This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026B1048
Decision (EU) 2026/1048 of the Single Resolution Board of 14 April 2026 on discharge in respect of the implementation of the budget and on the closure of the accounts of the Single Resolution Board (SRB) for the financial year 2024 (SRB/PS/2026/08)
Cinneadh (AE) 2026/1048 Ón mBord Réitigh Aonair an 14 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid agus i ndáil le dúnadh chuntais an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) don bhliain airgeadais 2024 (SRB/PS/2026/08)
Cinneadh (AE) 2026/1048 Ón mBord Réitigh Aonair an 14 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid agus i ndáil le dúnadh chuntais an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) don bhliain airgeadais 2024 (SRB/PS/2026/08)
IO L, 2026/1048, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1048/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1048 |
8.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1048 ÓN mBORD RÉITIGH AONAIR
an 14 Aibreán 2026
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid agus i ndáil le dúnadh chuntais an Bhoird Réitigh Aonair (‘BRA’) don bhliain airgeadais 2024 (SRB/PS/2026/08)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN BORD RÉITIGH AONAIR,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), agus go háirithe, Airteagail 50(1)(b) agus 63(8) den Rialachán maidir le Sásra Réitigh Aonair,
Ag féachaint d’Airteagail 97, 98 agus 99 de Rialachán Airgeadais an BRA an 6 Feabhra 2025,
Ag féachaint do Chlár Oibre BRA 2024 mar a glacadh é an 21 Samhain 2023 (‘Clár Oibre 2024’),
Ag féachaint do Chuntais Bhliantúla Deiridh BRA don bhliain airgeadais 2024 mar a glacadh iad an 27 Meitheamh 2025 (‘Cuntais Bhliantúla Deiridh 2024’),
Ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil BRA don bhliain airgeadais 2024 mar a glacadh í an 12 Meitheamh 2025 (‘Tuarascáil Bhliantúil 2024’),
Ag féachaint don Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cuntais bhliantúla an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) don bhliain airgeadais 2024, mar aon leis na freagraí ón BRA (‘Tuarascáil Bhliantúil 2024 ón gCúirt Iniúchóirí’),
Ag féachaint don Tuarascáil ar Chuntais Bhliantúla Deiridh 2024 lena n-áirítear tuairimí iniúchóireachta dar dáta an 18 Meitheamh 2025 arna n-ullmhú ag PKF (‘Tuarascáil Iniúchóireachta PKF 2024’),
Ag féachaint don Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 806/2014) maidir le haon dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as feidhmiú a gcúraimí ag an mBord Réitigh Aonair, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún faoi Rialachán SRA don bhliain airgeadais 2024 (‘Tuarascáil um Dhliteanais Teagmhasacha na Cúirte Iniúchóirí 2024’),
Ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Iniúchta Inmheánaigh 2024 dar dáta an 14 Eanáir 2025,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal Aonair
1. Urscaoileadh a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair maidir le buiséad BRA a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2024;
2. Dúnadh chuntais BRA a fhaomhadh don bhliain airgeadais 2024;
3. A thuairimí a leagan amach sa rún thíos;
4. Treoir a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair an Cinneadh seo a chur in iúl don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí lena shocrú go bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L), agus ar shuíomh gréasáin BRA.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe.
Thar ceann an Bhoird Réitigh Aonair
Mark CASSIDY
Comhalta Iomlánach
(1) IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1048/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)