Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1706

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1706 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí tástála maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1257 a mhéid a bhaineann le cineálcheadú astaíochtaí sceite agus galaithe feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683

C/2025/4902

IO L, 2025/1706, 5.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1706/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 05/09/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1706/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1706

5.9.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1706 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2025

lena leagtar síos rialacha, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí tástála maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1257 a mhéid a bhaineann le cineálcheadú astaíochtaí sceite agus galaithe feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 14(3), pointe (a), agus Airteagal 14(4), pointí (a), (b), (c), (e), (f), (j), (l), (m), (n), (o), (p), (q), (r), (s), (u) agus (v), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (2), agus go háirithe in Airteagail 28(3), 30(3), 36(4), 37(8) agus 38(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le cineálacha nua feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 agus comhpháirteanna, córais agus aonaid theicniúla faoi leith atá ceaptha le haghaidh feithiclí de chatagóirí M1 nó N1, ceanglaítear go gcomhlíonfaidh siad teorainneacha astaíochtaí agus forálacha nua astaíochtaí ón 29 Samhain 2026 agus maidir le feithiclí nua de chatagóirí M1 agus N1 agus comhpháirteanna, córais agus aonaid theicniúla faoi leith le haghaidh na bhfeithiclí sin, ón 29 Samhain 2027, cé is moite d’fheithiclí de chatagóirí M1 agus N1 arna dtógáil ag monaróirí ísealtáirgeachta a mbeidh feidhm ag na ceanglais ina leith ón 1 Iúil 2030. Ba cheart na forálacha teicniúla sonracha is gá chun Rialachán (AE) 2024/1257 a chur chun feidhme a ghlacadh. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Rialachán seo na ceanglais is gá a shocrú le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí feithiclí atá le hainmniú mar fheithiclí ‘Euro 7’, feithiclí ‘Euro 7G’, feithiclí ‘Euro 7ext’ nó feithiclí ‘Euro 7Gext’ i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2024/1257.

(2)

Baintear simpliú amach trí na nósanna imeachta tástála, na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta, na tástálacha agus na seiceálacha a bhunú, i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 agus trí dheireadh a chur le tástálacha nach bhfuil ábhartha a thuilleadh agus trí dhearbhuithe ón monaróir feithiclí a chur in ionad tástálacha deimhniúcháin, trí thagairt a dhéanamh do Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe i gcás inarb infheidhme, agus trí shraith chomhsheasmhach nósanna imeachta agus tástálacha a áirithiú le haghaidh chéimeanna éagsúla an chineálcheadaithe astaíochtaí.

(3)

Ní thagraítear sa Rialachán seo do Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe (3), go háirithe Rialachán Uimh. 154 (4) ó na Náisiúin Aontaithe, Rialachán Uimh. 168 (5) ó na Náisiúin Aontaithe agus Rialachán 83 (6) ó na Náisiúin Aontaithe ach amháin i gcomhthéacs cineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feithiclí saothair éadroim a chumhdaítear le hAirteagal 14(8)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1257. Nósanna imeachta tástála, modheolaíochtaí agus nósanna imeachta, tástálacha agus seiceálacha a áirítear sna Rialacháin thuasluaite ó na Náisiúin Aontaithe agus a bhaineann le feithiclí M2 agus N2, glacfar iad ina dhiaidh sin faoi Airteagal 14(9)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1257.

(4)

Chun rialacha teicniúla atá comhchuibhithe go hidirnáisiúnta a chomhtháthú sa chóras cineálcheadaithe astaíochtaí, ba cheart tagairtí a dhéanamh do Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le dálaí tástála agus forálacha riaracháin a bhfuil feidhm acu maidir le cineálcheadú astaíochtaí faoi thomhas astaíochtaí sceite saotharlainne, ach freisin maidir le Doiciméad Faisnéise Samhla, Samhail de Dheimhniú Cineálcheadaithe Astaíochtaí agus tuarascáil tástála lena n-áirithítear go leagtar amach sainiúlachtaí cineálcheadaithe astaíochtaí. Ba cheart tagairtí a dhéanamh do Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le dálaí tástála agus forálacha riaracháin a bhfuil feidhm acu maidir le cineálcheadú astaíochtaí faoi astaíochtaí fíorthiomána, lena gcuirtear isteach ceanglais a chomhlíonann forálacha sonracha Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le hastaíochtaí PN10 sceite. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin do Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le gáis ó chás an chromáin, na hastaíochtaí ag teocht chomhthimpeallach íseal agus an mhodheolaíocht maidir le comhréireacht inseirbhíse a thomhas. Ina theannta sin, ba cheart tagairt a dhéanamh do Rialachán Uimh. 155 (7) ó na Náisiúin Aontaithe le haghaidh bearta cibearshlándála agus chun tarchur slán sonraí a bhaineann le hastaíochtaí a áirithiú.

(5)

Chun meán-saolré ionchasach feithiclí san Aontas a léiriú, ba cheart ceanglais shonracha a áireamh sna tástálacha, sna modhanna agus sna nósanna imeachta chun ceanglais mharthanachta feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil faoi leith a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2024/1257, go háirithe faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann leis.

(6)

Áirithítear cur chun feidhme éifeachtach trí róil agus freagrachtaí na monaróirí, údaráis chineálcheadaithe na mBallstát agus na n-údarás náisiúnta, agus tríú páirtithe aitheanta faoi seach a leagan amach i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le tástálacha agus nósanna imeachta is infheidhme. Nuair is gá, cuirfear teimpléid le haghaidh dearbhú comhlíontachta ar fáil do mhonaróirí i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257, go háirithe le haghaidh tástálacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir le (i) hastaíochtaí ó chás an chromáin (tástáil Chineál 3), (ii) marthanacht an chórais rialaithe astaíochtaí (tástáil Chineál 5), (iii) ceanglais maidir le diagnóisic ar bord chun críoch cineálcheadú astaíochtaí, (iv) ceanglais frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála, (v) athghiniúint, (vi) oibriú ceart córas ina n-úsáidtear imoibrí inchaite agus feistí rialaithe truaillithe, (vii) ceartú teochta comhthimpeallaí CO2 agus (viii) teicneolaíochtaí geofhálúcháin, i gcás inarb infheidhme.

(7)

Chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis chineálcheadaithe is gá a chur i láthair go comhsheasmhach agus ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach chomh maith le trédhearcacht mhéadaithe, ba cheart córas uimhrithe na ndeimhnithe cineálcheadaithe astaíochtaí a oiriúnú do cheanglais Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le tástálacha agus nósanna imeachta is infheidhme, lena n-áirithítear cur i láthair comhchuibhithe. Ba cheart teimpléid le haghaidh deimhnithe cineálcheadaithe agus teimpléid le haghaidh deimhnithe comhréireachta a oiriúnú i gcás inar gá agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (8) ón gCoimisiún a leasú dá réir.

(8)

Chun an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 14(7) de Rialachán (AE) 2024/1257 a chomhlíonadh, i gcás cineálacha feithiclí de chatagóirí M1 agus N1, go léireoidh na modhanna chun astaíochtaí sceite truailleán agus astaíochtaí galaithe a thomhas na modhanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (9), ba cheart na modhanna, na ceanglais agus na nósanna imeachta ábhartha a shonrú i gcomhréir leis an gceanglas sin, go háirithe le haghaidh thástáil Chineál 1, thástáil Chineál 3, thástáil Chineál 4, thástáil Chineál 5, thástáil Chineál 6, agus ceanglas maidir le diagnóisic ar bord.

(9)

Tá toirmeasc ar fheistí cúblála nó straitéisí cúblála a úsáid faoi Rialachán (AE) 2024/1257. Tá sé fíor-riachtanach cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an toirmisc sin a áirithiú chun cuspóirí an Rialacháin sin a chosaint. Ba cheart, dá bhrí sin, modhanna, nósanna imeachta, nósanna imeachta riaracháin, tuairisciú agus oibleagáidí doiciméadachta sonracha a leagan amach chun easpa feistí cúblála agus straitéisí cúblála a bhaineann le hastaíochtaí sceite agus astaíochtaí galaithe a shuí.

(10)

Le creat láidir chun feistí cúblála agus straitéisí cúblála a thoirmeasc, ba cheart a áirithiú nach n-athraítear iompraíocht astaíochtaí feithiclí idir tástáil comhlíontachta agus fíorthiomáint, agus go leanfaidh sonraí maidir le braiteoirí, ídiú breosla nó ídiú fuinnimh leictrigh, raon leictreach, agus marthanacht ceallraí de bheith cruinn agus iontaofa. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglais ghinearálta agus theicniúla a leagan amach, chomh maith le ceanglais shonracha doiciméadachta, chun an toirmeasc ar fheistí cúblála agus ar straitéisí cúblála a chur chun feidhme, agus chun róil agus freagrachtaí monaróirí, údarás cineálcheadaithe, údarás faireachais margaidh, an Choimisiúin agus tríú páirtithe aitheanta a shoiléiriú.

(11)

Ag céim an fhaireachais margaidh, le tástálacha scagtha le haghaidh feistí cúblála agus straitéisí cúblála a bhaineann le hastaíochtaí sceite agus galaithe a bheith ann, ba cheart díriú ar chásanna a shainaithint ina mbraitheann an fheithicil dálaí tástála agus ina dhiaidh sin athrú ar an straitéis rialaithe astaíochtaí agus ar iompraíocht astaíochtaí nach bhfuil doiciméadaithe tráth an chineálcheadaithe. Chun na tástálacha scagtha agus an measúnú sin a dhéanamh go héifeachtach, is iomchuí do na húdaráis um fhaireachas margaidh a dhéanann na tástálacha sin cineálacha éagsúla cur chuige tástála a úsáid, agus a bheith in ann meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an scagtha trína gcur i gcomparáid ní leis na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257, ach le tairseacha sonracha bunaithe ar bhreithnithe teicniúla.

(12)

Chun a áirithiú go léireofar go comhsheasmhach an fhaisnéis maidir le cineálcheadú a cheanglaítear, ba cheart samplaí nua a thabhairt isteach le haghaidh chóras uimhrithe an deimhnithe a bhaineann le cineálcheadú Euro 7. Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, amhail chun críoch clárúcháin, ba cheart na teimpléid le haghaidh na ndeimhnithe comhréireachta a oiriúnú i gcás inar gá. Ba cheart Rialachán (AE) 2020/683 a leasú dá réir.

(13)

Chun a ndóthain am a thabhairt d’údaráis chineálcheadaithe, d’údaráis faireachais margaidh, d’údaráis chlárúcháin na mBallstát agus do na monaróirí an Rialachán seo maidir le Deimhniú Comhréireachta a chur chun feidhme, ba cheart dáta chur i bhfeidhm Iarscríbhinn XVIII a chur siar.

(14)

Nuair is gá sonraí pearsanta a phróiseáil mar thoradh ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 (10) agus (AE) 2018/1725 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith leis an dlí náisiúnta ábhartha i gcomhréir leis na Rialacháin sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí (CTMF),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú astaíochtaí i dtaca le hastaíochtaí sceite agus astaíochtaí galaithe na mótarfheithiclí a bhaineann leis na catagóirí feithiclí seo a leanas:

(1)

M1 agus N1;

(2)

N2 ainmnithe mar ‘Euro 7ext’ agus ‘Euro 7Gext’ i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1257.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘cineál feithicle maidir le hastaíochtaí’ grúpaí feithiclí:

(a)

nach bhfuil difríocht eatarthu i ndáil leis na critéir lena mbunaítear ‘aicme idirshuímh’ mar a shonraítear i mír 6.3.2 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe;

(b)

a thagann faoi aon raon idirshuímh CO2 amháin de réir bhrí mhír 2.3.2 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe nó mhír 4.5.1. d’Iarscríbhinn B8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe;

(c)

nach bhfuil éagsúil maidir le haon saintréith ag a bhfuil tionchar neamhdhiomaibhseach ar astaíochtaí sceithphíopa, amhail na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

—

cineálacha agus seicheamh feistí rialaithe truaillithe (e.g. catalaitheoir trí threo, catalaíoch ocsaídiúcháin, asúiteoir NOx caol, dí-ocsaídiú roghnaitheach catalaíoch, catalaíoch NOx dó íseal, scagaire cáithníní nó cónaisc díobh sin in aon aonad amháin);

—

athshruthú an gháis sceite (le brú inmheánach/seachtrach, fuaraithe/neamhfhuaraithe, íseal/ard/comhbhrú, nó gan é);

2.

ciallaíonn ‘córas athghiniúna tréimhsiúla’ gaireas rialaithe astaíochtaí sceite (e.g. tiontaire catalaíoch, scagaire cáithníní) a éilíonn próiseas athghiniúna tréimhsiúla;

3.

ciallaíonn ‘feithicil aonbhreosla’ feithicil atá deartha ar shlí go n-imeoidh sí go príomha ar chineál amháin breosla;

4.

ciallaíonn ‘feithicil aonbhreosla gháis’ feithicil aonbhreosla atá ceaptha go príomha lena feidhmiú go buan ar ghás peitriliam leachtaithe (GPL) nó ar ghás nádúrtha/bithmheatán nó hidrigin, ach a bhféadfaidh córas peitril a bheith inti freisin chun críche éigeandála nó chun an fheithicil a chur ar siúl, agus chun na gcríoch sin amháin, i gcás nach sáraíonn toilleadh ainmniúil an umair peitril 15 lítear;

5.

ciallaíonn ‘feithicil dhá fhoinse breosla’ feithicil ina bhfuil dhá chóras stórála breosla ar leithligh agus atá ceaptha chun feidhmiú go príomha ar bhreosla amháin den dá bhreosla sin, ach ceadaítear úsáid chomhuaineach an dá bhreosla i méid agus i bhfad teoranta;

6.

ciallaíonn ‘feithicil gháis débhreosla’ feithicil débhreosla arb iad peitreal (mód peitril) agus GPL, GN/bithmheatán, nó hidrigin an dá bhreosla iontu;

7.

ciallaíonn ‘feithicil ilbhreosla’ feithicil ina bhfuil córas stórála breosla amháin agus atá in ann feidhmiú ar mheascáin éagsúla de dhá bhreosla nó níos mó;

8.

ciallaíonn ‘feithicil eatánóil fleisc-bhreosla’ feithicil ilbhreosla atá in ann feidhmiú ar pheitreal nó ar mheascán peitril agus eatánóil suas le cumasc 85 faoin gcéad eatánóil (E85);

9.

ciallaíonn ‘táscaire mífheidhme’ nó ‘TM’ táscaire is féidir a fheiceáil nó a chloisteáil a chuireann in iúl go soiléir do thiománaí na feithicle faoi chás ina dtarlaíonn mífheidhm in aon chomhpháirt a bhaineann le hastaíocht atá ceangailte le diagnóisic ar bord, nó mífheidhm sa diagnóisic ar bord féin;

10.

ciallaíonn ‘easnamh’, i gcomhthéacs an chórais diagnóisice ar bord, go bhfuil saintréithe oibriúcháin sealadacha nó buana ag suas le dhá chomhpháirt nó dhá chóras ar leithligh a ndéantar faireachán orthu, ar saintréithe iad a chuireann isteach ar fhaireachán diagnóisice ar bord éifeachtúil ar na comhpháirteanna nó ar na córais sin nó nach gcomhlíonann na ceanglais mhionsonraithe eile uile maidir le diagnóisic ar bord;

11.

ciallaíonn ‘glanchumhacht’ an chumhacht a fhaightear ar bhinse tástála ag deireadh na cromfhearsaide nó a choibhéis ag luas comhfhreagrach an innill nó an mhótair leis na cúntóirí, arna tástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn XX, agus arna cinneadh faoi dhálaí tagartha an atmaisféir;

12.

ciallaíonn ‘cumhacht rátaithe innill’ (Prated) glanchumhacht uasta an innill nó an mhótair in kW, arna tomhas i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn XX;

13.

ciallaíonn ‘cumhacht uasta 30 nóiméad’ glanchumhacht uasta gléasra cumhachta leictreach ag voltas DC mar a leagtar amach i mír 5.3.2. de Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe (12);

14.

Ciallaíonn ‘Córas Iniompartha chun Astaíochtaí a Thomhas’ nó ‘PEMS’ córas iniompartha chun astaíochtaí a thomhas a chomhlíonann na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe (13);

15.

ciallaíonn ‘fachtóir tréscaoilteachta’ nó ‘FT’ an fachtóir a chinntear ar bhonn caillteanais hidreacarbóin thar thréimhse ama agus a úsáidtear chun na hastaíochtaí galaithe deiridh a chinneadh;

16.

Ciallaíonn ‘Bonnstraitéis Laghdaithe Astaíochtaí’‘BES’ straitéis astaíochtaí atá gníomhach ar feadh raon luais agus ualaigh na feithicle mura ndéantar Straitéis Chúnta Laghdaithe Astaíochtaí a ghníomhachtú;

17.

Ciallaíonn ‘Straitéis Chúnta Laghdaithe Astaíochtaí’ nó ‘AES’ straitéis astaíochtaí a éiríonn gníomhach agus a chuirtear in ionad BES nó a dhéanann mionathrú ar BES chun críche sonraí agus mar fhreagairt ar thacar sonrach dálaí comhthimpeallacha nó dálaí oibriúcháin agus nach mbíonn i bhfeidhm ach amháin nuair atá na dálaí sin ann.

Airteagal 3

Ceanglais maidir le cineálcheadú astaíochtaí

1.   Chun cineálcheadú astaíochtaí a fháil faoi Rialachán (AE) 2024/1257, léireoidh an monaróir go gcomhlíonann na feithiclí ceanglais an Rialacháin seo nuair a dhéantar iad a thástáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a shonraítear in Iarscríbhinní III go VIII, X, XI, XIV, XVI, XX, XXI agus XXII. Áiritheoidh an monaróir freisin go gcomhlíonann na breoslaí tagartha na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

2.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na feithiclí faoi réir na dtástálacha a shonraítear i bhFíor I.2.3. d’Iarscríbhinn I agus na nósanna imeachta i mír 1 á gcur i bhfeidhm acu.

I ngach tagairt do Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, ní bheidh feidhm ach amháin ag na ceanglais Aontais a bhaineann le leibhéal 1A. Is éard a mheasfar a bheith i gceist le tagairtí do Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ‘hastaíochtaí critéar’, tagairtí do ‘astaíochtaí truailleán’ sa Rialachán seo.

3.   Chun cineálcheadú astaíochtaí a fháil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1257, déanfaidh an monaróir freisin na tástálacha le haghaidh ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI agus in Iarscríbhinn XII, i gcás inarb infheidhme.

Áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go ndéanfar sonraí na tástála cineálcheadaithe a thaifeadadh le haghaidh gach tástála de Chineál 1 agus go ndéanfar iad a uaslódáil chuig freastalaí tiomnaithe an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/392 (14).

4.   Leagtar síos ceanglais shonracha maidir le hionraonta chuig umair bhreosla i Roinn 2.1 d’Iarscríbhinn I.

5.   Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonfaidh torthaí na tástála astaíochtaí na teorainnluachanna is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 faoi na dálaí tástála sonraithe den Rialachán seo.

6.   Déanfar feithiclí aonbhreosla gáis a thástáil sa tástáil Chineál 1 le haghaidh éagsúlacht i gcomhdhéanamh GPL nó gáis nádúrtha/bithmheatáin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe le haghaidh astaíochtaí truailleán, leis an mbreosla a úsáidtear chun an ghlanchumhacht a thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn XX den Rialachán seo.

Déanfar feithiclí gáis débhreosla a thástáil le peitreal agus le GPL nó gás nádúrtha/bithmheatán. Déanfar na tástálacha ar GPL nó ar ghás nádúrtha/bithmheatán le haghaidh éagsúlacht i gcomhdhéanamh GPL nó gáis nádúrtha/bithmheatáin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hastaíochtaí truailleán, agus leis an mbreosla a úsáidtear chun an ghlanchumhacht a thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo.

7.   Áiritheoidh an monaróir, i gcás thástáil Chineál 3 a leagtar amach in Iarscríbhinn V, nach gceadóidh córas aerála an innill aon ghás ó chás an chromáin a astú isteach san atmaisféar.

8.   Ní bheidh feidhm maidir le feithiclí díosail ag tástáil Chineál 6 lena dtomhaistear astaíochtaí ag teochtaí ísle a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Mar sin féin, cuirfidh an monaróir faisnéis ar fáil don údarás cineálcheadaithe maidir le straitéis oibriúcháin an chórais athshruthaithe gáis sceite, lena n-áirítear a fheidhmiú ag teochtaí ísle. Áireofar san fhaisnéis sin freisin tuairisc ar aon éifeacht ar astaíochtaí.

Cuirfidh an t-údarás ceadaithe faisnéis ar fáil maidir le feidhmíocht na bhfeistí iarchóireála NOx agus an chórais athshruthaithe gáis sceite ag teochtaí ísle, arna iarraidh sin don Choimisiún.

