Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2243

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2243 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2025 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais feidhmiúla i ndáil le hardáin eFTI i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/7442

IO L, 2025/2243, 7.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2243/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2243/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2243

7.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2243 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Samhain 2025

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais feidhmiúla i ndáil le hardáin eFTI i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/1056 nach mór do na húdaráis inniúla sna Ballstáit glacadh le faisnéis rialála nuair a chuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach í i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin agus, go sonrach, trí bhíthin ardáin faisnéise leictreonaí faoi iompar lastais (eFTI) a bhfuil sé deimhnithe go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin.

(2)

Ba cheart na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, chomh maith le soláthraithe réiteach TFC, a bheith in ann réitigh TFC a úsáidtear faoi láthair san earnáil faisnéise agus lóistíochta a athúsáid go solúbtha, chun sreabha gnó inmheánacha agus cumarsáid le comhpháirtithe gnó sa slabhra soláthair a bhainistiú, mar shampla, chun ardáin eFTI a fhorbairt. Dá mbeadh an deis ann a bheith ag tógáil ar réitigh atá an cheana, bheifí in ann ardáin eFTI a fhorbairt ar bhealach níos tapúla agus níos costéifeachtaí agus é a dhéanamh níos éasca do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann eFTI a ghlacadh ar bhealach níos tapúla agus níos leithne gan infheistíocht theicneolaíoch mhór ná ualach próiseas gnó mór a bheith i gceist leis sin.

(3)

De bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2020/1056, ba cheart próiseas deimhniúcháin ardán eFTI a chur ar bun, lena ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 9(1) den Rialachán sin. Nuair a dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe i gceann de na Ballstáit deimhniú a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), beidh an deimhniú sin bailí sna Ballstáit go léir. Dá bhrí sin, leis na sonraíochtaí coiteanna feidhmiúla agus teicniúla mionsonraithe maidir le feidhmiú na n-ardán eFTI a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann na rialacha mionsonraithe is gá a shainiú, de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2020/1056, chun a áirithiú go ndéanfar measúnú aonfhoirmeach ar chomhlíontacht na n-ardán eFTI mar chuid dá ndeimhniú.

(4)

Tá íogaireacht sonraí tráchtála fós ina thoisc thábhachtach agus imríonn sí tionchar ar a thoilteanaí atá oibreoirí eacnamaíocha sonraí a chomhroinnt go leictreonach. Chun muinín na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mhéadú, ba cheart a áirithiú leis na ceanglais maidir le hardáin eFTI nach gcuirfear na sonraí arna stóráil ag oibreoirí eacnamaíocha ar ardáin eFTI ar fáil d’údaráis inniúla ach amháin ar bhonn naisc shlána arna bhfíordheimhniú leis na córais a úsáideann na húdaráis inniúla. Thairis sin, ba cheart na sonraí a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla a theorannú do cheanglais faisnéise arna sonrú sna hiarrataí ar rochtain ar shonraí eFTI, i gcásanna ina dtarchuirfidh údaráis inniúla na hiarrataí sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942 ón gCoimisiún, agus sna cásanna sin amháin (3). Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis a fháil, lena n-áirítear trí fhógraí fíor-ama, maidir le gach iarraidh ar rochtain ag údaráis inniúla ar na sonraí a chuir siad ar fáil ar an ardán eFTI, lena n-áirítear, nuair a thaisctear iad, maidir leis an gcumarsáid leantach chomhfhreagrach.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942 leagtar síos nósanna imeachta coiteanna agus rialacha mionsonraithe maidir le húdaráis inniúla faisnéis a phróiseáil a chuir oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil ar ardáin eFTI. Ina gcuid de sin tá ceanglais shonracha, idir fheidhmiúil agus teicniúil, maidir leis an gcumarsáid idir na córais TFC a úsáideann na húdaráis inniúla agus na hardáin eFTI. Chun idir-inoibritheacht agus cumarsáid gan uaim a áirithiú idir na córais a úsáideann na húdaráis inniúla agus na hardáin eFTI, ba cheart na ceanglais choiteanna, idir fheidhmiúil agus teicniúil, maidir leis na hardáin eFTI a bheith comhoiriúnach do na ceanglais arna leagan síos maidir leis na córais a úsáideann na húdaráis inniúla.

(6)

De bhreis air sin, ba cheart rochtain oibreoirí eacnamaíocha ar ardáin eFTI a áirithiú le sásraí bainistithe rochtana atá slán agus trédhearcach. Is iad na húsáideoirí údaraithe amháin ba cheart sonraí eFTI a rochtain agus a phróiseáil thar ceann oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart údaruithe a bheith bunaithe ar phróiseáil ceart atá sainaitheanta go soiléir agus a eisíodh faoi rialú na n-oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil cearta acu nó oibleagáidí orthu maidir leis na sonraí sin, de bhun na coda is infheidhme de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe tráchtála sonracha. Ag an am céanna, is d’úsáideoirí a sainaithníodh agus a fíordheimhníodh go hiontaofa, le modhanna ríomh-shainaitheantais atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus do na húsáideoirí sin amháin, ba cheart údaruithe a dheonú. Ba cheart muinín a chothú leis na sásraí bainistithe rochtana sin i measc oibreoirí eacnamaíocha i leith a sonraí eFTI ag an bhfoinse agus dá ndéanfaí sin chuirfí deireadh leis an ngá leis an iomad pointí stórála sonraí agus laghdófaí na costais agus na castachtaí a bhaineann leis sin ó thaobh bainistiú agus sioncrónú sonraí, le cois nithe eile, de.

(7)

Leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/1056 tugtar cead d’oibreoirí eacnamaíocha, sa chuid is mó de na cásanna, doiciméid gnólacht le gnólacht a athúsáid chun an fhaisnéis riachtanach faoi iompar lastais a chur ar fáil. Ba cheart na sonraíochtaí mionsonraithe a leagtar síos sa Rialachán seo cloí leis an meon sin trí dhíriú ar conas ba cheart faisnéis faoi iompar lastais a chomhroinnt go leictreonach leis na húdaráis inniúla. Níor cheart ceanglais a leagan síos leo maidir le formáid leictreonach agus úsáid doiciméad gnó, chun nach mbeidh tionchar acu ar fhaisnéis faoi iompar lastais lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2020/1056 ná ar sholúbthacht oibreoirí eacnamaíocha i leith faisnéis a ullmhú agus a mhalartú i gcomhthéacsanna gnólacht le gnólacht. Dá bhrí sin, is iomchuí go leagtar síos leis an Rialachán seo sonraíochtaí maidir le comhdhéanamh an tacair sonraí eFTI lenar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chruthú, trí gan na sonraí céanna a chomhroinnt ach aon uair amháin, go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas um fhaisnéis rialála is infheidhme, idir na ceanglais de chuid an Aontais agus na ceanglais náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/1056. Ba cheart an tacar sonraí eFTI a bheith comhdhéanta i gcomhréir leis na sonraíochtaí le haghaidh an tacair chomhchoitinn sonraí eFTI agus na bhfothacar sonraí eFTI a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024 ón gCoimisiún (5). Agus an fhaisnéis le haghaidh an tacair sonraí eFTI á gcur ar fáil acu, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha faisnéis atá ar fáil ina gcórais bainistithe sonraí leictreonacha inmheánacha, ar nós pleanáil acmhainní fiontair nó córais bainistithe iompair, a úsáideann siad chun doiciméid iompair tráchtála, ar nós nótaí coinsíneachta nó orduithe iompair, a athúsáid, a mhéid is féidir.

(8)

De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/1056, níl sé d’oibleagáid ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann sonraí a chur ar fáil go leictreonach do na húdaráis inniúla, mar go bhfuil an ceart acu fós an fhaisnéis rialála faoi iompar lastais a chur i láthair i bhfoirm doiciméad páipéir, mar sin ba cheart d’oibreoirí ardán eFTI a áirithiú go gcuirfear in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, go bhfuil siad ag tabhairt toiliú, trí shonraí a phróiseáil ar an ardán eFTI, go gcuirfidh an t-ardán sin ar fáil an fhaisnéis rialála faoi iompar lastais a taifeadadh agus a próiseáladh ar bhealaí eile mar shonraí eFTI ar ardán eFTI, thar ceann an oibreora áirithe lena mbaineann, i gcás ina bhfaighidh an t-ardán iarrataí ar rochtain ar shonraí eFTI ó na húdaráis inniúla a tarchuireadh i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942. Ba cheart d’oibreoirí ardáin eFTI a áirithiú freisin go gcuirfear in iúl d’oibreoirí ag bhfuil siad ag tabhairt toiliú, trí shonraí a phróiseáil ar an ardán eFTI, go gcuirfidh an t-ardán eFTI na taifid logála próiseála sonraí chomhfhreagracha ar fáil lena n-iniúchadh i gcomhréir leis an gcuid is infheidhme de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta.

