This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2084
Commission Regulation (EU) 2025/2084 of 17 October 2025 amending Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council as regards the use of quillaia extract (E 999) and Commission Regulation (EU) No 231/2012 as regards the specifications for quillaia extract (E 999)
Rialachán (AE) 2025/2084 ón gCoimisiún an 17 Deireamh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid eastóscáin quillaia (E 999) agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí le haghaidh eastóscán quillaia (E 999)
Rialachán (AE) 2025/2084 ón gCoimisiún an 17 Deireamh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid eastóscáin quillaia (E 999) agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí le haghaidh eastóscán quillaia (E 999)
C/2025/6903
IO L, 2025/2084, 20.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2084/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2084 |
20.10.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2084 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireamh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid eastóscáin quillaia (E 999) agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí le haghaidh eastóscán quillaia (E 999)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. Le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia lena n-áirítear iompróirí atá formheasta le húsáid i mbreiseáin bhia, einsímí bia, blastáin bhia agus cothaithigh, maille le coinníollacha a n-úsáide. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
|
(3) |
Féadfar na liostaí Aontais de bhreiseáin bhia agus na sonraíochtaí lena n-aghaidh a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil. |
|
(4) |
Is breiseán bia údaraithe é eastóscán quillaia (E 999) faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
|
(5) |
Maidir le húdarú na húsáide eastóscáin quillaia (E 999) mar eiblitheoir i mblastáin, an 11 Feabhra 2013 cuireadh iarratas isteach ar an údarú sin a leathnú chun catagóirí bia éagsúla eile a chumhdach. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
|
(6) |
Nuair a úsáidtear eastóscán quillaia (E 999) mar eiblitheoir i mblastáin spraethriomaithe, áirithítear an eiblitheoireacht, an chobhsaíocht eibleachta agus an choinneáil blais is gá. |
|
(7) |
An 6 Márta 2019 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) tuairim eolaíoch maidir leis an athmheastóireacht ar eastóscán quillaia (E 999) mar bhreiseán bia agus maidir le sábháilteacht an leathnaithe atá beartaithe ar a úsáid (4). Ba ag 3 mg de shapaininí/kg den mheáchan coirp in aghaidh an lae a shuigh an tÚdarás iontógáil laethúil inghlactha (ADI) le haghaidh an bhreiseáin bia sin. Maidir leis na meastacháin nochta le haghaidh na ngrúpaí daonra éagsúla sa chás beachtaithe dílseachta branda, a roghnaigh an tÚdarás chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus a bhaineann le húsáid eastóscáin quillaia (E 999), níor sháraigh siad an ADI 3 mg de shapaininí/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae. Dá leathnófaí úsáid eastóscáin quillaia mar bhreiseán bia i mblastáin mar atá beartaithe, ní bheadh aon ábhar imní sábháilteachta ann ach an oiread. Mhol an tÚdarás na sonraíochtaí le haghaidh eastóscán quillaia (E 999) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú agus a uasleibhéil úsáide a chur in iúl ar bhonn sapaininí. |
|
(8) |
An 15 Nollaig 2020 sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia eastóscán quillaia (E 999) chun na sonraí is gá a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an tÚdarás. |
|
(9) |
Ar bhonn na sonraí a chuir oibreoirí gnólachtaí leasmhara isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnólachtaí leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseán bia eastóscán quillaia (E 999) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin reatha, de réir mar a mhol an tÚdarás. |
|
(10) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh a foilsíodh an 6 Feabhra 2024 (5), mhol an tÚdarás na huasteorainneacha le haghaidh luaidhe, mearcair agus arsanaice a laghdú i gcás an bhreiseáin bia eastóscán quillaia (E 999), uasteorainneacha a ghlacadh le haghaidh caidmiam agus ocsaláit chailciam, critéir mhicribhitheolaíocha agus an t-íoschion le haghaidh sapaininí a ghlacadh freisin, arb iad na sapaininí an chomhpháirt fheidhmiúil, lena n-áirítear uimhir CAS sna sonraíochtaí, agus an sainmhíniú ar eastóscán quillaia (E 999) a athrú chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar an gcomhdhéanamh ar bhealach cáilíochtúil. Mhol an tÚdarás freisin na huasleibhéil úsáide a shloinneadh ar bhonn sapaininí. |
