí deiridh a chosaint ar phraghsanna arda fuinnimh.

(69)

De réir na rannpháirtithe, bíonn an próiseas formheasa riaracháin le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar eangaí fada agus casta. Cruthaíonn an easpa glactha i measc an phobail bacainní míchuí ar infheistíochtaí bonneagair. Tá gá le caipiteal seachtrach, lena n-áirítear maoiniú fiachais, chun é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí cinneadh a dhéanamh infheistíochtaí a thosú mar tá costais na dtionscadal in earnáil an fhuinnimh fós ag méadú.

(70)

In 2024 rinne údarás rialála náisiúnta na Polainne suirbhé chun tuairimí a bhailiú ó rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh agus chun tograí a bhailiú le haghaidh athruithe féideartha ar shásra acmhainneachta na Polainne atá ann cheana. Sainaithníodh i dtorthaí an tsuirbhé roinnt tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thorthaí cheantanna an mhargaidh acmhainneachta le haghaidh tréimhsí seachadta a thosaíonn tar éis an 1 Iúil 2025. Is iad sin:

cumas teoranta maoiniú a fháil ó mhargaí airgeadais chun na haonaid ghiniúna atá ann cheana a nuachóiriú agus chun aonaid ghiniúna nua a fhorbairt a úsáideann breosla iontaise;

tionchar mór na bhforbairtí domhanda, amhail paindéim COVID-19 agus dálaí geopholaitiúla (suaitheadh ar sholáthar táirgí leathchríochnaithe, ábhar agus amhábhar ó réigiúin atá thíos le cogaíocht nó bagairtí sceimhlitheoireachta) agus dúshláin mhaicreacnamaíocha (géarchéim atá ag dul in olcas de réir a chéile agus méaduithe géara ar bhoilsciú), a raibh tionchar diúltach acu ar an gcostas a bhaineann le caipiteal a chruinniú;

na nósanna imeachta casta fada riaracháin a bhaineann le cinntí suímh agus comhshaoil agus ceadanna tógála a fháil.

(71)

Dar leis an bPolainn, ní chuireann na rialacha margaidh atá ann faoi láthair ná an creat lena rialaítear feidhmiú an tsásra acmhainneachta atá ann cheana bac ar fhorbairt na stórála ná na freagartha ar an éileamh sa sásra acmhainneachta atá ann cheana. Dar leis an bPolainn, is í inmharthanacht eacnamaíoch a n-aonad an phríomhthoisc a imríonn tionchar ar fhorbairt na n-acmhainneachtaí sin. Is cosúil nach leor an t-ioncam reatha ná an t-ioncam réamh-mheasta ón margadh fuinnimh agus ó sheirbhísí coimhdeacha chun costais a chumhdach agus corrlach brabúis sásúil a ráthú.

3.3.4.   Plean chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta a astaíonn níos mó ná an teorainn astaíochtaí i sásraí acmhainneachta

(72)

Mar gur ceanglas de chuid Airteagal 64(2d) den Rialachán Leictreachais é, tá plean ag gabháil leis an iarratas ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht guail sa sásra acmhainneachta atá ann cheana faoi dháta éaga an mhaolaithe a iarradh, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar. Sna doiciméid sin, cuireann an Pholainn bearta ar aghaidh freisin chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála agus infheistíochta a shainaithnítear in aithrisí 67 go 71.

(73)

Ar na cúiseanna a léirítear in aithrisí 59 agus 64 thuas, áitíonn an Pholainn go bhféadfadh aistriú beagán níos moille ó aonaid ghuail sa mhargadh acmhainneachta sa ghearrthéarma a bheith mar thoradh ar an maolú go sealadach, ach go gcruthófaí dálaí níos fabhraí le haghaidh infheistíochtaí in acmhainneacht athsholáthair sa mheántéarma. Thairis sin, má dheonaítear an maolú arna iarraidh, ní bheidh aonaid giniúna cumhachta gualbhreoslaithe in ann dul in iomaíocht a thuilleadh le haonaid astaíochtaí ísle sa sásra acmhainneachta atá ann cheana tar éis an 31 Nollaig 2028, nuair a rachaidh an maolú a iarradh in éag. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh toirt fhéideartha na n-aonad guail a bheadh inmharthana go heacnamaíoch sa mhargadh fuinnimh an-teoranta, mar gheall ar an easpa dreasachtaí airgeadais, costais arda oibriúcháin agus chothabhála, líon íseal uaireanta oibriúcháin agus ioncaim ísle chomhfhreagracha, agus deireadh a saolré teicniúla (20).

(74)

Níl an Pholainn ag súil le hinfheistíochtaí móra margadhbhunaithe idir 2025 agus 2028, seachas na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht phoiblí mar a luaitear in aithrisí 77 go 81, toisc nach féidir aonaid nua a choimisiúnú in am le go mbeidh siad oibríochtúil laistigh den tréimhse sin. Is é is cúis leis sin go príomha a n-agaí seachadta agus nach bhfuil comhaontuithe nasctha agus ceadanna comhshaoil faighte acu go fóill.

(75)

Soláthraíonn an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní meastacháin ar an acmhainneacht athsholáthair ba ghá a shuiteáil chun giniúint ghual-bhunaithe a ionadú sa chóras (21), lena n-áirítear an chonair náisiúnta tháscach le haghaidh an sciar fhoriomláin fuinnimh in-athnuaite. I bhFíor 3, tugtar forbhreathnú thíos ar phlean na Polainne ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht an ghuail sa sásra acmhainneachta atá ann cheana faoi dháta éaga an mhaolaithe a iarradh.

Fíor 3

Acmhainneacht shuiteáilte na dteicneolaíochtaí chun leictreachas a ghiniúint sa chás le sásra acmhainneachta. Tá gach luach in GW.

Image 9

Foinse:

Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní

(76)

Chun na garspriocanna a bhaint amach, cuirfidh an Pholainn an plean cur chun feidhme i bhfeidhm (féach aithris 82) agus déanfaidh sí athchóirithe rialála breise (féach aithrisí 83 go 85). Thairis sin, tá coinne ag an bPolainn an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar tríd an sásra acmhainneachta atá ann cheana (féach aithrisí 77 go 80) agus trí scéimeanna tacaíochta eile (féach aithris 81). Tá cuid de na garspriocanna chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar bainte amach cheana féin: beidh acmhainneachtaí inseolta nua oibríochtúil faoin tráth a rachaidh an maolú in éag, mar a léirítear le torthaí ceantanna príomhúla le haghaidh tréimhsí seachadta ó 2026 go 2029 (féach aithrisí 77, 78 agus 80).

(77)

Le haghaidh 2026-2028, léiríonn an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní méadú thart ar 3 GW ar acmhainneacht gáis agus thart ar 2 GW ar aonaid stórála ceallraí nua. Faoi na ceantanna príomhúla a tugadh i gcrích le haghaidh na mblianta seachadta 2026 agus 2027, soláthraíodh os cionn 3.1 GW d’aonaid nua ghásadhainte. Soláthraíodh níos mó ná 1.7 GW d’acmhainneacht stórála ceallraí nua le haghaidh na bliana seachadta 2028. Léiríonn torthaí an phríomhcheant don bhliain seachadta 2029, a rinneadh tar éis fhoilsiú an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, gur shroich méid iomlán na hacmhainneachta stórála suas le 6 GW in 2029, méid a sháraigh réamh-mheastacháin an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.

(78)

I bhFíor 4 thíos léirítear méideanna na n-oibleagáidí acmhainneachta (22) d’acmhainneacht nua gáis agus stórála a soláthraíodh cheana féin faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana suas go dtí 2029.

Fíor 4

Oibleagáidí acmhainneachta nua arna gconrú trí cheantanna a tugadh i gcrích cheana féin

Image 10

Foinse:

An Aireacht Aeráide agus Chomhshaoil, an Pholainn

(79)

Meastar go dtiocfaidh méadú beagnach 10 GW ar acmhainneacht shuiteáilte foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi 2028 agus 8 GW breise faoi 2030. Thairis sin, idir 2031 agus 2040, tá coinne le níos mó ná 12.5 GW d’aonaid ghásadhainte, 12.5 GW de stóráil ceallraí, beagnach 35 GW d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus 3.3 GW de ghléasraí cumhachta núicléiche (sa chás le sásra acmhainneachta). Léiríonn an Pholainn go bhfuil na luachanna dá bhforáiltear sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní i gcomhréir leis na scéimeanna atá ann cheana agus atá beartaithe le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus go gcomhlíonfar an sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite sa chomhpháirt leictreachais den chonair náisiúnta tháscach le haghaidh an sciar fhoriomláin fuinnimh in-athnuaite.

(80)

Glacann an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní leis freisin go leathnófar an fhreagairt ar an éileamh. Sroichfidh acmhainneacht shainráite freagartha ar an éileamh arna soláthar faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana 1 600 MW faoi 2029 agus fanfaidh sí cobhsaí ar an leibhéal sin ina dhiaidh sin. Sa bhreis ar fhreagairt shainráite ar an éileamh, tiocfaidh méadú de réir a chéile ar fhreagairt intuigthe ar an éileamh sna blianta ina dhiaidh sin den mheasúnú. Áirítear leis an bhfreagairt intuigthe sin ar an éileamh solúbthacht ó tháirgeadh hidrigine, ó chórais chumhachta chun teasa agus ó fheithiclí leictreacha. Faoi 2030, le freagairt intuigthe ar an éileamh, beifear in ann thart ar 500 MW a aistriú, rud a ardóidh go dtí thart ar 3 000 MW faoi 2033 agus a leanfaidh de bheith ag fás ina dhiaidh sin. Leis na sásraí sin le chéile, beifear in ann suas le 20 % den éileamh intíre a aistriú ó bhuaicuaireanta go tréimhsí praghsanna níos ísle.