(9)

Le hAirteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), déantar foráil maidir le hidir-inoibritheacht le timpeallacht malartaithe eFTI an lárchórais chun faisnéis agus doiciméid maidir le loingsithe dramhaíola a chur isteach agus a mhalartú go leictreonach idir oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus údaráis inniúla, dá ngairtear freisin an córas digiteach loingsithe dramhaíola (DIWASS), a bunaíodh i gcomhréir leis an Rialachán sin. Thairis sin, sonraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290 ón gCoimisiún (7) go bhféadfaidh úsáideoirí atá ag ionadú d’oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus ag gníomhú mar iompróirí le haghaidh loingsiú dramhaíola nascadh le DIWASS trí bhíthin ardán eFTI atá idirnasctha leis an gcóras sin trí chomhéadan feidhmchláir. Chun a áirithiú go mbeidh idir-inoibritheacht ann idir na hardáin eFTI agus DIWASS ní mór sonraíochtaí a leagan síos le haghaidh malartú faisnéise dramhaíola a thagann faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2020/1056, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(iv) den Rialachán sin. De bharr na hidir-inoibritheachta sin beidh sé níos éasca d’iompróirí a dhéanann oibríochtaí iompair dramhaíola a chruthú le modhanna leictreonacha go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hinfhaighteacht faisnéise rialála le linn na hoibríochta iompair, dá bhforáiltear sna forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/1056, agus na gceanglas maidir le faisnéis faoi loingsithe dramhaíola a chur ar fáil a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1157.

(10)

Is mór an luach tráchtála a bhainfidh leis na sonraí a thaifeadfaidh oibreoirí eacnamaíocha ar ardáin eFTI, mar gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chruthú go bhfuil siad ag comhlíonadh ceanglais riaracháin leis na sonraí sin agus go mbeidh siad ina bhonn d’idirbhearta tráchtála, do sholáthar seirbhísí agus d’fhaireachán gnó agus do phleanáil ghnó. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach, de bhreis ar bheartais dhéine maidir le bainistiú rochtana a bheith i bhfeidhm, go gcuiridh oibreoirí ardán eFTI bearta ar bun lena n-áiritheofar inrochtaineacht, caomhnú agus slándáil na sonraí sin, bíodh siad stóráilte ar ghairis stórála fhisiceacha faoi rialú an oibreora ardáin eFTI nó i néalta sonraí arna gceannach mar chuid de sheirbhísí stórála sonraí. Chuige sin, agus gan difear a dhéanamh don chuid is infheidhme de cheanglais chibearshlándála an Aontais ná de cheanglais chibearshlándála náisiúnta, ba cheart d’oibreoirí cloí leis na dea-chleachtais agus na caighdeáin is déanaí maidir le príobháideachas sonraí agus slándáil sonraí, ar nós ISO 27001, ISO 27017 agus ISO 27701. Nuair a phróiseálfar sonraí pearsana i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an rialacháin cur chun feidhme seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(11)

Chun gur féidir le hoibreoirí ardán eFTI caighdeáin theicniúla agus forbairtí teicniúla a bhíonn ag síorathrú a chur san áireamh, níor cheart níos mó ná na ceanglais is gá chun idir-inoibritheacht fheidhmiúil agus idir-inoibritheacht theicniúil íosta le comhpháirteanna eile laistigh de thimpeallacht malartaithe eFTI, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942, a bheith sna sonraíochtaí mionsonraithe a leagtar síos sa Rialachán seo. Ag an am céanna, ní féidir idir-inoibritheacht gan uaim idir na comhpháirteanna TFC a bhaint amach gan tacar sonraíochtaí coiteanna mionsonraithe ar féidir iad a uasdátú agus a chomhroinnt idir na páirtithe leasmhara uile gan stró. Dá bhrí sin ba cheart doiciméid treoraíochta teicniúla a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus ba cheart páirtithe leasmhara ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, agus go háirithe an mheitheal saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit chun gníomhú mar líonra tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942, agus meithleacha ábhartha nó fomheithleacha de Ghrúpa Saineolaithe an Fhóraim Dhigitigh Iompair agus Lóistíochta (9) a bheith rannpháirteach san obair sin.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug sé tuairim an 8 Iúil 2025.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2020/1056,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘córas TFC’ cóimeáil eagraithe de theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí agus líonraí a thugtar le chéile agus a rialaítear le hidirghníomhaíocht nó idirspleáchas chun tacar feidhmeanna sonracha a bhaint amach;

(2)

ciallaíonn ‘córas TFC cúnta’ córas TFC in-sainaitheanta lasmuigh d’ardán eFTI, lena n-áirítear ardán eFTI eile, a nascann úsáideoirí gnó le hardán eFTI trína bhíthin chun sonraí eFTI a rochtain agus a phróiseáil;

(3)

ciallaíonn ‘sonraí eFTI’ sonraí a chomhfhreagraíonn d’fhaisnéis rialála de réir an tsainmhínithe in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/1056;

(4)

ciallaíonn ‘oibreoir ardáin eFTI’ duine nádúrtha nó dlítheanach a meastar go bhfuil sé freagrach ó thaobh an dlí de as feidhmiú iomchuí ardáin eFTI;

(5)

ciallaíonn ‘Geata eFTI’ comhpháirt TFC nó tacar comhpháirteanna TFC a fheidhmíonn na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942;

(6)

ciallaíonn ‘úsáideoir gnó’ duine nádúrtha nó dlítheanach ar oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann é nó atá údaraithe le hoibreoir eacnamaíoch údaraithe a ionadú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056, nó oibreoir eacnamaíoch eile ar sealbhóir sonraí é i gcomhréir le mír 23 agus a phróiseálann sonraí ar ardán eFTI thar ceann an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann sin nó thar ceann sealbhóir sonraí eile;

(7)

ciallaíonn ‘seisiún logáil isteach’ tréimhse theoranta a dtugtar rochtain ar ardán eFTI d’úsáideoir gnó lena linn;

(8)

ciallaíonn ‘gluaiseacht coinsíneachta’ iompar bailiúcháin earraí le modh iompair féinchumhachtaithe, bíodh trealamh iompair ar nós leantóra, pailléid nó coimeádáin i gceist leis nó ná bíodh, ó aon áit luchtaithe amháin nó lena n-aistrítear chuig aon áit díluchtaithe nó seachadta amháin, faoi théarmaí aon chonartha iompair amháin;

(9)

ciallaíonn ‘tacar sonraí gluaiseachta coinsíneachta eFTI’ nó ‘TSGC eFTI’ tacar sonraí eFTI lena ngabhann aitheantóir uathúil atá comhdhéanta de na sonraí eFTI arb éard atá i gceist leo, gach cuid de le chéile, an fhaisnéis rialála faoi iompar lastais a bhaineann le gluaiseacht coinsíneachta shonrach;

(10)

ciallaíonn ‘na ceanglais um fhaisnéis rialála is infheidhme’ na ceanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/1056 is infheidhme maidir le gluaiseacht coinsíneachta shonrach;

(11)

ciallaíonn ‘aitheantóirí na bhfothacar sonraí eFTI’ na sainaitheantóirí san fhormáid ‘EUyy’ nó ‘Xxyy" le haghaidh na dtacar sonraí eFTI a bhunaítear i Ranna 3 agus 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024;

(12)

Ciallaíonn ‘AUU an TSGC eFTI’ an uimhir uathúil, dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942, arna sannadh go huathoibríoch ag ardán eFTI ar thacar sonraí eFTI ina bhfuil CMDS eFTI;

(13)

ciallaíonn ‘uimhir aitheantais uathúil na hiarrata’ uimhir uathúil iarrata ar rochtain ar shonraí eFTI arna taisceadh ag oifigeach údaráis inniúil, a eisíodh agus a sannadh don iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 3(2), pointe (c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942;

