This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2593
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/2593 of 11 August 2025 amending Regulation (EU) 2019/1241 of the European Parliament and of the Council as regards the prolongation of the measures to reduce incidental catches of common dolphin (Delphinus delphis) and other small cetaceans in the Bay of Biscay
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2593 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fad a chur leis na bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2593 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fad a chur leis na bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine
C/2025/5599
IO L, 2025/2593, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2593/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2593 |
23.12.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2593 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fad a chur leis na bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, leagtar síos rialacha ar an leibhéal réigiúnach maidir le bearta maolaithe chun gabhálacha de thaisme de speicis íogaire, lena n-áirítear céiticigh, a laghdú, trí limistéir srianta, tréimhsí agus teorainneacha trealaimh a shonrú. |
|
(2) |
I measc nithe eile, déantar foráil sa Rialachán sin maidir le bearta sonracha chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna agus céiticeach beag eile i mBá na Bioscáine a laghdú (folimistéar 8 CITM). Ar na bearta sin, tá: (i) feistí fuaimchiaptha a úsáid le haghaidh na dtrál peiligigh meánuisce agus na dtrál grinnill dúbailte uile, (ii) iamh iascaireachta ón 22 Eanáir go dtí an 20 Feabhra agus (iii) sraith beart coimhdeach chun sonraí eolaíocha a bhailiú maidir le gabhálacha céiticeach beag de thaisme sa logleabhar, chomh maith le taifeadtaí a dhéantar trí chéatadáin áirithe den iarracht iascaireachta a chumhdach le breathnóirí nó le córais faireacháin leictreonacha ina n-ionchorpraítear ceamaraí ar bord. |
|
(3) |
Na bearta sonracha sin, a tugadh isteach i Rialachán (AE) 2019/1241 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3089 ón gCoimisiún (2), rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2025. Le moladh comhpháirteach a cuireadh isteach an 6 Meitheamh 2025, iarrann grúpa réigiúnach Uiscí an Iardheiscirt (an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Phortaingéil) go gcuirfí fad leis na bearta ábhartha atá leagtha amach faoi láthair in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 le haghaidh céiticigh bheaga i mBá na Bioscáine. |
|
(4) |
Ós rud é go rannchuidíonn na bearta sin le gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna i mBá na Bioscáine a laghdú, ba cheart fad a chur leo go dtí an 31 Nollaig 2026. |
|
(5) |
Le cois iarraidh a dhéanamh chun fad a chur leis na bearta atá ann cheana, moltar sa mholadh comhpháirteach an 6 Meitheamh 2025 cumhdach breathnóra na hiarrachta iascaireachta iomláine arna tomhas ina laethanta ar muir a mhéadú go 7 % ar a laghad i gcás traimlí (GTR) agus eangacha geolbhaigh socraithe (ar ancaire) (GNS) idir mí Eanáir agus mí an Mhárta. |
|
(6) |
Ós rud é gurb ionann na bearta bainistíochta agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm in 2025 agus go bhfuil feabhas tagtha ar na bearta faireacháin, tá conclúidí na comhairle ó CETEI ó mhí Iúil 2024 (3) maidir leis na bearta bainistithe agus faireacháin fós bailí, agus measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le síneadh a chur leis na bearta go dtí deireadh 2026. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú an 08 Iúil 2025. |
|
(8) |
Tá an Rialachán Tarmligthe seo gan dochar do bhearta breise maidir leis an deilf choiteann agus céiticigh bheaga eile a chosaint a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear bearta i ndáil le forfheidhmiú Threoir 92/43/CEE (4) ón gComhairle nó, i gcás mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le bagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar an éiceachóras muirí de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus bearta náisiúnta níos déine a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun na críche sin ina n-uiscí i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013 agus (AE) 2019/1241. |
|
(9) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ós rud é go rachaidh na bearta a bhfuil síneadh le cur leo in éag an 31 Nollaig 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026 chun leanúnachas dlí a áirithiú. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3089 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 a mhéid a bhaineann le bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine (IO L, 2024/3089, 9.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3089/oj).
(3) An Coimisiún Eorpach: An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), an 76ú Tuarascáil Iomlánach (STECF-PLEN-24-02), Prellezo, R., Nord, J. agus Doerner, H. eagarthóir(í), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2760/1035959, JRC140570.
(4) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 1.1(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh fholimistéar 8 CITM:
|
||||||
|
(2) |
cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 4:
(*1) Speicis den fhine Delphinidae agus den fhine Phocoenidae atá le fáil (go buan nó go sealadach) i bhfolimistéar 8 CTIM.’ " |
(*1) Speicis den fhine Delphinidae agus den fhine Phocoenidae atá le fáil (go buan nó go sealadach) i bhfolimistéar 8 CTIM.’ ’
(**) Beidh feidhm ag an mbeart seo go dtí an 31 Nollaig 2026.’;
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2593/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)