Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2575

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2575 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2025 lena dtarraingítear siar ón margadh breiseáin bheathaithe áirithe

C/2025/8790

IO L, 2025/2575, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2575/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2575/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2575

19.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2575 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2025

lena dtarraingítear siar ón margadh breiseáin bheathaithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 10(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Go sonrach, le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, forchuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena gceanglaítear tarraingt siar ón margadh breiseáin bheathaithe nár cuireadh iarratais isteach ina leith mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2) agus (7) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an spriocdháta dá bhforáiltear sna forálacha sin, nó ar cuireadh iarratas isteach ina leith ach a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart na breiseáin bheathaithe a liostaítear san Iarscríbhinn a tharraingt siar ón margadh. Ós rud é nach ndéantar idirdhealú in Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 idir údaruithe a eisíodh le teorainn ama agus údaraithe a eisíodh gan teorainn ama, ar mhaithe le soiléireacht is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le breiseáin bheathaithe a tharraingt siar ón margadh, breiseáin bheathaithe a bhfuil na tréimhsí údaraithe teoranta a bhaineann leo imithe in éag cheana, is é sin tréimhsí údaraithe de bhun Threoir 70/524/CEE.

(4)

I gcás breiseáin bheathaithe ar cuireadh iarratais isteach ina leith le haghaidh speicis áirithe nó catagóirí ainmhíocha áirithe agus le haghaidh na speiceas nó na gcatagóirí sin amháin, nó i gcás breiseáin bheathaithe ar tarraingíodh siar iarratais ina leith le haghaidh speicis áirithe nó catagóirí ainmhíocha áirithe agus le haghaidh na speiceas nó na gcatagóirí sin amháin, níor cheart go mbainfeadh an tarraingt siar ón margadh ach leis na speicis ainmhíocha agus na catagóirí ainmhíocha nár cuireadh iarratas isteach ina leith nó ar tarraingíodh an t-iarratas siar ina leith.

(5)

Mar thoradh ar tharraingt siar na mbreiseán beatha lena mbaineann ón margadh, is iomchuí na forálacha lena ndéantar iad a údarú a leasú agus a aisghairm, i gcás ina mbeidh na forálacha sin fós i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir. Ina theannta sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 316/2003 (4), (CE) Uimh. 1811/2005 (5) agus (CE) Uimh. 1876/2006 (6) ón gCoimisiún a aisghairm.

(6)

A mhéid a bhaineann le breiseáin bheatha a údaraíodh gan teorainn ama iomchuí, is iomchuí idirthréimhse a cheadú ina bhféadfaí na stoic atá ann cheana de na breiseáin lena mbaineann, na réamh-mheascáin, an bheatha chumaisc agus na hábhair bheatha arna dtáirgeadh leis na breiseáin sin a ídiú i ndáil leis na speicis ainmhíocha agus na catagóirí ainmhíocha a gceanglaítear an tarraingt siar ón margadh ina leith, ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann oiriúnú don oibleagáid na táirgí sin a tharraingt siar ón margadh.

(7)

Maidir le tarraingt siar na dtáirgí ón margadh a liostaítear san Iarscríbhinn, ní chiallaíonn sin nach gcuirfear cosc ar a n-údarú ná nach mbeidh siad faoi réir birt maidir lena stádas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tarraingt siar ón margadh

Déanfar na breiseáin bheathaithe a shonraítear sa Iarscríbhinn a tharraingt siar ón margadh i ndáil leis na speicis ainmhithe nó na catagóirí ainmhithe faoi mar a luaitear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 358/2005

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 358/2005, scriostar iontráil 28 maidir le 3-Fíotáis EC 3.1.3.8.

Airteagal 3

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 316/2003, (CE) Uimh. 1811/2005 agus (CE) Uimh. 1876/2006.

Airteagal 4

Bearta idirthréimhseacha

1.   Na stoic atá ann cheana de na breiseáin bheatha a liostaítear i gCaibidil I.A den Iarscríbhinn, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 8 Eanáir 2027.

2.   Maidir leis na réamh-mheascáin arna dtáirgeadh leis na breiseáin bheathaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 8 Aibreán 2027.

