Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1951

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1951 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní II, IV agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/6479

IO L, 2025/1951, 9.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1951/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1951/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1951

9.12.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1951 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Iarscríbhinní II, IV agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 5(3), 9(2), agus 17(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 bunaítear na critéir maidir le fabhair tharaife a dheonú faoin socrú ginearálta de Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (‘GSP’).

(2)

Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 nár cheart do thír atá aicmithe ag an mBanc Domhanda mar thír ardioncaim nó ard-mheánioncaim ar feadh 3 bliana as a chéile tairbhe a bhaint as GSP.

(3)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a bhunaítear liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP. De bhun an Rialacháin sin, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II faoin 1 Eanáir gach bliain chun stádas na dtíortha atá liostaithe a leasú i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin.

(4)

De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tá dóthain ama le tabhairt don tír is tairbhí de GSP agus do na hoibreoirí eacnamaíocha chun go mbeidh siad in ann dul in oiriúint do stádas GSP athbhreithnithe na tíre. Dá bhrí sin, an cinneadh maidir le tír is tairbhí a bhaint de liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP ar bhonn Airteagal 4(1)(a), beidh feidhm aige amhail ón dáta a bheidh ann bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh sin.

(5)

D’aicmigh an Banc Domhanda an Indinéis mar thír ard-mheánioncaim in 2023, 2024 agus 2025. Dá bhrí sin, ní cháilíonn an Indinéis le haghaidh stádas tíre is tairbhithe de GSP a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 agus ba cheart í a bhaint de liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus an méid sin a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027.

(6)

De bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tír a shainaithníonn na Náisiúin Aontaithe (‘NA’) mar cheann de na tíortha is lú forbairt, ba cheart di tairbhiú de na fabhair tharaife a sholáthraítear faoin socrú speisialta Gach Ní Seachas Airm (‘EBA’) le haghaidh na dtíortha is lú forbairt. Leagtar síos liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

(7)

Thug NA ardú céime amach as catagóir na dtíortha is lú forbairt do São Tomé agus Príncipe an 13 Nollaig 2024. Dá bhrí sin, níl São Tomé agus Príncipe cáilithe a thuilleadh le haghaidh stádas an tairbhí de EBA faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus ba cheart í a bhaint d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, an gníomh tarmligthe lena mbaintear São Tomé agus Príncipe de liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA, ba cheart feidhm a bheith aige tar éis idirthréimhse 3 bliana ón dáta a thiocfaidh an gníomh tarmligthe sin i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, São Tomé agus Príncipe a bhaint d’Iarscríbhinn IV agus feidhm a bheith ag an méid sin ón 1 Eanáir 2029.

(8)

De bhun phointe (a) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, féadfaidh tír a thairbhíonn de GSP tairbhiú de na fabhair tharaife a fhoráiltear faoin socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas má mheastar í a bheith leochaileach mar gheall ar easpa éagsúlaithe agus comhtháthú neamhleor laistigh den chóras trádála idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

(9)

De bhun phointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, arna leasú le Rialacháin Tarmligthe (AE) 2015/602 ón gCoimisiún (2) agus (AE) 2020/129 (3), chun go measfar tír a bheith leochaileach, ba cheart allmhairí táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn IX isteach san Aontas ón tír sin a bheith níos lú ná an tairseach 7,4 % i luach na n-allmhairí iomlána ó thíortha is tairbhithe GSP isteach san Aontas, mar mheán le linn na dtrí bliana comhleanúnacha deireanacha.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, i gcás ina leasaítear liosta na dtíortha is tairbhithe GSP in Iarscríbhinn II, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn VII a leasú d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach leochaileachta a shainítear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII. Is é is aidhm d’athbhreithniú den sórt sin ualach céanna na tairsí leochaileachta a choimeád go coibhneasach arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, agus na leasuithe roimhe sin ar liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP á gcur san áireamh.

(11)

Leis an athbhreithniú deireanach faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/129 méadaíodh an tairseach leochaileachta ó 6,5 % go 7,4 % agus tá an méid sin infheidhme ó bhí an 1 Eanáir 2019 ann.

(12)

Rinneadh leasú substaintiúil ar liosta thairbhithe GSP in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 idir an 1 Eanáir 2019 agus an 1 Eanáir 2023, toisc gur baineadh cúig thír d’Iarscríbhinn II. Is gá, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach leochaileachta a leagtar amach i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

(13)

Mar thoradh ar na leasuithe ar liosta thairbhithe GSP in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 idir an 1 Eanáir 2019 agus an 1 Eanáir 2023, tháinig laghdú 17,5 % ar iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas de na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn IX ó na tíortha uile is tairbhithe GSP, arna nglacadh mar mheán. Le méadú ar an tairseach leochaileachta ó 7,4 % go 9 %, a bheadh infheidhme ón tráth a tháinig na leasuithe ar Iarscríbhinn II i bhfeidhm, is é sin ón 1 Eanáir 2023, choimeádfaí ualach céanna na tairsí leochaileachta go coibhneasach mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II, faoin gceannteideal ‘Tíortha is tairbhithe den socrú ginearálta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2)’, baintear na cóid aibítre agus na tíortha comhfhreagracha seo a leanas de cholúin A agus B, faoi seach:

‘ID an Indinéis’;

(2)

In Iarscríbhinn IV, faoin gceannteideal ‘Tíortha is tairbhithe den socrú speisialta do na tíortha is lú forbairt dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2)’, baintear na cóid aibítre agus na tíortha comhfhreagracha seo a leanas de cholúin A agus B, faoi seach:

‘ST São Tomé agus Príncipe’;

(3)

I bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII, cuirtear ‘9 %’ in ionad na tairsí ‘7,4 %’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) ón 1 Eanáir 2027.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(2) ón 1 Eanáir 2029.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(3) ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/602 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tairseach leochaileachta mar a shainmhínítear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 100, 17.4.2015, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/602/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/129 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 lena leasaítear an tairseach leochaileachta a leagtar amach i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (IO L 27, 31.1.2020, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/129/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1951/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top