9.   Maidir le feithicil a dhéantar a chineálcheadú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1257, áiritheoidh an monaróir, ar feadh saolré feithicle mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257, nach sáróidh torthaí críochnaitheacha astaíochtaí fíorthiomána na feithicle sin, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe arna leasú le hIarscríbhinn III agus arna n-astú le linn tástáil astaíochtaí fíorthiomána arna déanamh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, na luachanna ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 ná na ‘hUasluachanna Dearbhaithe Astaíochtaí Fíorthiomána’ de réir Iarscríbhinn III, más infheidhme.

10.   Ní bheidh feidhm ag ceanglais Iarscríbhinn III maidir le cineálcheadú astaíochtaí a dheonaítear do mhonaróirí ultrai-ísealtáirgeachta faoi Rialachán (AE) 2024/1257.

Airteagal 4

Ceanglais maidir le cineálcheadú astaíochtaí i dtaca leis an gcóras diagnóisice ar bord

Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonann an córas diagnóisice ar bord na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le cineálcheadú astaíochtaí i dtaca le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus fuinnimh leictrigh

1.   Áiritheoidh an monaróir go mbeidh feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus fuinnimh leictrigh feistithe sna feithiclí seo a leanas de chatagóirí M1, N1 agus N2, arna n-ainmniú mar ‘Euro 7ext’ nó ‘Euro 7Gext’, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1257:

(a)

feithiclí faoi lántiomáint ag inneall dócháin inmheánaigh agus feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe neamhsheachtraigh a chumhachtaítear go heisiach le peitridhíosal, bithdhíosal, peitreal, eatánól nó aon mheascán de na breoslaí sin;

(b)

Feithiclí Leictreacha Hibrideacha le Luchtú Seachtrach (OVC-HEVanna) a chumhachtaítear le leictreachas agus le haon cheann de na breoslaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Comhlíonfaidh feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus fuinnimh leictrigh dá dtagraítear in Airteagal 4(6), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1257 na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Iarratas ar chineálcheadú astaíochtaí feithicle

1.   Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálcheadú astaíochtaí feithicle faoi Rialachán (AE) 2024/1257 faoi bhráid an údaráis ceadaithe. Déanfar an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i gcomhréir le samhail an doiciméid faisnéise a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

2.   Ina theannta sin, cuirfidh an monaróir an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe deonaithe:

3.   i gcás feithiclí atá feistithe le hinnill adhainte deimhní, dearbhú ón monaróir maidir leis an íoschéatadán de theagmhais loicthe adhainte as líon iomlán teagmhas adhainte, a mbeadh astaíochtaí ann mar thoradh orthu a sháródh na tairseacha diagnóisice ar bord a leagtar amach i dTábla 4A de mhír 6.8.2 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe dá mbeadh an céatadán sin ann ó thosach thástáil Chineál 1 arna roghnú le haghaidh an taispeántais i gcomhréir le hIarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, é sin nó an t-íoschéatadán a bhféadfadh catalaíoch nó catalaígh sceithphíopa a bheith ann dá bharr, chomh maith le róthéamh agus damáiste dochúlaithe dá thoradh;

(a)

tuairisc ar an táscaire mífheidhme a úsáideann an córas diagnóisice ar bord chun a chur in iúl do thiománaí na feithicle go bhfuil locht ann;

(b)

dearbhú ón monaróir go gcomhlíonann an córas diagnóisice ar bord na ceanglais diagnóisice ar bord a leagtar síos in Iarscríbhinn XI;

(c)

tuairisc ar na bearta a rinneadh chun crioscaíl agus modhnú na gcóras rialaithe astaíochtaí a chosc, lena gcomhlíontar Iarscríbhinn XIV agus lena n-áirítear an ríomhaire rialaithe astaíochtaí agus an t-odaiméadar lena n-áirítear luachanna saolré a thaifeadadh chun críocha cheanglais Iarscríbhinní XI agus XVI;

(d)

más infheidhme, sonraí na haicme feithicle dá dtagraítear i mír 6.8.1. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe;

(e)

i gcás inarb iomchuí, cóipeanna de chineálcheaduithe eile in éineacht leis na sonraí ábhartha ionas gur féidir na ceaduithe a leathnú;

4.   Chun críocha mhír 3, pointe (d), áireofar leis na bearta a dhéantar chun crioscaíl agus modhnú an ríomhaire rialaithe astaíochtaí a chosc an tsaoráid chun nuashonrú a dhéanamh trí úsáid a bhaint as clár nó calabrú atá formheasta ag monaróir.

5.   Maidir leis na tástálacha a shonraítear i bhFíor I.2.3 d’Iarscríbhinn I, cuirfidh an monaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál atá le ceadú faoi bhráid na seirbhíse teicniúla atá freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe astaíochtaí.

6.   Comhlíonfaidh an t-iarratas ar chineálcheadú astaíochtaí feithiclí aonbhreosla, débhreosla agus ilbhreosla na ceanglais bhreise a leagtar síos i ranna 1.1 agus 1.2 d’Iarscríbhinn I.

7.   Maidir le hathruithe ar dhéanamh córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil faoi leith a tharlaíonn tar éis cineálcheadaithe, ní dhéanfaidh siad an cineálcheadú neamhbhailí go huathoibríoch, mura n-athraítear a shaintréithe bunaidh nó a pharaiméadair theicniúla sa chaoi go ndéantar difear d’fheidhmiúlacht an innill nó an chórais rialaithe truaillithe agus do na hastaíochtaí a eascraíonn as sin.

8.   Soláthróidh an monaróir pacáiste don údarás cineálcheadaithe deonaithe maidir le trédhearcacht tástála san fhormáid a shonraítear i dTábla A4/2 de mhír 5.9. d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe agus i dTáblaí 1 agus 2 d’Fhoscríbhinn 5 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe arna leasú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

9.   Déanfaidh an monaróir na sonraí uile a bhaineann le comhréireacht inseirbhíse a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a uaslódáil chuig an ardán leictreonach le haghaidh comhréireacht inseirbhíse le haghaidh feithiclí a chumhdaítear leis an gcineálcheadú astaíochtaí.

Airteagal 7

Forálacha riaracháin maidir le cineálcheadú astaíochtaí feithicle

1.   Úsáidfidh monaróirí agus na húdaráis chineálcheadaithe deonaithe na teimpléid agus na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I, V, VII, XI, XIV, XVI, XXI a ghabhann leis an Rialachán seo chun comhlíonadh na gceanglas maidir le cineálcheadú astaíochtaí a leagtar síos in Airteagail 4 agus 7 de Rialachán (AE) 2024/1257 maidir le tástáil a léiriú.

2.   Má chomhlíontar na ceanglais in Airteagail 4, 5, 6, 8, 9 agus 10 den Rialachán seo, deonóidh an t-údarás ceadaithe cineálcheadú astaíochtaí agus eiseoidh sé uimhir chineálcheadaithe astaíochtaí i gcomhréir leis an gcóras uimhrithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683. Mar sin féin, déanfar Roinn 3 den uimhir chineálcheadaithe astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 2.3. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 a tharraingt suas i gcomhréir le Foscríbhinn 6 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Ní shannfaidh údarás ceadaithe an uimhir chéanna do chineál feithicle eile.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfar glacadh le feithicil ina bhfuil córas diagnóisice ar bord le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí, arna iarraidh sin don mhonaróir, cé go bhfuil easnamh amháin nó níos mó sa chóras a fhágann nach gcomhlíontar ceanglais shonracha Iarscríbhinn XI ina n-iomláine, ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha riaracháin sonracha a leagtar amach i Roinn 3 den Iarscríbhinn sin.

Tabharfaidh an t-údarás ceadaithe fógra faoin gcinneadh cineálcheadú den sórt sin a dheonú do gach údarás cineálcheadaithe sna Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/858.

4.   Agus cineálcheadú astaíochtaí á dheonú ag an údarás ceadaithe faoi Rialachán (AE) 2024/1257, eiseoidh sé deimhniú ar chineálcheadú astaíochtaí agus úsáid á baint aige as an tsamhail a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Leasuithe ar chineálcheaduithe astaíochtaí

Beidh feidhm ag Airteagail 27, 33 agus 34 de Rialachán 2018/858 maidir le haon síneadh ar na cineálcheaduithe astaíochtaí a dheonaítear faoi Rialachán (AE) 2024/1257.

Beidh feidhm ag na forálacha maidir le síntí ar na cineálcheaduithe astaíochtaí a shonraítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I, arna iarraidh sin don mhonaróir, gan gá le tástáil bhreise ach amháin maidir le feithiclí den chineál céanna.

Airteagal 9

Comhréireacht Táirgeachta

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus ag an modh staidrimh ábhartha i bhFoscríbhinn 2 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, sa bhreis ar bhearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú a dhéanfaidh an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/858.

2.   Déanfar comhréireacht táirgeachta a sheiceáil ar bhonn na tuairisce sa deimhniú ar chineálcheadú a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

Airteagal 10

Comhréireacht Inseirbhíse

1.   Déanfar bearta chun comhréireacht inseirbhíse feithiclí arna gcineálcheadú faoi Rialachán (AE) 2024/1257 a áirithiú i gcomhréir leis na socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta mar a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/858, in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Fíorófar leis na seiceálacha comhréireachta inseirbhíse go bhfuil astaíochtaí sceite seachas CO2 agus astaíochtaí atá galaithe go roghnach teoranta go héifeachtach le linn príomh-shaolré agus saolré bhreise feithiclí faoi ghnáthdhálaí úsáide.

3.   Déanfar comhréireacht inseirbhíse a sheiceáil ar fheithiclí arna gcothabháil agus arna n-úsáid i gceart, i gcomhréir le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe, idir 15 000 km nó 6 mhí, cibé acu is déanaí agus 200 000 km nó 10 mbliana, cibé acu is túisce a tharlóidh. Déanfar comhréireacht inseirbhíse le haghaidh astaíochtaí galaithe a sheiceáil maidir le feithiclí arna gcothabháil agus arna n-úsáid i gceart, i gcomhréir le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe, idir 30 000 km nó 12 mhí, cibé acu is déanaí, agus 200 000 km nó 10 mbliana, cibé acu is túisce a tharlóidh.

Tá na ceanglais maidir le seiceálacha comhréireachta inseirbhíse infheidhme go dtí 10 mbliana tar éis an Deimhniú Comhréireachta deireanach nó an deimhniú um fhormheas aonair deireanach a eisiúint maidir le feithiclí de chuid aicme comhréireachta inseirbhíse atá faoi réir tástála de réir mhír 9.4. de Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe, mar a shainmhínítear i mír 3 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.   Ní bheidh seiceálacha comhréireachta inseirbhíse éigeantach más lú ná 5 000 feithicil díolacháin bhliantúla na haicme comhréireachta inseirbhíse san Aontas le haghaidh na bliana féilire roimhe sin. I gcás na n-aicmí comhréireachta inseirbhíse sin, soláthróidh an monaróir tuarascáil don údarás ceadaithe maidir le haon bharánta a bhaineann le hastaíochtaí agus maidir le haon deisiú ábhartha mar a leagtar amach i mír 4 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe. Féadfar na haicmí comhréireachta inseirbhíse sin a roghnú fós lena dtástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

5.   Déanfaidh an monaróir agus an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe seiceálacha comhréireachta inseirbhíse i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Féadfaidh údaráis chineálcheadaithe eile, seirbhísí teicniúla, an Coimisiún agus tríú páirtithe aitheanta codanna de na seiceálacha comhréireachta inseirbhíse a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfar na seiceálacha sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/163 (15) agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.   Tar éis measúnú comhlíontachta i gcomhréir le mír 6 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe an cinneadh i dtaobh ar theip ar aicme forálacha na comhréireachta inseirbhíse a chomhlíonadh agus ceadóidh sé an plean beart feabhais arna chur i láthair ag an monaróir i gcomhréir le mír 7 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

7.   Má tá údarás cineálcheadaithe deonaithe, seirbhís theicniúil, an Coimisiún nó tríú páirtí aitheanta tar éis a fháil amach gur theip ar aicme comhréireachta inseirbhíse sa tseiceáil comhréireachta inseirbhíse, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin don údarás cineálcheadaithe deonaithe gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2018/858.

Tar éis an fhógra sin agus faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 54(5) de Rialachán (AE) 2018/858, cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe an monaróir ar an eolas gur theip ar aicme comhréireachta inseirbhíse sna seiceálacha comhréireachta inseirbhíse. Leanfaidh an monaróir agus an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe na nósanna imeachta a leagtar amach i míreanna 6 agus 7 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán 83 ó na Náisiúin Aontaithe, arna leasú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, agus bunóidh an monaróir plean de bhearta ceartaitheacha agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe deonaithe é.

Má dheimhníonn an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe nach féidir teacht ar chomhaontú le húdarás cineálcheadaithe a dheimhnigh gur theip ar aicme comhréireachta inseirbhíse sa tseiceáil comhréireachta inseirbhíse, cuirfear tús leis an nós imeachta de bhun Airteagal 54(5) de Rialachán (AE) 2018/858.

8.   De bhreis ar mhíreanna 1 go 7, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le feithiclí arna gcineálcheadú i gcomhréir le hIarscríbhinn II:

(a)

i gcás feithiclí a cuireadh isteach le haghaidh cineálcheadú ilchéimneach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán AE 2018/858, seiceálfar go bhfuil comhréireacht inseirbhíse ag baint leo i gcomhréir leis na forálacha maidir le cineálcheadú ilchéimneach a leagtar amach i bpointe 3.11 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

i gcás eileatram mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán AE 2018/858, feithiclí armúrtha mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 2 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán AE 2018/858 agus feithiclí atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 3 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha an Airteagail seo. Maidir le gach feithicil shainchuspóireach eile mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 4 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, seiceálfar go bhfuil comhréireacht inseirbhíse ag baint léi i gcomhréir leis na rialacha maidir le cineálcheaduithe ilchéimneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 11

Feistí rialaithe truaillithe

1.   Áiritheoidh an monaróir go ndéanfar cineálcheadú astaíochtaí mar aonaid theicniúla faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo ar fheistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithiclí a bhfuil cineálcheadú astaíochtaí acu agus a chumhdaítear le raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1257.

Measfar na ceanglais maidir le feistí rialaithe truaillithe a leagtar síos san Airteagal seo a bheith comhlíonta má cheadaítear na feistí athsholáthair rialaithe truaillithe i gcomhréir le Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe (16).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur feistí rialaithe truaillithe iad tiontairí catalaíocha agus scagairí cáithníní.

3.   Feistí athsholáthair rialaithe truaillithe buntrealaimh, a thagann faoin gcineál a chumhdaítear le pointe 2.3 den Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn A2 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus atá beartaithe lena bhfeistiú ar fheithicil dá dtagraíonn an doiciméad cineálcheadaithe ábhartha, ní gá dóibh Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh má chomhlíonann siad ceanglais phointí 2.1 agus 2.2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an monaróir go mbeidh marcálacha aitheantais ar an bhfeiste bhunaidh rialaithe truaillithe.

5.   Beidh na nithe seo a leanas sna marcálacha aitheantais dá dtagraítear i mír 3:

(a)

Ainm nó trádmharc mhonaróir na feithicle nó an innill;

(b)

déanamh agus uimhir aitheantais pháirt na feiste bunaidh rialaithe truaillithe mar a thaifeadtar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3.2.12.2 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal 12

Iarratas ar chineálcheadú astaíochtaí do chineál feiste rialaithe athsholáthair mar aonad teicniúil faoi leith

1.   Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálcheadú astaíochtaí do chineál feiste athsholáthair rialaithe truaillithe mar aonad teicniúil faoi leith faoi bhráid an údaráis ceadaithe.

Déanfar an t-iarratas a dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail den doiciméad faisnéise atá leagtha amach in Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII.

2.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, cuirfidh an monaróir gach ceann de na nithe seo a leanas faoi bhráid na seirbhíse teicniúla atá freagrach as an tástáil ar chineálcheadú astaíochtaí:

(a)

feithicil nó feithiclí de chineál a cheadaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1257 atá feistithe le buntrealamh nua feiste rialaithe truaillithe;

(b)

sampla amháin de chineál na feiste rialaithe truaillithe athsholáthair;

(c)

sampla breise de chineál na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe, i gcás feiste athsholáthair rialaithe truaillithe atá beartaithe lena fheistiú ar fheithicil ina bhfuil córas diagnóisice ar bord.

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (a), roghnóidh an t-iarratasóir na feithiclí tástála le comhaontú na seirbhíse teicniúla.

4.   Is gá do na feithiclí tástála na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2.3 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe a chomhlíonadh.

5.   Comhlíonfaidh na feithiclí tástála gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní bheidh aon locht orthu sa chóras rialaithe astaíochtaí;

(b)

páirteanna bunaidh ar bith a bhaineann le hastaíochtaí atá róchaite nó a bhfuil mífheidhm leo, déanfar iad a dheisiú nó a athsholáthar;

(c)

déanfar iad a thiúnáil i gceart agus a shocrú de réir shonraíocht an mhonaróra sula ndéanfar tástáil ar astaíochtaí.

6.   Chun críocha mhír 2, pointí (b) agus (c), déanfar an sampla a mharcáil go soiléir doscriosta le trádainm nó trádmharc an iarratasóra agus lena ainmniú tráchtála.

7.   Chun críocha mhír 2, pointe (c), beidh an sampla meathlaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn C4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal 13

Forálacha riaracháin maidir le cineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feiste athsholáthair rialaithe truaillithe mar aonad teicniúil faoi leith

1.   Má chomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, deonóidh an t-údarás cineálcheadaithe cineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feistí athsholáthair rialaithe truaillithe mar aonad teicniúil faoi leith agus eiseoidh sé uimhir chineálcheadaithe astaíochtaí i gcomhréir leis an gcóras uimhrithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

Ní shannfaidh an t-údarás ceadaithe an uimhir chéanna do chineál eile feiste athsholáthair rialaithe truaillithe.

Féadfaidh an uimhir chineálcheadaithe chéanna úsáid an chineáil feiste athsholáthair rialaithe truaillithe sin a chumhdach ar roinnt cineálacha éagsúla feithiclí.

2.   Chun críocha mhír 1, eiseoidh an t-údarás ceadaithe deimhniú ar chineálcheadú astaíochtaí arna bhunú i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII.

3.   Má tá an t-iarratasóir ar chineálcheadú astaíochtaí in ann a léiriú don údarás ceadaithe nó don tseirbhís theicniúil go bhfuil an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe de chineál a shonraítear i Roinn 2.3 den Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn A2 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, ní bheidh deonú cineálcheadaithe ag brath ar fhíorú ar chomhlíonadh na gceanglas a shonraítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 14

Feistí cúblála agus straitéisí cúblála

1.   Chun cineálcheadú astaíochtaí a fháil agus chun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1257 agus an Rialachán seo a chomhlíonadh, comhlíonfaidh an monaróir Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le tástálacha, modhanna agus nósanna imeachta chun easpa feistí cúblála agus straitéisí cúblála a shuí.

2.   Cuirfidh an monaróir an doiciméadacht ábhartha uile ar fáil chun údar teicniúil a thabhairt le heaspa feistí cúblála agus straitéisí cúblála faoi Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2024/1257 i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Áirítear leis na tástálacha, na modhanna agus na nósanna imeachta faoi mhír 1 na róil agus na freagrachtaí a shanntar do mhonaróirí feithiclí, d’údaráis chineálcheadaithe, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus do ghníomhaithe eile a áiritheoidh nach bhfuil feistí cúblála agus straitéisí cúblála ann agus a shonraítear in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 15

Giartháscaire

Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonfaidh feithiclí ceanglais shonracha a bhaineann le cineálcheadú astaíochtaí i gcomhréir le hIarscríbhinn X.

Airteagal 16

Frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonfaidh feithiclí ceanglais shonracha a bhaineann le cineálcheadú astaíochtaí i gcomhréir le hIarscríbhinn XIV.

Airteagal 17

Forálacha riaracháin sonracha maidir le cineálcheadú astaíochtaí

1.   Ní dheonófar cineálcheadú astaíochtaí faoi Rialachán (AE) 2024/1257 ach amháin má chomhlíontar na ceanglais maidir le Rialachán (AE) 2025/1706 ón gCoimisiún (17).

2.   Déanfar cineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feithiclí arna dtógáil agus arna gcur ar an margadh ag monaróirí ísealtáirgeachta agus monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1257 a dheonú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1151.