(14)

ciallaíonn ‘cumarsáid leantach’ an chumarsáid idir na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann de réir an tsainmhínithe in Airteagal 1, pointe (6), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942;

(15)

ciallaíonn ‘comhéadan úsáideora duine le meaisín’ comhéadan grafach úsáideora gréasán-bhunaithe nó feidhmchlár-bhunaithe lenar féidir le daoine nádúrtha oibríochtaí próiseála sonraí a dhéanamh ar ardán eFTI;

(16)

ciallaíonn ‘modh ríomh-shainaitheantais’ aonad ábharach agus/nó neamhábharach ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine agus a úsáidtear chun seirbhís ar líne nó, i gcás inarb iomchuí, seirbhís as líne a fhíordheimhniú;

(17)

ciallaíonn ‘scéim ríomh-shainaitheantais’ córas chun ríomh-shainaithint a dhéanamh faoina ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó do dhaoine nádúrtha a ionadaíonn daoine nádúrtha eile nó daoine dlítheanacha;

(18)

ciallaíonn ‘fíordheimhniú’ ríomhphróiseas lenar féidir ríomh-shainaitheantas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a dheimhniú nó tionscnamh agus sláine sonraí i bhfoirm leictreonach a dheimhniú;

(19)

ciallaíonn ‘síniú leictreonach ardleibhéil’ síniú leictreonach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 910/2014;

(20)

ciallaíonn ‘séala leictreonach ardleibhéil’ séala leictreonach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 910/2014;

(21)

ciallaíonn ‘úsáideoir ionduchtaithe’ úsáideoir gnó a ndearnadh an tsainaithint, an fíordheimhniú agus an t-údarú ina leith i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear in Airteagal 4(2), pointe (a);

(22)

ciallaíonn ‘úsáideoir neamh-ionduchtaithe’ úsáideoir gnó a bhfuil cead aige rochtain a fháil ar ardán eFTI ar bhonn cearta rochtana agus próiseála sealadacha amháin, arna n-eisiúint i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear in Airteagal 5(1) pointe (b);

(23)

ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé de cheart aige nó d’oibleagáid air, i gcomhréir leis an gcuid is infheidhme de dhlí an Aontais, den reachtaíocht náisiúnta, nó de chomhaontuithe conarthacha príobháideacha, sonraí a úsáid agus a chur ar fáil ar faisnéis rialála iad freisin i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán 2020/1056;

(24)

ciallaíonn ‘príomhúdaraitheoir’ úsáideoir gnó ionduchtaithe a bhfuil cead aige an fhaisnéis a taifeadadh i bpróifíl úsáideora ionduchtaithe a mhodhnú, lena n-áirítear bunú nó scriosadh próifíl úsáideora;

(25)

ciallaíonn ‘údaraitheoir sealadach’ úsáideoir gnó ionduchtaithe a bhfuil cead aige cearta próiseála sonraí a eisiúint d’úsáideoirí neamh-ionduchtaithe;

(26)

ciallaíonn ‘fíordheimhniú dhá fhachtóir’ modh slándála bainistithe céannachta agus rochtana ina dteastaíonn dhá chineál sainaitheantais chun rochtain a fháil ar ardán eFTI;

(27)

ciallaíonn ‘marc deimhniúcháin’ tagairt chódaithe don ardán eFTI lena bhfianaítear bailíocht a stádais deimhniúcháin, ar cheart é a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla trí ardán eFTI deimhnithe, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2020/1056;

(28)

ciallaíonn ‘córas loingsithe dramhaíola digití’ (DIWASS) an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2024/1157;

(29)

ciallaíonn ‘oibreoir loingsithe dramhaíola’ oibreoir de réir an tsainmhínithe in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290;

(30)

ciallaíonn ‘doiciméid maidir le loingsiú dramhaíola’ na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(2), Airteagal 16(1) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/1157;

(31)

ciallaíonn ‘sonraí iompair chomhcheangailte’ an fhaisnéis rialála dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle (11);

(32)

ciallaíonn ‘stampa ama leictreonach cáilithe’ stampa ama leictreonach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 910/2014.

Airteagal 2

ailtireacht chóras na n-ardán eFTI

Is éard a bheidh in ailtireacht chóras na n-ardán eFTI, aon teaglaim de chomhpháirteanna nó de chórais TFC a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

ROCHTAIN AR ARDÁIN eFTI

Airteagal 3

Rochtain údarás inniúil ar ardáin eFTI

1.   le hardáin eFTI ní fhéadfaidh údaráis inniúla sonraí eFTI a rochtain ach trí bhíthin cumarsáid meaisín le meaisín, trí nasc slán idir an t-ardán eFTI agus an Geata eFTI. Bunóidh ardán eFTI nasc den sórt sin le Geata eFTI amháin ar a laghad.

2.   Chun gur féidir an chumarsáid dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, soláthróidh ardán eFTI na feidhmiúlachtaí seo a leanas:

(a)

an iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI nó an chumarsáid leantach a fuarthas ón nGeata eFTI a bhailíochtú, trí eochair shlándála an Gheata eFTI a fhíorú;

(b)

an iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI a phróiseáil, trí na nithe seo a leanas a shainaithint:

(i)

AUU an TSGC eFTI;

(ii)

na tagairtí do chearta rochtana oifigeach an údaráis inniúil atá freagrach as an iarraidh, arna sloinneadh mar liosta aitheantóirí na bhfothacar sonraí eFTI;

(c)

rian iniúchóireachta a choimeád den iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI, tríd an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:

(i)

uimhir aitheantais uathúil na hiarrata ar rochtain ar shonraí eFTI atá ina cuid den iarraidh arna tarchur ag an nGeata eFTI;

(ii)

AUU an tacair TSGC eFTI ar iarradh rochtain air;

(iii)

dáta agus am na hiarrata;

(d)

an freagra ar an iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI a ullmhú agus a tharchur chuig an nGeata eFTI, de réir mar is iomchuí:

(i)

na sonraí eFTI, mar fhothacar den TSGC eFTI, ar éard atá iontu na heilimintí sonraí uile a chomhfhreagraíonn do na ceanglais um fhaisnéis rialála arna sainaithint ag an ardán eFTI ar bhonn na dtagairtí do chearta rochtana oifigeach an údaráis inniúil a airíodh san iarraidh;

(ii)

teachtaireacht earráide, ina bhfuil sonraíocht chódaithe nó théacsúil ghairid den chineál earráide i gcás nach féidir leis an ardán na sonraí eFTI a iarradh a sholáthar ar chúiseanna teicniúla nó próisis gnó;

(e)

rian iniúchóireachta den fhreagra a choinneáil, lenar féidir an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a aisghabháil:

(i)

uimhir aitheantais uathúil an fhreagra, agus uimhir aitheantas uathúil na hiarrata ar tugadh an freagra uirthi;

(ii)

an cineál freagra a tugadh, cibé acu TSGC eFTI nó teachtaireacht earráide é;

(iii)

dáta agus am an fhreagra;

(iv)

i gcás ina mbeidh TSGC eFTI sa fhreagra, na heilimintí sonraí agus a luachanna féin mar a áiríodh sa fhreagra;

(f)

an chumarsáid leantach a phróiseáil, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

AUU an TSGC eFTI agus uimhir aitheantais uathúil na hiarrata ar rochtain ar shonraí eFTI ar taisceadh an teachtaireacht leantach lena haghaidh;

(ii)

an fhaisnéis atá sa chumarsáid leantach a thaifeadadh, de réir mar a tharchuirfidh an t-údarás inniúil í i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos in Airteagal 3(5), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942;

(iii)

fógra a thabhairt do na húsáideoirí gnó lena mbaineann, i gcás ina n-áireofar cearta próiseála comhfhreagracha iomchuí ina n-údarú, agus teachtaireacht deimhniúcháin a tharchur chuig an nGeata eFTI go bhfuarthas an chumarsáid leantach;

(g)

rian iniúchóireachta den chumarsáid leantach a choinneáil, lenar féidir an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a aisghabháil:

(i)

uimhir sainaitheantais uathúil na hiarrata ar rochtain ar shonraí eFTI ar taisceadh an teachtaireacht leantach lena haghaidh;

(ii)

an dáta agus an t-am a fuarthas an chumarsáid leantach.