3.   Maidir le beatha chumaisc agus ábhair bheatha arna dtáirgeadh leis na breiseáin bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 2, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 8 Eanáir 2028.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 ón gCoimisiún an 2 Márta 2005 maidir le breiseáin áirithe a údarú gan teorainn ama agus maidir le húsáidí nua breiseán a údaraíodh cheana in ábhair bheatha a údarú (IO L 57, 3.3.2005, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/358/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 316/2003 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2003 maidir le húdarú buan breiseán in ábhair bheatha agus maidir le húdarú sealadach úsáide nua breiseán atá údaraithe cheana in ábhair bheatha (IO L 46, 20.2.2003, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/316/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2005 maidir le húdaruithe sealadacha agus buana breiseán áirithe in ábhair bheatha agus maidir le húdarú sealadach úsáide nua breiseán atá údaraithe cheana in ábhair bheatha (IO L 291, 5.11.2005, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1811/oj).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1876/2006 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2006 maidir le húdarú sealadach agus buan breiseán áirithe in ábhair bheatha (IO L 360, 19.12.2006, lch. 126, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1876/oj).


IARSCRÍBHINN

Breiseáin bheathaithe atá le tarraingt siar ón margadh, dá dtagraítear in Airteagal 1

CAIBIDIL I.A.

Breiseáin bheatha a údaraíodh gan teorainn ama

CUID 1

Breiseáin bheathaithe atá le tarraingt siar ón margadh le haghaidh gach speicis agus catagóire ainmhíche

Uimhir aitheantais

Breiseán

An speiceas nó an chatagóir ainmhíche

Breiseáin sadhlais

Einsímí

 

Ceallalós EC 3.2.1.4 ó Trichoderma longibrachiatum ATCC 74252 (= Ion-1,4-béite-ghlúcanáis ó Trichoderma reesei ATCC SD-6331)

Gach speiceas

Blaistiú agus substaintí blaistithe

Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh luibheolaíochta de

 

Allium cepa L.: Dlúthán oinniúin CoE 24/ Eastóscán oinniúin CoE 24

Gach speiceas

 

Anthemis nobilis L.: Tintiúr ó chamán meall CoE 48

Gach speiceas

 

Apium graveolens L.: Tintiúr soilire CoE 52

Gach speiceas

 

Artemisia annua L.: Eastóscán mormónta cumhra (bunaithe ar thuaslagóirí)

Gach speiceas

 

Artemisia dracunculus L.: Ola dragain CAS 8016-88-4 FEMA 3043 CoE 64 Einecs 290-356-5

Gach speiceas

 

Artemisia vulgaris L.: Armoise /Ola liathlusa CAS 8008-93-3 CoE 72 Einecs 284-503-2

Gach speiceas

 

Berberis vulgaris L.: Dlúthán barbróige CoE 86 / Tintiúr barbróige CoE 86

Gach speiceas

 

Chamomilla recutita (L.) Rauschert.: Ola ó chamán meall CAS 8022-66-2 FEMA 2273 CoE 273 Einecs 282-006-5

Gach speiceas

 

Citrus aurantiifolia (Christm.) Swingle: Ola líoma arna sloinneadh mar CAS 8008-26-2 FEMA 2631 CoE 141 Einecs 290-010-3 / Ola líoma fuarbhrúite CAS 68916-84-7 FEMA 2632 CoE 141/Ola úsc líoma CoE 141

Gach speiceas

 

Cynara scolymus L.: Tintiúr bliosáin CoE 565

Gach speiceas

 

Harpagophytum procumbens DC.: Eastóscán chrobh an diabhail

Gach speiceas

 

Hedera helix L.: Eastóscán eidhneáin (bunaithe ar uisce)

Gach speiceas

 

Juniperus communis L.: Eastóscán craobhacha aitil CAS 8012-91-7 CoE 249 Einecs 283-268-3

Gach speiceas

 

Laurus nobilis L.: Tintiúr labhrais CoE 255

Gach speiceas

 

Lavandula angustifolia x latifolia: Ola labhandair

Gach speiceas

 

Matricaria recutita: eastóscán

Gach speiceas

 

Melissa officinalis L.: Ola dhuilleoga lus na meala CAS 8014-71-9 FEMA 2113 CoE 280 Einecs 282-007-0 / Tintiúr lus na meala CoE 280 / Eastóscán dhuilleoga lus na meala CAS 84082-61-1 FEMA 2112 CoE 280 Einecs 282-007-0