3.   I gcás feithiclí arna gcineálcheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a ainmneofar mar fheithiclí ‘Euro 7- TEMP’, beidh feidhm ag ceanglais agus dátaí Thábla 1 d’Fhoscríbhinn 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Maidir le cineálacha feithiclí ag a bhfuil cineálcheadú bailí cheana arna eisiúint i gcomhréir leis an leibhéal astaíochta ‘Euro 6e’ faoi fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a chomhlíonann dátaí infheidhme Fhoscríbhinn 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 agus a n-iarrann monaróir cineálcheadú astaíochtaí ina leith chun feithiclí nua a ainmniú chun na caighdeáin astaíochtaí a chomhlíonadh, mar a shonraítear i dTábla 1 d’Fhoscríbhinn 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní cheanglófar tástáil chineálcheadaithe nua:

(a)

má dhearbhaíonn an monaróir don údarás cineálcheadaithe deonaithe go bhfuil comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo á áirithiú, agus

(b)

má aontaíonn an tseirbhís theicniúil atá freagrach as an tástáil gur féidir na torthaí tástála cineálcheadaithe roimhe sin a úsáid chun tuarascáil tástála astaíochtaí nua a ullmhú chun comhlíonadh cheanglais Euro 7 a léiriú.

5.   Beidh feidhm ag ceanglais nach mbaineann le tástáil na feithicle, lena n-áirítear dearbhuithe riachtanacha agus ceanglais maidir le sonraí.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683

Leasaítear Iarscríbhinní I, IV agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 i gcomhréir le hIarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn XVIII ón 29 Samhain 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 205, 5.8.2022, lch. 145, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1362/oj.

(2)   IO L 263, 9.10.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/46/oj.

(3)  I gcás Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe, léiríonn an tsraith leasuithe a luaitear an leagan a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag forlíontaí ar an tsraith leasuithe a luaitear san Iris Oifigiúil a fhoilseofar beag beann ar a bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar mhalairt air sin, glacfar le sraith nua leasuithe a glacadh tar éis na sraithe leasuithe a luaitear san Iris Oifigiúil a fhoilseofar.

(4)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feithiclí saothair éadroim a cheadú i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas (WLTP), sraith leasuithe 02 (IO L, 2022/2124, 10.11.2022, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj.

(5)  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj).

(6)  Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú feithiclí maidir le hastú truailleán de réir ceanglais breosla innill (IO L, 2024/1312, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1312/oj).

(7)  Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas bainistithe cibearshlándála (IO L, 2025/5, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/5/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/683/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1151/oj).

(10)   IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.

(11)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.

(12)  Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú innill dócháin inmheánaigh nó gléasraí cumhachta leictreacha le haghaidh tiomáint mótarfheithiclí de chatagóirí M agus N maidir le tomhas glanchumhachta agus uaschumhacht 30 nóiméad gléasraí cumhachta leictreacha (IO L 323, 7.11.2014, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/85/oj).

(13)  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj).

(14)   IO L 77, 5.3.2021, lgh. 8–25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/392/oj.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fheidhmiúla maidir le faireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh (IO L 27, 8.2.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/163/oj).

(16)  Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feistí athsholáthair rialaithe truaillithe a cheadú le haghaidh feithiclí cumhacht-thiomáinte (IO L 207, 10.8.2017, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/103(2)/oj).

(17)  Rialachán (AE) 2025/1706 an 25 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modhanna, ceanglais agus tástálacha sonracha, lena n áirítear tairseacha comhlíontachta, le haghaidh feistí OBFCM agus córais OBM, saintréithe agus feidhmíocht córas rabhaidh don tiománaí agus modhanna aslaigh agus modhanna chun measúnú a dhéanamh ar a n oibriú, formáid EVP agus sonraí agus modhanna cumarsáide maidir le sonraí EVP mótarfheithiclí de chatagóirí M1 agus N1 (IO L, 2025/1707, 22.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1707/oj).


LIOSTA IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN I

Forálacha riaracháin maidir le cineálcheadú astaíochtaí

Foscríbhinn 1

(forchoimeádta)

Foscríbhinn 2

(forchoimeádta)

Foscríbhinn 3

Doiciméad faisnéise samhla

Foscríbhinn 4

Samhail den deimhniú cineálcheadaithe AE

Foscríbhinn 5

(forchoimeádta)

Foscríbhinn 6

Leibhéal astaíochtaí agus córas uimhrithe deimhnithe cineálcheadaithe astaíochtaí

Foscríbhinn 7

(forchoimeádta)

Foscríbhinn 8a

Tuarascálacha tástála

Foscríbhinn 8b

Tuarascáil Tástála Ualaigh Friotaíochta Bóthair

Foscríbhinn 8c

Teimpléad le haghaidh na Bileoige Tástála

Foscríbhinn 8d

Tuarascáil Tástála ar Astaíocht Galaithe

IARSCRÍBHINN II

Modheolaíocht maidir le Comhréireacht Inseirbhíse

IARSCRÍBHINN III

Astaíochtaí Fíorthiomána a Fhíorú

IARSCRÍBHINN IV

Feistí cúblála agus straitéisí cúblála

Foscríbhinn 1

Modheolaíocht chun AES agus BES a mheasúnú agus a cheadú

Foscríbhinn 2

Pacáistí doiciméadachta

IARSCRÍBHINN V

Astaíochtaí ó chás an chromáin a fhíorú (tástáil Chineál 3)

Foscríbhinn 1

Dearbhú an mhonaróra maidir le comhlíonadh cheanglais Chineál 3

IARSCRÍBHINN VI

Astaíochtaí galaithe a chinneadh (tástáil Chineál 4)

IARSCRÍBHINN VII

Marthanacht na gcóras rialaithe astaíochtaí a fhíorú (tástáil Chineál 5)

Foscríbhinn 1

Dearbhú an mhonaróra maidir le comhlíonadh cheanglais Chineál 5

IARSCRÍBHINN VIII

Meánastaíochtaí ag teochtaí comhthimpeallacha ísle a fhíorú (tástáil Chineál 6)

IARSCRÍBHINN IX

Sonraíochtaí na mbreoslaí tagartha

IARSCRÍBHINN X

Giartháscaire

IARSCRÍBHINN XI

Diagnóisic ar bord le haghaidh mótarfheithiclí

Foscríbhinn 1

Dearbhú an mhonaróra maidir le comhlíonadh na gceanglas maidir le diagnóisic ar bord chun críoch cineálcheadú astaíochtaí

IARSCRÍBHINN XII

Feithiclí atá feistithe le héiceanuálaíochtaí a chineálcheadú agus astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla ó fheithiclí a chuirtear faoi réir cineálcheadú ilchéimneach nó cineálcheadú feithicle aonair a chinneadh

IARSCRÍBHINN XIII

Cineálcheadú astaíochtaí feistí athsholáthair rialaithe truaillithe mar aonaid theicniúla ar leith

Foscríbhinn 1

Doiciméad faisnéise samhla

Foscríbhinn 2

Samhail den deimhniú cineálcheadaithe AE

Foscríbhinn 3

Samhail den mharc cineálcheadaithe AE

IARSCRÍBHINN XIV

Frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Foscríbhinn 1

Leochaileachtaí/bagairtí ardleibhéil, samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe, agus samplaí de mhaoluithe

Foscríbhinn 2

Dearbhú ón monaróir maidir le comhlíonadh na gceanglas frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála chun críoch cineálcheadú astaíochtaí

IARSCRÍBHINN XV

(forchoimeádta)

IARSCRÍBHINN XVI

Ceanglais ar fheithiclí a úsáideann imoibrí don chóras iarchóireála gáis sceite

Foscríbhinn 1

Dearbhú ón monaróir maidir le comhlíonadh na gceanglas imoibrí

IARSCRÍBHINN XVII

(forchoimeádta)

IARSCRÍBHINN XVIII

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683

IARSCRÍBHINN XIX

(forchoimeádta)

IARSCRÍBHINN XX

An ghlanchumhacht agus an t-uasmhéid de 30 nóiméad cumhachta atá ag gléasraí cumhachta leictreach

IARSCRÍBHINN XXI

Nós imeachta tástála comhchuibhithe domhanda le haghaidh feithiclí éadroma (WLTP) (Tástáil chineál 1)

Foscríbhinn 1

Dearbhú an mhonaróra le haghaidh na tástála ceartaithe teochta comhthimpeallaí

Foscríbhinn 2

Dearbhú an mhonaróra le haghaidh na gceanglas athghiniúna

IARSCRÍBHINN XXII

Feistí chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla agus ar ídiú fuinnimh leictrigh ar bord na feithicle


IARSCRÍBHINN I

FORÁLACHA RIARACHÁIN MAIDIR LE CINEÁLCHEADÚ ASTAÍOCHTAÍ

1.   CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE CINEÁLCHEADÚ ASTAÍOCHTAÍ A DHEONÚ

1.1.

Ceanglais bhreise maidir le feithiclí aonbhreosla gáis agus feithiclí gáis débhreosla.

1.1.1.

Is iad na ceanglais a leagtar amach i mír 5.9. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (1) a bheidh sna ceanglais bhreise maidir le cineálcheadú a dheonú le haghaidh feithiclí aonbhreosla gáis agus feithiclí gáis débhreosla. An tagairt don doiciméad faisnéise i mír 5.9.1. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, tuigfear í mar thagairt d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

1.2.

Ceanglais bhreise maidir le feithiclí ilbhreosla

Is iad na ceanglais a leagtar amach i mír 5.8. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe a bheidh sna ceanglais bhreise maidir le cineálcheadú a dheonú le haghaidh feithiclí ilbhreosla.

2.   CEANGLAIS AGUS TÁSTÁLACHA TEICNIÚLA BREISE

2.1.

Ionraonta chuig umair bhreosla

2.1.1.

Is iad na ceanglais a shonraítear i míreanna 6.1.5. agus 6.1.6. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe a bheidh sna ceanglais maidir le hionraonta chuig umair bhreosla.

2.2.

Tástálacha a chur i bhfeidhm

2.2.1.

Léiríonn Fíor I.2.3 cur i bhfeidhm na dtástálacha le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí feithicle. Cuirtear síos ar na nósanna imeachta tástála sonracha in Iarscríbhinní II, III, IV, V, VI, VII, VIII, X, XI, XIV, XVI, XX, XXI agus XXII.

Fíor I.2.3

Cur i bhfeidhm na gceanglas tástála agus/nó dearbhaithe le haghaidh cineálcheadaithe agus síntí

Catagóir feithicle

Feithiclí ag a bhfuil innill adhainte deimhní, lena n-áirítear feithiclí hibrideacha

Feithiclí ag a bhfuil innill adhainte comhbhrú, lena n-áirítear feithiclí hibrideacha

Feithiclí lánleictreacha

Feithiclí breosla-chille hidrigine

 

Aonbhreosla

Débhreosla (4)

Ilbhreosla (4)

Aonbhreosla

 

 

Breosla tagartha

Peitreal

GPL

Gás nádúrtha/ Bithmheatán

Hidrigin (inneall dócháin inmheánaigh)

Peitreal

Peitreal

Peitreal

Peitreal

Díosal

Peitreal

—

Hidrigin (Bhreosla-Chille)

GPL

Gás nádúrtha/Bithmheatán

Hidrigin (inneall dócháin inmheánaigh) (5)

Eatánól (E85)

Tástáil Chineál 1 (8)

Is ea

Is ea (6)

Is ea (6)

Is ea (5)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

Is ea

—

—

Tástáil Ceartaithe Teochta Comhthimpeallaí (2)

(ag 14 °C)

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea (5)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

Is ea

—

—

Tástáil astaíochtaí fíorthiomána, truailleáin ghásacha

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea (5)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

Is ea

—

—

Tástáil astaíochtaí fíorthiomána, líon cáithníní

Is ea

—

—

—

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

Is ea

—

—

Astaíochtaí ó chás an chromáin (2) (Tástáil chineál 3)

Is ea

Is ea

Is ea

—

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

—

—

—

—

Astaíochtaí galaithe (tástáil Chineál 4)

Is ea

—

—

—

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

—

Is ea

—

—

Marthanacht (2) (Tástáil chineál 5)

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

Is ea

—

—

Astaíochtaí teochta ísle (Tástáil chineál 6)

Is ea

—

—

—

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(peitreal amháin)

Is ea

(an dá bhreosla)

—

—

—

—

Comhréireacht inseirbhíse

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

(amhail tráth an chineálcheadaithe)

Is ea

(amhail tráth an chineálcheadaithe)

Is ea

(amhail tráth an chineálcheadaithe)

Is ea

(amhail tráth an chineálcheadaithe)

Is ea

Is ea

—

—

Diagnóisic ar bord (2)

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

—

—

Cumhacht innill

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea

Astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea (3)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea (peitreal),

Is ea (3) (hidrigin)

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

Is ea

Is ea

Is ea (7)

Feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh

Is ea

—

—

—

—

—

—

Is ea

(an dá bhreosla)

Is ea

Is ea

—

—

3.   SÍNTÍ LE CINEÁLCHEADUITHE ASTAÍOCHTAÍ

3.1.

Síntí le haghaidh astaíochtaí sceithphíopa (cineál 1 agus feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh)

3.1.1.

Déanfar an cineálcheadú a shíneadh chun feithiclí a chumhdach a chomhlíonann ceanglais mhír 7.4. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe. Ní mór do na hastaíochtaí truailleán cloí leis na teorainneacha a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

3.2.

Síntí le haghaidh astaíochtaí galaithe (tástáil Chineál 4)

3.2.1.

I gcás tástálacha a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, síneofar an cineálcheadú chun feithiclí a bhaineann le haicme fhormheasta astaíochtaí galaithe a chumhdach, mar a shainmhínítear i mír 6.6.3. de Rialachán 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.3.

Síntí maidir leis an tástáil teochta ísle (tástáil Chineál 6)

3.3.1.

Déanfar an cineálcheadú a shíneadh chun feithiclí a chumhdach a chomhlíonann ceanglais mhír 7.2. de Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (9).

4.   COMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA

4.1.

Réamhrá

4.1.1.

Gach feithicil a tháirgtear faoi chineálcheadú de réir an Rialacháin seo, déanfar í a mhonarú sa chaoi go gcomhlíonann sí ceanglais um chineálcheadú an Rialacháin seo. Cuirfidh an monaróir socruithe leordhóthanacha agus pleananna rialaithe doiciméadaithe chun feidhme agus, de réir na n-eatramh sonrach a luaitear sa Rialachán seo, déanfaidh sé na tástálacha astaíochta is gá agus na tástálacha is gá maidir le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh chun a fhíorú go bhfuil comhréireacht leanúnach ann leis an gcineálcheadú. Déanfaidh an t-údarás ceadaithe na socruithe agus na pleananna rialaithe sin de chuid an mhonaróra a fhíorú agus a chomhaontú, agus déanfaidh sé iniúchtaí, mar aon le tástálacha astaíochta, tástálacha maidir le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh ag eatraimh shonracha, mar a luaitear sa Rialachán seo, in áitreabh an mhonaróra, lena n-áirítear saoráidí táirgeachta agus tástála, mar chuid den chomhréireacht táirge agus de na socruithe maidir le fíorú leanúnach mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

4.1.2.

Seiceálfaidh an monaróir an chomhréireacht táirgeachta trí thástáil a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán (arna dtabhairt i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257), ar astaíocht CO2 (mar aon le hídiú fuinnimh leictrigh a thomhas agus, i gcás inarb infheidhme, ar fhaireachán a dhéanamh ar chruinneas na feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh), ar astaíochtaí ó chás an chromáin agus ar astaíochtaí galaithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a thuairiscítear in Iarscríbhinní V, VI, XXI agus XXII. Dá bhrí sin, áireofar san fhíorú tástálacha chineálacha 1, 3, 4 agus na tástálacha le haghaidh feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, mar a thuairiscítear i roinn 2.2.

Coimeádfaidh an t-údarás ceadaithe taifead den doiciméadacht uile a bhaineann le torthaí na dtástálacha i dtaca le comhréireacht táirgeachta go ceann 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh sé ar fáil í don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

Leagtar amach na nósanna imeachta sonracha maidir le comhréireacht táirgeachta i míreanna 8 agus 9 agus i bhFoscríbhinní 1 go 5 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

Maidir le ríomh na luachanna a bhfuil gá leo chun an Chomhréireacht Táirgeachta i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh PEVanna agus OVC-HEVanna, leagtar é sin amach i bhFoscríbhinn 8 d’Iarscríbhinn B8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 na Náisiún Aontaithe.

4.1.3.

I gcás neamh-chomhréireachta, beidh feidhm ag Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2018/858.

4.2.

Feithiclí a bhfuil éiceanuálaíochtaí feistithe iontu

4.2.1.

I gcás cineál feithicle maidir le hastaíochtaí ina bhfuil éiceanuálaíocht amháin nó níos mó feistithe, de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/631 (10) le haghaidh fheithiclí M1 nó N1, léireofar an chomhréireacht táirgeachta i ndáil leis na héiceanuálaíochtaí trína sheiceáil go bhfuil an éiceanuálaíocht cheart/na héiceanuálaíochtaí cearta ann.

4.3.

Comhréireacht na feithicle le haghaidh thástáil Chineál 3 a sheiceáil

Má tá fíorú thástáil Chineál 3 le déanamh, déanfar é i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

4.3.1.

I gcás ina gcinneann an t-údarás ceadaithe go bhfuil cáilíocht na táirgeachta míshásúil, tógfar feithicil ón aicme go randamach agus cuirfear í faoi réir na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn V.

4.3.2.

Measfar an táirgeacht a bheith comhlíontach i gcás ina gcomhlíonann an fheithicil sin ceanglais na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn V.

4.3.3.

Mura gcomhlíonann an fheithicil a thástáiltear ceanglais na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn V, roghnófar sampla randamach breise de cheithre fheithicil ón aicme chéanna agus cuirfear iad faoi réir na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn V. Féadfar na tástálacha a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil 15 000 km de mhíleáiste ar a mhéad acu gan aon mhodhnú.

4.3.4.

Measfar an táirgeacht a bheith comhlíontach i gcás ina gcomhlíonann trí fheithicil ar a laghad ceanglais na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn V.

(1)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feithiclí saothair éadroim a cheadú i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas (WLTP), sraith leasuithe 02 (IO L, 2022/2124, 10.11.2022, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj).

(2)  Dearbhú comhlíontachta ó mhonaróir na feithicle tráth an chineálcheadaithe.

(3)  Ní chinnfear ach ídiú breosla nuair a bheidh an fheithicil ag feidhmiú ar hidrigin.

(4)  I gcás ina bhfuil feithicil débhreosla comhcheangailte le feithicil ilbhreosla, tá feidhm ag an dá nós imeachta tástála.

(5)  Ní chinnfear ach na hastaíochtaí NOx i gcás ina bhfuil an fheithicil ag feidhmiú ar hidrigin.

(6)  Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha maidir le mais cháithníneach agus líon cáithníní agus na nósanna imeachta tomhais a bhaineann leo sin.

(7)  Ní gá astaíochtaí CO2 a thomhas.

(8)  Chun a fháil amach faoi infheidhmeacht comhpháirteanna tomhaiste maidir le breoslaí agus teicneolaíocht feithicle, agus maidir le nósanna imeachta tomhais dá bhrí sin, féach na teorainneacha astaíochta arna sainmhíniú i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

(9)  Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú feithiclí maidir le hastú truailleán de réir ceanglais breosla innill (IO L, [2024/1312], 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1312/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj).


Foscríbhinn 1

(Forchoimeádta)


Foscríbhinn 2

(Forchoimeádta)


Foscríbhinn 3

SAMHAIL

Doiciméad faisnéise Uimh. …

A BHAINEANN LE CINEÁLCHEADÚ ASTAÍOCHTAÍ FEITHICLE

Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, i gcás inarb infheidhme, agus beidh liosta ábhar san áireamh inti. Soláthrófar aon líníocht ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.

Ina theannta sin, soláthrófar an fhaisnéis sna ranna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme.

0.2.2.1.

Luachanna Paraiméadair Ceadaithe chun gur féidir leis an gcineálcheadú ilchéimneach úsáid a bhaint as bonnluachanna na feithicle maidir le hastaíochtaí agus ídiú agus/nó na luachanna raoin (cuir isteach an raon, más infheidhme):

Mais iarbhír na Feithicle Deiridh (in kg): …

Uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil le haghaidh na Feithicle Deiridh (in kg): …

Limistéar tosaigh le haghaidh na feithicle deiridh (in cm2): ... Friotaíocht rollach (kg/t): …

Limistéar trasghearrtha an bhealaigh isteach don aer ar an ngríl tosaigh (in cm2): …

0.2.3.3.

Aicme PEMS: …

0.5.

Ainm agus seoladh an mhonaróra

3.2.15.1.

Uimhir chineálcheadaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 (2) nó Rialachán (AE) 2019/2144 (3): …

3.2.16.1.

Uimhir chineálcheadaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 nó Rialachán (AE) 2019/2144: …

3.2.18.1.

Uimhir cineálcheadaithe CE i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 (4) nó Rialachán (AE) 2019/2144: …

3.2.19.

Córas breoslaithe H2NG: is ea/ní hea (1)

3.2.19.1.

An céatadán hidrigine sa bhreosla (an céatadán uasta arna shonrú ag an monaróir): …

3.2.19.2.

Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán Uimh. 110 ó na Náisiúin Aontaithe (5): …

3.2.19.3

Aonad leictreonach um bainistiú innill le haghaidh bhreoslú H2NG

3.2.19.3.1.