Airteagal 4

Rochtain úsáideoirí gnó ar ardáin eFTI

1.   ceadóidh ardáin eFTI d’úsáideoirí gnó sonraí eFTI a rochtain agus a phróiseáil trí bhíthin ceann amháin de na módúlachtaí seo a leanas, nó an dá cheann le chéile:

(a)

comhéadain úsáideora duine le meaisín;

(b)

cumarsáid meaisín le meaisín trí naisc shlána le córais TFC eile a fheidhmíonn mar chórais TFC chúnta.

2.   Chun sonraí eFTI a rochtain agus a phróiseáil trí chomhéadain duine le meaisín, soláthróidh ardáin eFTI feidhmiúlachtaí lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás gach úsáideora ionduchtaithe:

(i)

aitheantas agus fíordheimhniú úsáideora trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i mír 3;

(ii)

údarú úsáideora, trí bhíthin clárlann údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a);

(b)

i gcás úsáideoirí neamh-ionduchtaithe, sainaithint, fíordheimhniú agus údarú úsáideora trí bhíthin an tsásra údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b).

3.   Comhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), ar a laghad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

I gcás úsáideoirí a dhéanfaidh sonraí eFTI a rochtain agus a phróiseáil a chomhfhreagraíonn do na ceanglais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2020/1056, áireofar sna modhanna ríomh-shainaitheantais dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), den Airteagal seo tagairt d’uimhir aitheantais an oibreora loingsithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290.

4.   Chun sonraí eFTI a rochtain agus a phróiseáil trí chumarsáid meaisín le meaisín, soláthróidh ardáin eFTI feidhmiúlachtaí lena n-áiritheofar an méid seo a leanas i gcás gach córais TFC:

(a)

sainaithint agus fíordheimhniú an úsáideora gnó a n-oibríonn an córas TFC cúnta faoina fhreagracht dhlíthiúil, trí bhíthin clárlann ina ndéantar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh agus a choinneáil cothrom le dáta:

(i)

tagairt aitheantais an úsáideora gnó;

(ii)

mionsonraí maidir le heochair shlándála an chórais TFC chúnta;

(b)

údarú an úsáideora gnó a n-oibríonn an córas TFC chúnta faoina fhreagracht dhlíthiúil, trí bhíthin na clárlainne údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a).

5.   déanfaidh oibreoirí ardán eFTI bearta a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le hionduchtú iomchuí córas TFC cúnta lena n-áireofar, ar a laghad:

(a)

a fhíorú go ndéanann an córas TFC cúnta na húsáideoirí a bhfuil cead acu gníomhú mar úsáideoirí gnó an ardáin eFTI a shainaithint agus a fhíordheimhniú, trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i mír 3;

(b)

a fhíorú go rialaíonn an córas TFC cúnta rochtain na n-úsáideoirí a cheadaítear dóibh gníomhú mar úsáideoirí gnó an ardáin eFTI, trí bhíthin clárlann údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a).

6.   I gcás gach seisiúin logáil isteach, áiritheoidh an t-ardán eFTI sainaithint, fíordheimhniú agus údarú an úsáideora gnó, sula gceadófar dó sonraí eFTI a phróiseáil.

Airteagal 5

Sásra údarúcháin

1.   úsáidfidh ardáin eFTI ceann amháin de na cineálacha sásraí údarúcháin seo a leanas nó an dá cheann le chéile:

(a)

cearta próiseála an úsáideora a fhíorú, trí bhíthin clárlanna údarúcháin ina ndéantar cearta próiseála na n-úsáideoirí ionduchtaithe a thaifeadadh, a choinneáil cothrom le dáta agus a leanfaidh de bheith ar fáil chun críoch iniúchóireachta, agus arb iad an príomhshásra údarúcháin iad;

(b)

cearta próiseála sealadacha a eisiúint agus a fhíorú, trí bhíthin clárlanna údarúcháin ina dtaifeadtar dintiúir rochtana sealadaí úsáideoirí ócáide neamh-ionduchtaithe.

2.   Déanfar na clárlanna údarúcháin dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus a choinneáil ar bun mar chomhpháirt TFC ar leithligh. Beidh an chomhpháirt TFC ar leithligh sin laistigh den ardán eFTI nó ina cuid de chóras TFC lasmuigh den ardán eFTI lena mbunaíonn an t-ardán eFTI cumarsáid shlán, i gcomhréir le hAirteagal 12(4).

3.   Coinneoidh na clárlanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) ‘próifílí úsáideora’ lena ngabhfaidh aitheantóir uathúil ar bun le haghaidh gach úsáideora gnó ionduchtaithe tríd an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:

(a)

aitheantas uathúil an úsáideora gnó, arna shloinneadh mar thagairt chódaithe;

(b)

cearta próiseála, arna sloinneadh mar thagairtí, i gcás ina n-áireofar leis na tagairtí sin:

(i)

tagairtí do na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 8;

(ii)

an tréimhse ama a ndeonaítear gach ceann de na cearta próiseála dá dtagraítear i bpointe (b) lena linn;

(iii)

tagairtí códaithe na n-eilimintí sonraí eFTI nó na ngrúpaí eilimintí sonraí eFTI, mar a shonraítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024, ar a bhféadfar gach ceann de na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 8 a dhéanamh;

(c)

léiriú ar cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-úsáideoir gnó gníomhú mar phríomhúdaraitheoir nó mar údaraitheoir sealadach;

(d)

i gcás úsáideoirí gnó arna n-ainmniú mar phríomhúdaraitheoirí, uimhreacha aitheantais uathúla próifílí na n-úsáideoirí ionduchtaithe atá ann cheana agus a bhfuil cead acu iad a mhodhnú;

(e)

i gcás úsáideoirí gnó a bheidh ainmnithe mar údaraitheoir sealadach, na cearta próiseála sealadacha a bheidh siad i dteideal a eisiúint d’úsáideoirí neamh-ionduchtaithe, arna gcur in iúl mar thagairtí do na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 8;

(f)

léiriú ar cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-úsáideoir gnó fógraí a iarraidh a bhaineann le hiarrataí ar rochtain ar shonraí eFTI ó údaráis inniúla agus cumarsáid leantach ghaolmhar, i gcás ina mbaineann sé le TSGC eFTI a bhfuil cearta próiseála ag an úsáideoir gnó air.

4.   Déanfaidh oibreoir an ardáin eFTI nó, i gcás ina bhfuil an chlárlann údarúcháin bunaithe mar chomhpháirt de chóras TFC lasmuigh den ardán eFTI, oibreoir an chórais TFC sheachtraigh, bearta chun ionduchtú iomchuí na n-úsáideoirí gnó a d’fhéadfadh gníomhú mar ‘údaraitheoir príomhúil’ a áirithiú. Is éard a bheidh sna bearta sin, ar a laghad:

(a)

sainaithint agus fíordheimhniú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), pointe (a);

(b)

fíorú na ndintiúr lena sonraítear gur sealbhóir sonraí é an t-úsáideoir gnó nó gurb é atá ann ionadaí dlíthiúil sealbhóra sonraí, nó go bhfuil sé de chumhacht ag an úsáideoir gnó, thar ceann sealbhóir sonraí, próiseáil sonraí a údarú ar ina leith atá cearta ag an sealbhóir sonraí nó oibleagáidí air dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (23);

(c)

taifead a choinneáil ar na dintiúir sin chun críoch iniúchóireachta.

