This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026B0060
Decision (EU) 2026/60 of the European Parliament of 22 October 2025 on discharge in respect of the implementation of the general budget of the European Union for the financial year 2023, Section II – European Council and Council
Cinneadh (AE) 2026/60 ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
Cinneadh (AE) 2026/60 ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
IO L, 2026/60, 13.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/60/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/60 |
13.1.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/60 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 22 Deireadh Fómhair 2025
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10-0069/2024) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gComhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2023, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023, maille leis na freagraí ó na hinstitiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi an 7 Bealtaine 2025 (5) lena ndéantar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2023 a chur ar atráth, agus don rún a ghabhann leis, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (7), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0167/2025), |
|
1. |
ag diúltú d’urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2023; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.
(2) IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.
(3) IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.
(4) IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.
(5) IO L, 2025/1596, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1596/oj.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.
(7) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/60/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)