Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026A04085

Tuairim ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2026 maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann arna athbhunú ag an Ísiltír ag a teorainneacha inmheánacha talún agus aeir i gcomhréir le hAirteagal 27a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen)

C/2026/3555

IO C, C/2026/4085, 24.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4085/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4085/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/4085

24.7.2026

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2026

maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann arna athbhunú ag an Ísiltír ag a teorainneacha inmheánacha talún agus aeir i gcomhréir le hAirteagal 27a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen)

(Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

(C/2026/4085)

(1)   

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac.

(2)   

De bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (códú) (1), d’fhéadfadh Ballstát, nuair a bhíonn bagairt thromchúiseach ann ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil sealadach ag a theorainneacha inmheánacha ar fad nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha. Níor cheart an méid sin a dhéanamh ach amháin mar rogha dheiridh agus maidir le raon feidhme agus fad athbhunú sealadach an rialaithe teorann, níor cheart go sáródh sé sin an méid is gá chun freagairt don bhagairt thromchúiseach a sainaithníodh.

(3)   

Sonraítear in Airteagal 25a(4) de Chód Teorainneacha Schengen, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach intuartha, nach mór dó fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le hathbhunú beartaithe an rialaithe sin, 4 seachtaine ar a dhéanaí roimh athbhunú beartaithe an rialaithe teorann, nó a luaithe is féidir i gcás ina bhfaigheann an Ballstát amach faoi na himthosca is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú níos lú ná 4 seachtaine roimh an athbhunú atá beartaithe.

(4)   

Ceanglaítear le hAirteagal 27a(3) de Chód Teorainneacha Schengen ar an gCoimisiún, tar éis dó fógraí a fháil arna gcur isteach i ndáil le rialú teorann ag an teorainn inmheánach a fhadú faoi Airteagal 25a(4) arb é a bhíonn mar thoradh air sin go leantar den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh 12 mhí san iomlán, ar bhonn an fhorais chéanna, tuairim a eisiúint maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann leis an rialú teorann sin.

(5)   

Rinneadh athbhreithniú substaintiúil ar an gcreat chun rialú teorann inmheánaí a athbhunú agus a fhadú le Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a tháinig i bhfeidhm an 10 Iúil 2024. Dá bhrí sin, rinneadh tús na dtréimhsí uile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II de Chód Teorainneacha Schengen a ríomh ón dáta sin.

(6)   

Le litir dar dáta an 11 Samhain 2024, thug údaráis na hÍsiltíre fógra faoi rialú teorann a bhunú ar bhonn Airteagal 25a de Chód Teorainneacha Schengen, ag na teorainneacha inmheánacha talún agus aeir, ar feadh tréimhse 6 mhí, ón 9 Nollaig 2024 go dtí an 8 Meitheamh 2025.

(7)   

Le litir dar dáta an 25 Aibreán 2025, thug údaráis na hÍsiltíre fógra faoin athbhunú a fhadú ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, ón 9 Meitheamh 2025 go dtí an 8 Nollaig 2025.

(8)   

Le litir dar dáta an 10 Samhain 2025, thug údaráis na hÍsiltíre fógra faoi athbhunú an rialaithe teorainn inmheánaí a fhadú an dara huair ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, ón 9 Nollaig 2025 go dtí an 8 Meitheamh 2026. Le litir dar dáta an 8 Bealtaine 2026, thug údaráis na hÍsiltíre fógra faoi athbhunú an rialaithe teorainn inmheánaí a fhadú an tríú huair ar feadh tréimhse bhreise 3 mhí agus 22 lá, ón 9 Meitheamh 2026 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.

(9)   

An 16 Eanáir 2026 agus i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Chód Teorainneacha Schengen, chuir an Ísiltír tuarascáil isteach maidir le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí le haghaidh na tréimhse idir an 9 Nollaig 2024 agus an 8 Nollaig 2025.