Déanamh (nó déanaimh): …

3.2.19.3.2.

Cineál (nó cineálacha): …

3.2.19.3.3.

Deiseanna coigeartaithe i dtaca le hastaíochtaí: …

3.2.19.4.

Doiciméadacht bhreise

3.2.19.4.2.

Leagan amach an chórais (naisc leictreacha, naisc folúis, píobáin chúitimh, etc.): …

3.2.19.4.3.

Líníocht den tsiombail: …

3.5.

Luachanna dearbhaithe an mhonaróra chun astaíochtaí CO2/ídiú fuinnimh/ídiú leictreach/raon leictreach agus sonraí faoi éiceanuálaíochtaí a chinneadh (i gcás inarb infheidhme) (6)

3.5.8.

Feithicil ina bhfuil éiceanuálaíocht feistithe de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 (7) le haghaidh fheithiclí M1 nó N1: is ea/ní hea (1)

3.5.8.1.

Cineál/Malairt/Leagan den fheithicil bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2767 (8) (más infheidhme): …

3.5.8.2.

Idirghníomhaíochtaí a bheith ann idir éiceanuálaíochtaí difriúla: is ea/ní hea (1)

3.5.8.3.

Sonraí astaíochtaí a bhaineann le héiceanuálaíochtaí a úsáid (is gá tábla a athchruthú i gcás gach breosla tagartha a thástáiltear) (9)

Cinneadh lena gceadaítear an éiceanuálaíocht (10)

Cód na héiceanuálaíochta (11)

1.

astaíochtaí

CO2 na feithicle bonnlíne (g/km)

2.

astaíochtaí

CO2 na feithicle éiceanuálaíochta (g/km)

3.

astaíochtaí

CO2 na feithicle bonnlíne faoi thimthriall tástála chineál 1 (12)

4.

astaíochtaí

CO2 na feithicle éiceanuálaíochta faoi thimthriall tástála Chineál 1

5.

Fachtóir úsáide,

i.e. cion ama na húsáide teicneolaíochta i ngnáthdhálaí oibríochta laghduithe

ar astaíochtaí CO2((1 - 2) — (3 - 4))*5

xxx/20xx

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán na laghduithe ar astaíochtaí CO2 WLTP (g/km) (13)

9

CABHALRA

9.1

Cineál cabhalra de réir na gcód a shainítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858: …

Nótaí míniúcháin

(1)

Scrios murab infheidhme (tá cásanna ann nach gá aon rud a scriosadh i gcás ina bhfuil níos mó ná iontráil amháin infheidhme).

(2)

IO L 200, 31.7.2009, lch. 1.

(3)

IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.

(4)

Tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

(5)

Tagairt do Rialachán Uimh. 110 ó na Náisiúin Aontaithe

(6)

Arna chinneadh i gcomhréir le ceanglais Threoir 80/1268/CEE ón gComhairle (IO L 375, 31.12.1980, lch. 36).

(7)

Tagairt do Rialachán (AE) 2019/631

(8)

Tagairt do Rialachán (AE) 2023/2767

(9)

Méadaigh an tábla más gá, agus ró amháin sa bhreis á úsáid le haghaidh gach éiceanuálaíochta.

(10)

Uimhir an Chinnidh ón gCoimisiún lena gceadaítear an éiceanuálaíocht.

(11)

Sannta sa Chinneadh ón gCoimisiún lena gceadaítear an éiceanuálaíocht.

(12)

De réir chomhaontú an údaráis cineálcheadaithe, má chuirtear i bhfeidhm modheolaíocht ionsamhlaithe in ionad thimthriall tástála Chineál 1, is é bheidh sa luach sin an luach a bheidh ann mar thoradh ar an modheolaíocht ionsamhlaithe.

(13)

Iomlán laghduithe na n-astaíochtaí CO2 a bhaineann le gach éiceanuálaíocht aonair.

Foscríbhinn 4

SAMHAIL DE DHEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE

(Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm))

DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE

Stampa riaracháin

Teachtaireacht maidir leis an méid seo a leanas:

—

cineálcheadú AE (1),

—

cineálcheadú AE a shíneadh (1),

—

cineálcheadú AE a dhiúltú (1),

—

cineálcheadú AE a tharraingt siar (1),

—

de chineál córais/de chineál feithicle maidir le córas (1) i dtaca le Rialachán (AE) 2024/1257 (2) agus Rialachán (AE) 2025/1706 (3)

Uimhir chineálcheadaithe AE: … Cúis leis an síneadh: …

ROINN I

0.1.

Déanamh (trádainm an mhonaróra): …

0.2.

Cineál: …

0.2.1.

Ainm/Ainmneacha tráchtála (má tá siad ar fáil): …

0.3.

Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (4)

0.3.1.

Suíomh na marcála sin: …

0.4.

Catagóir feithicle (5)

0.4.2.

Bonnfheithicil (6) (1): is ea/ní hea (1)

0.5.

Ainm agus seoladh an mhonaróra: …

0.8.

Ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála: …

0.9.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: …

ROINN II

0.

Aitheantóir aicme idirshuímh mar a shainítear i mír 6.2.1. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe

1.

Faisnéis bhreise (i gcás inarb infheidhme): (féach an tAguisín)

2.

Seirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh: …

3.

Dáta thuarascáil tástála Chineál 1: …

4.

Uimhir thuarascáil tástála Chineál 1: …

5.

Barúlacha (más ann dóibh): (féach Roinn 3 den aguisín)

6.

Áit: …

7.

Dáta: …

8.

Síniú: …

Aguisín a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE Uimh. ...

maidir le cineálcheadú feithicle i ndáil le hastaíochtaí sceite agus astaíochtaí galaithe de réir Rialachán (AE) 2024/1257 agus Rialachán (AE) 2025/1706

Soláthrófar an fhaisnéis a leagtar síos san Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn A2 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, i gcás inarb infheidhme.

Ba cheart crostagairtí d’fhaisnéis sa Tuarascáil Tástála nó sa Doiciméad Faisnéise a sheachaint agus an deimhniú ar chineálcheadú á chomhlánú.

Ina theannta sin, soláthrófar an fhaisnéis a bhaineann go sonrach leis an Aontas sna ranna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme.

1.   

Cuir isteach an pointe 0.2 seo a leanas.

0.2.

Aitheantóir bonnfheithicle (1)

2.   

Cuir an tábla seo a leanas le roinn 2.1. i ndiaidh ranna gaolmhara (a)-(d) de chineál 5:

Cineál 6

CO (g/km)

THC (g/km)

Luach tomhaiste

 

 

Teorainnluach

 

 

3.   

Cuir isteach an méid seo a leanas i ndiaidh roinn 2.5.1.4.1.:

Déan 2.5.1. i gcás bonnfheithicle a athdhéanamh.

4.   

Cuir isteach an méid seo a leanas i ndiaidh roinn 2.5.3.8.3.:

Déan 2.5.3. i gcás bonnfheithicle a athdhéanamh.

5.   

Cuir isteach an méid seo a leanas ag deireadh roinn 2.5.4.:

Déan 2.5.4. i gcás bonnfheithicle a athdhéanamh

6.   

Cuir isteach na hailt 2.6, 4 agus 5 seo a leanas i ndiaidh roinn 2.5.5.:

‘2.6.   Torthaí tástála éiceanuálaíochtaí (8) (9)

Cinneadh lena gceadaítear an éiceanuálaíocht (10)

Cód na héiceanuálaíochta

Timthriall chineál 1

1.

astaíochtaí CO2 na feithicle bonnlíne (g/km)

2.

astaíochtaí CO2 na feithicle éiceanuálaíochta (g/km)

3.

astaíochtaí CO2 na feithicle bonnlíne faoi thimthriall tástála chineál 1 (12)

4.

astaíochtaí CO2 na feithicle éiceanuálaíochta faoi thimthriall tástála Chineál 1

5.

Fachtóir úsáide i.e. cion ama na húsáide teicneolaíochta i ngnáthdhálaí oibríochta

laghduithe ar astaíochtaí CO2

((1 - 2) - (3 - 4)) * 5

2025/1706

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Laghdú iomlán ar astaíochtaí CO2 ar WLTP (g/km) (13)

 

2.6.1.   Cód ginearálta na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí (14): …’

4.   

TOMHAS CUMHACHTA

Uas-ghlanchumhacht innill an innill dócháin inmheánaigh, glanchumhacht agus uaschumhacht 30 nóiméad an ghléasra cumhachta leictrigh

4.1.   

Glanchumhacht innill dócháin inmheánaigh

4.1.1.   

Luas innill (min–1) ...

4.1.2.   

Sreabhadh breosla tomhaiste (g/h) ...

4.1.3.   

Torc tomhaiste (Nm) ...

4.1.4.   

Cumhacht thomhaiste (kW) ...

4.1.5.   

Brú baraiméadrach (kPa) ...

4.1.6.   

Brú gaile uisce (kPa) ...

4.1.7.   

Teocht aeir iontógála (K) ...

4.1.8.   

Fachtóir ceartaithe cumhachta nuair a chuirtear i bhfeidhm é …

4.1.9.   

Cumhacht cheartaithe (kW) ...

4.1.10.   

Cumhacht chúnta (kW) …

4.1.11.   

Glanchumhacht (kW) ...

4.1.12.   

Glantorc (Nm) ...

4.1.13.   

Ídiú sonrach breosla ceartaithe (g/kWh) ...

4.2.   

Gléasra cumhachta leictreach (nó gléasraí cumhachta leictreacha):

4.2.1.   

Figiúirí dearbhaithe

4.2.2.   

Glanchumhacht uasta: … kW, ag … nóiméad–1

4.2.3.   

Glantorc uasta: … Nm, ag … nóiméad–1

4.2.4.   

Glantorc uasta ag luas nialasach an innill: … Nm

4.2.5.   

Cumhacht uasta 30 nóiméad: … kW

4.2.6.   

Saintréithe fíor-riachtanacha an ghléasra cumhachta leictrigh

4.2.7.   

Voltas DC a thástáil: … V

4.2.8.   

Prionsabal oibre: …

4.2.9.   

Córas fuaraithe:

4.2.10.   

Mótar: leacht/aer (1)

4.2.11.   

Rialaitheoir: leacht/aer (1)

5.   

BARÚLACHA: …

Nótaí Míniúcháin

(1)

Scrios murab infheidhme (tá cásanna ann nach gá aon rud a scriosadh i gcás ina bhfuil níos mó ná iontráil amháin infheidhme)

(2)

Tagairt do Rialachán (AE) 2024/1257

(3)

Tagairt don Rialachán seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1706

(4)

Má tá carachtair nach bhfuil ábhartha i leith tuairisc a thabhairt ar an gcineál feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil faoi leith arna gcumhdach ag an bhfaisnéis seo sa mhodh aitheantais cineáil, déanfar na carachtair sin a léiriú sa doiciméadacht leis an tsiombail ‘?’ (e.g. ABC??123??)

(5)

Mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/858

(6)

Mar a shainmhínítear in Airteagal 3(24) de Rialachán (AE) 2018/858

(7)

Dá dtagraítear in Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/858

(8)

Déan an tábla a athdhéanamh i gcás gach ceann de na breoslaí tagartha a tástáladh.

(9)

Méadaigh an tábla más gá, agus ró amháin sa bhreis á úsáid le haghaidh gach éiceanuálaíochta.

(10)

Uimhir an Chinnidh ón gCoimisiún lena gceadaítear an éiceanuálaíocht.

(11)

Sannta sa Chinneadh ón gCoimisiún lena gceadaítear an éiceanuálaíocht.

(12)

Má chuirtear samhaltú i bhfeidhm in ionad thimthriall tástála chineál 1, is é an luach seo an luach a thugtar leis an modheolaíocht ionsamhlaithe.

(13)

Suim na laghduithe ar astaíochtaí a bhaineann le gach éiceanuálaíocht aonair ar Chineál 1

(14)

Beidh na heilimintí seo a leanas i gcód ginearálta na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí agus beidh spás bán idir gach eilimint:

—

Roinn 1 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;

—

Sainchód gach éiceanuálaíochta atá feistithe ar an bhfeithicil, agus é in ord croineolaíoch na gcinntí cineálcheadaithe ón gCoimisiún.

(E.g. is é is ceart a bheith i gcód ginearálta na dtrí éiceanuálaíocht a cheadaítear in ord croineolaíoch mar 10, 15 agus 16 agus atá feistithe ar fheithicil atá deimhnithe ag an údarás cineálcheadaithe sa Ghearmáin: ‘e1 10 15 16’)


Foscríbhinn 5

(Forchoimeádta)


Foscríbhinn 6

Leibhéal astaíochta agus Córas Uimhrithe Deimhnithe Cineálcheadaithe Astaíochtaí agus Deimhniú Comhréireachta

1.   

Sa Deimhniú Comhréireachta, mar a thuairiscítear san Fhoscríbhinn d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 — Samhail B-Cuid 2 agus Samhail C2-Cuid 2, tá tagairtí do leibhéal astaíochta sceite (iontráil 47) agus do ghníomhartha rialála cur chun feidhme ábhartha ón Aontas (iontráil 48.3 Samhail B-Cuid 2 agus Samhail C2-Cuid 2) d’fheithicil aonair de chatagóirí M1, N1 agus N2. Beidh uimhir an leibhéil Euro (Euro 7) in iontráil 47, agus beidh an carachtar astaíochtaí ábhartha ann ina dhiaidh sin ó Thábla 1. Is é a bheidh in iontráil 48.3 uimhreacha na ndeimhnithe ceadaithe na Rialachán Cur Chun Feidhme ábhartha uile ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2024/1257 agus aitheantóirí ábhartha na haicme OBM mar a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707.

2.   

Is é a bheidh i roinn 2 d’uimhreacha na ndeimhnithe ceadaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán seo agus dá dtagraítear in iontráil 48.3 d’Iarscríbhinn VIII faoi Shamhail B-Cuid 2 agus faoi Shamhail C2-Cuid 2 a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683, uimhir an bhunghnímh rialála cur chun feidhme. Is é a bheidh i Roinn 3 d’uimhir an deimhnithe ceadaithe uimhir an Ghnímh Cur Chun Feidhme leasaithigh is déanaí is infheidhme. Leanfaidh ceann de na carachtair dhá litir ó Thábla 2 go díreach uimhir an Ghnímh cur chun feidhme leasaithigh is déanaí, i.e. gan réiltín a chur idir an uimhir sin agus an carachtar dhá litir ábhartha.

3.   

Beidh an focharachtar nó na focharachtair is infheidhme ó Thábla 3 sa dearbhú comhlíontachta dá bhforáiltear don chóras faireacháin ar bord (OBM) agus don phas feithicle comhshaoil (EVP) mar a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/1707. Úsáidtear na focharachtair sin chun an leibhéal astaíochta a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1.

Tábla 1

Leibhéal astaíochtaí

Carachtar Astaíochtaí (7)  (8)

Caighdeán astaíochtaí

Focharachtar le haghaidh an Rialacháin seo (féach Tábla 2)

Focharachtar le haghaidh OBM agus EVP (féach Tábla 3)

Catagóir feithicle nó cineál táirge

Marthanacht ceallraí infheithicle (3)

Astaíochtaí coscáin

Cumhacht córais feithiclí leictreacha (2)

Raon feithiclí leictreacha ag teocht íseal (4)

An dáta clárúcháin deiridh

TL (1)

Euro 7-TEMP

MT, MA, MC nó ME

OA

M1, N1

N/B

N/B

N/B

N/B

28.11.2027

TE (1)

Euro 7-TEMP

MV (5), MB, MD nó MF

OB

N2 (Euro 7ext)

N/B

N/B

N/B

N/B

28.5.2029 (6)

TS (1)

Euro 7-TEMP

NA

PA

M1, N1 (U)SVM

N/B

N/B

N/B

N/B

30.6.2030

TT (1)

Euro 7-TEMP

NB

PB

N2 (Euro 7ext) (U)SVM

N/B

N/B

N/B

N/B

30.6.2031

FL

Euro 7A

MA nó MC

OA

M1, N1

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

31.12.2029

FE

Euro 7A

MB nó MD

OB

N2 (Euro 7ext)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

31.12.2029

GL

Euro 7B

MA nó ME

OA

M1, N1

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

31.12.2034

GE

Euro 7B

MB nó MF

OB

N2 (Euro 7ext)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

31.12.2034

GS

Euro 7BS

NA

PA

M1, N1 (U)SVM

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

31.12.2034

GT

Euro 7BT

NB

PB

N2 (Euro 7ext) (U)SVM

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

31.12.2034

HL

Euro 7C

MA nó ME

OA

M1, N1

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

 

HE

Euro 7C

MB nó MF

OB

N2 (Euro 7ext)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

 

HS

Euro 7CS

NA

PA

M1, N1 (U)SVM

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

 

HT

Euro 7CT

NB

PB

N2 (Euro 7ext) (U)SVM

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

(Forchoimeádta)  (9)

 

Eochair:

Caighdeán astaíochtaí TL/TE ‘euro 7-TEMP’ = astaíochtaí Euro 7 (an gníomh cur chun feidhme seo) leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le faireachán ar bord, pas comhshaoil feithicle agus feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh;

Caighdeán astaíochtaí TS/TT ‘euro 7-TEMP’ = astaíochtaí Euro 7 (an gníomh cur chun feidhme seo) leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le faireachán ar bord, pas feithicle comhshaoil agus feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh (níl ach EVP agus taispeáint infheithicle ábhartha) agus aon ghníomh cur chun feidhme Euro 7 deonach eile le haghaidh monaróirí (ultrai-)ísealtáirgeachta.

Tábla 2

Tábla focharachtair le haghaidh an Rialacháin seo

Focharachtar

Tuairisc

Catagóir feithicle nó cineál táirge

Gléasra cumhachta

Dáta cur chun feidhme: cineálacha nua

Dáta cur chun feidhme: feithiclí nua

An dáta clárúcháin deiridh

MA

Euro 7

M1, N1

ICE, NOVC-HEV

29.11.2026

29.11.2027

 

MT

Euro 7 UF EB (10)

M1, N1

OVC-HEV

 

 

28.11.2027

MA

Euro 7 UF EC (11)

M1, N1

OVC-HEV

29.11.2026

29.11.2027

 

MB

Euro 7

N2

ICE, NOVC-HEV

29.5.2028

29.5.2029

 

MV

Euro 7 UF EB (10)

N2

OVC-HEV

 

 

31.12.2027

MB

Euro 7 UF EC (11)

N2

OVC-HEV

29.5.2028

29.5.2029

 

MC

Euro 7 PEV, FCHV-GAN AON OBFCM

M1, N1

PEV, FCHV

 

 

(Forchoimeádta)

MD

Euro 7 PEV, FCHV-GAN AON OBFCM

N2

PEV, FCHV

 

 

(Forchoimeádta)

ME

Euro 7 PEV, FCHV-MAILLE LE OBFCM

M1, N1

PEV, FCHV

(Forchoimeádta)

(Forchoimeádta)

 

MF

PEV, FCHV-MAILLE LE OBFCM

N2

PEV, FCHV

(Forchoimeádta)

(Forchoimeádta)

 

NA

(U)SVM Euro 7

M1, N1

Gach ceann

N/B

1.7.2030

 

NB

(U)SVM Euro 7

N2

Gach ceann

N/B

1.7.2031

 

Tábla 3

Tábla focharachtair le haghaidh OBM agus EVP

Focharachtar

Tuairisc

Catagóir feithicle nó cineál táirge

Gléasra cumhachta

Dáta cur chun feidhme: cineálacha nua

Dáta cur chun feidhme: feithiclí nua

An dáta clárúcháin deiridh

OA

Euro 7

M1, N1

Gach ceann

29.11.2026

29.11.2027

 

OB

Euro 7

N2

Gach ceann

29.5.2028

29.5.2029

 

PA

(U)SVM Euro 7

M1, N1

Gach ceann

N/B

1.7.2030

 

PB

(U)SVM Euro 7

N2

Gach ceann

N/B

1.7.2031

 


(1)  Cur i bhfeidhm deonach roimh na dátaí cur i bhfeidhm sainordaitheacha de réir Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2024/1257.

(2)  Is infheidhme maidir le feithiclí hibrideacha agus PEVanna a bhfuil mótair iolracha acu, agus maidir leo sin amháin, de réir raon feidhme Rialachán Uimh. 177 ó na Náisiúin Aontaithe.

(3)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le feithiclí lánleictreacha agus feithiclí leictreacha hibrideacha le luchtú seachtrach.

(4)  Is infheidhme maidir le PEVanna, agus maidir leo sin amháin.

(5)  An dáta clárúcháin deiridh luath, de réir na sonraí ó Thábla 2.

(6)  Tá an dáta sin infheidhme mura mbeidh tionchar ag focheadú le dáta clárúcháin deiridh luath air, a léirítear le fonóta 5 sa tábla.

(7)  An chéad litir den Charachtar: T = TEMP-feithicil, F = Euro 7A, G = Euro 7B, H = Euro 7C.