(81)

Sa bhreis ar na bearta a dtugtar tuairisc orthu in aithris 76 thuas, tá sé beartaithe ag an bPolainn leanúint de thacaíocht a thabhairt do chur in úsáid suiteálacha astaíochtaí ísle. Is iad seo a leanas na príomhscéimeanna tacaíochta:

scéim chun gléasra cumhachta núicléiche nua suas le 3 750 MW a thógáil agus a oibriú, atá chun tosú ar fheidhmiú sa dara leath de na 2030idí (23);

scéim chun tacú le haonaid chomhghiniúna ardéifeachtacha nua le hacmhainneacht shuiteáilte iomlán 5 100 MW a chur in úsáid faoi 2028, lena bhféadfar aonaid chomhghiniúna a úsáideann gás nádúrtha den chuid is mó a chur in ionad coirí téimh ceantair gualbhunaithe (24);

scéimeanna in-athnuaite chun tacú, i measc nithe eile, le suiteáil 3 000 MW de thoilleadh gaoithe ar talamh, 9 000 MW de ghrianfhuinneamh (PV), 180 MW de hidreafhuinneamh, 300 MW de bhithghás talmhaíochta, 660 MW de shuiteálacha bithmhaise agus bithgháis (idir 2022 agus 2027) (25), agus suas le 10.9 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta (idir 2025 agus 2028) (26);

thart ar 3 100 GW de bhithmheatán in aghaidh na bliana, rud a fhágfaidh go dtógfar thart ar 50 suiteáil le haghaidh gléasra le 2.8 MW ar an meán d’fhuinneamh arna thiontú go coibhéis leictreachais (27).

(82)

A mhéid a bhaineann le bearta rialála, leanfaidh an Pholainn dá plean cur chun feidhme a chur chun feidhme, ina bhfuil athchóirithe ar an margadh leictreachais i gcúig réimse: an margadh don chothromú, freagairt don éileamh, an margadh miondíola, leathnú na heangaí agus idirnaisc trasteorann, agus srianta leithdháilte. Ó glacadh an plean cur chun feidhme, tá na hathchóirithe margaidh á gcur chun feidhme ar bhonn leanúnach ag an bPolainn agus tá an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme foilsithe aici i gceithre thuarascáil faireacháin. Mar shampla, tá roinnt tionscadail infheistíochta idir lámha (e.g. an dara rian de líne Mikułowa-Świebodzice (400 kV)), agus tá imscaradh méadar cliste faoi lánseol chun an sprioc a leagtar amach sa phlean a bhaint amach, is é sin 80 % d’úsáideoirí deiridh a bhaint amach faoi 2028.

(83)

I dteannta na n-athchóirithe a thuairiscítear faoin bplean cur chun feidhme, molann údaráis na Polainne athchóirithe rialála in earnáil na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus athruithe ar an gcreat rialála le haghaidh naisc le heangaí leictreachais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála agus infheistíochta a shainaithnítear i roinn 3.3.3.

(84)

A mhéid a bhaineann le hearnáil na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, is é is aidhm do na príomhbhearta atá beartaithe cur le tarraingteacht na glanbhilleála do tháirgeoirí is tomhaltóirí; dlús a chur leis an bpróiseas ceadaithe; deireadh a chur le riail 10H (ina luaitear nach mór achar íosta gléasra cumhachta gaoithe ó fhoirgnimh chónaithe a bheith deich n-oiread airde tuirbín gaoithe); nascadh micreashuiteálacha le stóráil leictreachais leis an eangach dháileacháin a chur chun cinn; agus dlús a chur le cur chun feidhme infheistíochtaí feirme gaoithe amach ón gcósta agus é a chuíchóiriú. Tá an Pholainn ag súil leis na bearta sin a chur chun feidhme in 2025.

(85)

A mhéid a bhaineann le naisc leis an eangach leictreachais, tá sé beartaithe ag an bPolainn feabhas a chur ar an bpleanáil chun gréasáin tarchurtha agus dáileacháin a fhorbairt agus cur leis an líon saoráidí is féidir a nascadh, trí nósanna imeachta cuíchóirithe a thabhairt isteach. Áirítear leis sin ardáin láraithe ar líne a bhunú le faisnéis a thugtar cothrom le dáta go rialta maidir le hiarrataí arna gcur isteach agus stádas a láimhseála nó maidir leis na hacmhainneachtaí atá ar fáil le haghaidh nasctha agus oibleagáid a ionchorprú i gcomhaontuithe nasctha chun garspriocanna a chomhlíonadh. Tá an Pholainn ag súil leis na bearta sin a chur chun feidhme in 2025.

(86)

Thairis sin, mar a léirítear sa phlean freisin le garspriocanna (féach Fíor 3 in aithris 75), tar éis dhul in éag an mhaolaithe, leanfaidh an Pholainn de bheith ag áirithiú go gcuirfear acmhainneacht astaíochta níos ísle in ionad na hacmhainneachta giniúna gual-bhunaithe de réir a chéile. Déanfar an acmhainneacht sin a sholáthar, nó tá sí á soláthar faoi láthair, tríd an sásra acmhainneachta atá ann cheana agus trí scéimeanna tacaíochta eile agus déanfar í a chomhtháthú sa chóras ar théarmaí an mhargaidh. An tráth céanna, leanfaidh an Pholainn de na hathchóirithe a shonraítear ina plean cur chun feidhme (28) agus na bearta rialála eile dá dtagraítear in aithris 83 a chur chun feidhme chun dálaí fabhracha margaidh a chruthú d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon.

4.   BARÚLACHA A FUARTHAS LE LINN AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ

(87)

Mar a luaitear in aithris 3, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir leis an gcur i bhfeidhm ón 14 Feabhra 2025 go dtí an 17 Márta 2025. Cuireadh barúil amháin isteach.

(88)

Tugann an freagróir dá aire go gcinneann an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní rannpháirtíocht acmhainní eachtracha i gceantanna faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana. Agus an tuairim ó ACER dá dtagraítear i Roinn 3.2.3 den Chinneadh seo á lua aige, éilíonn an freagróir go ndéanann an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní gannmheastachán ar rannpháirtíocht na n-acmhainní eachtracha is gá chun freastal ar éileamh na Polainne. Fágann sé sin go gceadaítear méideanna teoranta acmhainneachta eachtraí a bheith rannpháirteach sna ceantanna.

(89)

Go háirithe, éilíonn an freagróir go gcuireann an Pholainn foirmle i bhfeidhm chun méid na gceantanna forlíontacha a chinneadh (féach aithris 35 thuas), rud a bhféadfadh cosc ar rannpháirtíocht acmhainní eachtracha sna ceantanna a bheith mar thoradh air.

(90)

Mar fhreagra ar na líomhaintí sin, tugann an Pholainn faoi deara go raibh aonaid atá lonnaithe sa chrios próifíle sioncrónaí incháilithe chun páirt a ghlacadh sa phríomhcheant le haghaidh na bliana seachadta 2027 agus ina dhiaidh sin agus sna ceantanna breise le haghaidh na bliana seachadta 2025 agus ina dhiaidh sin. Tá aonaid eachtracha incháilithe do chonarthaí bliana.

(91)

Maidir leis na ceantanna forlíontacha, deimhníonn an Pholainn go gcinntear méid na hacmhainneachta eachtraí is féidir a bheith rannpháirteach i gcomhréir leis na paraiméadair a shonraítear in aithrisí 10 agus 35 thuas.

(92)

Soiléiríonn an Pholainn go léiríonn na paraiméadair sin cuspóir na gceantanna forlíontacha, is é sin an acmhainneacht atá ar iarraidh a sholáthar, seachas an acmhainneacht chéanna a fuarthas cheana féin i gceantanna roimhe sin don tréimhse sheachadta chéanna den dara huair a chonrú. Murach sin, shárófaí an luach uasacmhainneachta iontrála, agus bheadh an méid a thairgtear le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann níos mó ná an méid a d’fhéadfadh cur le leormhaitheas chóras leictreachais na Polainne.

(93)

Ar deireadh, tugann an Pholainn dá haire, i gcás an cheant fhorlíontaigh a reáchtáladh don dara leath de 2025, go raibh an acmhainneacht iomlán ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht eachtrach, i.e. 1 169 MW don phróifíl shioncronach, 365 MW don Liotuáin agus 593 MW don tSualainn.

5.   MEASÚNÚ AR AN MAOLÚ A IARRADH

5.1.   An bunús dlí

(94)

I gcomhréir le hAirteagal 64, míreanna (2b), (2c) agus (2d) den Rialachán Leictreachais, féadfar maolú ar Airteagal 22(4) pointe (b) den Rialachán sin a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ann.

5.2.   Airteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais

(95)

I gcomhréir le hAirteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais, ‘féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go mbeidh acmhainneacht ghiniúna a chuir tús le táirgeadh tráchtála roimh an 4 Iúil 2019 agus a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus níos mó ná 350 kg CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kWe suiteáilte, faoi réir Airteagail 107 agus 108 CFAE a chomhlíonadh, agus go mbeidh sí geallta ar bhonn eisceachtúil nó go bhfaighidh sé íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo tar éis an 1 Iúil 2025 faoi shásra acmhainneachta arna fhormheas ag an gCoimisiún roimh an 4 Iúil 2019.’