(10)   

Bhí an Ísiltír páirteach in idirphlé struchtúrtha an Choimisiúin maidir le rialú teorann inmheánaí a athbhunú. Tar éis fógraí a fháil ón Ísiltír maidir le fadú, leanadh den idirphlé struchtúrtha sin mar chuid de phróiseas comhairliúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 27a(4) de Chód Teorainneacha Schengen.

(11)   

Tugadh tuairisc ar staid na himeartha faoi láthair ag na teorainneacha inmheánacha sa Tuarascáil ar Staid Schengen an 23 Aibreán 2025 (3) agus pléitear go tráthrialta í ag Comhairle Schengen.

(12)   

Tar éis dó fógraí a fháil arna gcur isteach i ndáil le rialú teorann ag an teorainn inmheánach a fhadú faoi Airteagal 25a(4) arb é a bhíonn mar thoradh air sin go leantar den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh níos mó ná 12 mhí san iomlán, tá an Coimisiún le tuairim a eisiúint maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann leis an rialú teorann sin, dá bhforáiltear in Airteagal 27a(3) de Chód Teorainneacha Schengen. Tháinig an oibleagáid sin chun cinn nuair a fuarthas an fógra maidir le rialú teorann a fhadú ag gach teorainn inmheánach talún an 25 Aibreán 2025.

(13)   

Tar éis measúnú a dhéanamh ar na fógraí thuasluaite uile agus ar an tuarascáil thuasluaite, arna forlíonadh leis an bhfaisnéis a sholáthair an Ísiltír faoi chuimsiú an phróisis comhairliúcháin agus doiciméid oifigiúla eile, nithe atá ar fáil go poiblí, glacann an Coimisiún an Tuairim seo a leanas.

MEASÚNÚ AR NA FÓGRAÍ AGUS AR AN TUARASCÁIL

I.   CEANGLAIS FHOIRMIÚLA

(14)

Faoi chuimsiú fógraí, forchuirtear roinnt oibleagáidí foirmiúla ar na Ballstáit le Cód Teorainneacha Schengen.

(15)

Tugadh fógraí faoi athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí chomh maith leis na faduithe air i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 25a(4) de Chód Teorainneacha Schengen, is é sin 4 seachtaine ar a dhéanaí roimh theacht i bhfeidhm fhadú an rialaithe teorann inmheánaí.

(16)

Rinneadh na fógraí maidir le hathbhunú agus faduithe an rialaithe teorainn inmheánaí trí úsáid a bhaint as an teimpléad a bunaíodh chun na críche sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/315 ón gCoimisiún (4).

(17)

Níor chuir an Ísiltír ainmneacha na bpointí trasnaithe teorann údaraithe in iúl ina fógra mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen.

(18)

Le hAirteagal 27(2) de Chód Teorainneacha Schengen, ceanglaítear ar na Ballstáit, i gcásanna ina bhfuil an rialú teorann i bhfeidhm ar feadh 6 mhí, measúnú riosca a sholáthar in aon fhógra ina dhiaidh sin ina léireofar scála agus éabhlóid réamh-mheasta na bagartha tromchúisí. Tugann an Coimisiún dá aire nár tugadh an measúnú riosca ar an mbagairt thromchúiseach tráth an fhógra maidir le fadú cothrom le dáta sna fógraí maidir leis na faduithe. Cuireann sé i dtábhacht go láidir a thábhachtaí atá sé measúnú riosca den sórt sin a dhéanamh agus treochtaí i bhforbairt na bagartha tromchúisí sa tréimhse roimhe sin maidir le rialú teorann inmheánaí a athbhunú á gcur san áireamh agus úsáid á baint as anailísí riosca arna n-ullmhú ar an leibhéal náisiúnta agus ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

(19)

An tuarascáil maidir le rialú teorann inmheánaí a athbhunú agus a fhadú, ar bhonn Airteagal 33(2) de Chód Teorainneacha Schengen, tuarascáil a bhí le cur isteach ag an Ísiltír an 8 Nollaig 2025 (ar dhul in éag 12 mhí di), cuireadh isteach an 26 Eanáir 2026 í.