(8)  An dara litir den Charachtar: L = monaróir méideanna móra, E = feithicil Euro 7ext, S =SVM, T = feithicil Euro 7ext ó SVM.

(9)  Cuirfear na focharachtair sin ar fáil i gcás ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme faoi seach, agus go comhuaineach le glacadh na ngníomhartha sin.

(10)  I gcás OVC-HEVanna a úsáideann an fachtóir fóntais ó Euro 6e-bis (EB), agus an paraiméadar dneb á chur i bhfeidhm chun UF codánach a chinneadh de réir Fhoscríbhinn 5 d’Iarscríbhinn B8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

(11)  I gcás OVC-HEVanna a úsáideann an fachtóir fóntais ó Euro 6e-bis-FCM (EC), agus an paraiméadar dnec á chur i bhfeidhm chun UF codánach a chinneadh de réir Fhoscríbhinn 5 d’Iarscríbhinn B8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.


Foscríbhinn 7

(Forchoimeádta)


Foscríbhinn 8a

Tuarascálacha tástála

Is éard is Tuarascáil Tástála ann an tuarascáil arna heisiúint ag an tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuimseofar an fhaisnéis a leagtar síos i gCuid I d’Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe i ndáil le Leibhéal 1A, i gcás inarb infheidhme.

In éineacht leis an bhfaisnéis a bhaineann go sonrach leis an Aontas sna ranna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, is iad na sonraí íosta is gá le haghaidh na tuarascála tástála.

1.

I dtábla ceanntáisc na Tuarascála Tástála, cuir isteach an méid seo a leanas sa ró deireanach den tábla ‘conclúid’ ag an deireadh: ‘Dearbhú comhlíontachta le haghaidh OBM faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707 — Arna chur faoi bhráid an Údaráis Cineálcheadaithe deonaithe maidir le: ----------- (1) – Aitheantóir aicme OBM: [--------------------] (2)‘

2.

I roinn 2.1.1.2.1 ‘Astaíocht CO2 ó fheithiclí ag a bhfuil inneall dócháin amháin ar a laghad, ó NOVC-HEV agus ó OVC-HEV i gcás tástáil cothaithe luchtaithe de Chineál 1’, cuir an méid seo a leanas leis an gConclúid:

Faisnéis maidir le Comhréireacht Táirgeachta i gcás OVC-HEV

 

Cumasctha

Astaíocht CO2 (g/km) MCO2 ,CS,COP

 

AFCO2 ,CS

 

3.

Cuir isteach roinn 2.3. seo a leanas:

2.3.   Tástáil Chineál 3 (a)

Astú gás cromáin san atmaisféar: dada

4.

2. Cuir isteach roinn 2.6. seo a leanas:

2.6.   Tástáil Astaíochtaí Fíorthiomána

Uimhir aicme astaíochtaí fíorthiomána

:

MSxxxx

Féach tuarascáil/tuarascálacha aicme

:

 

5.

3. Cuir isteach roinn 2.7. seo a leanas:

2.7.   Tástáil Chineál 6 (a)

Aitheantóir na haicme

 

 

Dáta na dtástálacha

:

(lá/mí/bliain)

Suíomh na dtástálacha

:

 

Modh socraithe an dinimiméadair fonnaidh

:

luasmhoilliú saor-rothlaithe (tagairt an ualaigh friotaíochta bóthair)

Mais táimhe (kg)

:

 

Má tá diallas ann ó fheithicil Thástáil 1

:

 

Boinn

:

 

Déanamh

:

 

Saghas

:

 

Toisí tosaigh/cúil

:

 

Cuar-imlíne dhinimiciúil (m)

:

 

Brú na mbonn (kPa)

:

 


Truailleáin

CO

(g/km)

HC

(g/km)

Tástáil

1

 

 

2

 

 

3

 

 

Meán

 

 

Teorainn

 

 

6.

Cuir isteach roinn 2.10. seo a leanas:

2.10.   Cumhacht innill

Féach tuarascáil/tuarascálacha nó uimhir cheadaithe

:

 


(1)  Le líonadh isteach ag na Seirbhísí Teicniúla: scrios an méid nach bhfuil infheidhme agus líon isteach más gá.

(2)  féach Iarscríbhinn III ‘ Dearbhú Comhlíontachta’ de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707 — Ní chuireann an idirshliocht seo coinníoll leis an gCineálcheadú a dheonú faoin Rialachán seo agus cuireann an tÚdarás Cineálcheadaithe deonaithe isteach é chun críoch inrianaitheachta agus bainistithe doiciméad — Ba cheart gurb é an tAitheantóir Aicme OBM an tAitheantóir a sholáthraítear sa Chéad Dearbhú arna chur isteach ag an Monaróir faoi Iarscríbhinn III ‘Dearbhú Comhlíontachta’de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707. Níor cheart aon mhodhnú ar Aitheantóir Aicme OBM ná leathnú ar na Cineálcheaduithe gaolmhara a bheith mar thoradh ar an Dearbhú Comhlíontachta a thabhairt cothrom le dáta.


Foscríbhinn 8b

Tuarascáil Tástála Ualaigh Friotaíochta Bóthair

Áireofar an fhaisnéis a leagtar síos i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe i ndáil le Leibhéal 1A, i gcás inarb infheidhme.


Foscríbhinn 8c

Teimpléad le haghaidh na bileoige tástála

Áireofar sa bhileog thástála na sonraí tástála a thaifeadtar ach nach n-áirítear in aon tuarascáil tástála.

Coinneoidh an tseirbhís tástála nó an monaróir an bhileog thástála/na bileoga tástála ar feadh 10 mbliana ar a laghad.

Is í an fhaisnéis a leagtar síos i bhFoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe i ndáil le Leibhéal 1A, i gcás inarb infheidhme, na sonraí íosta is gá le haghaidh na mbileog tástála.


Foscríbhinn 8d

Tuarascáil Tástála ar Astaíocht Galaithe

Is í an fhaisnéis a leagtar síos i bhFoscríbhinn 4 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe i ndáil le Leibhéal 1A, i gcás inarb infheidhme, na sonraí íosta is gá le haghaidh na tástála astaíochtaí galaithe.


IARSCRÍBHINN II

MODHEOLAÍOCHT MAIDIR LE COMHRÉIREACHT INSEIRBHÍSE

1.   RÉAMHRÁ

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht maidir le comhréireacht inseirbhíse chun comhlíontacht a sheiceáil in aghaidh na dteorainneacha astaíochtaí le haghaidh sceithphíopa (lena n-áirítear teocht íseal) agus astaíochtaí galaithe ar feadh shaolré breise na feithicle, mar a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

Tá feidhm ag na ceanglais ghinearálta maidir le tástáil comhréireachta inseirbhíse a dhéanamh a leagtar amach in Airteagal 10.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 (1) ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais theicniúla maidir le tástáil comhréireachta inseirbhíse a dhéanamh, cé is moite de na heisceachtaí a bhfuil tuairisc orthu sna pointí thíos.

3.1.

Is mar a leanas a léifear an Cur síos ar an bPróiseas i roinn 2:

2.   TUAIRISC AR AN BPRÓISEAS

Fíor

1

Léaráid ar an bpróiseas comhréireachta inseirbhíse (i gcás ina dtagraíonn údarás cineálcheadaithe deonaithe (GTAA) don údarás cineálcheadaithe deonaithe, tagraíonn OEM don mhonaróir, agus sainmhínítear Gníomhaithe Eile mar a leanas: Tagraíonn údarás cineálcheadaithe (TAA) d’údaráis cheadaithe seachas an t-údarás a dheonaíonn an cineálcheadú ábhartha, tagraíonn TS do sheirbhísí teicniúla, tagraíonn CE don Choimisiún, agus do thríú páirtithe aitheanta a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/163)  (2) )

Image 1

3.2.

Léifear na chéad 3 mhír de roinn 5 mar a leanas:

‘5.   TÁSTÁIL ISC

Déanfaidh an monaróir tástáil ISC ar astaíochtaí sceite lena mbeidh ar a laghad tástáil Chineál 1 le haghaidh gach aicme ISC. Féadfaidh an monaróir tástálacha astaíochtaí fíorthiomána, ATCT, Chineál 4 agus Chineál 6 a dhéanamh le haghaidh gach aicme ISC nó le haghaidh cuid díobh. Déanfaidh an monaróir torthaí uile na tástála ISC a thuairisciú don údarás cineálcheadaithe deonaithe trí úsáid a bhaint as an Ardán Leictreonach ar chomhréireacht inseirbhíse a thuairiscítear i bpointe 5.9, nó trí mhodhanna iomchuí eile i gcás nach féidir sin a dhéanamh.

Seiceálfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe líon iomchuí aicmí ISC gach bliain, mar a leagtar amach i bpointe 5.4. Cuimseoidh an monaróir torthaí uile na tástála ISC san Ardán Leictreonach ar chomhréireacht inseirbhíse a bhfuil tuairisc air i bpointe 5.9.

Féadfaidh tríú páirtithe aitheanta seiceálacha a dhéanamh gach bliain ar aon líon aicmí ISC. Déanfaidh siad torthaí uile na tástála ISC a thuairisciú don údarás cineálcheadaithe deonaithe trí úsáid a bhaint as an Ardán Leictreonach ar chomhréireacht inseirbhíse a thuairiscítear i bpointe 5.9, nó trí mhodhanna iomchuí eile i gcás nach féidir sin a dhéanamh.’

3.3.

Léifear an chéad mhír de Roinn 5.7.1. mar a leanas:

‘5.7.1.   Ceanglais ghinearálta

Beidh an fheithicil ina feithicil d’aicme ISC mar a thuairiscítear i bpointe 3 agus comhlíonfaidh sí na seiceálacha atá leagtha amach sa tábla i bhFoscríbhinn 1. Feithicil atá cláraithe san Aontas agus ar tiomáineadh í san Aontas ar feadh 90 % ar a laghad dá cuid ama tiomána a bheidh inti. Féadfar an tástáil astaíochtaí a dhéanamh i réigiún geografach atá éagsúil leis an réigiún inar roghnaíodh na feithiclí. I gcás thástáil ISC a dhéanann an monaróir, le comhaontú an údaráis cineálcheadaithe deonaithe, féadfar feithiclí atá cláraithe i dtír nach tír den Aontas Eorpach í, nó feithiclí atá cláraithe san Aontas ach atá díchláraithe go sealadach, a thástáil, más den aicme ISC chéanna iad agus má tá deimhniú comhréireachta ag gabháil leo.’

3.4.

Léifear an mhír dheiridh de roinn 5.7.1. mar a leanas:

‘Eisiafar feithicil ó thástáil ISC mura gcomhlíonann an breosla ón umar feithicle na caighdeáin is infheidhme a leagtar síos i dTreoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) nó má tá fianaise nó taifead ar bhreosla leis an gcineál mícheart breosla.

(*1)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/70/oj).’ "

3.5.

Léifear Roinn 5.8. mar a leanas:

‘5.8.   Méid sampla

Nuair a chuireann monaróirí an nós imeachta staidrimh a leagtar amach i bpointe 5.10 i bhfeidhm do thástáil Chineál 1, socrófar an líon baisceanna samplacha bunaithe ar an méid díolachán bliantúil atá ag aicme inseirbhíse san Aontas, mar a thuairiscítear sa tábla seo a leanas:

Tábla 1

An líon baisceanna samplacha le haghaidh thástáil ISC a dhéanfar le tástálacha Chineál 1

Clárúcháin san Aontas in aghaidh na bliana féilire d’fheithiclí le linn na tréimhse samplála

An líon baisceanna samplacha (le haghaidh thástálacha Chineál 1)

suas le 100 000

1

100 001 go 200 000

2

os cionn 200 000

3

Áireofar i ngach baisc shamplála dóthain cineálacha feithiclí (maidir le hastaíochtaí), chun a áirithiú go gcumhdófar 20 % ar a laghad de chlárúcháin iomlána na haicme PEMS sin san Aontas le haghaidh na bliana roimhe sin. I gcás ina roinntear an aicme PEMS chéanna idir níos mó brandaí, déanfar na brandaí uile a thástáil. I gcás aicme lena gceanglaítear go dtástálfar níos mó ná baisc shamplach amháin, beidh na feithiclí roghnaithe sa dara agus sa tríú baisc shamplach ina bhfeithiclí a úsáideadh i ndálaí éagsúla comhthimpeallacha agus/nó gnáthúsáide leis na feithiclí a roghnaíodh don chéad sampla.’

3.6.

Léifear Roinn 5.9. thuas, Tábla A4/2 mar a leanas:

‘5.9.   Úsáid a bhaint as an Ardán Leictreonach ar chomhréireacht inseirbhíse agus rochtain ar na sonraí is gá chun tástáil a dhéanamh

Tá ardán leictreonach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun éascú a dhéanamh ar mhalartú sonraí idir na monaróirí, na gníomhaithe eile ar thaobh amháin agus an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe ar an taobh eile agus chun éascú a dhéanamh ar thógáil an chinnte maidir le teip nó pas an tsampla.

Líonfaidh an monaróir isteach an pacáiste maidir le Trédhearcacht Tástála dá dtagraítear in Airteagal 6(8) san fhormáid a shonraítear i dTábla 1 agus i dTábla 2 d’Fhoscríbhinn 5 agus i dTábla 2 sa phointe seo agus tarchuirfidh sé é chuig an údarás cineálcheadaithe a dheonaíonn an cineálcheadú astaíochtaí. Úsáidfear Tábla 2 d’Fhoscríbhinn 5 chun gur féidir feithiclí ón aicme chéanna a roghnú lena dtástáil agus, i dteannta Thábla 1 d’Fhoscríbhinn 5, chun gur féidir go leor faisnéise faoi na feithiclí atá le tástáil a sholáthar.

Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe a dheonaíonn an cineálcheadú astaíochtaí an fhaisnéis i dTáblaí 1 agus 2 d’Fhoscríbhinn 5 a uaslódáil chuig an ardán leictreonach dá dtagraítear sa chéad mhír laistigh de 5 lá oibre tar éis dó í a fháil.’

3.7.

I mír 5.10.1. tar éis an tríú fomhír, cuirfear an fhomhír nua seo a leanas isteach le go léifear mar a leanas í:

‘I gcás feithiclí ag a bhfuil Uasluachanna Dearbhaithe astaíochtaí fíorthiomána tuairiscithe i bpointe 48.2 den Deimhniú Comhréireachta, atá níos ísle ná na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257, déanfar an chomhréireacht a sheiceáil i gcomparáid leis na hUasluachanna Dearbhaithe astaíochtaí fíorthiomána tuairiscithe sin. Má fhaightear amach nach bhfuil an sampla i gcomhréir leis na hUasluachanna Dearbhaithe Fíorthiomána, ceanglóidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe ar an monaróir gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh.’

3.8.

I mír 5.10.1. cuirfear fomhír dheiridh nua isteach le go léifear mar a leanas í:

‘Déanfar na feidhmeanna a thuairiscítear thuas go díreach ar an Ardán Leictreonach a luaithe a bheidh na feidhmeanna ábhartha ar fáil.’

3.9.

Léifear Roinn 5.10.2. mar a leanas:

‘5.10.2.   Torthaí ISC a chomhthiomsú

Féadfar torthaí tástála ó ghníomhaithe eile a chomhthiomsú chun críoch nós imeachta staidrimh comhchoiteann. Chun torthaí na dtástálacha a chomhthiomsú, beidh gá le toiliú i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara go léir a sholáthróidh torthaí tástálacha do chomhthiomsú torthaí, agus beidh gá le fógra a thabhairt do na húdaráis chineálcheadaithe, agus don ardán leictreonach, sula gcuirfear tús leis an tástáil. Ainmneofar ceann amháin de na páirtithe mar cheannaire ar an gcomhthiomsú agus beidh sé freagrach as sonraí a thuairisciú agus as cumarsáid a dhéanamh leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe.’

3.10.

Léifear an chéad mhír de Roinn 5.10.3. mar a leanas:

5.10.3.   Pas/Teip/Toradh neamhbhailí maidir le tástáil aonair

Measfar tástáil astaíochtaí ISC a bheith ‘pasáilte’ le haghaidh truailleán amháin nó níos mó i gcás ina bhfuil toradh na n-astaíochtaí cothrom leis an teorainn astaíochta a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 le haghaidh an chineáil tástála sin nó faoi bhun na teorann sin. Agus feithiclí á dtástáil le linn na saolré breise, úsáidfear na hiolraitheoirí marthanachta chun na teorainneacha astaíochtaí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 a choigeartú.

3.11.

Cuirfear isteach an roinn 5.10.6. seo a leanas:

‘5.10.6.

ISC le haghaidh feithiclí lánchríochnaithe agus feithiclí sainchuspóireacha ilchéimneacha

Cinnfidh monaróir na bonnfheithicle na luachanna is incheadaithe le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear i dTábla 3. Déanfar na Luachanna Paraiméadair is incheadaithe le haghaidh gach aicme a thaifeadadh sa doiciméad faisnéise a bhaineann leis an gcineálcheadú astaíochtaí (féach Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I) agus i liosta Trédhearcachta 1 d’Fhoscríbhinn 5. Ní cheadófar don mhonaróir céime deiridh luachanna astaíochta na bonnfheithicle a úsáid ach amháin má fhanann an fheithicil lánchríochnaithe laistigh de na Luachanna Paraiméadair is incheadaithe. Déanfar luachanna paraiméadair gach feithicle deiridh a thaifeadadh ina Deimhniú Comhréireachta.

Tábla 3

Luachanna Paraiméadair is incheadaithe maidir le húsáid chineálcheadú astaíochtaí na bonnfheithicle ag feithiclí ilchéimneacha agus feithiclí sainchuspóireacha ilchéimneacha

Luachanna Paraiméadair

Luachanna is incheadaithe ó - go

Mais iarbhír na Feithicle Deiridh (in kg)

 

Críochnaitheach Feithicil go teicniúil an uasmhais ualaithe incheadaithe (in kg)

 

Limistéar tosaigh le haghaidh na feithicle deiridh (in cm2)

 

Friotaíocht rollach (kg/t)

 

Limistéar tosaigh atá beartaithe le haghaidh an bhealaigh isteach don aer ar an ngríl tosaigh (in cm2)

 

Má dhéantar feithicil lánchríochnaithe nó feithicil shainchuspóireach ilchéimneach a thástáil agus má tá toradh na tástála faoi bhun na teorann astaíochta is infheidhme, measfar go bhfuil toradh pas faighte ag an bhfeithicil don aicme ISC chun críocha phointe 5.10.3.

Má sháraíonn toradh na tástála ar fheithicil lánchríochnaithe nó ar fheithicil shainchuspóireach ilchéimneach na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme ach mura bhfuil an sárú sin níos airde ná 1,3 oiread na dteorainneacha astaíochtaí is infheidhme, scrúdóidh an tástálaí an gcomhlíonann an fheithicil sin na luachanna i dTábla 3. Déanfar aon neamhchomhlíonadh leis na luachanna sin a thuairisciú don údarás cineálcheadaithe deonaithe. Mura gcomhlíonann an fheithicil na luachanna sin, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe na cúiseanna atá leis an neamhchomhlíonadh a imscrúdú agus déanfaidh sé na bearta iomchuí maidir le monaróir na feithicle lánchríochnaithe nó na feithicle sainchuspóirí ilchéimní chun comhréireacht a athbhunú, lena n-áirítear an cineálcheadú a tharraingt siar. Má chomhlíonann an fheithicil na luachanna i dTábla 3, measfar gur feithicil mharcáilte í don aicme chomhréireachta inseirbhíse chun críocha phointe 6.1.

Má sháraíonn toradh na tástála 1,3 oiread na dteorainneacha astaíochtaí is infheidhme, measfar gur teip é don aicme comhréireachta inseirbhíse chun críocha phointe 6.1, ach ní mheasfar gur asluiteach é don aicme ábhartha ISC. Mura gcomhlíonann an fheithicil lánchríochnaithe nó an fheithicil shainchuspóireach ilchéimneach na luachanna i dTábla 3, tuairisceofar é sin don údarás cineálcheadaithe deonaithe a dhéanfaidh na cúiseanna atá leis an neamhchomhlíonadh a imscrúdú agus déanfaidh sé na bearta iomchuí maidir le monaróir na feithicle lánchríochnaithe nó na feithicle sainchuspóirí ilchéimní chun comhréireacht a athbhunú, lena n-áirítear an cineálcheadú a tharraingt siar.’

3.12.

Léifear Roinn 6.1. mar a leanas:

‘6.1.

Laistigh de 10 lá oibre ó dheireadh thástáil ISC don sampla dá dtagraítear i bpointe 5.10.5, cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe tús le himscrúduithe mionsonraithe leis an monaróir chun a chinneadh an gcomhlíonann an aicme ISC (nó cuid de) rialacha ISC agus an bhfuil bearta feabhais ag teastáil ina leith. Maidir le feithiclí ilchéimneacha nó feithiclí sainchuspóireacha, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe imscrúduithe mionsonraithe freisin nuair atá ar a laghad trí fheithicil lochtacha a bhfuil an locht céanna orthu nó cúig fheithicil mharcáilte san aicme chéanna ISC, mar a leagtar amach i bpointe 5.10.6.’