(96)

Bheadh feidhm ag an maolú a iarradh maidir le gléasraí atá ann cheana a sháraíonn an teorainn astaíochta. Dhéanfaí gléasraí den sórt sin a ghealladh nó a fháil ar bhonn eisceachtúil le haghaidh íocaíochtaí amach anseo tar éis an 1 Iúil 2025 (féach aithris 27), faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana, a d’fhormheas an Coimisiún faoi rialacha Státchabhrach i mí Feabhra 2018 (féach aithris 5).

(97)

Tá an Cinneadh seo gan dochar don mheasúnú ar chomhlíonadh Airteagail 107 agus 108 CFAE.

(98)

I bhfianaise a bhfuil thuas, comhlíonadh na ceanglais faoi Airteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais.

5.3.   Airteagal 64(2c) den Rialachán Leictreachais

(99)

De réir Airteagal 64(2c) den Rialachán Leictreachais, ‘déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na hiarrata dá dtagraítear i mír 2b i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Féadfaidh an Coimisiún an maolú a dheonú tar éis measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2d, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch curtha i gcrích ag an mBallstát an 4 Iúil 2019, nó ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 22 agus le haghaidh tréimhse sheachadta tar éis an 1 Iúil 2025, arb é is aidhm dó rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann na ceanglais in Airteagal 22(4) a uasmhéadú;

(b)

nach leor méid na hacmhainneachta a thairgtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht mar a sainaithníodh de bhun Airteagal 20(1) don tréimhse sheachadta a chumhdaítear leis an bpróiseas tairisceana sin;

(c)

go bhfuil an acmhainneacht ghiniúna a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh de leictreachas geallta nó go bhfaigheann sí íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin, agus ar feadh tréimhse sheachadta nach faide ná fad an mhaolaithe, agus go soláthraítear í trí phróiseas breise soláthair a chomhlíonann ceanglais uile Airteagal 22 cé is moite díobh siúd a leagtar amach i mír 4, pointe (b), den Airteagal sin agus don mhéid acmhainneachta is gá chun réiteach a fháil ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus don mhéid sin amháin.

Féadfar an maolú de bhun na míre seo a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach inti ar feadh thréimhse iomlán an mhaolaithe.’

5.3.1.   Airteagal 64(2c), pointe (a): Próisis maidir le ceantanna príomha (príomhcheantanna agus ceantanna breise)

(100)

Rinne an Pholainn ceantanna príomhúla tar éis an 31 Nollaig 2019 le haghaidh tréimhse sheachadta tar éis an 1 Iúil 2025 (féach aithrisí 22 agus 26).

Rannpháirtíocht uasmhéadaithe na soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí i gceantanna príomhúla

(101)

Bhí na ceantanna príomhúla sin oscailte do rannpháirtíocht gineadóirí atá ann cheana agus gineadóirí nua, d’oibreoirí freagartha ar an éileamh agus d’oibreoirí stórála atá lonnaithe sa Pholainn agus sna Ballstáit chomharsanachta (féach aithris 10) agus, tar éis an 31 Nollaig 2019, chuir siad cosc ar rannpháirtíocht gléasraí a bhí ann cheana nár chomhlíon an teorainn astaíochta (féach aithris 8).

(102)

Ní raibh aonaid acmhainneachta a chomhlíon an teorainn astaíochta in iomaíocht le haonaid nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta sna próisis maidir le ceantanna príomhúla. Thairis sin, d’fhéadfadh aonaid acmhainneachta a chomhlíonann an teorainn astaíochta conarthaí níos fadtéarmaí a aimsiú i gcomparáid leis na haonaid atá rannpháirteach i gceantanna breise nó forlíontacha, i gcás inarb é bliain amháin an uastréimhse.

(103)

Leis an mbónas glas dá dtagraítear in aithris 17, cruthaítear dreasacht bhreise d’acmhainneacht ísealcharbóin páirt a ghlacadh i gceantanna príomhúla. I gcásanna ina ndéanann beirt an tairiscint acmhainneachta is airde, is féidir le soláthraithe acmhainneachta ag a bhfuil fachtóirí astaíochta níos ísle, agus atá go mór chun cinn orthu siúd ag a bhfuil fachtóirí astaíochta níos airde, agus ag a bhfuil acmhainneacht a astaíonn níos lú ná 450 gCO2/MWh conarthaí níos faide fós a fháil ná na conarthaí a dhámhtar ar sholáthraithe acmhainneachta eile.

(104)

Mar thoradh ar na ceantanna príomhúla a reáchtáladh cheana le haghaidh na mblianta seachadta 2025 go 2029, tháinig méadú inláimhsithe ar acmhainneacht chonarthach a chomhlíonann an teorainn astaíochta (e.g. stóráil ceallraí agus aonaid ghásadhainte) (féach aithris 78).

(105)

Ar deireadh, beidh aonaid acmhainneachta a chomhlíonann an teorainn astaíochta incháilithe freisin chun páirt a ghlacadh i gceantanna forlíontacha (féach aithris 32 thuas). Ní reáchtálfar na ceantanna sin ach amháin murar éirigh leis na ceantanna príomhúla an méid acmhainneachta is gá a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de (féach aithris 27).

(106)

I bhfianaise an mhéid thuas, is féidir teacht ar an gconclúid go ndearna an Pholainn, tar éis an 31 Nollaig 2019, roinnt próisis tairisceana iomaíocha le haghaidh tréimhse sheachadta tar éis an 1 Iúil 2025 arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann ceanglais Airteagal 22(4) den Rialachán Leictreachais a uasmhéadú.

Comhlíontacht ceantanna príomhúla maidir le hAirteagal 22 den Rialachán Leictreachais

(107)

D’fhormheas an Coimisiún dearadh shásra acmhainneachta na Polainne ina chinneadh maidir le Státchabhair an 7 Feabhra 2018. Déantar measúnú in aithrisí 108 go 120 thíos ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an ceant príomhúil Airteagal 22 den Rialachán Leictreachais.

(108)

Le hAirteagal 22(1) den Rialachán Leictreachais bunaítear gnéithe deartha sonracha nach mór d’aon sásra acmhainneachta a chomhlíonadh (29), agus le hAirteagal 22(3) leagtar síos ceanglais shonracha maidir le sásraí acmhainneachta seachas cúltacaí straitéiseacha, amhail an sásra acmhainneachta atá ann cheana.

(109)

Le hAirteagal 22(1), pointí (g) agus (h) faoi seach den Rialachán Leictreachais, foráiltear nach mór na coinníollacha teicniúla maidir le rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta a leagan amach roimh an bpróiseas roghnúcháin agus nach mór an sásra acmhainneachta a bheith oscailte do rannpháirtíocht na n-acmhainní uile atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, lena n-áirítear stóráil fuinnimh agus bainistiú ar éileamh. Leagadh amach na ceanglais réamhcháiliúcháin le haghaidh próisis tairisceana iomaíocha a rinneadh tar éis an 31 Nollaig 2019 roimh an bpróiseas roghnúcháin (féach aithris 11), agus bhí na próisis oscailte do rannpháirtíocht gineadóirí atá ann cheana agus gineadóirí nua, d’oibreoirí freagartha ar an éileamh agus d’oibreoirí stórála atá lonnaithe sa Pholainn agus d’acmhainneacht eachtrach (féach aithris 10). Thairis sin, cuirtear san áireamh sna rialacha incháilitheachta (féach aithris 10), in agaí seachadta (féach aithris 12) agus i bhfad conarthaí (féach aithrisí 15, 16 agus 18) sainiúlachtaí soláthraithe acmhainneachta féideartha chun cothroime iomaíochta a áirithiú idir teicneolaíochtaí éagsúla agus idir acmhainneachtaí nua agus acmhainneachtaí atá ann cheana.

(110)

Foráiltear le hAirteagal 22(1), pointí (d) agus (f) faoi seach den Rialachán Leictreachais nach mór soláthraithe acmhainneachta a roghnú trí bhíthin próiseas trédhearcach neamh-idirdhealaitheach iomaíoch agus nach mór a luach saothair a chinneadh tríd an bpróiseas iomaíoch. Faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana, roghnaítear soláthraithe acmhainneachta trí cheantanna. Tá paraiméadair na gceantanna ar fáil go poiblí agus cinntear iad i bhfad roimh na ceantanna (féach aithrisí 11 agus 13). Áirithítear leis na critéir incháilitheachta agus gnéithe deartha eile dá dtagraítear in aithrisí 11 agus 13 go mbíonn na ceantanna neamh-idirdhealaitheach agus iomaíoch. Is ceant íslitheach íoc-mar-imréitithe é an ceant, a dhúnann nuair a shainaithnítear an praghas is ísle ar a bhfreastalaíonn an t-éileamh ar sholáthar (féach aithris 13).

(111)

Luaitear in Airteagal 22(1)(b) den Rialachán Leictreachais nár cheart do shásraí acmhainneachta saobhadh margaidh míchuí a chruthú ná teorainn a chur le trádáil thraschreasach. Leis an sásra acmhainneachta atá ann cheana, tugtar luach saothair don infhaighteacht amháin, agus ní don leictreachas iarbhír a tháirgtear (féach aithris 9), agus áirithítear leis an bpróiseas leithdháilte iomaíoch go mbíonn an t-ioncam a ghintear leis an margadh acmhainneachta teoranta don mhéid is lú is gá agus go ligeann sé don mhargadh mórdhíola comharthaí praghais agus infheistíochta iomchuí a sheoladh. Thairis sin, bíonn an próiseas tairisceana iomaíoch oscailte agus neamh-idirdhealaitheach (féach aithrisí 11 agus 13).