(20)

Leanann an tuarascáil maidir le rialú teorainn inmheánaí a athbhunú agus a fhadú an fhormáid aonfhoirmeach a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/308 ón gCoimisiún (5).

II.   RIACHTANAS AGUS COMHRÉIREACHT

Seasamh Údaráis na hÍsiltíre

(21)

Ina bhfógraí uile, agraíonn údaráis na hÍsiltíre gur ann do bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach mar thoradh ar bhrú leanúnach ard carnach ar an gcóras náisiúnta tearmainn agus imirce, mar gheall ar shreabhadh na n-imirceach neamhrialta agus na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, chomh maith le náisiúnaigh na hÚcráine a cháilíonn do chosaint shealadach.

(22)

Is é is aidhm d’athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí teorainn a chur leis an líon imirceach neamhrialta agus iarrthóirí tearmainn chun an brú ar sheirbhísí poiblí na hÍsiltíre a laghdú, go háirithe an acmhainneacht glactha tearmainn agus tithíocht phoiblí, chomh maith le cláir cúraim sláinte, oideachais agus imeasctha.

(23)

Tarraingíonn údaráis na hÍsiltíre aird ar an méid seo a leanas:

leibhéal íseal aistrithe Bhaile Átha Cliath, ós rud é nach féidir fillteacha faoi chóras Bhaile Átha Cliath a dhéanamh ar na Ballstáit fhreagracha;

na dúshláin leanúnacha a bhaineann le smuigleáil daoine agus ionstraimiú daoine;

an riosca do shláinte agus do shábháilteacht iarrthóirí tearmainn agus ball foirne atá ag obair in ionaid ghlactha mar gheall ar phlódú;

an méadú atá ag teacht ar an líon bardas san Ísiltír a thugann le fios nach féidir leo freastal ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ná tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a thuilleadh;

an riosca don bheartas poiblí agus don tsábháilteacht mar thoradh ar achrann agus cionta coiriúla atá déanta ag iarrthóirí tearmainn, go minic ó thíortha a bhfuil ráta íseal aitheantais acu;

An tionchar diúltach ar thacaíocht phoiblí maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

(24)

Tugann údaráis na hÍsiltíre le fios go dtugann athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí níos mó solúbthachta d’údarás garda teorann na hÍsiltíre maidir le seiceálacha teorann a fheidhmiú, rud a fhágann gur féidir níos mó seiceálacha a dhéanamh ar feadh tréimhse níos faide ag an suíomh céanna ná mar a dhéantar faoin reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear na seiceálacha forfheidhmithe dlí a bhí ann cheana i limistéir teorann (‘Faireachán ar Shlándáil Shoghluaiste’) arna ndéanamh ag Marechausee Ríoga na hÍsiltíre.

(25)

Áitíonn údaráis na hÍsiltíre go bhfuil cuspóir níos leithne ag rialú teorann inmheánaí ná na seiceálacha forfheidhmithe dlí a bhí ann roimhe seo i limistéir teorann, lena gcuidítear le himirce neamhdhleathach a bhrath agus a chosc agus le coireacht trasteorann, lena n-áirítear smuigleáil daoine, a bhrath.

(26)

Le linn an chéad 12 mhí d’athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí, dhiúltaigh údarás garda teorann na hÍsiltíre do thart ar 533 náisiúnach tríú tír teacht isteach agus ghabh sé 265 dhuine aonair i ndáil le coireacht, amhail smuigleáil daoine (39 nduine), gáinneáil ar dhaoine (duine amháin), coireanna a bhaineann le drugaí, calaois doiciméad agus cionta tráchta.

(27)

I ndáil le teorainneacha aeir, tá an rialú teoranta d’eitiltí sonracha a bhfuil baint acu, de réir anailís riosca nó faisnéise, le riosca imirce neamhdhleathaí nó coireachta trasteorann.