5.   Áireofar sa sásra údarúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), feidhmiúlachtaí a chomhlíonann, ar a laghad, na sonraíochtaí seo a leanas:

(a)

cead a thabhairt d’úsáideoirí ionduchtaithe a bhfuil ainmniú údaraitheora shealadaigh acu cearta próiseála sealadacha a eisiúint d’úsáideoirí neamh-ionduchtaithe, trí dhintiúir rochtana sealadaí úsáideoirí neamh-ionduchtaithe a thaifeadadh i gclárlann thiomnaithe, ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

sonraí teagmhála lena sainaithneofar an t-úsáideoir neamh-ionduchtaithe agus an áit ar féidir teachtaireachtaí leictreonacha a sheoladh chuici;

(ii)

AUU an TSGC eFTI ar tugadh cearta próiseála sealadacha don úsáideoir neamh-ionduchtaithe air;

(iii)

na cearta próiseála a tugadh don úsáideoir neamh-ionduchtaithe, arna sloinneadh mar thagairtí do na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 8;

(iv)

an tréimhse ama bheacht a mbeidh na cearta próiseála sin bailí lena linn;

(b)

cead a thabhairt do na húsáideoirí ionduchtaithe a bhfuil ainmniú údaraitheora shealadaigh acu rochtain shealadach a thabhairt ar shonraí eFTI do na húsáideoirí neamh-ionduchtaithe ar thaifead siad dintiúir rochtana sealadaí ina leith, trí theachtaireacht a sheoladh le sonraí teagmhála taifeadta an úsáideora neamh-ionduchtaithe ina mbeidh an méid seo a leanas:

(i)

nasc rochtana chuig an ardán eFTI;

(ii)

AUU gach TSGC eFTI ar tugadh cearta próiseála sealadacha don úsáideoir neamh-ionduchtaithe air;

(c)

i gcás ina n-iarrfaidh úsáideoir neamh-ionduchtaithe rochtain ar an ardán eFTI, rochtain a thabhairt don úsáideoir neamh-ionduchtaithe ar an ardán eFTI ar bhonn fíordheimhniú dhá fhachtóir, agus cead a thabhairt dó oibríochtaí próiseála a dhéanamh ar bhonn a cheart próiseála arna dtaifeadadh i gcomhréir le pointe (a);

(d)

deireadh a chur le seisiún logáil isteach úsáideora neamh-ionduchtaithe a luaithe a tharlóidh ceann de na teagmhais seo a leanas:

(i)

gur aithin an t-úsáideoir gur cuireadh an seisiún próiseála sonraí i gcrích;

(ii)

go ndeachaigh an tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) in éag.

6.   Coinneofar an fhaisnéis a taifeadadh sna clárlanna údarúcháin i gcomhréir le míreanna 1 go 5 chun críoch iniúchóireachta, ar a laghad, ar feadh na tréimhse céanna ar lena linn a cheanglaítear TSGC eFTI, ar a ndearna na húsáideoirí lena mbaineann oibríochtaí próiseála, a choinneáil ar fáil, i gcomhréir leis an gcuid sin den dlí náisiúnta nó de dhlí an Aontais is infheidhme, de bhun Airteagal 9(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/1056.

7.   scriosfaidh ardáin eFTI an fhaisnéis uile arb éard atá inti sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 laistigh de thréimhse réasúnta tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 6.

Airteagal 6

Cumarsáid le DIWASS

1.   Chun go bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis rialála dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2020/1056 a chur ar fáil d’údaráis inniúla, bunóidh ardáin eFTI naisc shlána leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2024/1157, trí chomhéadan feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290, nó i gcás ina gcuirfidh Ballstát ar fáil é, trí nasc leis an gcóras áitiúil a oibríonn údarás inniúil sa Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (AE) 2024/1157 agus a nascann leis an lárchóras sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290.

2.   I gcás ina mbunóidh ardáin eFTI ceachtar de na naisc dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh siad feidhmiúlachtaí breise comhfhreagracha freisin i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Trédhearcacht

1.   soláthróidh ardáin eFTI feidhmiúlachtaí lenar féidir le húsáideoirí gnó fógraí a iarraidh agus a fháil, lena n-áirítear i bhfoirm tuarascálacha tréimhsiúla, ar bhonn údaruithe iomchuí. Cumhdófar leis na fógraí agus na tuarascálacha sin iarrataí ar rochtain ó údaráis inniúla ar shonraí eFTI agus cumarsáid leantach ghaolmhar. Cumhdófar leo freisin oibríochtaí próiseála a dhéanfaidh úsáideoirí gnó, nuair is sealbhóir sonraí é an t-úsáideoir gnó a iarrfaidh na fógraí nó na tuarascálacha sin nó nuair a bheidh cearta próiseála aige ar na sonraí sin arna sannadh sa chlárlann údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) i ndáil leis na sonraí sin.

2.   I gcás ina mbainfidh na fógraí nó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 le hiarrataí ó údaráis inniúla ar rochtain ar shonraí eFTI agus le cumarsáid leantach ghaolmhar, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna fógraí sin:

(a)

dáta agus am faighte na hiarrata ar rochtain ar shonraí eFTI agus, i gcás inar taisceadh é, dáta agus am na cumarsáide leantaí;

(b)

Ballstát an údaráis inniúil a thaisc an iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI;

(c)

AUU an TSGC eFTI a ndearnadh an iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI ina leith;

(d)

i gcás ina dtaiscfear í, an fhaisnéis sa chumarsáid leantach.

CAIBIDIL III

PRÓISEÁIL SONRAÍ AR ARDÁIN eFTI

Airteagal 8

An TSGC eFTI

1.   bainisteoidh na hardáin eFTI próiseáil na sonraí eFTI ar bhonn tacair sonraí a ngabhann aitheantóir uathúil leo, ar TSGC eFTI gach ceann acu.

2.   ginfear TSGCanna eFTI trí na heilimintí sonraí uile atá sna fothacair sonraí eFTI a chomhfhreagraíonn do na ceanglais um fhaisnéis rialála is infheidhme maidir le gluaiseacht coinsíneachta shonrach a roghnú, i gcás nach n-áireofar na heilimintí sonraí uile atá in dhá fhothacar sonraí eFTI nó níos mó ach aon uair amháin.

3.   Comhlíonfaidh na sonraí eFTI uile a phróiseálfar ar ardán eFTI na sainmhínithe agus na saintréithe teicniúla, lena n-áirítear struchtúr, liostaí cód agus rialacha gnó a bhunaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024.

Airteagal 9

Na hoibríochtaí próiseála

1.   Soláthróidh ardáin eFTI feidhmiúlachtaí a chuirfidh ar chumas úsáideoirí gnó, tar éis dóibh a gcearta próiseála a bhailíochtú trí bhíthin sásra údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5, na hoibríochtaí próiseála seo a leanas a dhéanamh ar shonraí eFTI:

(a)

TSGC eFTI a chruthú;

(b)

TSGC eFTI a chur in eagar;

(c)

sonraí TSGC eFTI a léamh;

(d)

cóip de shonraí TSGC eFTI a íoslódáil;

(e)

síniú an choinsíneora;

(f)

síniú an iompróra;

(g)

síniú an choinsíneora;

(h)

‘stampa’ iompair chomhcheangailte ó údarás inniúil is i gcalafort mara, i gcalafort uiscebhealaí intíre, nó i stáisiún iarnróid;

(i)

cartlannú TSGCanna eFTI.

2.   Leis na feidhmiúlachtaí ardán eFTI dá dtagraítear in Airteagal 6, cuirfear ar chumas úsáideoirí gnó, tar éis dóibh a gcearta próiseála a bhailíochtú trí bhíthin sásra údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5, na hoibríochtaí próiseála seo a leanas a dhéanamh ar shonraí eFTI:

(a)

cóip de dhoiciméid loingsithe dramhaíola a íoslódáil;

(b)

dearbhuithe aistrithe loingsithe dramhaíola ón iompróir i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Cuid B, pointe 3 agus Cuid C pointe 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2025/1290 a chur isteach;

(c)

eagarthóireacht a dhéanamh ar dhearbhuithe aistrithe loingsithe dramhaíola ón iompróir i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Cuid B, pointe 4 agus Cuid C pointe 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2025/1290.

3.   Beidh na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 de réir an tsonraithe san Iarscríbhinn, in éineacht leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag ardáin eFTI chun a chur ar chumas úsáideoirí gnó na hoibríochtaí sin a dhéanamh.

4.   Sula gceadófar d’úsáideoir gnó oibríochtaí phróiseála a dhéanamh ar shonraí eFTI, cuirfidh an t-ardán an t-úsáideoir ar an eolas le teachtaireachtaí i bhfoclaíocht shoiléir go dtoilíonn an t-úsáideoir, trí na sonraí ar an ardán eFTI a phróiseáil, leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfar na sonraí arna bpróiseáil ag an úsáideoir gnó a chur ar fáil go huathoibríoch do na húdaráis inniúla, go sonrach aon uair a gheobhaidh an t-ardán eFTI iarraidh ar rochtain ar shonraí eFTI, ó údarás inniúil, don TSGC eFTI sonrach ar cuid de na sonraí sin;

(b)

go dtaifeadfar rian iniúchóireachta na n-oibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh ag an úsáideoir gnó, i gcomhréir leis na forálacha i mír 6, agus go bhféadfar é a chur ar fáil do na húdaráis inniúla le haghaidh comhairliúcháin i gcomhréir leis an gcuid is infheidhme de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta.