3.13.

Léifear Roinn 7.6. mar a leanas:

‘7.6.

Mura gceadóidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe an dara plean a chuir an monaróir isteach, déanfaidh sé gach beart is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2018/858, chun comhréireacht a athbhunú, lena n-áirítear cineálcheadú a tharraingt siar más gá.’

3.14.

Léifear pointe 4 i bhFoscríbhinn 3 mar a leanas:

‘4.

Dáta tarchuir chuig GTAA nó dáta uaslódála chuig an Ardán Leictreonach’

3.15.

Ba cheart an tuairisc i ró ID 1 de Thábla 1 i bhFoscríbhinn 5 a léamh mar a leanas:

‘Mar a tuairiscíodh ar shamhail an deimhnithe ar chineálcheadú AE in Iarscríbhinn I/Foscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán seo’

3.16.

Ba cheart an tuairisc i ró ID 2 de Thábla 1 i bhFoscríbhinn 5 a léamh mar a leanas:

‘Mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 4, Roinn II, Pointe 0 a ghabhann leis an Rialachán seo agus i Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (*2), Iarscríbhinn A2, Aguisín a ghabhann le mír 0.1 den chumarsáid chineálcheadaithe: Aitheantóir na hAicme Idirshuímh mar a shainmhínítear i mír 6.2.1 den Rialachán céanna’

(*2)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feithiclí saothair éadroim a cheadú i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas (WLTP), sraith leasuithe 02 (IO L , 2022/2124, 10.11.2022, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj)."

3.17.

Ba cheart an tuairisc i ró ID 7 de Thábla 1 i bhFoscríbhinn 5 a léamh mar a leanas:

‘Mar a tuairiscíodh i mír 0.2.3.4.1. d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe le haghaidh RL agus mír 0.2.3.5. le haghaidh RM’

3.18.

Ba cheart an cineál sonraí i rónna ID 18, ID 19, ID 42 agus ID 43 de Thábla 1 i bhFoscríbhinn 5 a léamh mar a leanas:

‘Formáidí féideartha: pdf, jpg.’

3.19.

Ba cheart an tuairisc i ró ID 33 de Thábla 1 i bhFoscríbhinn 5 a léamh mar a leanas:

‘Roghnach i gcás NOVC agus OVC-HEVanna, ceartú astaíochtaí CS CO2 mar a shainmhínítear i mír 2 d’Fhoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn B8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe’

3.20.

Áireofar i dTábla 1 i bhFoscríbhinn 5 rónna breise idir rónna 44a agus 49 mar a leanas:

 

I gcás feithiclí ilchéimneacha nó feithiclí sainchuspóireacha ilchéimneacha

‚45

Mais cheadaithe na Feithicle deiridh in ord reatha

Uimhir

Kg

Mar a thuairiscítear i bpointe 0.2.2.1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 (*3)

Ó-go

45a

Mais iarbhír cheadaithe na Feithicle deiridh

Uimhir

kg

Mar a thuairiscítear i bpointe 0.2.2.1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683

Ó-go

45b

Uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil le haghaidh na Feithicle (in kg)

Uimhir

kg

Mar a thuairiscítear i bpointe 0.2.2.1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683

Ó-go

46

Limistéar tosaigh is incheadaithe le haghaidh na feithicle deiridh

Uimhir

cm2

Mar a thuairiscítear i bpointe 0.2.2.1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683

Ó-go

47

Friotaíocht rollach is incheadaithe

Uimhir

kg/t

Mar a thuairiscítear i bpointe 0.2.2.1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683

Ó-go

48

An limistéar tosaigh is incheadaithe le haghaidh an bhealaigh isteach don aer ar an ngríl tosaigh

Uimhir

cm2

Mar a thuairiscítear i bpointe 0.2.2.1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683

Ó-go

 

I gCÁS GACH FEITHICLE

3.2.1.

Léifear Tábla 2 i bhFoscríbhinn 5 mar a leanas:

‘Tábla 2

Liosta Trédhearcachta 2

Réimse

An cineál sonraí

Tuairisc

Cineál-Malairt-Leagan (CML)

Téacs

Aitheantóir uathúil Chineál, Mhalairt, Leagan na feithicle mar a thuairiscítear i bpointe 0.2. den Deimhniú Comhréireachta, Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683, Foscríbhinn Cuid 1.

Aitheantas Aicme PEMS

Téacs

Mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, pointe 3.5.2.

Déanamh

Téacs

Trádainm an mhonaróra, pointe 0.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

Ainm tráchtála

Téacs

Ainmneacha tráchtála CML, pointe 0.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

Ainm eile

Téacs

Téacs saor

Catagóir agus aicme

Áireamh (M1, N1 aicme I, N1 aicme II, N1 aicme III, N2, N3, M2, M3)

Catagóir agus aicme na feithicle, Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

Cabhalra

Áireamh

(AA Salún;

AB Feithicil chúlhaiste,

AC Carr fada,

AD Coupé,

AE Feithicil inathraithe,

AF Feithicil ilchuspóireach,

AG Trucail carr fada,

BA Leoraí,

BB Veain,

BC Aonad tarracóra le haghaidh leathleantóra,

BD Tarracóir bóthair,

BE Truiclín,

BX Cábán fonnaidh nó cochall fonnaidh)

An cineál cabhalra, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683, pointe 0.3.0.2.

Uimhir na Tástála um Chineálcheadú Astaíochtaí

Téacs

Mar a thuairiscítear ar shamhail an deimhnithe ar chineálcheadú AE in Iarscríbhinn I/Foscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Uimhir Chineálcheadaithe Lánfheithicle

Téacs

Aitheantóir an Chineálcheadaithe Lánfheithicle mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2020/683.

Aitheantas na hAicme Evap

Téacs

Mar a thuairiscítear i mír 0.2.3.7 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe

Cumhacht Rátaithe Innill breosla 1, breosla 2 (más ábhartha)

Uimhir

Mír 3.2.1.8 d’Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe

Boinn chúplacha

is ea/ní hea

Dearbhaithe ag OEM.

Breosla Umar Toillte (luachanna scoite)

Uimhir

Toilleadh/toillte umair bhreosla/umar breosla, pointe 3.2.3.1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

Umar séalaithe

is ea/ní hea

Pointe 3.2.12.2.5.5.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

WMI a úsáidtear sa Chineálcheadú Lánfheithicle+CML seo

Téacs

Dearbhaithe ag OEM (ISO 3779)

Aitheantóir Aicme OBM

Téacs

Mar atá greamaithe sa Dearbhú maidir le Comhlíonadh OBM, EVP agus na gceanglas maidir le taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1705.’


(*1)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/70/oj).’

(*2)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feithiclí saothair éadroim a cheadú i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas (WLTP), sraith leasuithe 02 (IO L , 2022/2124, 10.11.2022, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj).’


(1)  Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú feithiclí maidir le hastú truailleán de réir ceanglais breosla innill (IO L, 2024/1312, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1312/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fheidhmiúla maidir le faireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh (IO L 27, 8.2.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/163/oj).

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/683/oj). ’


IARSCRÍBHINN III

ASTAÍOCHTAÍ FÍORTHIOMÁNA A FHÍORÚ

1.   RÉAMHRÁ

Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar an nós imeachta chun Astaíochtaí Fíorthiomána a chinneadh.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Is iad na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe (1), i ndáil le leibhéal 1A, na ceanglais ghinearálta maidir le tástáil fíorastaíochtaí a dhéanamh.

2.2.

I gcás cineálacha feithiclí maidir le hastaíochtaí arna gceadú de réir na hIarscríbhinne seo, maidir le torthaí deiridh astaíochtaí fíorthiomána arna ríomh de réir na hIarscríbhinne seo ag aon tástáil fhéideartha ar astaíochtaí fíorthiomána arna déanamh i gcomhréir le ceanglais na hIarscríbhinne seo, ní bheidh siad níos airde ná aon cheann de na teorainneacha astaíochta Euro 7 ábhartha a leagtar síos i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

2.3.

Féadfaidh an monaróir a dhearbhú go bhfuil teorainneacha astaíochta níos ísle á gcomhlíonadh trí luachanna níos ísle ar a dtugtar ‘Astaíochtaí Fíorthiomána Uasta Dearbhaithe’ a dhearbhú i gcás NOx nó líon cáithníní nó an dá rud, i ndeimhniú comhlíontachta astaíochtaí fíorthiomána an Mhonaróra agus i nDeimhniú Comhréireachta gach feithicle. Úsáidfear na huasluachanna dearbhaithe astaíochtaí fíorthiomána sin chun comhlíontacht gluaisteán a sheiceáil nuair is infheidhme, lena n-áirítear comhlíontacht le haghaidh tástálacha a dhéantar le linn Comhréireacht Inseirbhíse agus Faireachas Margaidh.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach i mír 6. agus sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe, na ceanglais theicniúla maidir leis an tástáil astaíochtaí fíorthiomána a dhéanamh, cé is moite de na heisceachtaí a thuairiscítear sna pointí thíos.

3.1.

Cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 3.1.:

Ciallaíonn ‘Astaíochtaí Fíorthiomána Uasta Dearbhaithe’ na luachanna astaíochta, a bheidh níos ísle ná na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme, arna ndearbhú go roghnach ag an monaróir agus arna n-úsáid chun comhlíontacht teorainneacha astaíochtaí níos ísle a sheiceáil.’

3.2.

Léifear mír 10.8. de Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘10.8.

Tuairisciú Sonraí: Déanfar na sonraí uile maidir le tástáil astaíochtaí fíorthiomána aonair a thaifeadadh de réir an mhalartaithe sonraí agus na gcomhad tuairiscithe sonraí a sholáthróidh an Coimisiún (2).’

3.3.

Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 10.8. de Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe:

‘10.9.

Tuairisciú agus scaipeadh faisnéise tástála maidir le cineálcheadú astaíochtaí fíorthiomána

10.9.1.

Cuirfear tuarascáil theicniúil arna hullmhú ag an monaróir ar fáil don údarás ceadaithe. Tá 4 mhír sa tuarascáil theicniúil:

(i)

an comhad Malartaithe Sonraí

(ii)

an Comhad tuairiscithe

(iii)

an tuairisc ar an bhFeithicil agus ar an inneall mar a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(iv)

ábhar tacaíochta amhairc (grianghraif agus/nó físeáin) de shuiteáil PEMS san fheithicil a ndearnadh tástáil uirthi de cháilíocht agus de chainníocht leordhóthanach chun an fheithicil a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh an leanann suiteáil phríomhaonad PEMS, shreabhmhéadar an sceite, aeróg GNSS agus an stáisiúin aimsire moltaí ó mhonaróirí na hionstraime agus dea-chleachtais ghinearálta thástáil PEMS.

10.9.2.

Áiritheoidh an monaróir go gcuirfear an fhaisnéis a liostaítear i mír 10.9.2.1. ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air gan chostais agus gan gá don úsáideoir a chéannacht a nochtadh ná clárú. Coinneoidh an monaróir an Coimisiún agus na hÚdaráis Chineálcheadaithe ar an eolas faoin áit a bhfuil an suíomh gréasáin.

10.9.2.1.

Leis an suíomh gréasáin, beifear in ann cuardach saoróige a dhéanamh ar an mbunachar sonraí foluiteach bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

Déanamh, Cineál, Malairt, Leagan, Ainm tráchtála, nó Uimhir Chineálcheadaithe dá dtagraítear sa deimhniú comhréireachta, de bhun Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

Cuirfear an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi thíos ar fáil le haghaidh gach feithicle i gcuardach:

—

Aitheantas na haicme PEMS lena mbaineann an fheithicil sin, i gcomhréir le Liosta Trédhearcachta 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

—

Na hUasluachanna Dearbhaithe Astaíochtaí Fíorthiomána mar a thuairiscítear i bpointe 48.2 den Deimhniú Comhréireachta, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683.

10.9.2.2.

Cuirfidh an monaróir an tuarascáil theicniúil dá dtagraítear i mír 10.9.1. ar fáil d’aon tríú páirtí aitheanta agus don Choimisiún, arna iarraidh sin, gan chostais agus laistigh de 10 lá. Cuirfidh an monaróir an tuarascáil theicniúil dá dtagraítear i mír 10.9.1. ar fáil freisin arna iarraidh sin agus táille réasúnta chomhréireach á gearradh ar dhaoine eile, ar tuarascáil í nach ndíspreagann fiosraitheoir a bhfuil leas cuí aige an fhaisnéis faoi leith a iarraidh nó nach sáraíonn costais inmheánacha an mhonaróra chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.

Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe an fhaisnéis a liostaítear faoi mhíreanna 10.9.1. agus 10.9.2. ar fáil, arna iarraidh sin, gan aon chostas agus laistigh de 10 lá ón iarraidh a fháil, d’aon tríú páirtí aitheanta nó don Choimisiún. Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe ar fáil do dhaoine eile freisin, arna iarraidh sin, an fhaisnéis a liostaítear faoi mhíreanna 10.9.1. agus 10.9.2. le táille réasúnta chomhréireach, ar táille í nach ndíspreagann fiosraitheoir a bhfuil leas cuí aige an fhaisnéis faoi leith a iarraidh nó nach sáraíonn costais inmheánacha an údaráis chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.’

3.4.

Léifear an chéad abairt de Mhír 6.1. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’Is éard a bheidh san anailíseoir líon cáithníní aonad réamh-chomhoiriúnaithe agus brathadóir cáithníní a áiríonn le héifeachtúlacht íosta 50 faoin gcéad ó thart ar 10 nm.’

3.5.

Léifear an eochair eolais i bhFíor A5/1 de Mhír 6.1. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’(Léirítear codanna roghnacha leis na línte poncanna. Beidh an chuid théite gníomhach go catalaíoch. EFM = Sreabhmhéadar Maise an Sceite, d = trastomhas inmheánach, PND = Caolaitheoir Líon Cáithníní)’

3.6.

Léifear an chéad abairt den cheathrú mír de Mhír 6.1. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’Áireofar san anailíseoir líon cáithníní alt téite atá gníomhach go catalaíoch ag teocht bhalla ≥ 573 K.’

3.7.

Níl feidhm ag an abairt dheireanach de Mhír 6.1. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.8.

Léifear Tábla A5/3a i mír 6.2. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’dp [nm]

10

15

30

50

70

100

200

E(dp) Anailíseoir líon cáithníní (PN)

0,1 – 0,5

0,3 – 0,7

0,75 – 1,05

0,85 – 1,15

0,85 – 1,15

0,80 – 1,20

0,80 – 2,00 ’

3.9.

Léifear an chéad mhír faoi Thábla A5/3a de Mhír 6.2. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’Sainmhínítear éifeachtúlacht E(dp) mar an cóimheas idir léamha an chórais anailíseora líon cáithníní (PN) agus léamha Áiritheoir Cáithníní Comhdhlúthúcháin (CPC) tagartha (ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseach 10 nm, seiceáilte le haghaidh líneachta agus calabraithe le leictriméadar) nó tiúchan uimhreach Leictriméadair ag tomhas aerasól aoneasraithe comhthreomhar de thrastomhas soghluaisteachta dp agus arna normalú ag na dálaí teochta agus brú céanna.’

3.10.

Léifear an tríú habairt de Mhír 6.3. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’Is é a bheidh san ionstraim thagartha Leictriméadar nó Áiritheoir Cáithníní Comhdhlúthúcháin (CPC) ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseach 10 nm, arna fhíorú le haghaidh líneachta.’

3.11.

Léifear an abairt dheireanach den chéad mhír de Mhír 6.3. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’De rogha air sin, córas líon cáithníní a chomhlíonann Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le WLTP ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseach 10 nm, is féidir córas mar sin a úsáid mar uirlis tagartha le haghaidh na seiceála líneachta ar an gcóras iomlán.’

3.12.

Léifear an chéad abairt agus an dara habairt de Mhír 6.4 d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

’Bainfear amach leis an gcóras > 99.9 faoin gcéad de cháithníní ≥ 30 nm teitreacontáin (CH3(CH2)38CH3) ag a bhfuil tiúchan ionraoin ≥ 10 000 cáithnín in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh ag an gcaolú íosta.

Bainfidh an córas amach freisin > 99,9 faoin gcéad d’éifeachtúlacht asghlanta teitreacontáin le trastomhas airmheánach comhairimh > 50 nm agus mais > 1mg/m3.’

3.13.

Cuirtear an abairt seo a leanas le mír 4.4.1.2 d’Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe:

’I gcás na bhfeithiclí sin atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h, is saintréith d’achair ama meánluais meánluasanna feithicle vj is lú ná 70 km/h.’

3.14.

Cuirtear an abairt seo a leanas le mír 4.4.1.3 d’Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe:

’I gcás na bhfeithiclí sin atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h, is saintréith d’achair ama ardluais meánluasanna feithicle vj is mó ná 70 km/h nó cothrom leis agus is lú ná 90 km/h.’


(1)  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj).

(2)  Atá le fáil i nasc CIRCABC: https://circabc.europa.eu/ui/group/f4243c55-615c-4b70- a4c8-1254b5eebf61/library/a0be83ba-89bd-4499-8189-2696362d2f72?p=1.


IARSCRÍBHINN IV

FEISTÍ CÚBLÁLA AGUS STRAITÉISÍ CÚBLÁLA

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na tástálacha, na modhanna agus na nósanna imeachta chun easpa feistí cúblála agus straitéisí cúblála a shuí mar a fhorléirítear faoi Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2024/1257 agus i gcomhréir le hoibleagáidí monaróirí faoi Airteagal 4 den Rialachán céanna.

1.2.

Sonraítear san Iarscríbhinn seo freisin an doiciméadacht lena n-áirithítear faireachán agus forfheidhmiú cuí na rialacha a bhaineann le feistí cúblála agus straitéisí cúblála. Tá sé d’aidhm aici sásraí rialaithe astaíochtaí a neartú, trédhearcacht a fheabhsú, agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh feithiclí ceanglais rialála ar feadh shaolré na bhfeithiclí, go háirithe teorainneacha astaíochtaí sceite Euro 7 agus teorainneacha astaíochtaí galaithe faoi na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 chomh maith leis an toirmeasc ar fheistí cúblála agus ar straitéisí cúblála.

1.3.

Déantar foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707 maidir le sonraíochtaí le haghaidh modheolaíochtaí, tástálacha agus nósanna imeachta a bhaineann le sláine sonraí, amhail ionramháil sonraí a bhaineann le braiteoirí, ídiú breosla nó ídiú fuinnimh leictrigh, raon leictreach nó marthanacht ceallraí.

1.4.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo freisin róil agus freagrachtaí le haghaidh na ngníomhaithe lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rialála thuasluaite agus go gcuirfear toirmeasc ar fheistí cúblála agus ar straitéisí cúblála.

1.5.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ba cheart feistí cúblála agus straitéisí cúblála a fhorléiriú mar a leagtar amach in Airteagal 3(41) agus 3(42) de Rialachán (AE) 2024/1257. Déanfar coincheap na straitéise cúblála a idirdhealú ó na coincheapa ‘Bonnstraitéisí Astaíochtaí (BES)’ agus ‘Straitéisí Cúnta Astaíochtaí (AES)’ faoi seach, a shainmhínítear in Airteagal 2(17) agus 2(18) faoi seach den Rialachán seo, agus a bhaineann le ceanglais doiciméadachta faoin Iarscríbhinn seo.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA — TÁSTÁLACHA AGUS MODHEOLAÍOCHTAÍ

2.1.

Agus tagairt á déanamh d’fhorálacha Airteagal 3(41) agus Airteagal 3(42) de Rialachán (AE) 2024/1257, (i) ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir feistí cúblála agus straitéisí cúblála a bhaineann le hastaíochtaí (sceite, galaithe nó eile) agus (ii) feistí agus straitéisí cúblála a bhaineann le sláine sonraí.

2.2.

Agus measúnú á dhéanamh ar chásanna a bhféadfadh úsáid feistí cúblála nó straitéisí cúblála le haghaidh astaíochtaí sceite agus astaíochtaí galaithe a bheith i gceist leo, ba cheart measúnú agus léirmhíniú leathan a dhéanamh ar na cásanna sin. Aon ghaireas nó aon straitéis a laghdaíonn éifeachtacht teorainneacha astaíochtaí sceite agus astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad agus ceanglais maidir le dálaí tástála faoin Rialachán seo, agus a fhágann gur cosúil go bhfuil feithicil neamh-chomhlíontach comhlíontach nó a fhalsaíonn torthaí tástála, ba cheart iad a bhreithniú agus cinneadh á dhéanamh an ann d’fheistí cúblála nó straitéisí cúblála. Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh tástálacha scagtha tiomnaithe agus bearta forfheidhmiúcháin tiomnaithe a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar theacht timpeall ar cheanglais Euro 7.