(28)

Ag na teorainneacha inmheánacha talún, tá an rialú teoranta don íosmhéid agus déantar é ar bhealach neamhchórasach rioscabhunaithe, i bhfoirm spotseiceálacha spriocdhírithe.

Barúlacha ón gCoimisiún

(29)

Chuir údaráis na hÍsiltíre faisnéis ar fáil maidir leis na gnéithe éagsúla de na bagairtí tromchúiseacha sainaitheanta ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil inmheánach chomh maith le hargóintí chun bunús a thabhairt leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann leis an rialú teorann a athbhunaíodh. Chomhroinn siad leis an gCoimisiún freisin an fhaisnéis a seoladh chuig parlaimint na hÍsiltíre maidir leis na torthaí ar rialú teorann inmheánaí a athbhunú.

(30)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil staid chasta imirce roimh an Ísiltír, mar is léir ó shonraí maidir leis an líon foriomlán iarratas ar thearmann, lena n-áirítear na hiarratais sin a thaisctear tar éis teacht isteach neamhúdaraithe, iarratais ó iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta atá cláraithe i mBallstát eile, iarratais ó thairbhithe cosanta idirnáisiúnta i mBallstát eile, chomh maith leis an líon ceadanna dul isteach arna n-eisiúint do bhaill teaghlaigh dídeanaithe aitheanta chun críoch athaontaithe teaghlaigh. Rinne an gá tacaíocht a thabhairt do thairbhithe cosanta sealadaí tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine difear freisin d’acmhainneacht na hÍsiltíre dálaí glactha leormhaithe a sholáthar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

(31)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfadh gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír a bheith ina bhforas le rialú teorann inmheánaí a athbhunú más rud é go bhfuil na gluaiseachtaí neamhúdaraithe sin ina mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. I ndáil leis sin, in Airteagal 25(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen, tagraítear go sonrach don staid ina gcuireann gluaiseachtaí tobanna neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír ar mórscála idir na Ballstáit brú substaintiúil ar acmhainní foriomlána agus ar acmhainneachtaí na n-údarás inniúil dea-ullmhaithe, rud ar dócha go gcuirfidh sé feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú teorann inmheánaí i mbaol.

(32)

Cuireann an Coimisiún i dtábhacht nach rud é athbhunú an rialaithe teorann inmheanaí a athraíonn oibleagáidí na hÍsiltíre faoi na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais maidir le tearmann agus filleadh mar gheall ar rialú teorann inmheánaí a athbhunú. Tríd an rialú teorann inmheánaí a athbhunú, d’fhéadfaí rannchuidiú le trasnuithe teorann neamhúdaraithe isteach ar chríoch Bhallstáit a bhrath, leis an athligean isteach tapa ag an teorainn inmheánach a éascú agus lena áirithiú go mbraitear gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta go pras, rud a fhágann gur féidir rialacha Rialachán Bhaile Átha Cliath (6) maidir le leithdháileadh freagrachta as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a chur i bhfeidhm i gceart. Mar sin féin, níl sna fógraí ach faisnéis theoranta maidir leis an líon gabhálacha agus athligean isteach ag na ranna éagsúla den teorainn inmheánach a thabharfadh údar le hathbhunú agus faduithe an rialaithe teorann inmheánaí.

(33)

Tugann an Coimisiún faoi deara go léiríonn sonraí a fuarthas le déanaí go bhfuil feabhas mór tagtha ar staid imirce na hEorpa agus ar an staid imirce náisiúnta araon san Aontas. Thug an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta laghdú géar ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe faoi deara in 2024. In 2025, tháinig laghdú aon cheathrú ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais i gcomparáid le 2024 (180 429 in 2025, i gcomparáid le 240 199 in 2024). De réir sonraí atá ar fáil go poiblí ó rialtas na hÍsiltíre, tháinig laghdú 16 % ar an líon céad iarratas ar thearmann in 2024, agus tháinig laghdú seasta eile air in 2025, rud a meastar a leanfaidh ar aghaidh leis in 2026. Tá an laghdú sin mar chuid de threocht níos leithne, mar gheall ar iarrachtaí comhchoiteanna méadaithe chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, agus ní féidir é a chur i leith athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí ag an Ísiltír.

