This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2397
Council Regulation (EU) 2025/2397 of 24 November 2025 amending Regulation (EU) 2016/1686 imposing additional restrictive measures directed against ISIL (Da’esh) and Al-Qaeda and natural and legal persons, entities or bodies associated with them
Rialachán (AE) 2025/2397 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
Rialachán (AE) 2025/2397 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
ST/14858/2025/INIT
IO L, 2025/2397, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2397/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2397 |
24.11.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2397 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2025/2398 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (3). |
|
(2) |
I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, an 24 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/2398, chun grúpa amháin a chur leis an liosta de dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Tá an t-eintiteas sin faoi réir bearta sriantacha cheana féin faoi Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (4) agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (5). Chun a áirithiú go ndéanfar na bearta maidir le reo sócmhainní a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, le Cinneadh (CBES) 2025/2398 cuirtear ar fionraí na bearta sriantacha ábhartha is infheidhme maidir leis an eintiteas sin faoin gCinneadh sin fad agus a bheidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/788/CBES maidir leis. |
|
(4) |
Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1686, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘5. Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2), a mhéid a bhfuil feidhm acu maidir le “Fórsaí Daonlathacha na gComhghuaillithe”, cuirfear ar fionraí iad fad agus a bheidh feidhm ag na bearta a leagtar síos in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (*1) maidir leis an eintiteas sin.
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1183/oj).’."
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. LØKKE RASMUSSEN
(1) IO L, 2025/2398, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2398/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise dírithe arna ndíriú ar ISIL (Da'esh) agus ar Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo (IO L 255, 21.9.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1686/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1693/oj).
(4) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/369/CBES (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/788/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1183/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2397/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)