(112)

De réir Airteagal 22(1) pointí (e) agus (i) den Rialachán Leictreachais, ní mór do shásraí acmhainneachta dreasachtaí a sholáthar chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil le linn brú réamh-mheasta ar chórais agus pionóis iomchuí a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe acmhainneachta nach bhfuil ar fáil i gcás brú ar chórais.

(113)

Faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana, soláthraítear íocaíochtaí chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil le linn brú réamh-mheasta ar chórais, agus bíonn feidhm ag pionóis i gcásanna neamh-infhaighteachta (féach aithrisí 9 agus 20).

(114)

Foráiltear le hAirteagal 22(1), pointe (c) den Rialachán Leictreachais nár cheart do shásra acmhainneachta dul thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de. Áirithítear leis an modheolaíocht a thuairiscítear in aithris 14 thuas go gcomhlíontar an ceanglas sin ar na cúiseanna seo a leanas: (a) go gcinntear an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de ar bhonn toilteanas tomhaltóirí íoc as acmhainneacht (agus an méid acmhainneachta atá le cur ar ceant á chinneadh de réir an chaighdeáin don iontaofacht); agus (b) socraítear an méid acmhainneachta is gá chun an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de a chomhlíonadh agus infhaighteacht dhóchúil na hacmhainneachta á cur san áireamh, ar bhonn togra ón oibreoir córais tarchurtha agus le rannpháirtíocht an údaráis rialála náisiúnta.

(115)

Maidir le hAirteagal 22(3) den Rialachán Leictreachais a chomhlíonadh, tugann an Coimisiún dá aire go n-áirithítear le cineál iomaíoch an phróisis leithdháilte (féach aithrisí 10, 11 agus 13) agus dearadh an chuair ceantála (féach aithris 14) go gclaonann an praghas imréitigh ceantála i dtreo nialais má bhíonn dóthain acmhainneachta ar an margadh, i gcomhréir leis na ceanglais i bpointe (a). Ina theannta sin, áirítear sa sásra atá ann cheana margadh tánaisteach chun a áirithiú go mbeidh oibleagáidí acmhainneachta inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe, i gcomhréir le pointe (c). An ceanglas i bpointe (b), is é sin nach mór don sásra acmhainneachta luach saothair a thabhairt do na hacmhainní rannpháirteacha as a n-infhaighteacht amháin agus a áirithiú nach ndéanfaidh an luach saothair difear do chinntí an tsoláthraí acmhainneachta maidir le cibé acu an nginfidh siad nó nach nginfidh, comhlíontar é ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris 113 thuas.

(116)

Ar na cúiseanna a leagtar amach sna haithrisí thuas, tá na ceantanna príomhúla i gcomhréir le hAirteagal 22, míreanna (1) agus (3) den Rialachán Leictreachais.

(117)

Leagtar amach in Airteagal 22(4) den Rialachán Leictreachais na ceanglais maidir leis an teorainn astaíochta agus teorainn an bhuiséid carbóin. Tá teorainn astaíochta tugtha isteach ag an bPolainn agus tá cosc curtha aici ar rannpháirtíocht gléasraí atá ann cheana a astaíonn níos mó ná an teorainn astaíochta i gceantanna a rinneadh tar éis an 31 Nollaig 2019 (féach aithris 8). Dá bhrí sin, comhlíonann na ceantanna príomhúla a reáchtáladh tar éis an 31 Nollaig 2019 agus le haghaidh blianta seachadta tar éis 2025 Airteagal 22(4) den Rialachán Leictreachais.

(118)

Foráiltear le hAirteagal 22(5) den Rialachán Leictreachais go bhfuil comhlíontacht maidir le Caibidil IV den Rialachán Leictreachais gan dochar do ghealltanais ná do chonarthaí a tugadh i gcrích faoin 31 Nollaig 2019.

(119)

Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh na comhaontuithe acmhainneachta ilbhliantúla (féach aithris 16) a tugadh i gcrích roimh an 31 Nollaig 2019 lena ngealltar íocaíochtaí amach anseo, lena n-áirítear íocaíochtaí le haghaidh giniúint nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta, a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán Leictreachais.

(120)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, meastar gur comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 64(2c)(a).

5.3.2.   Airteagal 64(2c), pointe (b): Próisis maidir le ceantanna príomha – méid na hacmhainneachta neamhleor chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de

(121)

Le hAirteagal 64(2c), pointe (b) den Rialachán Leictreachais, déantar deonú an mhaolaithe coinníollach ar an méid acmhainneachta a thairgtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír chéanna a bheith neamhleor chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de don tréimhse sheachadta a chumhdaítear leis an bpróiseas tairisceana sin. Ba cheart an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Rialachán Leictreachais.

5.3.2.1.   Ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de arna shainaithint ag an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní

(122)

De réir Airteagal 20(1) den Rialachán Leictreachais, ní mór do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas acmhainní laistigh dá gcríoch ar bhonn an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán Leictreachais. Chun an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a chomhlánú, féadfaidh na Ballstáit measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a dhéanamh freisin i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán Leictreachais. Ceanglaítear le hAirteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais ar mheasúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a bheith réigiúnach ó thaobh raon feidhme de agus bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 23(3) agus go háirithe i bpointí (b) go (m) d’Airteagal 23(5) den Rialachán Leictreachais.

(123)

Ní mór do Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní a bheith bunaithe ar chásanna tagartha lárnacha iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán Leictreachais. De réir Airteagal 24(1)(a) den Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit íogaireachtaí a áireamh ina measúnú leormhaitheasa atá nasctha le sainiúlachtaí an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta. Mar a luaitear in Airteagal 3(6) de mhodheolaíocht an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní, is féidir leis na híogaireachtaí sin raon leathan athruithe ar thoimhdí a chumhdach ar fud an limistéir gheografaigh iomláin atá á bhreithniú, lena n-áirítear toimhdí éagsúla maidir le sonraí ionchuir amhail acmhainneachtaí suiteáilte, éagsúlachtaí in acmhainneachtaí traschreasacha, agus measúnuithe éagsúla ar stóinseacht na n-infheistíochtaí a shainaithnítear sa mheasúnú inmharthanachta eacnamaíche.

(124)

De réir Airteagal 24(3) den Rialachán Leictreachais, i gcás ina sainaithnítear ábhar imní sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní i dtaca le leormhaitheas nár sainaithníodh sa Mheasúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní, ní mór don Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní réasúnaíocht maidir leis an éagsúlacht idir an dá mheasúnú a áireamh, lena n-áirítear mionsonraí ar na híogaireachtaí a úsáideadh agus na toimhdí bunúsacha. Ní mór an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid ACER chun tuairim a fháil. Sa tuairim ó ACER, ní mór a mheas an bhfuil údar leis na héagsúlachtaí idir an dá mheasúnú.

(125)

Is é an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní an measúnú leormhaitheasa is déanaí a rinne oibreoir córais tarchurtha na Polainne. Is ar bhonn an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a shainaithin an Pholainn an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de a luaitear in aithris 27 agus tugann sí údar leis an ngá atá leis an maolú a iarradh. Cé go gcumhdaítear na blianta 2025 go 2040 leis an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, dírítear sa mheasúnú sa Chinneadh seo ar an tréimhse atá ábhartha don mhaolú a iarradh, 2025-2028.

(126)

Cé nár aimsigh Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní aon ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de do na blianta a chumhdaítear leis an maolú a iarradh, shainaithin Measúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de le haghaidh 2026 agus 2028. Cé go bhfuil Measúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní á fhormheas nó á leasú ag ACER, tá na sonraí ar a dtarraingíonn sé bunaithe ar na forbairtí córais is cothroime le dáta agus ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil agus tacaíonn siad le conclúid an Mheasúnaithe Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní gurb ann d’ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de don tréimhse a chumhdaítear leis an maolú a iarradh.

(127)

Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go bhfuil difríochtaí i méid an ábhair imní ó thaobh leormhaitheasa de. Thug ACER tuairim maidir leis an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, mar a thuairiscítear i Roinn 3.2.3 thuas. Sa tuairim uaidh, cuireann ACER an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní i gcomparáid le Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní, ós rud é nár fhormheas sé Measúnú Eorpach 2024 ar Leormhaitheas Acmhainní go fóill. Mar sin féin, ní dhéanann ACER cainníochtú ar thionchar na n-éagsúlachtaí, i dtéarmaí ionchais maidir le cailliúint lóid ná an fhuinnimh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh, ná i dtéarmaí an mhéid acmhainneachta is gá chun leormhaitheas giniúna a áirithiú.

(128)

Maidir leis na difríochtaí idir an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní agus Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní sna toimhdí a bhaineann le hacmhainní acmhainneachta, chinn ACER go raibh údar leo sin (féach aithris 52).

Difríochtaí maidir le toimhdí i dtaca le hacmhainní acmhainneachta

(129)

De réir Airteagal 23(5)(d) den Rialachán Leictreachais, ní mór don Mheasúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní agus do na Measúnuithe Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní rannchuidiú na n-acmhainní uile atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chur san áireamh go hiomchuí. Thairis sin, faoi Airteagal 5(10) de mhodheolaíocht an Mheasúnaithe Eorpaigh ar Leormhaitheas Acmhainní, ba cheart na sonraí eacnamaíocha a úsáidtear le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní agus na measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a bheith comhsheasmhach leis an meastachán is déanaí agus is fearr atá ar fáil agus a úsáideadh sa staidéar is déanaí ar chostas ar iontráil nua, mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht chun méadracht leormhaitheasa a ríomh.