|
(11) |
An 3 Aibreán 2023 cuireadh isteach iarratas ar úsáid eastóscáin quillaia (E 999) a údarú mar eiblitheoir i bhforbhianna soladacha agus leachtacha faoi chatagóirí bia 17.1 ‘Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, gan forbhianna do naíonáin agus leanaí óga a áireamh’ agus 17.2 ‘Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, gan forbhianna do naíonán agus leanaí óga a áireamh’. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
|
(12) |
Nuair a úsáidtear eastóscán quillaia (E 999) mar eiblitheoir i bhforbhianna, feabhsaíonn sé intuaslagthacht uisce nó lipidí, rud a fhágann gur féidir comhábhair nach bhfuil intuaslagtha go maith a áireamh sa mhaitrís forbhia deiridh. Fágann sé sin gur féidir feidhmeanna malartacha éagsúla forbhianna a fhorbairt, amhail saicíní púdair atá le caolú in uisce, glóthóga, foirmeacha leachtacha atá réidh le hól agus diúrnáin leachtacha in ionad gnáthphiollairí, glóthach nó táibléad. |
|
(13) |
An 13 Nollaig 2024 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le húsáidí eastóscáin quillaia (E 999) mar bhreiseán bia a leathnú (6). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, maidir leis na meastacháin nochta d’eastóscán quillaia (E 999) bunaithe ar na gnáthleibhéil úsáide a thuairiscítear le haghaidh na gcatagóirí bia atá údaraithe faoi láthair agus, ar an leathnú úsáide atá beartaithe, nach sárófaí an ADI suite in aon ghrúpa daonra. |
|
(14) |
Agus na tuairimí eolaíocha ón Údarás á gcur san áireamh, is iomchuí na huasleibhéil úsáide le haghaidh eastóscán quillaia (E 999) a shloinneadh ar bhonn sapaininí, agus úsáid eastóscáin quillaia (E 999) a údarú i mblastáin, agus i bhforbhianna i bhfoirm sholadach agus leachtach, gan forbhianna do naíonáin agus do leanaí óga a áireamh. Is iomchuí freisin na sonraíochtaí le haghaidh eastóscán quillaia (E 999) a leasú. Go háirithe, ba cheart eastóscán quillaia (E 999) a shainmhíniú ar bhealach níos fearr trí thuairisc a thabhairt ar an gcomhdhéanamh ar bhealach cáilíochtúil, ba cheart an uimhir CAS a chur leis na sonraíochtaí, an t-íoschion le haghaidh sapaininí a leagan amach ós iad sin an chomhpháirt fheidhmiúil, na huasteorainneacha atá ann faoi láthair le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú agus ba cheart teorainn le haghaidh caidmiam agus ocsaláit chailciam a chur leis sna sonraíochtaí chun a áirithiú nach mbeidh an breiseán bia ina fhoinse mhór nochta do na dúile tocsaineacha sin i mbia. Chun na críche sin, is é an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm an leibhéal ba cheart a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart na critéir mhicribhitheolaíocha ábhartha a ghlacadh |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás ábhar imní sláinte láithreach a bhaineann leis na sonraíochtaí atá ann faoi láthair agus chun go mbeidh oibreoirí gnólachtaí bia, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, in ann oiriúnú do na sonraíochtaí níos déine nua a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart cur i bhfeidhm na sonraíochtaí nua a chur siar agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialacha idirthréimhseacha i dtaca le húsáid an bhreiseáin bia eastóscán quillaia (E 999) i mbia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm na sonraíochtaí sin agus i dtaca le bianna ina bhfuil eastóscán quillaia (E 999) a chur ar an margadh. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
An breiseán bia eastóscán quillaia (E 999) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 9 Bealtaine 2026, féadfar é a chur le bia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí go n-ídeofar na stoic.
Bianna lena gcuirtear eastóscán quillaia (E 999) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 9 Bealtaine 2026, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ‘dáta éagtha’.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 9 Bealtaine 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(3):5622.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e8563. Obair leantach ar an athmheastóireacht ar eastóscán quillaia (E 999) mar bhreiseán bia agus sábháilteacht an leathnaithe atá beartaithe ar a úsáidí.
