Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D02634

Cinneadh ón gComhairle an 5 Bealtaine 2026 maidir leis an gcomhalta den Choiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle a cheapadh

ST/7986/2026/INIT

IO C, C/2026/2634, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2634/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2634/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2634

8.5.2026

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Bealtaine 2026

maidir leis an gcomhalta den Choiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle a cheapadh

(C/2026/2634)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 91/116/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(1), pointe (b), (ii), de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an 20 Márta 2026,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh uaithi an 29 Eanáir 2024 (2), cheap an Chomhairle Ylva HEDÉN WESTERDAHL mar chomhalta a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle ar an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach ar feadh téarma 5 bliana.

(2)

D’éirigh ionadaí na Comhairle ar an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach, Ylva HEDÉN WESTERDAHL, as oifig an 18 Nollaig 2025.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh a dhéanfaidh ionadaíocht don Chomhairle ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige, dar críoch an 10 Feabhra 2029. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Robert KIRCHNER mar chomhalta a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle ar an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach go dtí an 10 Feabhra 2029.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)   IO L 73, 15.3.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/234(1)/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 maidir leis an gcomhalta den Choiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle a cheapadh (IO C, C/2024/1454, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1454/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2634/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top