5.   logálfaidh ardáin eFTI gach oibríocht phróiseála a dhéanfaidh úsáideoir gnó ar TSGC eFTI, tríd an bhfaisnéis seo a leanas a thaifeadadh i ndáil le gach eilimint sonraí a phróiseáiltear:

(a)

AUU an TSGC eFTI;

(b)

i gcás úsáideoirí ionduchtaithe, sainaitheantas códaithe atá nasctha lena gcuntas úsáideora;

(c)

i gcás úsáideoirí neamh-ionduchtaithe, faisnéis aitheantais arna soláthar ag an úsáideoir i gcomhthéacs an fhíordheimhniúcháin dhá fhachtóir dá dtagraítear in Airteagal 5(5), pointe (c);

(d)

dáta agus am;

(e)

an cineál oibríochta atá i gceist, arna shainaithint i gcomhréir le míreanna 1 agus 2; nuair a bhainfidh an oibríocht phróiseála le luach eiliminte sonraí a mhodhnú nó a scriosadh, coinneofar luach bunaidh na heiliminte sonraí freisin.

6.   déanfaidh ardáin eFTI na sonraí TSGC eFTI a thaifeadadh agus a choinneáil ar fáil go héasca lena rochtain ag úsáideoirí gnó agus ag údaráis inniúla araon ar chóras stórála sonraí ar líne, ar feadh na tréimhse ina bhfuil an stádas ‘gníomhach’ agus, i gcás inarb infheidhme, ‘neamhghníomhach’ ag TSGC eFTI ar a laghad, arna sannadh ag an ardán eFTI i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

7.   coinneoidh ardáin eFTI na TSGCanna eFTI a mbeidh an stádas ‘réidh le cartlannú’ nó ‘cartlannaithe’ acu agus na logaí próiseála oibríochtaí comhfhreagracha a mbeidh rochtain orthu ag údaráis inniúla ar feadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/1056.

8.   scriosfaidh ardáin eFTI an fhaisnéis uile arb éard atá inti sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 laistigh de thréimhse réasúnta tar éis dhul in éag na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 8.

Airteagal 10

Comhéadain úsáideora duine le meaisín

1.   Soláthróidh na comhéadain duine le meaisín dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) na feidhmiúlachtaí gréasán-bhunaithe nó feidhmchlár-bhunaithe seo a leanas:

(a)

cead a thabhairt d’úsáideoirí gnó idirghníomhú leis an ardán eFTI chun críoch sainaitheanta, fíordheimhniúcháin agus údarúcháin leis an ardán eFTI i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 agus, faoi seach, chun sonraí eFTI a phróiseáil ar an ardán eFTI i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 9;

(b)

cead a thabhairt d’úsáideoirí údaraithe nasc aitheantais leictreonach uathúil (NAU) an TSGC eFTI, agus é a chur ar a gcumas é a chur in iúl do na húdaráis i bhformáid mheaisín-inléite;

(c)

cead a thabhairt d’úsáideoirí údaraithe cóip den TSGC eFTI a bheidh inléite ag an duine agus, i gcás inarb infheidhme, de na doiciméid um loingsiú dramhaíola a íoslódáil, agus na cóipeanna sin a thaispeáint lena n-iniúchadh ag oifigigh na n-údarás inniúil, nuair a iarrfaidh na hoifigigh sin é i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2020/1056;

2.   Áireofar sna cóipeanna is inléite ag an duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) tagairt chódaithe mheaisín-inléite do mharc deimhniúcháin an ardáin eFTI agus léiriú ar dháta agus am na híoslódála i bhfoirm stampa ama.

3.   áireofar le comhéadain duine le meaisín na n-ardán eFTI gnéithe cosanta rochtana chun rochtain neamhúdaraithe ar shonraí eFTI agus ar fheidhmiúlachtaí ardáin eFTI a chosc i gcás nach mbeidh an gaireas trína bhfaigheann an t-úsáideoir gnó rochtain ar an ardán eFTI faoi rialú an úsáideora.

CAIBIDIL IV

BEARTA INFHAIGHTEACHTA, SLÁNDÁLA AGUS ATHLÉIMNEACHTA

Airteagal 11

Infhaighteacht

Beidh rochtain fós ar ardán eFTI ag údaráis inniúla, mar a shonraítear in Airteagal 3, ar feadh na tréimhse ama ar a laghad a mbeidh an stádas ‘gníomhach’ agus, i gcás inarb infheidhme, ‘neamhghníomhach’ ag na TSGCanna eFTI a taifeadadh ar an ardán sin, arna sannadh ag an ardán eFTI i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Slándáil malartuithe sonraí

1.   Chun cumarsáid a dhéanamh le Geata eFTI, déanfaidh ardáin eFTI an méid seo a leanas:

(a)

Pointe Rochtana eDelivery a choinneáil ar bun, i gcomhréir le sonraíochtaí malartaithe teachtaireachtaí eDelivery, nó pointe rochtana a chomhlíonann na sonraíochtaí malartaithe teachtaireachtaí coibhéiseacha a dtacaíonn an Geata eFTI leo, i gcás ina mbeidh na sonraíochtaí malartaithe teachtaireachtaí sin bunaithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942;

(b)

nósanna imeachta agus prótacail shlána a úsáid chun eochracha slándála nó deimhnithe slándála an Gheata eFTI a fháil, a thaifeadadh, a aisghabháil agus a bhailíochtú.

2.   Úsáidfidh na pointí rochtana dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), deimhnithe slándála arna n-eisiúint, trí údarás deimhnithe, ag an mBallstát ina bhfuair an t-ardán eFTI an deimhniú um chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2020/1056.

3.   Déanfar an chumarsáid uile idir an t-ardán eFTI agus an Geata eFTI trí bhíthin malartuithe teachtaireachtaí a chomhlíonann na sonraíochtaí a leagtar síos in Airteagal 9(3) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942.

4.   Maidir le cumarsáid le córais TFC chúnta nó le comhpháirteanna óstála córas TFC seachtrach eile a dhéanann feidhmiúlachtaí áirithe ardáin eFTI, déanfaidh ardáin eFTI an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointí rochtana a choinneáil ar bun ag a bhfuil eochracha slándála bailí nó deimhnithe slándála bailí;

(b)

nósanna imeachta agus prótacail shlána a úsáid chun eochracha slándála nó deimhnithe slándála na gcóras TFC eile sin a fháil, a thaifeadadh, a aisghabháil agus a bhailíochtú.

5.   Chun cumarsáid a dhéanamh le DIWASS, déanfaidh ardáin eFTI an méid seo a leanas:

(a)

pointí rochtana a choinneáil ar bun a chomhlíonann na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290;

(b)

nósanna imeachta agus prótacail shlána a úsáid chun eochair shlándála DIWASS a fháil, a thaifeadadh, a aisghabháil agus a bhailíochtú;

(c)

comhéadan feidhmchláir a choinneáil ar bun lenar féidir leis sonraí a fháil ó DIWASS a bhaineann le síniú an choinsíní, nuair is saoráid cóireála dramhaíola é an coinsíní dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1157.