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e9140.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Cuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:
|
(a) |
i gcatagóir 14.1.4 (Deochanna blaistithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 999 Eastóscán quillaia:
|
|
(b) |
i gcatagóir 14.2.3 (Ceann úll agus leann piorraí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 999 Eastóscán quillaia:
|
|
(c) |
i gcatagóir 17.1 (Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, gan forbhianna do naíonán agus leanaí óga a áireamh), cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh an dara hiontráil a bhaineann le E 969:
|
|
(d) |
i gcatagóir 17.2 (Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, gan forbhianna do naíonán agus leanaí óga a áireamh), cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh an dara hiontráil a bhaineann le E 969:
|
IARSCRÍBHINN II
I gCuid 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an mbreiseán bia ‘E 901 Céir beach’:
|
‘E 999 |
Eastóscán quillaia |
Na blastáin uile a úsáidtear sna catagóirí seo a leanas: |
|
|
05.2: Milseogra eile lena n-áirítear micrimhilseáin le haghaidh chumhrú na hanála |
4 mg/kg sa bhia deiridh (arna shloinneadh mar shapaininí) |
||
|
05.3: Guma coganta |
2 mg/kg sa bhia deiridh (arna shloinneadh mar shapaininí) |
||
|
12.5: Anraithí agus bratanna |
2 mg/l sa bhia deiridh (arna shloinneadh mar shapaininí) |
||
|
14.1.5: Caife, tae, insiltí luibheanna agus torthaí, siocaire; tae, insiltí luibheanna agus torthaí agus eastóscáin siocaire; ullmhóidí tae, plandaí, torthaí agus gránach le haghaidh insiltí, chomh maith le meascáin agus meascáin ar an toirt de na táirgí sin |
1,2 mg/l sa bhia deiridh (arna shloinneadh mar shapaininí) |
||
|
15.1: Sneaiceanna bunaithe ar phrátaí, gránach, plúr nó stáirse |
0,2 mg/kg sa bhia deiridh (arna shloinneadh mar shapaininí)’ |
IARSCRÍBHINN III
In Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘E 999 Eastóscán quillaia’:
‘ E 999 EASTÓSCÁN QUILLAIA
|
Comhchiallaigh |
Eastóscán coirte gallúnaí; Eastóscán coirte quillay; Eastóscán choirt Phanama; Eastóscán quillai; Eastóscán choirt Murillo; Eastóscán choirt na Síne |
|
Sainmhíniú |
Faightear eastóscán quillaia trí eastóscadh uiscí Quillaia saponaria Molina, nó speiceas quillaia eile, is é sin crainn den fhine Rosaceae. Tar éis an phróisis eastósctha, déantar gléghlanadh, scagachán, ultrascagachán, tiúchan agus paistéaradh. Tá roinnt sapaininí trítheirpéanóideacha ann arb é atá iontu gliocóisídí d’aigéad cuilleach, polaifeanóil, carbaihiodráití, go háirithe polaisiúicrídí agus siúcraí dí-ocsaídithe agus, go pointe beag, próitéiní. |
|
Uimhir CAS |
68990-67-0 |
|
Einecs |
|
|
Ainm ceimiceach |
|
|
Foirmle cheimiceach |
|
|
Meáchan móilíneach |
|
|
Measúnacht |
Cion sapainine nach lú ná 20 % ar bhonn tirim |
|
Tuairisc |
Tá dath donn éadrom agus imir bhándearg ar eastóscán quillaia ina fhoirm phúdrach. Tá sé ar fáil freisin mar thuaslagán uiscí. |
|
Sainaithint |
|
|
pH |
Idir 3,7 agus 5,5 (tuaslagán 4 %) |
|
Íonacht |
|
|
Cion uisce |
Nach mó ná 6,0 % (modh Karl Fischer) (i bhfoirm phúdrach amháin) |
|
Arsanaic |
Nach mó ná 5 mg/kg de shapaininí |
|
Luaidhe |
Nach mó ná 3 mg/kg de shapaininí |
|
Mearcair |
Nach mó ná 0,5 mg/kg de shapaininí |
|
Caidmiam |
Nach mó ná 0,5 mg/kg de shapaininí |
|
Ocsaláit chailciam |
Nach mó ná 6 g/kg de shapaininí |
|
Critéir mhicribhitheolaíocha |
|
|
Comháireamh aeróbach iomlán |
100 coilíneacht in aghaidh an ghraim ar a mhéad |
|
Salmonella spp. |
Gan bheith ann in 25 g |
|
Staphylococcus aureus |
Gan bheith ann in 1 g |
|
Escherichia coli |
Gan bheith ann in 1 g |
|
Giosta |
10 gcoilíneacht in aghaidh an ghraim ar a mhéad |
|
Múscáin |
10 gcoilíneacht in aghaidh an ghraim ar a mhéad’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2084/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)