(34)

Tugann an Coimisiún faoi deara gur tháinig Cúirt Iniúchóirí na hÍsiltíre, mar aon le Comhairle Chomhairleach na hÍsiltíre maidir leis an Imirce agus an Chomhairle um Riarachán Poiblí ar an gconclúid go bhfuil géarchéim ghlactha na hÍsiltíre mar thoradh ar easpa cistiú leordhóthanach agus toisc nár éirigh leo acmhainneacht ghlactha struchtúrach a choinneáil ar bun (7).

(35)

Tugann an Coimisiún faoi deara gur tháinig Cúirt Iniúchóirí na hÍsiltíre ar an gconclúid nach laghdaítear an líon iarratas ar thearmann leis an athbhunú ar rialú teorann inmheánaí atá ann faoi láthair agus gur beag tionchar atá aige ar an mbrú ar an gcóras náisiúnta tearmainn. Cé go bhfuil méadú tagtha ar an líon diúltuithe cead isteach i gcomparáid le seiceálacha forfheidhmithe dlí a rinneadh roimhe seo, tagtar roimh níos lú ná 1 % d’iarrthóirí tearmainn ag an teorainn, agus níl méadú mór tagtha ar ghabhálacha ná ar dhíbirtí agus i gcásanna áirithe tá laghdú tagtha orthu (8).

(36)

Tugann an Coimisiún dá aire nach luaitear sna fógraí ná sa tuarascáil cúiseanna sonracha le rogha an raoin feidhme gheografaigh agus ama a bhaineann leis an gcinneadh rialú teorann inmheánaí a athbhunú. Níl aon mhíniú ann ar cén fáth a ndealraíonn sé gurb é an tréimhse 6 mhí, seachas tréimhse níos giorra, an tréimhse is iomchuí. Ní dhéantar aon idirdhealú a mhéid a bhaineann leis an mbrú imirce feadh na teorann idir an Ísiltír agus an Bheilg agus feadh na teorann idir an Ísiltír agus an Ghearmáin.

(37)

Tugann an Coimisiún dá aire go ndéantar seiceálacha teorann mar spotseiceálacha chun an tionchar ar thaisteal trasteorann a theorannú.

III.   BEARTA MALARTACHA

Seasamh Údaráis na hÍsiltíre

(38)

Chuir údaráis na hÍsiltíre roinnt bearta malartacha chun cinn a úsáideann siad i ndáil le rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha talún agus aeir.

(39)

Maidir leis an gcomhar leis an nGearmáin, tarraingíonn údaráis na hÍsiltíre aird ar an gconradh idir an Ísiltír agus an Ghearmáin maidir le comhar póilíneachta trasteorann (Conradh Enschede), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2006, chomh maith le dlúthchomhar idir póilíní na Gearmáine agus póilíní na hÍsiltíre agus údarás an gharda teorann i limistéir teorann faoi chuimsiú Lárionad Comhpháirteach Comhordaithe Teorann agus cúig Fhoireann Póilíní Trasteorann.

(40)

I ndáil leis an gcomhar leis an mBeilg, tharraing údaráis na hÍsiltíre aird ar chonradh nuashonraithe Benelux maidir le comhar póilíneachta a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023, lenar féidir faisnéis a mhalartú ar bhealach níos fearr agus lena gcothaítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha póilíneachta agus forfheidhmithe dlí i limistéir teorann.