2.3.

Agus measúnú á dhéanamh ar chásanna den sórt sin mar chuid den chineálcheadú, ba cheart cásanna sonracha a idirdhealú agus a shainaithint ina bhfuil bonn cirt leis an laghdú ar éifeachtacht an rialaithe astaíochtaí sceite agus astaíochtaí galaithe (1) ar chúiseanna teicniúla agus nach cúbláil is cúis leis. Tá sé sin ábhartha go háirithe i ndálaí tiomána atá cóngarach do cheann amháin nó níos mó de dhálaí teorann i dtástáil astaíochtaí rialáilte. I gcásanna den sórt sin, comhlíonfaidh monaróirí na critéir maidir le straitéisí rialaithe astaíochtaí a bhfuil údar teicniúil leo a dhearbhú nach bhfuil gníomhach ach amháin le haghaidh sraith shonrach dálaí comhthimpeallacha nó oibriúcháin, agus ar an gcaoi sin déanfaidh siad doiciméadú agus míniú ar an laghdú ar éifeachtacht an rialaithe astaíochtaí is féidir a bhreathnú (mar shampla, d’fhéadfadh dáileadh an imoibrí stopadh ag teochtaí an-íseal mar gheall ar shrianta fisiceacha crua-earraí). Comhlíonfaidh na straitéisí astaíochtaí sin a bhfuil údar teicniúil leo critéir dhochta chun a léiriú go bhfuil siad inghlactha agus, dá bhrí sin, nach feiste chúblála ná straitéis chúblála iad mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1257, gan dochar do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(2) den Rialachán céanna. Sonraítear an mhodheolaíocht chun AES a mheasúnú agus a cheadú i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

2.4.

Áiritheoidh monaróirí nach mbeidh aon fheithicil feistithe le feistí cúblála ná straitéisí cúblála a bhaineann le sláine sonraí mar a shainmhínítear i míreanna 41 agus 42 in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/1257.

2.5.

Ní thabharfaidh monaróirí nuashonruithe bogearraí ná calabrúcháin isteach lena ndéantar cúbláil ar shonraí a bhaineann le braiteoirí, ídiú breosla nó ídiú fuinnimh leictrigh, raon leictreach nó marthanacht ceallraí, roimh iad a chur ar an margadh nó ina dhiaidh.

2.6.

Déanfaidh monaróirí aon nuashonrú bogearraí agus calabrúcháin a dhéanann difear do shláine na sonraí a bhaineann le braiteoirí, ídiú breosla nó ídiú fuinnimh leictrigh, raon leictreach nó marthanacht ceallraí a nochtadh don údarás cineálcheadaithe deonaithe.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA — DOICIMÉADACHT

3.1.

Déanfaidh monaróirí Straitéisí Cúnta Astaíochtaí (AES) a dhoiciméadú tráth an chineálcheadaithe. Leis an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar AES, áirithítear ceadú comhsheasmhach eilimintí deartha nó gníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 14(7) de Rialachán (AE) 2024/1257. Chun go mbeidh na húdaráis chineálcheadaithe in ann measúnú a dhéanamh ar úsáid chuí AES, i bhfianaise an toirmisc ar fheistí cúblála agus ar straitéisí cúblála atá in Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2024/1257, soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta leathnaithe, mar a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

3.2.

Fanfaidh an doiciméadacht leathnaithe go hiomlán faoi rún. Féadfaidh an t-údarás ceadaithe é a choinneáil, nó, de rogha an údaráis ceadaithe, féadfaidh an monaróir é a choinneáil. I gcás ina gcoinníonn an monaróir an pacáiste doiciméadachta, déanfaidh an t-údarás ceadaithe an pacáiste sin a shainaithint agus a dhátú a luaithe a dhéanfar é a athbhreithniú agus a cheadú. Cuirfear ar fáil é lena iniúchadh ag an údarás ceadaithe tráth an cheadaithe nó tráth ar bith le linn bhailíocht an cheadaithe.

3.3.

Cuirfidh monaróirí pacáiste doiciméadachta foirmiúil ar fáil do na húdaráis ceadaithe freisin, mar a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, ina mbeidh faisnéis maidir le AES/BES a chuirfeadh ar chumas tástálaí neamhspleách a shainaithint an féidir na hastaíochtaí a thomhaistear a chur i leith AES nó BES nó an bhféadfadh sé gurb é feiste chúblála nó straitéis chúblála is cúis leo.

3.4.

Cuirfidh monaróirí an pacáiste doiciméadachta foirmiúil ar fáil do na húdaráis chineálcheadaithe uile, na seirbhísí teicniúla uile, na húdaráis uile um fhaireachas margaidh, na tríú páirtithe aitheanta uile agus don Choimisiún arna iarraidh sin dóibh.

3.5.

Tabharfaidh monaróirí táscaire isteach (bratach AES nó uaineadóir) chun a léiriú cén uair a ritheann feithicil i mód ina bhfuil AES atá doiciméadaithe sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe gníomhach seachas modh BES. Beidh an táscaire ar fáil trí phort srathach de chuid an nascóra dhiagnóisigh chaighdeánaigh ar iarraidh ó scan-uirlis chineálach. Is tríd an bpacáiste doiciméadachta foirmiúil a bheifear in ann an AES atá ag rith a aithint.

4.   RÓIL AGUS FREAGRACHTAÍ

4.1.

Leagtar amach sa mhír seo róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe lena mbaineann chun comhlíontacht na gceanglas rialála a áirithiú:

—

I gcás monaróirí feithiclí: tugtar isteach léi critéir chun straitéisí cúnta rialaithe astaíochtaí a bhfuil údar leo a dhearbhú, ar straitéisí iad atá gníomhach chun críche sonraí agus mar fhreagairt ar thacar sonrach dálaí comhthimpeallacha nó oibriúcháin. Comhlíonfaidh na straitéisí rialaithe astaíochtaí sin dianchritéir theicniúla chun a léiriú nach feiste chúblála ná straitéis chúblála iad mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1257.

—

I gcás na n-údarás cineálcheadaithe: tugtar isteach leis critéir chun straitéisí rialaithe astaíochtaí a bhfuil údar teicniúil leo a cheadú. Braitheann ceadú na straitéisí rialaithe astaíochtaí sin ar choincheap na ‘Straitéisí Cúnta Astaíochtaí’(AES), atá oiriúnaithe ó chreat dlíthiúil Euro 6. Tacaíonn an Iarscríbhinn seo le doiciméadú AES agus soiléiríonn sí a ról maidir le cabhrú le hastaíochtaí a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu trí chórais faireacháin ar bord (OBM).

—

I gcás na n-údarás um fhaireachas margaidh: leagtar amach ann creat chun feistí cúblála agus straitéisí cúblála a bhrath trí úsáid a bhaint as tástálacha scagtha tiomnaithe agus bearta forfheidhmiúcháin chun cosc a chur ar theacht timpeall ar cheanglais Euro 7.

—

I gcás tríú páirtithe aitheanta agus an Choimisiúin Eorpaigh: leagtar amach ann róil maidir le tástálacha scagtha a dhéanamh.

4.2.

Róil agus freagrachtaí monaróirí feithiclí

4.2.1.

Áiritheoidh monaróirí nach mbeidh feistí cúblála ná straitéisí cúblála ann a bhaineann le hastaíochtaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo: áiritheoidh monaróirí nach mbeidh aon fheithicil feistithe le feistí nó straitéisí cúblála mar a shainmhínítear i míreanna 41 agus 42 in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/1257.

4.2.2.

Déanfaidh monaróirí nuashonruithe bogearraí ar fheithiclí inseirbhíse a dhoiciméadú, ar nuashonruithe iad lena laghdaítear éifeachtacht na straitéisí rialaithe astaíochtaí tar éis an chineálcheadaithe.

4.2.3.

Déanfaidh monaróirí aon nuashonrú nó calabrúchán bogearraí a dhéanann difear do chórais rialaithe astaíochtaí sceite a nochtadh don údarás cineálcheadaithe deonaithe.

4.2.4.

Déanfaidh monaróirí Straitéisí Cúnta Astaíochtaí (AES) a dhoiciméadú mar chuid de chineálcheadú mar a shonraítear i mír 3 ‘Ceanglais theicniúla — doiciméadacht’.

4.2.5.

Oibreoidh an monaróir i gcomhar leis an údarás cineálcheadaithe chun go mbeidh sé in ann suas le 5 AES ar a mhéad a roghnú a ndéanfaidh OBM faireachán orthu de réir Iarscríbhinn I a ghabhann leRialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707.

4.3.

Róil agus freagrachtaí na n-údarás cineálcheadaithe

4.3.1.

Déanfaidh an t-údarás ceadaithe réamh-mheasúnú ar AES le haghaidh cineálacha nua feithiclí maidir le hastaíochtaí, arna iarraidh sin don mhonaróir, agus roghnóidh sé AES de réir mhír 4.2.5. Sa chás sin, soláthrófar an doiciméadacht ábhartha don údarás cineálcheadaithe idir 2 mhí agus 12 mhí roimh thús an phróisis cineálcheadaithe.

4.3.2.

Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe réamh-mheasúnú bunaithe ar an bpacáiste doiciméadachta leathnaithe, mar a thuairiscítear i bpointe (b) d’Fhoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, arna sholáthar ag an monaróir. Déanfaidh an t-údarás ceadaithe an measúnú i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe imeacht ón modheolaíocht sin i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo.

4.3.3.

Beidh an réamh-mheasúnú ar AES le haghaidh cineálacha nua feithiclí maidir le hastaíochtaí fós bailí chun críocha cineálcheadaithe ar feadh tréimhse 18 mí. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe síneadh 12 mhí eile a chur leis an tréimhse sin arna iarraidh sin don mhonaróir.

4.3.4.

I gcomhar leis an monaróir, roghnóidh an t-údarás cineálcheadaithe suas le 5 AES ar a mhéad a roghnú a ndéanfaidh OBM faireachán orthu de réir Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707. Le roghnú AES, tabharfar tosaíocht do na AESanna sin a bhfuil an tionchar ionchasach is mó acu trí mheascán dá n-éifeacht ar astaíochtaí nuair atá siad gníomhach agus an ráta gníomhachtaithe is mó a bhfuil coinne leis agus na feithiclí á n-úsáid.

4.3.5.

Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe an pacáiste doiciméadachta leathnaithe a shainaithint agus a dhátú. Má choimeádann an t-údarás cineálcheadaithe an pacáiste doiciméadachta leathnaithe, coinneofar é ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis dheonú an cheadaithe.

4.3.6.

Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe meastóireacht ar dhoiciméadacht nuashonruithe bogearraí lena laghdaítear éifeachtacht na straitéisí rialaithe astaíochtaí tar éis cineálcheadaithe agus cuirfidh sé síneadh leis an gceadú de réir mar is iomchuí fad a leanfar de na ceanglais a chomhlíonadh.

4.3.7.

Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe feidhmiúlacht bhratach nó uaineadóir na AES a thástáil chun a léiriú nuair a ritheann feithicil i mód AES seachas i mód BES.

4.3.8.

Áiritheoidh na húdaráis chineálcheadaithe go ndéanfar measúnú comhchuibhithe ar Straitéisí Cúnta Astaíochtaí (AES). Tiomsóidh an Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú liosta gach bliain de AESanna ar mheas na húdaráis chineálcheadaithe nach raibh siad inghlactha, agus cuirfidh an Coimisiún an liosta sin ar fáil don phobal faoi dheireadh mhí an Mhárta na bliana dár gcionn ar a dhéanaí, ar eagla go raibh AESanna ann a mheas an Fóram nach raibh siad inghlactha.

4.4.

Róil agus freagrachtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh

4.4.1.

Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh tástálacha scagtha a dhéanamh chun feistí cúblála agus straitéisí cúblála a bhaineann le hastaíochtaí a bhrath.

4.4.2.

Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh cinneadh a dhéanamh cás ar chás faoi na modhanna is oiriúnaí, bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí lena gcuirtear san áireamh neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann, an dóchúlacht go dtarlódh sé, agus táscairí eile a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail déine an tarlaithe.

4.4.3.

D’fhéadfadh dhá chás ar leith a bheith san áireamh sa chuardach ar fheistí cúblála nó straitéisí cúblála:

 

Cás A) ‘Brath teorann’: feistí cúblála nó straitéisí cúblála a úsáideann na teorainneacha tástála rialáilte nó ionadaigh díobh mar thruicir (amhail teocht chomhthimpeallach, airde, fad an turais, breosla ídithe agus raonta dinimice tiomána) nó;

 

Cás B) ‘Brath tástála’: feistí cúblála nó straitéisí arna spreagadh ag láithreacht trealaimh tástála (e.g. méadú cúlbhrú ag an sceithphíopa, comharthaí ar chúlbhraiteoirí ultrasonacha, nasc taifeadáin sonraí ar an bport diagnóisic ar bord) nó suíomh na feithicle (i.e., aon rud a chuireann in iúl don fheithicil go bhfuil sí á tástáil ar an mbóthar i gcomhair astaíochtaí sceithphíopa). Tá feidhm ag na feistí cúblála nó na straitéisí cúblála ‘braite tástálacha’ sin go príomha maidir le tástálacha ar bhóthar le córas iniompartha chun astaíochtaí a thomhas, ós rud é gur gnách gur gá d’fheithiclí a thástáiltear sa tsaotharlann ‘mód dinimiméadair foirceanta’ speisialta a úsáid chun tástáil astaíochtaí a cheadú gan gairis sábháilteachta a spreagadh, etc.

4.4.4.

Maidir le gach feachtas tástála scagtha, is gá, ar a laghad, tástáil na feithicle leis na modheolaíochtaí rialála a áireamh. Is céim thábhachtach í sin chun a áirithiú go bhfuil an fheithicil saor ó mhífheidhmiú, ó dhroch-chothabháil nó ó shaincheisteanna comhchosúla eile, nithe a mhéadódh leibhéal na n-astaíochtaí go míchuí.

4.4.5.

Chun láithreacht feistí cúblála nó straitéisí cúblála de réir Chás A a bhrath, is gá na feithiclí a thástáil faoi athruithe ar na dálaí tástála rialáilte dá dtagraítear mar ‘mhódúlachtaí’. Ní shocraítear an tacar módúlachtaí ach coinnítear ar oscailt iad mar gheall ar an ngá atá le hiompraíochtaí teicneolaíochta sonracha a bhrath mar fhreagairt ar shraith chasta paraiméadar agus ar an ngá atá le saintréith dhothuartha a choinneáil.

4.4.6.

Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an toirmeasc ar fheistí cúblála agus ar straitéisí cúblála a bhaineann le hastaíochtaí a fhorfheidhmiú. Má shainaithnítear feiste chúblála nó straitéis chúblála a bhaineann le hastaíochtaí, leanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh ar aghaidh, i gcomhréir le Caibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858.

4.4.7.

Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach na critéir chun measúnú a dhéanamh ar thástálacha scagtha trí aird a thabhairt ar an leagan is déanaí den treoir neamhcheangailteach ábhartha arna foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil laistigh den Fhóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú.

4.5.

Róil agus freagrachtaí an Choimisiúin agus tríú páirtithe aitheanta

4.5.1.

Féadfaidh an Coimisiún agus tríú páirtithe aitheanta tástálacha scagtha a dhéanamh chun feistí cúblála agus straitéisí cúblála a bhaineann le hastaíochtaí de réir mhír 4.4.1. a bhrath.

(1)  Rialachán (AE) 2024/1257, Aithris (26).


Foscríbhinn 1

Modheolaíocht chun AES agus BES a mheasúnú agus a cheadú

Soláthraítear leis an bhfoscríbhinn seo cur chuige struchtúrtha chun measúnú a dhéanamh ar Straitéisí Cúnta Astaíochtaí (AES) agus ar Bhonnstraitéisí Astaíochtaí, agus chun iad a cheadú.

1.   Doiciméadacht AES agus BES

1.1.

Cuirfidh monaróirí tuairisc theicniúil ar a BESanna san áireamh sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe i gcomhréir le Foscríbhinn 2.

1.2.

Déanfaidh monaróirí gach AES a dhoiciméadú, agus d’fhéadfaí AESanna áirithe a fhágáil ar lár de réir mhír 1.5. Tabharfaidh monaróirí údar le húsáid AES atá doiciméadaithe bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)

Tá gá le AES chun an fheithicil a oibriú go sábháilte.

(b)

Tá gá le AES chun damáiste tobann doleigheasta do chomhpháirt gléasra cumhachta (1) a sheachaint.

(c)

Níl AES gníomhach ach amháin nuair a thosaítear an t-inneall.

(d)

Tá gá le AES mar gheall ar theorainneacha fisiceacha an chórais rialaithe astaíochtaí.

1.3.

I gcás gach AES atá doiciméadaithe, cuirfidh monaróirí an méid seo a leanas isteach:

—

Tuairisc ar spreagadh teicniúil don AES. Tabharfar bunús leis sin le fianaise thacaíochta, amhail tástálacha marthanachta nó anailísí riosca, lena léireofar an fáth a bhfuil gá teicniúil le AES;

—

Tuairisc ar na dálaí beachta as a n-eascraíonn gníomhachtú agus díghníomhachtú AES. Áireofar leis sin, de réir mar is iomchuí, paraiméadair innill, paraiméadair chomhthimpeallacha agus aon choinníoll ábhartha eile;

—

Meastachán ar astaíochtaí agus ar thionchar CO2 ar AES nuair atá sé gníomhach;

—

Meastachán ar ráta gníomhachtaithe ionchasach AES le linn do na feithiclí a bheith in úsáid.

1.4.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír1.3 san áireamh sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe i gcomhréir le Foscríbhinn 2.

1.5.

Féadfaidh monaróirí aon AES a fhágáil ar lár ón bpacáiste doiciméadachta leathnaithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

—

Ní sháraíonn AES na teorainnluachanna a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 agus é gníomhach;

—

Ní laghdaíonn AES éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí agus é gníomhach;

—

Áirítear go substaintiúil sna nósanna imeachta tástála na coinníollacha as a n-eascraíonn gníomhachtú AES.

2.   Measúnú ar AES agus BES

2.1.

Ceadóidh na húdaráis BES a chomhlíonann ceanglais doiciméadachta mhír1.1.

2.2.

Ceadóidh na húdaráis AES atá doiciméadaithe má tá údar teicniúil leis mar gheall ar chritéar amháin nó níos mó faoi mhír 1.2, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir seo a leanas freisin:

—

Tá an spreagadh teicniúil don AES sásúil agus tacaíonn fianaise iomchuí leis;

—

Socraítear na dálaí as a n-eascraíonn gníomhachtú agus díghníomhachtú AES de réir shaintréithe teicniúla na gcóras rialaithe astaíochtaí lena mbaineann agus ní de réir na gcoinníollacha teorann ná coinníollacha eile a chumhdaítear le tástáil rialála.

3.   Ceadú AES agus BES

Ceadóidh an t-údarás cineálcheadaithe AES agus BES arna gcur isteach ag an monaróir bunaithe ar ábhar an phacáiste doiciméadachta leathnaithe.

Beidh an pacáiste doiciméadachta leathnaithe teoranta do 100 leathanach.

Féadfar an pacáiste doiciméadachta leathnaithe a chomhlánú le hiarscríbhinní agus le doiciméid eile i gceangal, ina mbeidh eilimintí breise agus comhlántacha, más gá. Seolfaidh an monaróir leagan comhdhlúite nua den phacáiste doiciméadachta leathnaithe (le hathruithe rianaithe) chuig an údarás cineálcheadaithe gach uair a dhéantar athruithe ar AES. Déanfaidh an údarás cineálcheadaithe an leagan nua de AES a mheasúnú agus a cheadú.

Áireofar sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe dearbhú maidir leis na leaganacha bogearraí agus na calabrúcháin a úsáidtear chun AES/BES sin a rialú, lena n-áirítear suimeanna seiceála nó luachanna tagartha iomchuí na leaganacha bogearraí agus na gcalabruithe sin, chomh maith le treoracha don údarás maidir le conas na suimeanna seiceála nó na luachanna tagartha a léamh; tabharfar an dearbhú cothrom le dáta agus seolfar é chuig an údarás cineálcheadaithe ag a bhfuil an pacáiste doiciméadachta leathnaithe sin gach uair a bheidh leagan nó calabrú nua bogearraí ann a bhfuil tionchar aige ar AES/BES. Féadfaidh monaróirí a iarraidh go n-úsáidfí suim sheiceála eile má sholáthraíonn sé leibhéal coibhéiseach inrianaitheachta le haghaidh leagan bogearraí agus bainistíocht calabrúcháin.

Áireofar sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe freisin dearbhú ón monaróir maidir le heaspa feistí cúblála nó straitéisí cúblála. Ní bheidh ceadú an phacáiste doiciméadachta leathnaithe ina chruthúnas ar easpa feistí cúblála ná straitéisí cúblála.


(1)  Mar a shainmhínítear i Rún Frithpháirteach Uimh. 2 (M.R.2) de Chomhaontuithe 1958 agus 1998 CEE-NA.