(130)

Aontaíonn an Coimisiún le measúnú ACER ar na toimhdí maidir le hacmhainní acmhainneachta agus measann sé gur nuashonruithe réasúnta iad na hathruithe a rinneadh ar an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní bunaithe ar an staidéar náisiúnta is déanaí ar chostas ar iontráil nua nó ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil (30).

Difríocht maidir le samhaltú acmhainní acmhainneachta

(131)

A mhéid a bhaineann leis na difríochtaí idir an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní agus Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní maidir le samhaltú acmhainní acmhainneachta, níorbh fhéidir le ACER teacht ar chonclúid maidir le cé acu atá nó nach bhfuil údar leo (féach aithris 52). Mar sin féin, tugann ACER dá aire go bhfágann níos mó acmhainneachtaí an córas agus go bhféadfaí cur leis na rioscaí leormhaitheasa mar thoradh ar an meascán d’athruithe a chuirtear i bhfeidhm sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní.

(132)

De réir Airteagal 23(5)(b) den Rialachán Leictreachais, ba cheart a áireamh sna measúnuithe ar leormhaitheas acmhainní measúnú eacnamaíoch ar an dóchúlacht go ndéanfar sócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh agus a thógáil as an nua.

(133)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil samhaltú mheasúnú inmharthanachta eacnamaíche na n-acmhainní sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní éagsúil leis an samhaltú a úsáidtear sa Mheasúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní. Níl bunús leordhóthanach sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní le cuid de na toimhdí as a n-eascraíonn na héagsúlachtaí sin ná sa tuarascáil dá dtagraítear i roinn 3.2.4. Go háirithe, maidir leis an measúnú inmharthanachta eacnamaíche, tugann an Coimisiún faoi deara go n-ionsamhlaítear cinntí eacnamaíocha sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní ar bhonn bliain féilire aonair, agus nach mbreithnítear ioncaim amach anseo. Os a choinne sin, de réir an ghnáthchleachtais eacnamaíoch, is iondúil go mbíonn cinntí eacnamaíocha ghineadóirí agus infheisteoirí bunaithe ar na costais agus ar na hioncaim réamh-mheasta thar thréimhse níos faide.

(134)

Tugann an Coimisiún dá aire go nglactar leis sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní go mbíonn sciar níos mó gléasraí á chothabháil i mí Eanáir, mí ina dtarlaíonn teagmhais maidir le ganntanas níos minice. Laghdaíonn sé sin infhaighteacht acmhainní, rud a dhéanann difear don riosca leormhaitheasa.

(135)

Níl sé i gcomhréir le gnáthchleachtas eacnamaíoch cinntí eacnamaíocha a ionsamhlú ar bhonn costais agus ioncaim do bhliain amháin, toisc go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le himeacht anabaí roinnt gléasraí cumhachta ón margadh cé go bhféadfaidís a bheith brabúsach thar shaolré eacnamaíoch na sócmhainne. Thairis sin, níor chuir an Pholainn fianaise leordhóthanach isteach a mhéid a bhaineann le sceidil chothabhála na ngléasraí cumhachta. Dá bhrí sin, chun na heilimintí sin sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní a ailíniú leis an Rialachán Leictreachais agus le modheolaíocht an Mheasúnaithe Eorpaigh ar Leormhaitheas Acmhainní, ba cheart don Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní meastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar sócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh agus a thógáil as an nua ar bhonn ioncaim agus costas measta thar thréimhse 10 mbliana, seachas le haghaidh bliain amháin. Thairis sin, ba cheart don Pholainn údar a thabhairt leis na toimhdí maidir le patrúin chothabhála ar bhonn sceidil chothabhála iarbhír agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann na patrúin sin leis na meastacháin sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní, chun a léiriú gurb ionann iad agus sainiúlacht náisiúnta fhlít gineadóirí na Polainne.

(136)

Glactar leis sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní nach dtiocfadh gléasraí mar fhreagairt ar an éileamh, gléasraí stórála ná gléasraí cumhachta gásadhainte isteach sa mhargadh idir 2025 agus 2028 gan an sásra acmhainneachta.

(137)

Maidir le freagairt ar an éileamh, tá na toimhdí sin i gcomhréir le Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Náisiúnta. Mar sin féin, measann Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Náisiúnta go dtiocfadh ceallraí agus gléasraí gásadhainte isteach sa mhargadh in 2025-2028 agus 2028 faoi seach. Mar a aithníodh freisin sa tuairim ó ACER, is nuashonrú réasúnta é an toimhde sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní maidir le gléasraí cumhachta gásadhainte nua a iontráil sa mhargadh, ós rud é gur tugadh measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne chun críche níos déanaí ná Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní. Thairis sin, ní dócha go ndéanfar gléasraí cumhachta gásadhainte a choimisiúnú ar bhonn margaidh sna blianta a chumhdaítear leis an maolú a iarradh (2025-2028) i bhfianaise a n-aga seachadta agus fhad na nósanna imeachta is gá chun ceadanna tógála agus formheasanna chun nascadh le heangacha a fháil. Tá feidhm ag na breithnithe sin freisin maidir le teacht isteach nua suiteálacha stórála le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an maolú a iarradh.

Difríochtaí maidir le toimhdí ar mhalartuithe traschreasacha

(138)

A mhéid a bhaineann leis na difríochtaí idir Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní na Polainne agus Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní maidir leis na toimhdí ar mhalartuithe traschreasacha, measann ACER nach bhfuil údar leo sin (féach aithris 52).

(139)

Foráiltear le hAirteagal 23(5)(d) den Rialachán Leictreachais nach mór do mhodheolaíocht an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní, ar rud é nach mór do mheasúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a leanúint freisin, rannchuidiú na n-acmhainní uile a chur san áireamh go hiomchuí, lena n-áirítear allmhairí agus onnmhairí agus a rannchuidiú le hoibriú solúbtha an chórais.

(140)

Cé go nglacann Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní cur chuige réigiúnach agus go samhlaíonn sé go sainráite roinnt criosanna tairisceana, ní dhéanann measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne samhail shainráite do chriosanna tairisceana eachtracha. Mar thoradh air sin, cuireann sé infheictheacht theoranta éilimh agus soláthair ar fáil i dtíortha comharsanachta. Thairis sin, breithníonn an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní rannpháirtíocht allmhairí maidir le leormhaitheas ar bhealach simplithe agus ní bhreithníonn sé onnmhairí ar chor ar bith. Mar thoradh ar na toimhdí sin maidir le hallmhairí agus onnmhairí, d’fhéadfaí ábhair imní níos mó ó thaobh leormhaitheasa de a shainaithint sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní ná iad siúd a shainaithnítear sa Mheasúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní.

(141)

Maidir le hallmhairí, úsáideann an Measúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní meánluachanna simplithe geimhridh - tréimhse inar dócha go dtarlóidh ganntanas an tráth céanna ar fud an réigiúin agus ina laghdaítear onnmhairí chuig an bPolainn - agus cuireann sé i bhfeidhm iad i rith na bliana, cé go mbíonn allmhairí níos airde de ghnáth le linn an tsamhraidh.

(142)

De réir na Polainne, tá údar leis an éagsúlacht i dtoimhdí allmhairiúcháin mar gheall ar chur i bhfeidhm cur chuige atá, dar léi, comhsheasmhach leis an modheolaíocht rannpháirtíochta trasteorann (Airteagal 26(11)(a) den Rialachán Leictreachais) (féach aithris 55). Mar sin féin, níor cheart an mhodheolaíocht sin a úsáid ach amháin chun a chinneadh cé mhéad is féidir le hacmhainneacht eachtrach a bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta tar éis an measúnú ar leormhaitheas a dhéanamh.

(143)

Mar sin féin, tá dáileadh na n-uaireanta measta fuinnimh nár seachadadh le linn na bliana ábhartha chun ceantanna acmhainneachta a thoisiú. D’fhéadfadh an Pholainn an dáileadh sin a mheas, agus cásanna ganntanas comhuaineach á gcur san áireamh, agus na méideanna atá le soláthar trí cheantanna acmhainneachta á gcinneadh.

(144)

A mhéid a bhaineann leis na toimhdí onnmhairiúcháin, measann an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní go bhfuil onnmhairí ag nialas MW le haghaidh na mblianta a chumhdaítear leis an maolú. Bíonn tionchar ag an toimhde sin ar an ioncam a ghintear le honnmhairí agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chinntí maidir le dhíchoimisiúnú. Níl bunús leordhóthanach le toimhdí onnmhairiúcháin an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní ar bhonn fianaise ná torthaí samhaltaithe, sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní ná sa tuarascáil dá dtagraítear i Roinn 3.2.4. Dá bhrí sin, ba cheart meastachán a dhéanamh ar an méid leictreachais atá le honnmhairiú ag an bPolainn amach anseo ar bhonn cleachtadh samhaltaithe agus trí úsáid a bhaint as toimhdí réasúnacha, amhail an tacar sonraí atá ar fáil sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.

(145)

I bhfianaise na hanailíse thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid, chun comhlíontacht maidir le hAirteagal 20(1) den Rialachán Leictreachais a áirithiú, gur gá an méid acmhainneachta is gá chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh a athríomh ar bhonn measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní nuashonraithe. Go háirithe, ní mór don mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

meastachán a dhéanamh ar an méid leictreachais atá le honnmhairiú ag an bPolainn amach anseo ar bhonn toradh ar chleachtadh samhaltaithe agus úsáid á baint as toimhdí réasúnacha; agus

(b)

meastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar sócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh agus a thógáil as an nua ar bhonn ioncaim agus costais mheasta thar thréimhse 10 mbliana seachas bliain amháin; agus

(c)

údar a thabhairt leis na toimhdí maidir leis na patrúin chothabhála ar bhonn sceidil chothabhála iarbhír agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann na patrúin sin leis na meastacháin sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní chun a léiriú gurb é atá iontu sainiúlacht náisiúnta de chuid fhlít gineadóirí na Polainne.