Airteagal 13

Slándáil na sonraí stóráilte

déanfaidh oibreoirí ardáin eFTI bearta a shainiú agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar slándáil agus caomhnú na sonraí a stórálfar ar ardáin eFTI, agus go háirithe:

(a)

i gcás ina stórálfar sonraí eFTI ar ghairis stórála fhisiceacha a bhainistíonn oibreoir an ardáin:

(i)

bearta chun stóráil leordhóthanach sonraí a áirithiú, lena n-áirítear le haghaidh cúltacú;

(ii)

bearta chun cosaint a áirithiú ar dhamáiste fisiceach d’aonaid stórála fhisiceacha, damáiste a rinneadh d’aon ghnó nó de thaisme, atá de dhéantús an duine nó a rinneadh de dheasca tubaistí nádúrtha;

(iii)

bearta chun aisghabháil sonraí a áirithiú i gcás damáiste;

(iv)

bearta lena gcuirtear chun feidhme beartais iomchuí bainistithe riosca maidir le slándáil faisnéise, lena n-áirítear measúnuithe tráthrialta leochaileachta slándála agus bearta leantacha ina leith;

(b)

i gcás ina stórálfar sonraí eFTI trí bhíthin néalstórála, bearta chun a áirithiú go gceannófar spás néalstórála ó sholáthraithe seirbhísí a chloíonn leis na príomhchaighdeáin idirnáisiúnta agus na dea-chleachtais maidir le slándáil néalríomhaireachta agus cosaint sonraí pearsanta;

(c)

bearta chun a áirithiú go stórálfar sonraí eFTI laistigh den Aontas nó faoi dhlínse an Aontais nó an Bhallstáit.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 249, 31.7.2020, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1056/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2024 lena leagtar síos nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe maidir le húdaráis inniúla faisnéis leictreonach faoi iompar lastais a rochtain agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1942, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1942/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1056 tríd an tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI a bhunú (IO L, 2024/2024, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2024/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhfuil gá leo don idir-inoibritheacht idir an lárchóras chun faisnéis agus doiciméid a bhaineann le loingsithe dramhaíola a chur isteach agus a mhalartú go leictreonach, agus córais nó bogearraí eile, chomh maith le ceanglais theicniúla agus eagraíochtúla eile is gá chun an cur isteach agus an malartú leictreonach faisnéise agus doiciméad sin a chur chun feidhme go praiticiúil, IO L, 2025/1290, 14.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1290/oj.

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.

(9)   https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&groupID=3280.

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(11)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17/12/1992, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/106/oj).


IARSCRÍBHINN

OIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA LE FEIDHMIÚ AG ÚSÁIDEOIRÍ GNÓ AR ARDÁIN eFTI

dá dtagraítear in Airteagal 9

Tugtar tuairisc sa tábla seo a leanas ar na hoibríochtaí próiseála ar shonraí eFTI a chuireann ardáin eFTI ar a gcumas d’úsáideoirí gnó a fheidhmiú, de bhun Airteagal 9(1) agus (2), agus na gníomhaíochtaí uathoibríocha nach mór d’ardáin eFTI a dhéanamh chun feidhmiú na n-oibríochtaí próiseála sin a áirithiú, inarb amhlaidh seo a leanas:

(a)

sa cholún ar a bhfuil an teideal ‘Oibríocht’ tugtar an t-ainm gearr lena sainaithnítear an oibríocht próiseála in Airteagal 9(1) nó (2);

(b)

sa cholún ar a bhfuil an teideal ‘Gníomhaíocht úsáideora gnó’ tugtar tuairisc ar na gníomhaíochtaí a gcuirfidh ardáin eFTI ar a gcumas d’úsáideoirí gnó a chur i gcrích chun an oibríocht próiseála chomhfhreagrach a fheidhmiú;

(c)

sa cholún ar a bhfuil an teideal ‘gníomhaíocht ardáin eFTI’ tugtar tuairisc ar na gníomhaíochtaí a fhorghníomhóidh ardáin eFTI, ar a laghad, i gcomhar leis na gníomhaíochtaí úsáideora gnó comhfhreagracha, chun cur i gcrích na hoibríochta sin a áirithiú.

Tábla

 

Oibríocht

Gníomhaíocht úsáideora gnó

Gníomhaíocht ardáin eFTI

(a)

TSGC eFTI a chruthú

A iarraidh ar ardán eFTI TSGC eFTI nua a chruthú.

1.

Tar éis iarraidh a fháil ón úsáideoir gnó, ginfidh an t-ardán eFTI teimpléad TSGC eFTI, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag an úsáideoir gnó. Iarrfaidh an t-ardán eFTI ar an úsáideoir gnó an fhaisnéis is gá a sholáthar ionas go mbeidh sé in ann na fothacair sonraí eFTI iomchuí a chinneadh ina bhfuil na ceanglais is infheidhme maidir le faisnéis rialála.

2.

A luaithe a bheidh teimpléad TSGC eFTI ginte aige, leithdháilfidh an t-ardán UUID ar an TSGC eFTI, dá bhforáiltear in Airteagal 11(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942, sannfaidh sé an stádas ‘dréacht’ don TSGC agus cuirfidh sé ar fáil é lena phróiseáil ag úsáideoirí gnó.

(b)

Eagar a chur ar TSGC eFTI

Faisnéis gluaiseachta coinsíneachta a ionchur i réimsí sonraí TSGC eFTI.

1.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó sonraí a ionchur i réimsí eilimintí sonraí comhfhreagracha an TSGC eFTI, lena n-áirítear trí shonraí a taifeadadh roimhe sin a mhodhnú, maidir leis an bhfaisnéis rialála uile a bhfuil cearta próiseála ag an úsáideoirí gnó sin ina leith, dá bhforáiltear in Airteagal 5.

2.

Déanfaidh an t-ardán eFTI na sonraí arna n-ionchur ag an úsáideoir gnó a thaifeadadh ar chóras stórála ar líne an ardáin eFTI, ag úsáid an phróisis bhailíochtaithe dá dtagraítear i bpointe 3 agus ar dheimhniú an úsáideora nach mian leis na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh.

3.

Sula ndéanfaidh an t-ardán eFTI na sonraí a thaifeadadh, déanfaidh sé seiceálacha bailíochtaithe ar na sonraí arna n-ionchur ag an úsáideoir gnó, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a fhíorú cé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh sonraí le haghaidh na n-eilimintí sonraí uile dá sainaithnítear an stádas dlíthiúil a bheith éigeantach nó coinníollach le haghaidh na bhfothacar eFTI ar ar a mbonn a bunaíodh an CMDS eFTI, i gcomhréir leis an tuairisc ar na fothacair sonraí eFTI i Ranna 3 agus 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024;

(b)

a fhíorú cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn na luachanna arna soláthar le haghaidh gach eiliminte sonraí do na saintréithe teicniúla (e.g. cineál sonraí, formáid, liosta cóid) a leagtar síos le haghaidh na n-eilimintí sonraí sin san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2024;

(c)

torthaí an phróisis bailíochtaithe a chur in iúl don úsáideoir gnó, trí theachtaireachtaí iomchuí.

4.

Nuair a chomhfhreagraíonn an eilimint sonraí arna chur in eagar/na heilimintí sonraí arna gcur in eagar do shonraí arb é atá iontu sainaitheantóir/sainaitheantóirí i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942, agus nuair atá stádas an TSGC eFTI ‘gníomhach’, nuashonróidh an t-ardán eFTI luach sainaitheantóra chomhfhreagraigh (nó luachanna sainaitheantóirí comhfhreagracha) an TSGC eFTI sin i gclárlann sainaitheantóirí an Gheata eFTI ina ndearnadh na sainaitheantóirí sin a uaslódáil ar dtús.

(c)

Sonraí TSGC eFTI a léamh

Rochtain ar shonraí a cuireadh isteach sa TSGC eFTI a iarraidh.

Cumasóidh an t-ardán eFTI, mar réamhshocrú, rochtain inléite amháin ar na heilimintí sonraí uile de TSGC eFTI ar ina leith atá cearta próiseála ag an úsáideoir gnó.

(d)

Cóip de shonraí TSGC eFTI a íoslódáil

Cóip de shonraí TSGC eFTI a iarraidh.

Déanfaidh an t-ardán eFTI cóip de na sonraí TSGC eFTI a ghiniúint agus a chur ar fáil lena híoslódáil ag an úsáideoir gnó, i bhformáidí atá inléite ag an duine agus ag meaisín araon.

(e)

Síniú an choinsíneora

Sonraí TSGC eFTI a léamh nó a chur in eagar agus ansin a shíniú.

1.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó an TSGC eFTI a léamh agus, de réir chearta próiseála an úsáideora, oibríochtaí próiseála eile a fheidhmiú air.

2.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó síniú leictreonach a dhéanamh, ar dheimhniú an úsáideora maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

léigh sé/sí na sonraí TSGC eFTI go léir ar ina leith atá cearta próiseála aige/aici, agus

(b)

ní mian leis/léi na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh.

3.

Déanfaidh an t-ardán eFTI meiteashonraí a thaifeadadh lenar féidir a fhíorú cé acu a shínigh nó nár shínigh an t-úsáideoir gnó trí mhodhanna a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais maidir le síniú leictreonach ardleibhéil nó séala ardleibhéil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus sannfaidh sé luach ‘1’ d’eilimint sonraí eFTI65.