Gach speiceas

 

Momordica charantia L.: Tintiúr mealbhacáin shearbh

Gach speiceas

 

Olea europaea L.: Eastóscán olóige, eastóscán duilleog olóige

Gach speiceas

 

Passiflora edulis Sims. = P. incarnata L.: Eastóscán páiseoige (bunaithe ar thuaslagóir)

Gach speiceas

 

Peumus boldus Mol.: Dlúthán boldo CoE 328/ Ola boldo CoE 328

Gach speiceas

 

Potentilla erecta L. = Potentilla tormentilla Stokes: Tintiúr néalfartaí CoE 493

Gach speiceas

 

Quercus robur L., Q. pedunculata Ehrh.: Eastóscán darach gallda 71011-28-4 CoE 390 Einecs 275-129--0

Gach speiceas

 

Rubus spp., (e.g. Rubus fructicosus L.): Tintiúr sméara dubha CoE 408

Gach speiceas

 

Satureja hortensis L.: Tintiúr ó sháibhre garraí CoE 425

Gach speiceas

 

Tanacetum vulgare L.: Eastóscán franclusa (bunaithe ar uisce)

Gach speiceas

 

Taraxacum officinale Wiggers: Eastóscán soladach fréimhe caisearbháin CAS 68990-74-9 FEMA 2358 CoE 447 Einecs 273-624-6 / Eastóscán soladach duilleoga caisearbháin CoE 447 / Eastóscán sreabháin caisearbháin CAS 68990-74-9 FEMA 2357 CoE 447 Einecs 273-624-6

Gach speiceas

 

Theobroma cacao L.: Eastóscán cócó CAS 84649-99-0 CoE 452 Einecs 283-460-6

Gach speiceas

 

Thymus vulgaris L., T. zygis L.: Eastóscán tíme (bunaithe ar uisce) CoE 456/457

Gach speiceas

 

Vanilla planifolia G.Jacks. = V. fragrans Salisb.: Tintiúr fanaile CoE 474

Gach speiceas

 

Viburnum prunifolium L.: Tintiúr craoibhe duibhe CoE 480

Gach speiceas

 

Vitex agnus-castus L.: Eastóscán

Gach speiceas

 

Vitis vinifera L.: Eastóscán as craiceann fíonchaor (bunaithe ar uisce) CoE 485

Gach speiceas

 

Yucca mohavensis Sarg. = Y. schidigera Roezl ex Ortgies: Tintiúr ghioca Mojave

Gach speiceas

Táirgí nádúrtha agus táirgí sintéiseacha comhfhreagracha

 

Uimh. CAS 41453-56-9 / Naon-2(cios)-ein-1-ól / Uimh. Flavis 02.112

Gach speiceas

 

Uimh. CAS 43039-98-1 / 2-Próipianailtiasól / Uimh. Flavis 15.027

Gach speiceas

CUID 2

Breiseáin bheathaithe atá le tarraingt siar ón margadh le haghaidh speicis agus catagóirí ainmhíocha áirithe

Uimhir aitheantais

Breiseán

An speiceas nó an chatagóir ainmhíche

Rialtáin aigéadachta

296

Aigéad DL-Malach agus L-Malach

Cait agus madraí

Datháin, lena n-áirítear líocha

Caraitéanóidigh agus xantaifillí

E 161b

Lúitéin. Gach foirm, cé is moite de na foirmeacha seo a leanas:

eastóscán ar mhórán lúitéine ó Tagetes erecta L., atá údaraithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú, béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe [2a161b] (1) agus le haghaidh turcaithe lena ramhrú [2a161bii] (2),

eastóscáin lúitéine/shéacsaintine ó Tagetes erecta L., atá údaraithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú, béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe [2a161bi]1.

Éanlaith chlóis

E 161h

Séacsaintin. Gach foirm, cé is moite d’eastóscáin lúitéine/shéacsaintine ó Tagetes erecta L., atá údaraithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú, béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe [2a161bi]1.

