Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2652

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2652 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 a mhéid a bhaineann le lipéadú tionscnaimh le haghaidh torthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar

C/2025/6948

IO L, 2025/2652, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2652/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2652/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2652

23.12.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2652 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 a mhéid a bhaineann le lipéadú tionscnaimh le haghaidh torthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(2), Airteagal 76(4) agus Airteagal 89, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 75(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh na n-earnálacha nó na dtáirgí dá dtagraítear ann, mar aon le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun oiriúnú do dhálaí síorathraitheacha an mhargaidh, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d’fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí maidir le nuálaíocht táirgí.

(2)

Le hAirteagal 89, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na coinníollacha faoina meastar go bhfuil leibhéal comhionann comhréireachta ag táirgí allmhairithe le caighdeáin mhargaíochta an Aontais agus le coinníollacha lena gceadaítear maolú ar Airteagal 74 den Rialachán sin chun saintréithe sonracha na trádála idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus saintréith speisialta táirgí talmhaíochta áirithe a chur san áireamh.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach bhféadfar táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir agus iad úr a mhargú san Aontas ach amháin má léirítear an tír thionscnaimh, ach san am céanna, le hAirteagal 76(4) den Rialachán sin cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de mhaolú ar an riail sin chun cásanna sonracha áirithe a chur san áireamh.

(4)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 ón gCoimisiún (2), forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 trí na caighdeáin mhargaíochta a leagan amach le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, táirgí áirithe torthaí agus glasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí agus, go háirithe, na rialacha maidir le lipéadú tionscnaimh a bhfuil feidhm acu maidir leis na táirgí sin. Déantar foráil in Airteagal 3 den Rialachán Tarmligthe sin maidir le léiriú éigeantach na tíre tionscnaimh freisin le haghaidh torthaí triomaithe agus bananaí aibithe áirithe.

(5)

I mbreithiúnais na Cúirte Breithiúnais i gCásanna C-104/16 P agus C-266/16 (3), shoiléirigh sí gur críoch neamh-fhéinrialaitheach í críoch an tSahára Thiar atá éagsúil le críoch Ríocht Mharacó, agus ina breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024 i gCás C-399/22 (4), shoiléirigh sí thairis sin go bhfuil críoch an tSahára Thiar le meas mar chríoch chustaim ar leithligh chun críocha Airteagal 60 de Chód Custaim an Aontais agus, dá réir sin, chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (5) (arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429) agus dá réir sin, nach bhféadfaí ach an Sahára Thiar a bheith ainmnithe mar thír thionscnaimh sa léiriú ar thír thionscnaimh nach mór a bheith ar thorthaí agus glasraí úra a bhuantar sa chríoch sin.

(6)

I mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024 i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P (6), dheimhnigh sí neamhniú Chinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle (7) maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó. Choinnigh an Chúirt Bhreithiúnais éifeachtaí an Chinnidh ón gComhairle ar bun a neamhníodh ar feadh 12 mhí ó dháta an rialaithe, i.e. go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2025.

(7)

I gcomhréir le breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024 i gCásanna Uamtha C779/21 P agus C799/21 P agus chun idirdhealú soiléir a áirithiú maidir le lipéadú tionscnaimh idir táirgí de thionscnamh chríoch an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó agus táirgí de thionscnamh Mharacó, mar aon le faisnéis cheart a áirithiú do thomhaltóirí an Aontais, suitear le Comhaontú nua i bhfoirm malartú litreacha, a shínigh Ríocht Mharacó agus an tAontas agus a bhfuil feidhm shealadach aige ón 4 Deireadh Fómhair 2025 (8), maidir le torthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó, nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad, go léireofar orthu, mar áit tionscnaimh, ainm an réigiúin inar buanadh an táirge mar a léirítear sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí sin tráth a n-allmhairithe isteach san Aontas. Thairis sin, foráiltear leis an gComhaontú nua go bhféadfaidh an tAontas, i ndáil leis na táirgí atá i gceist, na húdaruithe is gá a dheonú d’údaráis inniúla Mharacó chun deimhnithe comhréireachta le caighdeáin mhargaíochta an Aontais a sheiceáil agus dá réir sin, a eisiúint, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

(8)

Le Cinneadh 2/2025 ó Chomhairle Comhlachais AE-Mharacó an 3 Deireadh Fómhair 2025, ar comhairle comhlachais í a bunaíodh leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, lena leasaítear Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (9), leagtar síos forálacha chun a áirithiú go bhfuil Prótacal 4 infheidhme maidir le táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar. Sonraítear a thuilleadh sa Chinneadh sin ainm na réigiún, ‘Dakhla Oued Ed-Dahab’ agus ‘Laâyoune-Sakia El Hamra’, de réir mar is iomchuí, atá le sonrú sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí atá i gceist agus sa dearbhú tionscnaimh chomh maith.