5.3.2.2.   Méid na hacmhainneachta neamhleor chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de

(146)

Mar a luaitear in aithris 27, dhéanfaí ceantanna forlíontacha le haghaidh tréimhse sheachadta ar leith nuair a bheadh údar leis an ngá le hacmhainneacht bhreise ar bhonn torthaí an Mheasúnaithe Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

tugadh na ceantanna príomhúla (príomhcheantanna agus ceantanna breise) don tréimhse sheachadta ar leith i gcrích; agus

theip ar na ceantanna príomhúla (príomhcheantanna agus ceantanna breise) méid acmhainneachta a sholáthar ar leor é chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh le haghaidh tréimhse sheachadta ar leith, rud a fhágann nár tugadh aghaidh ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de a shainaithnítear faoi Airteagal 20(1) den Rialachán Leictreachais.

(147)

Ar bhonn an mheasúnaithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, léirigh an Pholainn i dTábla 1 thuas na hoibleagáidí acmhainneachta iomlána is gá chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh sna blianta a chumhdaítear leis an maolú (2025-2028). Tá acmhainneacht chonraithe ag an bPolainn cheana féin trí na príomhcheantanna le haghaidh na mblianta seachadta 2025 go 2028 agus trí na ceantanna breise le haghaidh na mblianta seachadta 2025 agus 2026. Níor tharla na ceantanna breise le haghaidh na mblianta seachadta 2027 agus 2028 go fóill, toisc go reáchtáiltear na ceantanna sin sa bhliain roimh an tréimhse sheachadta (féach aithris 12). Mar a léirítear i dTábla 2, níl an acmhainneacht a conraíodh sna ceantanna sin leordhóthanach chun na hoibleagáidí acmhainneachta iomlána is gá a chomhlíonadh.

(148)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún gur comhlíonadh an ceanglas nós imeachta faoi Airteagal 64(2c), pointe (b) den Rialachán Leictreachais, ós rud é gur dheimhnigh an Pholainn nach ndéanfar ceantanna forlíontacha a reáchtáil go dtí go mbeidh na ceantanna príomhúla tugtha i gcrích agus sa chás sin amháin agus nach ndéanfar iad a reáchtáil ach sa chás nár sholáthair na ceantanna sin acmhainneacht leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de arna shainaithint ag an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní le haghaidh na tréimhse seachadta a chumhdaítear leis na próisis cheantála sin.

(149)

Mar sin féin, mar a léirítear thuas, ba cheart an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a thabhairt cothrom le dáta mar a thuairiscítear in aithris 145.

(150)

Thairis sin, ní mór d’údarás rialála náisiúnta na Polainne a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil údar leis an méid iomlán acmhainneachta atá le soláthar faoin measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní nuashonraithe agus, go háirithe, cé acu a léiríonn nó nach léiríonn sé riachtanais an chórais i gcásanna ganntanas comhuaineach.

5.3.3.   Airteagal 64(2c), pointe (c): Ceantanna forlíontacha

(151)

Mar a tugadh faoi deara in aithris 31, dheimhnigh an Pholainn go reáchtáiltear na ceantanna forlíontacha i gcomhréir leis na dálaí deartha céanna a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na príomhcheantanna, mar a thuairiscítear i Roinn 2 thuas, cé is moite de na heilimintí seo a leanas a dtugtar tuairisc orthu in aithris 31: i) na critéir incháilitheachta; ii) minicíocht na gceantanna; iii) foirmle chun méid na hacmhainneachta atá le soláthar a chinneadh; agus iv) fad an chonartha.

(152)

A mhéid a bhaineann le gnéithe deartha na gceantanna forlíontacha nach n-imíonn ó ghnéithe deartha na bpríomhcheantanna, tagraíonn an Coimisiún do na breithnithe a leagtar amach in aithrisí 108 go 116 thuas, agus measann sé go gcomhlíonann siad ceanglais ábhartha Airteagal 22 den Rialachán Leictreachais, cé is moite díobh siúd a leagtar síos i mír 4, pointe (b) den Airteagal sin.

5.3.3.1.   Critéir incháilitheachta

(153)

Tá incháilitheacht le haghaidh ceantanna forlíontacha níos leithne ná le haghaidh ceantanna príomhúla toisc go mbíonn siad oscailte do ghléasraí atá ann cheana nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta a leagtar amach in Airteagal 22(4), pointe (b) den Rialachán Leictreachais. Tugann an Coimisiún dá aire gur gné den mhaolú a iarradh é sin agus go bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais.

(154)

A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht trasteorann i gceantanna forlíontacha, tugann an Coimisiún dá aire go gceadaítear do sholáthraithe acmhainneachta eachtraí páirt a ghlacadh i gceantanna forlíontacha de réir an nós imeachta céanna a bhíonn ann i gceantanna príomhúla, rud a leagtar amach in aithris 10. Déantar an méid a thairgtear i gceantanna forlíontacha a ríomh tríd an méid acmhainneachta a leithdháileadh cheana ar rannpháirtithe eachtracha trí cheantanna príomhúla a asbhaint ón uasacmhainneacht iontrála atá ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí, rud a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht ACER maidir le rannpháirtíocht trasteorann.

(155)

Ós rud é go soláthraítear leis an uasacmhainneacht iontrála atá ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí meastachán ar a mhéid is féidir le hacmhainneacht eachtrach rannchuidiú le leormhaitheas giniúna i gcásanna brú ar chórais, níor cheart an acmhainneacht chéanna a leithdháileadh faoi dhó le haghaidh na tréimhse seachadta céanna trí na próisis cheantála phríomhúla agus fhorlíontacha.

(156)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gurb iomchuí an fhoirmle a chuirtear i bhfeidhm chun an méid acmhainneachta a ríomh a thairgtear le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i gceantanna forlíontacha.

5.3.3.2.   Minicíocht na gceantanna

(157)

A mhéid a bhaineann leis na difríochtaí i minicíocht na gceantanna idir na ceantanna príomhúla agus na ceantanna forlíontacha, tagraíonn an Coimisiún don réasúnaíocht a leagtar amach i Roinn 5.3.2.2. agus measann sé gurb iomchuí iad, toisc nach reáchtálfar na ceantanna forlíontacha go dtí go mbeidh na ceantanna príomhúla tugtha i gcrích agus sa chás sin amháin agus nach ndéanfar iad a reáchtáil ach sa chás nár sholáthair na ceantanna sin acmhainneacht leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de arna shainaithint ag an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní le haghaidh na tréimhse seachadta a chumhdaítear leis na ceantanna sin.

5.3.3.3.   Fad an chonartha agus fad na tréimhse seachadta

(158)

Foráiltear le hAirteagal 64(2c), pointe (c) den Rialachán Leictreachais go bhféadfar acmhainneacht a astaíonn níos mó ná an teorainn astaíochta a ghealladh nó íocaíochtaí nó gealltanais a fháil i leith íocaíochtaí amach anseo ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin agus ar feadh tréimhse sheachadta nach faide ná fad an mhaolaithe.

(159)

Tabharfar an rogha d’aonaid ghiniúna nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta conarthaí nach faide ná bliain amháin a dhéanamh (féach aithris 28). Beidh siad in ann conradh 6 mhí a dhéanamh (an dara leath de 2025) nó conradh bliana (2026, 2027 nó 2028) trí na ceantanna forlíontacha.

(160)

Ní fhéadfaidh na conarthaí bliantúla a bheith níos faide ná fad an mhaolaithe a iarradh, a dtiocfaidh deireadh leis an 31 Nollaig 2028. Dá réir sin, ní dhéanfar íocaíochtaí acmhainneachta a ghealladh ach go dtí deireadh 2028 ar a dhéanaí (féach aithris 37).

(161)

Dá bhrí sin, tá fad an chonartha agus fad na tréimhse seachadta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 64(2c), pointe (c) den Rialachán Leictreachais.

5.3.3.4.   An méid acmhainneachta is gá chun an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de a réiteach

(162)

Tá sé ina cheanglas de chuid Airteagal 64(2c), pointe (c) den Rialachán Leictreachais nach soláthrófar acmhainneacht trí phróiseas ceantála breise ach amháin le haghaidh an mhéid acmhainneachta is gá chun an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír chéanna a réiteach.

(163)

Dheimhnigh an Pholainn, má léiríonn torthaí an Mheasúnaithe Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní go bhfuil gá le ceantanna forlíontacha, go mbeidh na ceantanna sin teoranta don mhéid acmhainneachta is gá a sholáthar chun an caighdeán don iontaofacht a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in aithris 35 thuas (31).

(164)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíontar an ceanglas nós imeachta faoi Airteagal 64(2c), pointe (c) den Rialachán Leictreachais, ós rud é go n-áirithítear leis an bhfoirmle a leagtar amach in aithris 35 nach ndéanfadh na ceantanna forlíontacha ach an méid acmhainneachta is gá chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de a chonrú.

(165)

Mar sin féin, ba cheart an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a thabhairt cothrom le dáta mar a thuairiscítear in aithris 145 agus ba cheart don údarás rialála náisiúnta é a athbhreithniú mar a thuairiscítear in aithris 150.