Éanlaith chlóis

Blaistiú agus substaintí blaistithe

Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh luibheolaíochta de

 

Astragalus membranaceus L. = A. pycnocladus Boiss. et Haussk. ex Boiss.: Tintiúr bleachtphiseáin

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, madraí agus cait

 

Crataegus oxyacantha L.p.p. et auct.: Tintiúr sceiche gile CoE 156

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí

 

Echinacea angustifolia DC: Tintiúr eiceanáise Blacksamson

Cait agus madraí

 

Echinacea purpurea (L.) Moench.: Eastóscán eiceanáise

Cait agus madraí

 

Garcinia cambogia Desrouss: Eastóscán Garcinia

Cait agus madraí

 

Gymnostemma pentaphyllum Makino: Tintiúr Jiaogulan

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí

 

Hedera helix L.: Eastóscán eidhneáin (bunaithe ar thuaslagóirí)

Sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, béaróga, bradáin agus éisc ornáideacha

 

Humulus lupulus L.: Tintiúr hopa CoE 233

Gach speiceas ainmhíoch cé is moite de pheataí

 

Paeonia lactiflora Pall. = P. albiflora Pall.: Tintiúr piaine Sínigh

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí

 

Thea sinensis L. = Camellia thea Link. = Camellia sinensis (L.) O. Kuntze: Eastóscán tae (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 84650-60-2 CoE 451 Einecs 283-519-7

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí

 

Thymus vulgaris L., T. zygis L.: Eastóscán tíme (bunaithe ar thuaslagóirí) CoE 456/457

Sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, béaróga, bainbh, muca lena ramhrú, cránacha atá ag tál, ba déiríochta, bradáin agus éisc ornáideacha

 

Vaccinium myrtillus L.: Tintiúr fraocháin CoE 469

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, madraí agus cait

 

Withania somnifera (L.) Dunal. = Physalis somnifera Link: Tintiúr Ashwagandha

Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí

Táirgí nádúrtha agus táirgí sintéiseacha comhfhreagracha

 

CAS Uimh. 3188-00-9/4,5 -Déhidreach-2- -meitiolfúrán -3 (2H)-aon/Flavis Uimh. 13.042

Gach speiceas ainmhíoch seachas cait agus madraí

 

CAS Uimh. 3658-77-3/4 - Hiodrocsa-2,5-démheitiolfúrán-3 (2H)-aon/Flavis Uimh. 13.010

Gach speiceas ainmhíoch seachas cait agus madraí

CAIBIDIL I.B.

Breiseáin bheatha a údaraíodh le haghaidh tréimhse ama teoranta

Uimhir aitheantais

Breiseán

An speiceas nó an chatagóir ainmhíche

Einsímí

28

3-Fíotáis (EC 3.1.3.8) arna tháirgeadh ag Trichoderma reesei (CBS 528.94)

Turcaithe lena ramhrú, cránacha

11

Ion–1,4-béite-xiolanáis EC 3.2.1.4, ion–1,3(4) béite-ghlúcanáis EC 3.2.1.6 agus ion–1,4-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.8), arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (ATCC 74 252)

Lachain

24

Ion-1,4-béite-xiolanáis EC 3.2.1.8 agus ion-1,3(4)-béite-xiolanáis EC 3.2.1.6 arna dtáirgeadh ag Aspergillus niger (CNCM I-1517)

Turcaithe lena ramhrú

59

Ion-1,4-béite-xiolanáis EC 3.2.1.8 arna táirgeadh ag Trichoderma longibrachiatum (ATCC 2105), ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis EC 3.2.1.6 agus aimileáis alfa EC 3.2.1.1 arna dtáirgeadh ag Bacillus amyloliquefaciens (DSM 9553), suibtilisin EC 3.4.21.62 arna táirgeadh ag Bacillus subtilis (ATCC 2107), polagalachtúrónáis EC 3.2.1.15 arna táirgeadh ag Aspergillus aculeatus (CBS 589.94)

Turcaithe lena ramhrú

Miocrorgánaigh

12

Lactobacillus farciminis CNCM MA 67 / 4R

Béaróga


(1)  Údaraíodh an breiseán beathaithe sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 maidir le heastóscáin ar mhórán lúitéine agus eastóscáin lúitéine/shéacsaintine ó Tagetes erecta a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis (seachas turcaithe) lena ramhrú agus le haghaidh breithe agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus le bheith ina mbéaróga (IO L 241, 27.7.2020, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1097/oj).

(2)  Údaraíodh an breiseán beathaithe sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú (IO L, 2025/1928, 26.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1928/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2575/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top