(9)

Chun an Comhaontú nua agus an Cinneadh ó Chomhairle Comhlachais AE-Mharacó an 3 Deireadh Fómhair 2025 a chur chun feidhme, is gá maolú ar Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ar Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 chun foráil a dhéanamh maidir le torthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó agus a allmhairítear isteach san Aontas agus a mhargaítear ann, go gcuirfear tásc an réigiúin ina dtionscnaíonn an táirge mar a léirítear sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí sin tráth a n-allmhairithe isteach san Aontas in ionad thásc na tíre tionscnaimh.

(10)

Le hAirteagal 9(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429, teorannaítear formheas na seiceálacha comhréireachta le caighdeáin mhargaíochta a dhéanann tríú tíortha áirithe ar tháirgí de thionscnamh na dtríú tíortha sin. Chun go mbeidh an tAontas in ann údarú a dheonú d’údaráis inniúla Mharacó seiceálacha comhréireachta a dhéanamh agus, dá bhrí sin, comhlíonadh chaighdeáin mhargaíochta an Aontais a dheimhniú maidir le torthaí agus glasraí úra de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó agus a allmhairítear isteach san Aontas agus a mhargaítear ann, is iomchuí a chuimsiú san Airteagal sin an fhéidearthacht go ndéanfaidh an Coimisiún seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a dhéanfaidh údaráis inniúla Mharacó i leith na dtáirgí sin a fhormheas.

(11)

Chun aon mhíshocracht sa trádáil a sheachaint a chumhdaítear le leathnú na bhfabhar dá bhforáiltear leis an gComhaontú nua, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Ós rud é go bhfuil an Comhaontú nua infheidhme go sealadach ón 4 Deireadh Fómhair 2025, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

(13)

Mar sin féin, maidir le torthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó a allmhairíodh go dleathach isteach san Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a bhfuil tásc an tSahára Thiar mar thír thionscnaimh, ba cheart cead a thabhairt leanúint dá margú laistigh den Aontas tar éis an dáta sin, go dtí go mbeidh na stoic ídithe agus ar choinníoll go leanfaidh na táirgí sin de cheanglais eile uile chaighdeáin mhargaíochta an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír 6 seo a leanas leis:

‘6.   De mhaolú ar Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ar Airteagal 3 den Rialachán seo, maidir le táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó agus a allmhairítear isteach san Aontas agus a mhargaítear ann, cuirfear tásc an réigiúin ina dtionscnaíonn an táirge lena mbaineann mar a léirítear sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad in ionad thásc na tíre tionscnaimh.’

;

(2)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní bheidh feidhm ag an bhformheas ach maidir le táirgí de thionscnamh an tríú tír lena mbaineann agus féadfar é a theorannú do tháirgí áirithe.

Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a dhéanfaidh údaráis inniúla Mharacó a fhormheas i ndáil le táirgí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó.’

.

Airteagal 2

Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429, ar táirgí iad de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar agus atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó a allmhairíodh go dleathach isteach san Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a bhfuil tásc an tSahára Thiar mar thír thionscnaimh, féadfar leanúint dá margú laistigh den Aontas tar éis an dáta sin, go dtí go mbeidh na stoic ídithe agus ar choinníoll go leanfaidh siad de cheanglais eile uile chaighdeáin mhargaíochta an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Deireadh Fómhair 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 ag cur le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, táirgí áirithe torthaí agus glasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí, agus Rialachán (CE) Uimh. 1666/1999 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 agus (AE) Uimh. 1333/2011 ón gCoimisiún a aisghairm (IO L, 2023/2429, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2429/oj).

(3)  Breithiúnais na Cúirte Breithiúnais an 21 Nollaig 2016, An Chomhairle v Fronta Polisario, C-104/16 P, ECLI:EU:C:2016:973, mír 92, agus an 27 Feabhra 2018, Western Sahara Campaign UK v Commissioners for Her Majesty’s Revenue and Customs and Secretary of State for Environment, Food and Rural Affairs, C-266/16, ECLI:EU:C:2018:118, mír 62.

(4)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, Confédération paysanne v Ministre de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire agus Ministre de l’Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique, C-399/22, ECLI:EU:C:2024:839, mír 87.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i leith earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí agus na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/543/oj).

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, Comhairle an Aontais Eorpaigh v Fronta Polisario, i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P, ECLI:EU:C:2024:835.

(7)  Cinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle an 28 Eanáir 2019 maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 34, 6.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/217/oj).

(8)  Cinneadh (AE) 2025/2022 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L, 2025/2022, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2022/oj).

(9)  Cinneadh (AE) 2025/2023 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (IO L, 2025/2023, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2023/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2652/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top