(f)

Síniú an iompróra

Sonraí TSGC eFTI a léamh nó a chur in eagar agus ansin a shíniú.

1.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó an TSGC eFTI a léamh agus, de réir chearta próiseála an úsáideora, oibríochtaí próiseála eile a fheidhmiú air.

2.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó síniú leictreonach a dhéanamh, ar dheimhniú an úsáideora maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

léigh sé/sí na sonraí TSGC eFTI go léir ar ina leith atá cearta próiseála aige/aici, agus

(b)

ní mian leis/léi na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh.

3.

Déanfaidh an t-ardán eFTI meiteashonraí a thaifeadadh lenar féidir a fhíorú cé acu a shínigh nó nár shínigh an t-úsáideoir gnó trí mhodhanna a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais maidir le síniú leictreonach ardleibhéil nó séala ardleibhéil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus sannfaidh sé luach ‘1’ d’eilimint sonraí eFTI115.

4.

Ginfidh an t-ardán eFTI UIL an TSGC eFTI, i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1942, agus uaslódálfaidh sé an UIL, mar aon leis na sainaitheantóirí comhfhreagracha, i gclárlann aitheantóirí an Gheata eFTI lena bhfuil an t-ardán eFTI nasctha, agus a bhfuil an tagairt dó sa UIL, mar a shonraítear in Airteagal 11(3) den Rialachán sin.

5.

Sannfaidh an t-ardán eFTI an stádas ‘gníomhach’ don TSGC eFTI agus cuirfidh sé ar fáil é lena rochtain agus lena phróiseáil ag údaráis inniúla.

(g)

Síniú an choinsíní

Sonraí TSGC eFTI a léamh nó a chur in eagar agus ansin a shíniú.

1.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó an TSGC eFTI a léamh agus, de réir chearta próiseála an úsáideora, oibríochtaí próiseála eile a fheidhmiú air.

2.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó síniú leictreonach a dhéanamh, ar dheimhniú an úsáideora maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

léigh sé/sí na sonraí TSGC eFTI go léir ar ina leith atá cearta próiseála aige/aici agus,

(b)

ní mian leis/léi na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh.

3.

Déanfaidh an t-ardán eFTI meiteashonraí a thaifeadadh lenar féidir a fhíorú cé acu a shínigh nó nár shínigh an t-úsáideoir gnó trí mhodhanna a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais maidir le síniú leictreonach ardleibhéil nó séala ardleibhéil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus sannfaidh sé luach ‘1’ d’eilimint sonraí eFTI84. I gcás inar saoráid cóireála dramhaíola dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1157 é an coinsíní, féadfaidh an t-ardán eFTI, mar mhalairt air sin, na sonraí a bhaineann le síniú an choinsíní a fuarthas ó DIWASS a thaifeadadh, trí bhíthin an chomhéadain feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 12(5), pointe (c).

4.

Déanfaidh an t-ardán eFTI an sainaitheantóir a chomhfhreagraíonn d’eilimint sonraí eFTI188 a thabhairt cothrom le dáta i gclárlann sainaitheantóirí an Gheata eFTI.

5.

Sannfaidh na hardáin eFTI an stádas ‘réidh chun aircíviú’ don TSGC eFTI, mura bhfuil an luach ‘3’, a chomhfhreagraíonn do ‘iompar de bhóthar’, ag eilimint sonraí eFTI581 den TSGC eFTI.

6.

I gcás ina bhfuil luach ‘3’, a chomhfhreagraíonn do ‘iompar de bhóthar’, ag eilimint sonraí eFTI581 den TSGC eFTI, sannfaidh an t-ardán eFTI an stádas ‘neamhghníomhach’ don TSGC eFTI, le haghaidh charnadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus 8(2a) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus, ar dhul in éag na tréimhse carntha sin, sannfaidh sé an stádas ‘réidh chun aircíviú’.

(h)

‘Stampa’ iompair chomhcheangailte ó údaráis i gcalafort mara, i gcalafort uiscebhealaí intíre, nó i stáisiún iarnróid

Sonraí iompair chomhcheangailte a dheimhniú.

1.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó an TSGC eFTI a léamh agus, de réir chearta próiseála an úsáideora, oibríochtaí próiseála eile a fheidhmiú air.

2.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó síniú leictreonach nó stampa leictreonach a dhéanamh, ar dheimhniú an úsáideora maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

léigh sé/sí na sonraí TSGC eFTI go léir ar ina leith atá cearta próiseála aige/aici, agus

(b)

ní mian leis/léi na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh.

3.

Déanfaidh an t-ardán eFTI meiteashonraí a thaifeadadh lenar féidir a fhíorú cé acu a shínigh nó nár shínigh nó cé acu a stampáil nó nár stampáil an t-úsáideoir gnó trí mhodhanna a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais maidir le síniú leictreonach ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhstampa ama cáilithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus sannfaidh sé luach ‘1’ d’eilimint sonraí eFTI608.

(i)

TSGC eFTI a aircíviú

A iarraidh go ndéanfaí an TSGC eFTI a aircíviú.

1.

Ar dheimhniú ón úsáideoir gnó, sannfaidh an t-ardán eFTI an stádas ‘aircívithe’ don TSGC eFTI.

2.

In éagmais iarraidh shonrach ó úsáideoir gnó, féadfaidh an t-ardán eFTI an stádas ‘aircívithe’ a shannadh do TSGC eFTI a bhfuil an stádas ‘réidh le haircíviú’ aige, ar choinníoll go gcuirtear na húsáideoirí gnó a bhfuil na húdaruithe comhfhreagracha acu i ndáil leis an TSGC eFTI sin ar an eolas go cuí faoin ngníomhaíocht sin,.

(j)

Cóip de dhoiciméid maidir le loingsiú dramhaíola a íoslódáil

Cóip de dhoiciméid maidir le loingsiú dramhaíola a iarraidh.

1.

Bunaithe ar an uimhir/na huimhreacha doiciméid arna sholáthar/arna soláthar ag an úsáideoir gnó, iarrfaidh an t-ardán eFTI cóip den doiciméad/de na doiciméid maidir le loingsiú dramhaíola a shainaithnítear leis an uimhir/na huimhreacha sin ó DIWASS agus aisghabhfaidh sé í.

2.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó an fhaisnéis sna doiciméid maidir le loingsiú dramhaíola a léamh agus a íoslódáil i bhformáid atá inléite ag an duine agus nach féidir eagar a chur uirthi.

(k)

Deimhniú aistrithe loingsithe dramhaíola ón iompróir a chur isteach nó a chur in eagar

Sonraí TSGC eFTI a léamh nó a chur in eagar agus ansin a shíniú. Doiciméid maidir le loingsiú dramhaíola a fhíordheimhniú.

1.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó an TSGC eFTI a léamh agus, de réir chearta próiseála an úsáideora, oibríochtaí próiseála eile a fheidhmiú air.

2.

Cuirfidh an t-ardán eFTI ar a chumas don úsáideoir gnó síniú leictreonach a dhéanamh, ar dheimhniú an úsáideora maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

léigh sé/sí na sonraí TSGC eFTI go léir ar ina leith atá cearta próiseála aige/aici,

(b)

ní mian leis/léi na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh, agus

(c)

léigh sé/sí an chóip de na doiciméid maidir le loingsiú dramhaíola agus is mian leis/léi dul ar aghaidh leis na doiciméid sin a fhíordheimhniú.

3.

Déanfaidh an t-ardán eFTI meiteashonraí a thaifeadadh lenar féidir a fhíorú cé acu a shínigh nó nár shínigh an t-úsáideoir gnó trí mhodhanna a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais maidir le síniú leictreonach ardleibhéil nó séala ardleibhéil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus sannfaidh sé luach ‘1’ d’eilimint sonraí eFTI115.

4.

Taifeadfaidh an t-ardán eFTI an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1290, agus uaslódálfaidh sé sonraí deimhniúcháin iompróra ar DIWASS a chomhfhreagraíonn do na sonraíochtaí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, Cuid B, pointí 3 agus 4 agus Cuid C, pointí 3 agus 4, a ghabhann leis an Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1072/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2243/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top