5.4.   Measúnú ar an tuarascáil a ghabhann leis an iarraidh ar mhaolú, lena n-áirítear tionchar an mhaolaithe a iarradh i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa

(166)

I gcomhréir le hAirteagal 64(2c), ‘déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na hiarrata dá dtagraítear i mír 2b i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Féadfaidh an Coimisiún an maolú a dheonú tar éis measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2d, Airteagal 64(2d)’.

(167)

De réir Airteagal 64(2d) den Rialachán Leictreachais, ní mór tuarascáil ón mBallstát a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar mhaolú, tuarascáil nach mór an méid seo a leanas a bheith inti:

(a)

measúnú ar thionchar an mhaolaithe i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar an tsolúbthacht mhéadaithe, ar an stóráil fuinnimh, ar an leictrea-shoghluaisteacht agus ar an bhfreagairt ar an éileamh;

(b)

plean ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna dá dtagraítear i mír 2b i sásraí acmhainneachta faoi dháta éaga an mhaolaithe, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar i gcomhréir leis an gconair náisiúnta tháscach le haghaidh an sciar fhoriomláin fuinnimh in-athnuaite agus measúnú ar na bacainní infheistíochta is cúis le heaspa tairiscintí leordhóthanacha sa nós imeachta tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2c, pointe (a).

(168)

Thíolaic an Pholainn tuarascáil ina bhfuil na heilimintí uile a liostaítear in Airteagal 64(2d). Go sonrach, tá an méid seo a leanas tíolactha ag an bPolainn:

measúnú ar thionchar an mhaolaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (féach aithrisí (56) go (61));

measúnú ar an tionchar ar an aistriú fuinnimh (féach aithrisí 62 go 66);

measúnú ar na bacainní infheistíochta bunaithe ar shuirbhéanna arna ndéanamh ag an Aireacht agus ag an údarás rialála náisiúnta (féach aithrisí 67 go 71); agus

plean chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta sa sásra acmhainneachta atá ann cheana (féach aithrisí 72 go 85).

(169)

Sa tuarascáil, agus measúnú á dhéanamh aici ar thionchar an mhaolaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, déanann an Pholainn comparáid idir an dá chás a chuirtear i láthair sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní: an cás ina gcumhdaítear leis an maolú a iarradh an acmhainneacht nach gcomhlíonann an teorainn astaíochta agus an cás nach gcuirtear an maolú a iarradh i bhfeidhm ann.

(170)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde sa chás ina gcuirtear an maolú a iarradh i bhfeidhm, ós rud é go mbaineann an cás sin le húsáid níos mó a bhaint as giniúint ghualbhreoslaithe sa chóras. Mar sin féin, tá an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa measartha (féach aithris 59). Thairis sin, ní bheadh feidhm ag an maolú ach ar feadh líon teoranta blianta (2025-2028) agus ní cheadófaí leis ach soláthar an mhéid acmhainneachta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní ó thaobh leormhaitheasa de a shainaithnítear sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, ar cheart é a leasú i gcomhréir le haithrisí 145 agus 150. Dá leanfadh an measúnú náisiúnta leasaithe ar leormhaitheas acmhainní de léiriú a thabhairt ar ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de nach féidir aghaidh a thabhairt air trí na ceantanna príomhúla, ní bheadh an Pholainn in ann a caighdeán iontaofachta a chomhlíonadh gan an maolú.

(171)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí 59, 74 agus 81 thuas, nach dócha go dtiocfaidh acmhainneacht inseolta nua isteach sa mhargadh gan tacaíocht phoiblí le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an maolú. Tar éis an maolú a dhul in éag, ní bheidh acmhainneachtaí a astaíonn níos mó ná an teorainn astaíochta incháilithe a thuilleadh chun páirt a ghlacadh sa mhargadh acmhainneachta.

(172)

Measann an Pholainn nach mbeidh ach líon teoranta de na hacmhainneachtaí sin brabúsach ar an margadh fuinnimh, i bhfianaise na heaspa dreasachtaí airgeadais, na gcostas ard cothabhála agus oibriúcháin, agus líon íseal na n-uaireanta oibriúcháin agus na n-ioncam íseal comhfhreagrach. Is dócha gurb é an toradh a bheidh air sin díchoimisiúnú gléasraí den sórt sin tar éis an maolú a dhul in éag (féach aithris 73 thuas). Tugann an Coimisiún dá aire gur cheart go gcuirfeadh sciar laghdaithe réamh-mheasta na giniúna cumhachta gualbhreoslaithe dreasachtaí ar fáil d’infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí chun acmhainneacht giniúna gualbhreoslaithe a ionadú. Dá bhrí sin, d’áiritheofaí leis an maolú gur féidir infheistíochtaí den sórt sin a phleanáil i gceart chun aistriú ordúil i dtreo córas leictreachais ar lú a lorg carbóin a éascú sa mheántéarma, agus rioscaí don tslándáil fuinnimh á maolú an tráth céanna.

(173)

Thairis sin, aithníonn an Coimisiún, ar feadh na tréimhse a chumhdaítear leis an maolú a iarradh, go bhfuil acmhainneacht astaíochtaí níos ísle soláthartha cheana féin ag an bPolainn nó go bhfuil sé beartaithe aici acmhainneacht astaíochtaí níos ísle a sholáthar tríd an sásra acmhainneachta atá ann cheana agus trí scéimeanna tacaíochta eile (féach aithrisí 76 agus 78). Léiríonn torthaí na bpríomhcheantanna, go háirithe na cinn is déanaí (féach aithris 78), gur éirigh leis an acmhainneacht a chomhlíonann an teorainn astaíochta i gceantanna acmhainneachta.

(174)

Maidir le hathchóirithe rialála lena gcothaítear na hinfheistíochtaí is gá chun teacht in ionad giniúint ghualbhreoslaithe, leanfaidh an Pholainn de na bearta a áirítear ina plean cur chun feidhme a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta rialála breise curtha ar aghaidh ag an bPolainn le hamlíne cur chun feidhme, amhail deireadh a chur le teorainneacha le cur in úsáid gaoithe ar talamh, dlús a chur leis an bpróiseas ceadaithe agus feabhas a chur ar an bpróiseas maidir le nascadh le heangacha. Cruthóidh na bearta sin dálaí margaidh níos fabhraí le haghaidh infheistíochtaí san fhuinnimh in-athnuaite, freagairt ar an éileamh, stóráil, giniúint gásadhainte, acmhainneacht tarchurtha agus idirnaisc (féach aithrisí 82 go 85).

6.   FAD AN MHAOLAITHE

(175)

Le hAirteagal 64(2c), an fhomhír dheireanach den Rialachán Leictreachais, leagtar amach go bhféadfar an maolú a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i Roinn 5.3 thuas ar feadh fhad iomlán an mhaolaithe.

(176)

Tá sé beartaithe leis an gceanglas sin a áirithiú, má dheonaítear an maolú ar feadh 3 bliana, nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 64(2c), pointí (a) go (c) an tráth a dheonaítear an maolú, agus an tráth sin amháin, ach go gcomhlíonfar iad go dtí deireadh na tréimhse 3 bliana.

(177)

Mar a luaitear in aithris 2, d’iarr an Pholainn maolú ar an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 22(4), pointe (b) den Rialachán Leictreachais ón 1 Iúil 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028.

(178)

Tagraíonn an Coimisiún don mheasúnú faoi Roinn 5.3 thuas agus measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 64(2c), pointí (a) go (c) den Rialachán Leictreachais le haghaidh na bliana seachadta 2025. Is oth leis an gCoimisiún go ndearna an Pholainn an chéad cheant forlíontach i mí na Bealtaine 2025, sular eisíodh an Cinneadh seo. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur reáchtáladh an chéad cheant forlíontach ar an gcoinníoll nach bhfógrófaí torthaí deiridh an cheant ach amháin tar éis ghlacadh an Chinnidh seo (féach aithris 30).

(179)

Measann an Coimisiún freisin go bhfuil coimircí curtha i bhfeidhm ag an bPolainn chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin freisin le haghaidh na mblianta seachadta ina dhiaidh sin (féach e.g. aithrisí 27, 31, 34). Tugann an Coimisiún dá aire, dá mba ghá, go reáchtálfadh an Pholainn ceantanna forlíontacha le haghaidh na dtréimhsí seachadta seo a leanas: an dara leath de 2025 (conradh leathbhliantúil) agus na blianta seachadta 2026, 2027 agus 2028 (conarthaí bliantúla).

(180)

Ba cheart don Pholainn an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon athrú a dhéanann sí ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 64(2c), pointí (a) go (c) den Rialachán Leictreachais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an maolú.

7.   CONCLÚID

(181)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, deonaítear maolú don Pholainn de bhun Airteagal 64(2b) den Rialachán Leictreachais, faoi réir na gcoinníollacha a thuairiscítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear maolú do Phoblacht na Polainne ar Airteagal 22(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann leis an teorainn astaíochta don sásra acmhainneachta atá ann cheana arna fhormheas ag an gCoimisiún roimh an 4 Iúil 2019, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

Leasaíonn an Pholainn an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní chun na saincheisteanna a dtugtar tuairisc orthu in aithris (145) thuas a chur san áireamh. Go háirithe, déanfaidh an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní an méid seo a leanas:

(i)

meastachán ar an méid leictreachais atá le honnmhairiú ag an bPolainn amach anseo ar bhonn toradh cleachtaidh samhaltaithe agus úsáid á baint as toimhdí réasúnacha; agus

(ii)

meastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar sócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh agus a thógáil as an nua ar bhonn ioncaim agus costais mheasta thar thréimhse 10 mbliana seachas bliain amháin; agus

(iii)

údar a thabhairt leis na toimhdí maidir leis na patrúin chothabhála ar bhonn sceidil chothabhála iarbhír agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann na patrúin sin leis na meastacháin sa Mheasúnú Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní chun a léiriú gurb ionann iad agus sainiúlacht náisiúnta fhlít gineadóirí na Polainne.