(41)

Áitíonn údaráis na hÍsiltíre go mbíonn siad i dteagmháil lena gcomhpháirtithe Gearmánacha agus Beilgeacha araon chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann ag na teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear maidir le hathligean isteach. Tháinig an Ísiltír agus an Bheilg ar chomhaontú maidir le prótacal comhair chun feabhas a chur ar athligean isteach imirceach neamhrialta a ghabhtar ag na teorainneacha inmheánacha.

(42)

Baineann údarás garda teorann na hÍsiltíre úsáid as réitigh theicneolaíocha éagsúla, go háirithe uathaithint uimhirphlátaí (ANPR).

(43)

Cuireann údaráis na hÍsiltíre in iúl go mbíonn teorainn le húsáid seiceálacha forfheidhmithe dlí i limistéir teorann mar gheall ar an dlí náisiúnta agus, dá bhrí sin, go bhfuiltear ag obair ar an reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear an ‘Faireachán ar Shlándáil Shoghluaiste’ a leasú, d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht seiceálacha forfheidhmithe dlí agus cur léi, lena n-áirítear athruithe ar na srianta ar líon agus ar fhad na seiceálacha sin.

(44)

Is céim i dtreo oibríochtú Airteagal 23a de Chód Teorainneacha Schengen é an t-athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil maidir le ‘Faireachán ar Shlándáil Shoghluaiste’ freisin, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí imircigh neamhrialta a ghabhtar ag an teorainn náisiúnta a fhilleadh go tapa.

Barúlacha ón gCoimisiún

(45)

Sular athbhunaíodh rialú teorann inmheánaí, bhí an Ísiltír ag brath i gcónaí ar sheiceálacha póilíneachta i limistéir teorann, fiú nuair a bhí géarchéim imirce agus tearmainn 2015 agus paindéim COVID-19 i mbarr a réime.

(46)

Tháinig Cúirt Iniúchóirí na hÍsiltíre ar an gconclúid, cé go raibh athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí níos éifeachtaí maidir leis an imirce neamhdhleathach a chomhrac, nach raibh sé níos éifeachtaí maidir le coireacht trasteorann a chomhrac ná an córas ‘Faireachán ar Shlándáil Shoghluaiste’ a bhí ann cheana (9).

(47)

Obair leantach údaráis na hÍsiltíre maidir leis an reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear an ‘Faireachán ar Shlándáil Shoghluaiste’ a leasú, d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht seiceálacha forfheidhmithe dlí agus cur léi, lena n-áirítear athruithe ar na srianta ar líon agus ar fhad na seiceálacha sin.

(48)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil comhaontuithe maidir le hathligean isteach ann idir an Ísiltír agus a Ballstáit chomharsanachta. Tugann sé faoi deara go ngníomhaíonn an Ísiltír i gcomhréir le rialacha ábhartha dhlí an Aontais agus i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm Chód Teorainneacha Schengen agus na Treorach um Fhilleadh (10) ag teorainneacha inmheánacha ina n-athbhunaítear an rialú.

(49)

Cinneann an Coimisiún gur chuir údaráis na hÍsiltíre faisnéis neamhleor ar fáil chun a mhíniú cén fáth nach féidir le cur i bhfeidhm seiceálacha forfheidhmithe dlí i limistéir teorann a bheith ina rogha mhalartach ar rialú teorann inmheánaí a athbhunú, go háirithe i bhfianaise na taithí a fuarthas roimhe seo leis an ‘Faireachán ar Shlándáil Shoghluaiste’.

IV.   BEARTA MAOLAITHE

Seasamh Údaráis na hÍsiltíre

(50)

Áitíonn údaráis na hÍsiltíre go bhfuil bearta déanta acu chun a áirithiú go laghdófaí an tionchar a bheadh ag athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí a oiread agus is féidir.

(51)

Seachnaíonn an t-údarás garda teorann cur isteach ar thrácht a mhéid is féidir trí rialú a dhéanamh mar spotseiceálacha rioscabhunaithe.

(52)

Tá údaráis na hÍsiltíre fós i ndlúth-theagmháil leis na húdaráis áitiúla ar an dá thaobh den teorainn. Rinne siad faireachán ar shreabha tráchta agus ar réigiúin trasteorann ó theacht i bhfeidhm athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí, trí theagmhálacha le húdaráis áitiúla, le haireachtaí rialtais eile agus le tíortha comharsanachta. Níor thuairiscigh siad aon tionchar diúltach suntasach.

(53)

Tá sé tugtha le fios ag roinnt réigiúin trasteorann go bhféadfadh athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí a bheith ina bhacainn shíceolaíoch, rud a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do thionscnaimh um chomhar trasteorann chomh maith leis an margadh saothair trasteorann agus an comhtháthú idirnáisiúnta.

Barúlacha ón gCoimisiún

(54)

Léirítear sna fógraí a chuir údaráis na hÍsiltíre isteach go bhfuil siad tiomanta a áirithiú go leanfaidh tionchar an rialaithe teorann inmheánaí de bheith teoranta mar a cheanglaítear le hAirteagal 26(3) de Chód Teorainneacha Schengen.

(55)

Déantar rialú teorann ar bhealach spriocdhírithe rioscabhunaithe, chun an tionchar ar thaisteal trasteorann a theorannú.

(56)

Tá teorainn leis an tionchar tuairiscithe a bhí ag athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí arna dhéanamh ag an Ísiltír, rud a mhaolaigh ábhair imní a chuir údaráis áitiúla in iúl tráth an athbhunaithe. An tráth céanna, tá tuairiscí ann go bhfuil plódú mór tráchta ag an teorainn idir an Ísiltír agus an Ghearmáin, rud is féidir gurb é an géarú forchéimnitheach ar rialú teorann inmheánaí arna dhéanamh ag an nGearmáin is cúis leis, áfach.

(57)

Tá fógra tugtha ag an Ísiltír faoina réigiúin trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 42b de Chód Teorainneacha Schengen.

(58)

Murab ionann agus an tuarascáil, ní shainaithnítear sna fógraí ón Ísiltír na réigiúin trasteorann ábhartha lena mbaineann athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí ná ní léirítear iontu na bearta a rinneadh i gcomhar le húdaráis na Gearmáine chun aghaidh a thabhairt ar chur isteach ar shreabha tráchta ag an teorainn idir an Ghearmáin agus an Ísiltír. Níl aon fhaisnéis ann maidir le bearta saincheaptha de réir réigiún teorann nó catagóir taistealaithe riachtanacha chun éascaíocht an taistil trasteorann a áirithiú.

V.   MOLTAÍ

(59)

Tá limistéar Schengen dea-fheidhmiúil ag brath ar chur chun feidhme iomlán agus éifeachtach an acquis maidir le himirce agus tearmann. Beidh tús chur i bhfeidhm an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann an 23 Meitheamh 2026 ina spreagadh tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír nó ábhair imní imirce agus slándála a bhaineann leis an imirce neamhdhleathach, ar ábhair imní iad a chuir an Ísiltír in iúl chun údar a thabhairt le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí.

(60)

Cuireann an Coimisiún in iúl, de bhun an Rialacháin maidir le Scagadh (11), atá mar chuid den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, go bhfuil seiceáil slándála ar na bunachair sonraí ábhartha uile ina cuid den scagadh ag na teorainneacha seachtracha, agus laistigh den chríoch freisin.

(61)

Ba cheart d’údaráis na hÍsiltíre leas iomlán a bhaint as na bearta malartacha atá ar fáil mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2024/268 ón gCoimisiún (12) agus as na féidearthachtaí faoi Chód Teorainneacha Schengen. Ba cheart na bearta atá ann cheana a threisiú agus a chomhlánú leis na bearta sin. Is modh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí iad chun ardleibhéal rialaithe slándála agus imirce a áirithiú, gan gá le rialú teorann inmheánaí a athbhunú.