(b)

Fíoraíonn údarás rialála náisiúnta na Polainne an bhfuil údar leis an méid iomlán acmhainneachta atá le soláthar faoin measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní nuashonraithe agus, go háirithe, an léiríonn sé riachtanais an chórais i gcásanna de ghanntanas comhuaineach.

Airteagal 2

Maidir le hacmhainneacht ghiniúna a thosaigh táirgeadh tráchtála roimh an 4 Iúil 2019 agus a astaíonn níos mó ná 550 g de CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh de leictreachas, féadfaidh Poblacht na Polainne a cheadú go ndéanfar í a ghealladh ar bhonn eisceachtúil nó go bhfaighidh sí íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo tar éis an 1 Iúil 2025 i gceantanna forlíontacha faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana arna fhormheas ag an gCoimisiún roimh an 4 Iúil 2019.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an maolú a dheonaítear faoi Airteagal 1 go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 64(2c) de Rialachán (AE) 2019/943 ar feadh thréimhse iomlán an mhaolaithe.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Dan JØRGENSEN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.

(2)   IO L, 2024/1747, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1747/oj.

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2018 maidir le Státchabhair Uimh. SA.46100 (2017/N) – An Pholainn – Sásra acmhainneachta beartaithe na Polainne.

(4)  Ceantanna breise le haghaidh na mblianta seachadta 2027 agus 2028, atá le déanamh in 2026 agus 2027 faoi seach.

(5)  PSE S.A., Tuarascáil a fhoilsiú de bhun Airteagal 15(i) den Dlí Fuinnimh, https://www.pse.pl/-/publikacja-raportu-zgodnie-z-art-15-i-ustawy-prawo-energetyczne?safeargs=696e686572697452656469726563743d747275652672656469726563743d253246686f6d65.

(6)  Mar a leagtar amach in Airteagal 6 d’Acht na Polainne an 24 Eanáir 2025 lena leasaítear an tAcht um an Margadh Acmhainneachta (Dziennik Ustaw [Iris na nDlíthe] 2025, mír 159).

(7)  Le hAirteagal 2(9) den Rialachán Leictreachais sainmhínítear VOLL mar ‘mheastachán, in euro/MWh, ar an bpraghas uasta leictreachais a mbíonn custaiméirí sásta a íoc chun éaradh a sheachaint’.

(8)  An 2 Deireadh Fómhair 2020 d’fhormheas ACER an mhodheolaíocht chun VOLL (‘modheolaíocht VOLL’), an costas ar iontráil nua (modheolaíocht an chostais ar iontráil nua) agus an caighdeán don iontaofacht (‘modheolaíocht an chaighdeáin don iontaofacht’) a ríomh, dá ngairtear le chéile ‘modheolaíocht le haghaidh méadrachtaí leormhaitheasa’: https://acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Decisions_annex/ACER%20Decision%2023-2020%20on%20VOLL%20CONE%20RS%20-%20Annex%20I.pdf.

(9)  Sainmhínítear é sin mar an meánlíon uaireanta in aghaidh na bliana ina meastar go mbeidh an soláthar níos ísle ná an t-éileamh faoi ghnáthoibriú an chórais.

(10)  Ríomh údarás rialála náisiúnta na Polainne an VOLL ag 80.6 míle PLN/MWh agus an costas ar iontráil nua mar a leanas: an costas seasta ar iontráil nua ag 559 608 PLN/MWh agus an costas athraitheach ar iontráil nua ag 0 PLN/MWh.

(11)  Le fáil ar líne ag https://dziennikustaw.gov.pl/DU/2024/1389.

(12)  An 2 Deireadh Fómhair 2020 d’fhormheas ACER modheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní (‘modheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní’) i gcomhréir le hAirteagal 23(3) den Rialachán Leictreachais. Féach Cinneadh ACER maidir le modheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní ag https://www.acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Individual%20Decisions_annex/ACER%20Decision%2024-2020%20on%20ERAA%20-%20Annex%20I_1.pdf.

(13)  Le fáil ag https://www.entsoe.eu/eraa/2023/.

(14)  Le fáil ag https://www.entsoe.eu/eraa/2024/.

(15)  Tuairim ACER Uimh. 01/2025 an 3 Feabhra 2025 maidir leis na difríochtaí idir an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní na Polainne agus Measúnú Eorpach 2023 ar Leormhaitheas Acmhainní.

(16)  Le fáil ag https://www.pse.pl/documents/20182/51490/250422_Opinion_response.pdf.

(17)  Ar fáil ag https://www.acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Individual%20Decisions/ACER%20Decision%2036-2020%20on%20cross-border%20participation_XBP%20CM_0.pdf.

(18)  Na hacmhainneachtaí guail sa mheascán giniúna leictreachais tar éis dhul in éag an mhaolaithe, is acmhainneachtaí iad atá ann cheana a conraíodh trí chomhaontuithe ilbhliantúla roimh an 31 Nollaig 2019 faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana.

(19)  Tugann an Pholainn dá haire go raibh an suirbhé oscailte do na rannpháirtithe uile sa mhargadh. Ghlac níos mó ná 120 eintiteas páirt, a rinne ionadaíocht ar ghineadóirí leictreachais, soláthróirí, oibreoirí, comhbhailitheoirí, tomhaltóirí leictreachais (lena n-áirítear tomhaltóirí tionsclaíocha), agus eile.

(20)  I bhFíoracha 2 agus 3 den Chinneadh seo, is cosúil go bhfuil laghdú teoranta tagtha ar acmhainneachtaí guail sa tréimhse 2028-2030 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil acmhainneachtaí guail sa mheascán giniúna leictreachais tar éis dhul in éag an mhaolaithe ina n-acmhainneachtaí atá ann cheana a conraíodh trí chomhaontuithe ilbhliantúla roimh an 31 Nollaig 2019 faoin sásra acmhainneachta atá ann cheana.

(21)  Glacann an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní leis go bhfaighfear na hacmhainneachtaí sin trí scéimeanna tacaíochta nua, trí scéimeanna tacaíochta atá ann cheana nó atá beartaithe agus trí thionscadail mhargadhbhunaithe.

(22)  Tá an oibleagáid acmhainneachta níos ísle ná acmhainneacht shuiteáilte na n-aonad, arb iad na haonaid iad a mheastar a bheidh ar an margadh gach bliain.

(23)  Státchabhair SA.109707 (2024/C) (ex 2024/N) – An Pholainn - Bearta cabhrach don chéad ghléasra cumhachta núicléiche sa Pholainn.

(24)  Státchabhair SA.51192 (2019/N) – An Pholainn – Tacaíocht CTÉ agus Státchabhair; SA.52530 (2019/N) – An Pholainn – Laghduithe ó mhuirir CTÉ le haghaidh Úsáideoirí Dianfhuinnimh.

(25)  Státchabhair SA.64713 (2021/N) – An Pholainn – Fadú na scéime tacaíochta le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite.

(26)  Státchabhair SA.55940 (2021/N) - An Pholainn – scéim um Ghaoth Amach ón gCósta.

(27)  Beidh na réitigh atá beartaithe faoi réir fhormheas na Státchabhrach ag an gCoimisiún.

(28)  Ar fáil ag https://circabc.europa.eu/ui/group/8f5f9424-a7ef-4dbf-b914-1af1d12ff5d2/library/6184db18-c5ad-4c82-a2d3-1d2564e1a7a7/details.

(29)  De réir an Airteagail sin, ní mór do shásra acmhainneachta an méid seo a leanas a dhéanamh: (b) ní chruthóidh siad saobhadh margaidh míchuí ná ní chuirfidh siad teorainn le trádáil thraschreasach; (c) ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní ó thaobh leormhaitheasa de; (d) roghnóidh siad soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas trédhearcach neamh-idirdhealaitheach iomaíoch; (e) soláthróidh siad dreasachtaí chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil le linn brú réamh-mheasta ar chórais; (f) áireoidh siad go gcinnfear an luach saothair tríd an bpróiseas iomaíoch; (g) leagfaidh siad amach na coinníollacha teicniúla is gá le haghaidh rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta roimh an bpróiseas roghnúcháin; (h) beidh siad oscailte do rannpháirtíocht na n-acmhainní uile atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, lena n-áirítear bainistíocht ó thaobh stórála agus éilimh de; agus (i) cuirfidh siad pionóis iomchuí i bhfeidhm ar sholáthraithe acmhainneachta i gcás nach bhfuil siad ar fáil i gcás brú ar chórais.

(30)  Úsáideadh toimhdí costais sonracha náisiúnta le haghaidh costais sheasta oibriúcháin na ngléasraí cumhachta guail atá ann cheana agus le haghaidh toimhdí maidir le freagairt don éileamh agus acmhainneacht stórála agus cumhacht núicléach, cumhacht ghaoithe agus grianchumhacht. Baineadh úsáid as an staidéar is déanaí ar chostas ar iontráil nua chun meastachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann le teicneolaíochtaí iontrála nua a d’fhéadfadh a bheith ann.

(31)  Féach aithris 36 thuas le haghaidh na sprioc-acmhainneachta measta le haghaidh na gceantanna forlíontacha do na blianta seachadta 2025 go 2028.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/341/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top