(62)

Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an bealach ina ndéantar seiceálacha teorann, is é sin i bhfoirm spotseiceálacha rioscabhunaithe, fós indéanta faoi Airteagal 23 de Chód Teorainneacha Schengen, gan iallach a bheith ann rialú teorann inmheánaí a athbhunú go hoifigiúil ná baint den tslándáil, ar choinníoll nach mbeidh éifeacht choibhéiseach ag na seiceálacha sin le seiceálacha teorann, rud a éilíonn go mbeidh a minicíocht, a ndéine agus a bhfad teoranta i gcónaí (13).

(63)

Meabhraíonn an Coimisiún, dá bhfillfeadh an Ísiltír ar an gcleachtas a bhí ann roimhe seo i ndáil le seiceálacha ar fhorfheidhmiú an dlí i limistéir teorann, le hAirteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen beidh údaráis na hÍsiltíre i gcónaí in ann an rialú teorann inmheánaí a athbhunú láithreach dá mba gá sin chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil náisiúnta a thiocfadh chun cinn gan choinne mar gheall ar imeachtaí nárbh fhéidir a thuar.

(64)

Molann an Coimisiún don Ísiltír a comhar agus a malartú faisnéise lena gcomharsana a fhorbairt a thuilleadh, lena gcuirtear feabhas ar shocruithe oibríochtúla faoi na comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha maidir le hathligean isteach atá ann cheana nó agus/nó trí shocruithe praiticiúla a thabhairt i gcrích chun an nós imeachta aistrithe faoi Airteagal 23a de Chód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, chomh maith lena comhar a threisiú faoina comhaontuithe déthaobhacha maidir le comhar póilíneachta.

(65)

Ba cheart don Ísiltír aghaidh a thabhairt ar aon bhacainn dhlíthiúil nó oibríochtúil a chuireann bac ar an éifeachtacht a fheabhsú agus ar raon feidhme beart malartach a leathnú, amhail teorainneacha faoin dlí náisiúnta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 23 de Chód Teorainneacha Schengen.

(66)

Ar deireadh, ar bhonn scála agus chineál na mbeart malartach atá curtha i bhfeidhm ag údaráis na hÍsiltíre, ba cheart don Ísiltír oibriú i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha talún agus aeir. Fanfaidh an Coimisiún i ndlúth-theagmháil leis na Ballstáit uile lena mbaineann chun an sprioc sin a bhaint amach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Magnus BRUNNER

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (IO L, 2024/1717, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj).

(3)  COM (2025) 185 final.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/315 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2025 lena mbunaítear teimpléad chun fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach (IO L, 2025/315, 17.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/315/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/308 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2025 lena mbunaítear formáid aonfhoirmeach le haghaidh na tuarascála ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/308, 17.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/308/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(7)  Algemene Rekenkamer, Focus op opvangcapaciteit voor asielzoekers, tuarascáil, an 18 Eanáir 2023; Adviesraad Migratie en Raad voor Openbaar Bestuur, Asielopvang uit de crisis, tuarascáil an 17 Meitheamh 2022.

(8)  Algemene Rekenkamer, Focus op grenscontroles, tuarascáil an 3 Meitheamh 2025 .

(9)  Algemene Rekenkamer, Focus op grenscontroles, tuarascáil an 3 Meitheamh 2025.

(10)  Breithiúnas ón gCúirt an 21 Meán Fómhair 2023, Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) agus Eile v Ministre de l’Intérieur, Cás C-143/22, ECLI:EU:C:2023:689.

(11)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).

(12)  Moladh (AE) 2024/268 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2023 maidir le comhar idir na Ballstáit i ndáil le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil inmheánach agus ar an mbeartas poiblí sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha (IO L, 2024/268, 17.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/268/oj).

(13)  Breithiúnas ón gCúirt an 21 Meitheamh 2017, Imeachtaí coiriúla in aghaidh A, Cás C-9/16 (IO C 277, 21.8.2017, lch. 10).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4085/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top