Foscríbhinn 2

PACÁISTÍ DOICIMÉADACHTA

Pacáiste doiciméadachta foirmiúil

Féadfaidh an monaróir pacáiste doiciméadachta foirmiúil amháin a úsáid le haghaidh roinnt mhaith cineálcheaduithe astaíochtaí. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa phacáiste doiciméadachta foirmiúil:

Pointe

Míniú

1.

Uimhir/Uimhreacha Cineálcheadaithe Astaíochtaí

Liosta na huimhreach/na n-uimhreacha cineálcheadaithe astaíochtaí a chumhdaítear leis an dearbhú BES-AES seo:

lena n-áirítear tagairt chineálcheadaithe, tagairt do bhogearraí, uimhir chalabrúcháin nó suimeanna seiceála gach leagain agus gach Aonaid Rialaithe ábhartha amhail aonaid innill agus iarchóireála

Modh chun an leagan bogearraí agus calabrúcháin a léamh

e.g. míniú ar an uirlis scanta

2.

Bonnstraitéisí Astaíochtaí

 

BES x

Tuairisc ar straitéis x

BES y

Tuairisc ar straitéis y

3.

Straitéisí Cúnta Laghdaithe Astaíochtaí

 

Léiriú AESanna

Naisc ordlathacha i measc AES: cé acu AES a bhfuil tosaíocht aige má tá níos mó ná ceann amháin ann

AES x

—

Tuairisc ar AES agus údar leis

—

Paraiméadair thomhaiste agus/nó samhaltaithe le haghaidh ghníomhachtú AES

—

Paraiméadair eile a úsáidtear chun AES a ghníomhachtú

—

Méadú ar astaíochtaí truailleán agus CO2 le linn do AES a bheith á úsáid i gcomparáid le BES

—

Meastachán ar ráta gníomhachtaithe ionchasach AES le linn do na feithiclí a bheith in úsáid

AES y

Mar atá thuas

Pacáiste Doiciméadachta Leathnaithe

Leagfar an pacáiste doiciméadachta leathnaithe amach mar seo a leanas:

Pacáiste Doiciméadachta Leathnaithe le haghaidh Iarratas AES Uimh. YYY/OEM i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1257

Páirteanna

Mír

Pointe

Míniú

Doiciméid tosaigh

 

Litir aitheantais chuig an Údarás Cineálcheadaithe

Tagairt an doiciméid, lena n-áirítear an leagan, dáta eisiúna an doiciméid, síniú an duine ábhartha in eagraíocht an mhonaróra

 

Tábla déanta leaganacha

Ábhar na modhnuithe i ngach leagan: agus cén chuid atá á modhnú

 

Tuairisc ar na cineálacha (astaíochta) lena mbaineann

 

 

Tábla na ndoiciméad i gceangal

An liosta doiciméad uile atá i gceangal

 

Crostagairtí

(Léirigh an áit le gach ceanglas den rialachán a aimsiú)

 

Dearbhú maidir le heaspa feistí cúblála agus straitéisí cúblála

+ síniú

Príomhdhoiciméad

0

Acrainmneacha/giorrúcháin

 

1

TUAIRISC GHINEARÁLTA

 

1.1

Léiriú ginearálta an innill

Tuairisc ar na príomh-shaintréithe: díláithriú, iarchóireáil, ...

1.2

Ailtireacht ghinearálta córais

Blocléaráid córais: Liosta braiteoirí agus gníomhróirí, míniú ar fheidhmeanna ginearálta an innill

1.3

Léamh an leagain bogearraí agus calabrúcháin

e.g. míniú ar an uirlis scanta

2

Bonnstraitéisí Astaíochtaí

 

2.x

BES x

Tuairisc ar straitéis x

2.y

BES y

Tuairisc ar straitéis y

3

Straitéisí Cúnta Laghdaithe Astaíochtaí

 

3.0

Léiriú AESanna

Naisc ordlathacha i measc AES: tuairisc agus údar (e.g. sábháilteacht, iontaofacht, etc.)

3.x

AES x

3.x.1

Údar le AES

3.x.2

paraiméadair thomhaiste agus/nó shamhaltaithe le haghaidh thréithriú AES

3.x.3

Modh gníomhaíochta AES — Paraiméadair a úsáidtear

3.x.4

Éifeacht AES ar thruailleáin agus ar CO2

3.x.5

Meastachán ar ráta gníomhachtaithe ionchasach AES le linn do na feithiclí a bheith in úsáid

3.y

AES y

3.y.1

3.y.2

etc.

críochnaíonn an teorainn 100 leathanach anseo

Iarscríbhinn

 

An liosta cineálacha a chumhdaítear le BES-AES seo: lena n-áirítear tagairt don chineálcheadú, tagairt do bhogearraí, uimhir chalabrúcháin, suimeanna seiceála gach leagain agus gach aonad rialaithe (inneall agus/nó iarchóireáil más ann dó)

Doiciméid i gceangal

 

Nóta teicniúil le haghaidh údar AES uimh. xxx

Measúnú riosca nó údar trí thástáil nó sampla de dhamáiste tobann, más ann dó

 

Nóta teicniúil le haghaidh údar AES uimh. yyy

 

 

Tuarascáil tástála le haghaidh chainníocht shonrach thionchar AES

Tuarascáil tástála maidir leis na tástálacha sonracha uile a rinneadh chun údar a thabhairt le AES, mionsonraí faoi na dálaí tástála, tuairisc ar an bhfeithicil, dáta na dtástálacha, tionchar astaíochtaí agus/nó CO2 le gníomhachtú AES nó gan gníomhachtú AES


IARSCRÍBHINN V

ASTAÍOCHTAÍ GÁS Ó CHÁS AN CHROMÁIN A FHÍORÚ

(TÁSTÁIL CHINEÁL 3)

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Áiritheoidh an monaróir nach gceadóidh córas aerála an innill aon ghás ó chás an chromáin a astú isteach san atmaisféar. Chun críche cineálcheadaithe, cuirfidh an monaróir dearbhú sínithe comhlíontachta ar fáil don údarás cineálcheadaithe deonaithe a mhéid a bhaineann le ceanglais astaíochtaí ó chás an chromáin le haghaidh feithiclí ina bhfuil innill adhainte deimhní.

1.2.

Leagtar síos i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo teimpléad le haghaidh dhearbhú an mhonaróra maidir le ceanglais Chineál 3 a chomhlíonadh.

1.3.

I gcás ina n-iarrann údarás cineálcheadaithe deonaithe tástáil taispeána tráth an chineálcheadaithe nó i gcás tástáil comhréireachta táirgeachta, seiceálacha comhréireachta inseirbhíse nó faireachais margaidh, tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar an nós imeachta le haghaidh thástáil chineál 3 lena bhfíoraítear astaíochtaí gás ó chás an chromáin mar a thuairiscítear i roinn 5.3.3. de Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Is iad na ceanglais ghinearálta maidir le tástáil chineál 3 a dhéanamh na ceanglais a leagtar amach i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe, cé is moite de na heisceachtaí a leagtar amach i bpointe 2.2 thíos.

2.2

Is iad na comhéifeachtaí ualaigh friotaíochta bóthair a úsáidfear na comhéifeachtaí atá le húsáid le haghaidh feithicil ar luach íseal ar fhuinnimh timthrialla. Murab ann d’fheithicil ar luach íseal, úsáidfear an t-ualach friotaíochta bóthair feithicil ar luach ard. Sa chás sin sainmhínítear feithicil ar luach ard i gcomhréir le pointe 4.2.1.1.1 d’Iarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe. I gcás ina n-úsáidtear an modh idirshuímh, sonraítear feithicil ar luach íseal agus feithicil ar luach ard i bpointe 4.2.1.1.2 d’Iarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

3.1

Is iad na ceanglais theicniúla na ceanglais a leagtar amach i ranna 3 go 6 d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

Foscríbhinn 1

DEARBHÚ AN MHONARÓRA MAIDIR LE CEANGLAIS CHINEÁL 3 A CHOMHLÍONADH

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé go gcomhlíonann na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo/na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo (1) ceanglais Chineál 3.

I gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257:

[ ] tá córas dúnta chás an chromáin suiteáilte.

[ ] déantar na hastaíochtaí ó chás an chromáin a sheoladh go díreach nó go hindíreach chuig sceithphíopa na feithicle.

[ ] déantar na hastaíochtaí ó chás an chromáin a sheoladh chuig aon chóras eile a chuireann cosc ar astaíochtaí gás ó chás an chromáin isteach san atmaisféar.

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (2) ]

An [..... Dáta]

[Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó agIonadaí an Mhonaróra  (3) ]

Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An Cineál Feithicle/na Cineálacha Feithiclí, an Aicme Feithicle/na hAicmí Feithiclí nó na feithiclí ar a dtugtar tuairisc le tuairisceoir(í) feithicle eile a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo (más infheidhme).


(1)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(2)  Bunaithe san Aontas.

(3)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN VI

ASTAÍOCHTAÍ GALAITHE A CHINNEADH

(TÁSTÁIL CHINEÁL 4)

1.   RÉAMHRÁ

Leis an Iarscríbhinn seo, soláthraítear an modh chun leibhéil na n-astaíochtaí galaithe as feithiclí saothair éadroim a chinneadh ar bhealach in-athdhéanta agus in-atáirgthe agus atá deartha chun bheith ionadaíoch d’oibriú na feithicle san fhíorshaol.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

Is iad na ceanglais a leagtar amach i mír 6.6. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais ghinearálta maidir le tástáil Chineál 4 a dhéanamh. Is é an teorainnluach a shonraítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 an teorainnluach a úsáidfear.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn C3 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais theicniúla maidir le tástáil Chineál 4 a dhéanamh.


IARSCRÍBHINN VII

MARTHANACHT NA gCÓRAS RIALAITHE ASTAÍOCHTAÍ A FHÍORÚ

(TÁSTÁIL CHINEÁL 5)

1.   DEARBHÚ

1.1.

Chun críche cineálcheadaithe, cuirfidh an monaróir dearbhú comhlíontachta sínithe ar fáil don údarás cineálcheadaithe deonaithe maidir le ceanglais mharthanachta astaíochtaí na gcóras rialaithe astaíochtaí.

Cuimseofar sa dearbhú comhlíontachta freisin na tosca meatha is infheidhme arna gcinneadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a thugtar in Iarscríbhinn C4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe nó aon mhodh iomchuí eile de rogha an mhonaróra.

Leagtar síos i bhFoscríbhinn 1 den Iarscríbhinn seo teimpléad le haghaidh dhearbhú comhlíontachta an mhonaróra maidir le ceanglais mharthanachta astaíochtaí na gcóras rialaithe astaíochtaí.

1.2.

I gcás ina n-iarrtar tástáil laistigh den phríomh-shaolré nó den tréimhse saolré bhreise chun críche seiceálacha comhréireachta inseirbhíse nó faireachais margaidh, leanfaidh an tástáil sin na ceanglais maidir le comhlíonadh teorainneacha astaíochtaí sceite le haghaidh cineálcheadú a léiriú. Ina theannta sin, leanfaidh an tástáil sin na gnáthnósanna imeachta maidir le comhréireacht inseirbhíse agus tástáil faireachais margaidh, amhail cigireacht feithicle roimh an tástáil.

1.3.

Ní chuirfear tosca meatha i bhfeidhm nuair atá míleáiste na feithicle os cionn 15 000 km.

1.4.

Maidir le tástálacha a dhéantar sa tréimhse saolré bhreise, cuirfear an t-iolraitheoir marthanachta is infheidhme a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 i bhfeidhm le haghaidh meastóireacht tástála.

Foscríbhinn 1

DEARBHÚ AN MHONARÓRA MAIDIR LE CEANGLAIS CHINEÁL 5 A CHOMHLÍONADH

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé go bhfuil na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo/na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo (1) i gcomhréir le ceanglais Chineál 5 maidir le marthanacht rialaithe astaíochtaí sceite thar an bpríomh-shaolré agus an saolré bhreise mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

I gcás tástálacha Chineál 1 (WLTP) a dhéantar chun cineálcheadú nó tástáil comhréireachta táirgeachta a dhéanamh, úsáidfear na tosca meatha (réamhshocraithe) seo a leanas chun torthaí deiridh na n-astaíochtaí truailleán a chinneadh:

Tosca meatha innill adhainte comhbhrú (2)

 

NOX

CO

THC

HCNM

HC+NOX

PM

PN

Iolraíoch8

 

 

-

-

 

 

 

Breiseánach8

 

 

-

-

 

 

 


Tosca meatha innill adhainte deimhní10

 

NOX

CO

THC

HCNM

HC+NOX

PM

PN

Iolraíoch (réamhshocraithe)8

1 600

1 500

1 300

1 300

-

1 000

1 000

Iolraíoch8

 

 

 

 

-

 

 

Breiseánach8

 

 

 

 

-

 

 

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (3) ]

An [..... Dáta]

[Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó ag Ionadaí an Mhonaróra  (4)]

Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An Cineál Feithicle/na Cineálacha Feithiclí, an Aicme Feithicle/na hAicmí Feithiclí nó na feithiclí ar a dtugtar tuairisc le tuairisceoir(í) feithicle eile a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo (más infheidhme).


(1)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(2)  Slánaithe go trí dheachúil.

(3)  Bunaithe san Aontas.

(4)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN VIII

NA MEÁNASTAÍOCHTAÍ A FHÍORÚ AG TEOCHTAÍ COMHTHIMPEALLACHA ÍSLE

(TÁSTÁIL CHINEÁL 6)

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar an trealamh is gá agus ar an nós imeachta le haghaidh thástáil Chineál 6 chun na hastaíochtaí ag teochtaí comhthimpeallacha ísle a fhíorú.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Is iad na ceanglais ghinearálta le haghaidh thástáil Chineál 6 na ceanglais a leagtar amach i roinn 5.3.5. de Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

3.1.

Is iad na ceanglais theicniúla agus na sonraíochtaí teicniúla iad sin a leagtar amach i ranna 2 go 6 d’Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

IARSCRÍBHINN IX

SONRAÍOCHTAÍ NA mBREOSLAÍ TAGARTHA

1.   BREOSLAÍ TAGARTHA

1.1.

Is iad na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn B3 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na sonraíochta a úsáidfear le haghaidh na mbreoslaí tagartha.

2.   BREOSLAÍ TAGARTHA CHUN ASTAÍOCHTAÍ A THÁSTÁIL AG TEOCHTAÍ COMHTHIMPEALLACHA ÍSLE — TÁSTÁIL CHINEÁL 6

2.1.

Is iad na sonraíochtaí le haghaidh na mbreoslaí tagartha a úsáidfear i dtástáil Chineál 6 na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn 10 agus in Iarscríbhinn 10a a ghabhann le Rialachán 83 ó na Náisiúin Aontaithe.

IARSCRÍBHINN X

GIARTHÁSCAIRE

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Soiléirítear san Iarscríbhinn seo cuid de na ceanglais a bhaineann le hastaíochtaí truailleán sceite san fhíorshaol, lena n-áirítear ceanglais nuair a leantar an giartháscaire.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Le Rialachán (AE) 2019/2144 rialaítear giartháscairí, arb é is príomhchuspóir dóibh ídiú breosla feithicle a íoslaghdú nuair a leanann tiománaí a táscairí.

2.2.

Beidh feidhm ag na sonraíochtaí teicniúla maidir le giartháscairí a leagtar amach i gCUID 2 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535.

3.   SOILÉIRIÚ AR NA CEANGLAIS

3.1.

Beidh feidhm ag na sonraíochtaí teicniúla maidir le giartháscairí a leagtar amach i gCUID 2 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 maidir le feithiclí M1 atá feistithe le giarbhosca láimhe nach féidir a oibriú ach sa mhód láimhe.

3.2.

Maidir le Roinn 5.2 CUID 2 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 de na ceanglais fheidhmiúla maidir le giartháscairí, tuigfear go bhfeidhmeoidh sí mar shoiléiriú le samplaí neamh-uileghabhálacha.

Maidir leis an bhforáil go n-éascófar leis an straitéis giartháscaire feidhmiú tráthúil na bhfeistí rialaithe truaillithe, lena n-íoslaghdófar a n-am téimh, tuigfear go n-áiritheofar le ‘feidhmiú tráthúil na bhfeistí rialaithe truaillithe’ comhlíonadh na gceanglas maidir le hastaíochtaí truailleán sceite a leagtar síos sa Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN XI

DIAGNÓISIC AR BORD LE hAGHAIDH MÓTARFHEITHICLÍ

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo gnéithe feidhmiúla na gcóras diagnóisice ar bord chun astaíochtaí ó mhótarfheithiclí a rialú

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Beidh feidhm ag na ceanglais le haghaidh córais diagnóisice ar bord a leagtar amach i mír 6.8. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe chun críocha na hIarscríbhinne seo.

2.2.

Leagtar síos i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo teimpléad le haghaidh dhearbhú an mhonaróra maidir leis na ceanglais diagnóisice ar bord a chomhlíonadh chun críoch cineálcheadaithe.

3.   FORÁLACHA RIARACHÁIN MAIDIR LE hEASNAIMH I gCÓRAIS DIAGNÓISICE AR BORD

3.1.

Na forálacha riaracháin maidir le heasnaimh i gcórais diagnóisice ar bord a leagtar amach in Airteagal 7(3), is é a bheidh iontu na forálacha sin a shonraítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas.

3.2.

An tagairt do ‘thairseacha diagnóisice ar bord’ i mír 4.2.2. d’Iarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, tuigfear í mar thagairt do na tairseacha diagnóisice ar bord i dTábla 4A de mhír 6.8.2. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.3.

Tuigfear an méid seo a leanas ón dara fomhír de mhír 4.6 d’Iarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe:

‘Tabharfaidh an t-údarás cineálcheadaithe fógra faoina chinneadh maidir le hiarratas ar easnamh a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán seo.’

4.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

4.1.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe, na ceanglais agus na tástálacha le haghaidh córais diagnóisice ar bord a leagtar amach i míreanna 3.10, 4, 5.10, 6.8 agus in Iarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe. Cuirfear dearbhú an mhonaróra maidir le comhlíonadh na gceanglas diagnóisice ar bord i gcomhréir le roinn 2.2. den Iarscríbhinn seo in ionad na gceanglas maidir le tástálacha taispeána diagnóisice ar bord tráth an chineálcheadaithe (1).

4.2

Ba cheart tagairtí don sprioc-shaolré ionchais a thuiscint mar thagairtí don saolré bhreise, mar a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257.

(1)  Cuirfear dearbhú an mhonaróra maidir le comhlíonadh na gceanglas diagnóisice ar bord i gcomhréir le 2.2. den Iarscríbhinn seo in ionad na gceanglas maidir le tástálacha taispeána diagnóisice ar bord agus ceanglais tuairiscithe IUPR mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.


Foscríbhinn 1

DEARBHÚ AN MHONARÓRA MAIDIR LEIS NA CEANGLAIS DIAGNÓISICE AR BORD A CHOMHLÍONADH CHUN CRÍOCH CINEÁLCHEADAITHE

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé:

(1)

Maidir leis na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo / na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo (1), tá siad i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2024/1257 agus a reachtaíocht cur chun feidhme a bhaineann leis an gcóras diagnóisice ar bord;

(2)

Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an dearbhú seo aon díolúine agus/nó aon easnamh is infheidhme maidir leis na feithiclí sin a bhaineann leis na forálacha diagnóisice ar bord a leagtar síos sa Rialachán seo.

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (2) ]

An [..... Dáta]

[Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó ag Ionadaí an Mhonaróra  (3)]

Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An Cineál Feithicle/na Cineálacha Feithiclí, an Aicme Feithicle/na hAicmí Feithiclí nó na feithiclí ar a dtugtar tuairisc le tuairisceoir(í) feithicle eile a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo (más infheidhme).

Iarscríbhinn II: liosta d’aon díolúine agus/nó easnamh is infheidhme maidir leis na feithiclí sin a bhaineann leis na forálacha diagnóisice ar bord a leagtar síos sa Rialachán seo.


(1)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(2)  Bunaithe san Aontas.

(3)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN XII

FEITHICLÍ ATÁ FEISTITHE LE hÉICEANUÁLAÍOCHTAÍ A CHINEÁLCHEADÚ AGUS ASTAÍOCHTAÍ CO2 AGUS ÍDIÚ BREOSLA Ó FHEITHICLÍ A CHUIRTEAR FAOI RÉIR CINÉALCHEADÚ ILCHÉIMNEACH NÓ CINEÁLCHEADÚ FEITHICLE AONAIR A CHINNEADH

1.   CINEÁLCHEADÚ FEITHICLÍ ATÁ FEISTITHE LE hÉICEANUÁLAÍOCHTAÍ

1.1.

Igcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2767, monaróir ar mian leis tairbhiú de laghdú ar a mheánastaíochtaí sonracha CO2 trí bhíthin na gcoigilteas CO2 ó éiceanuálaíocht, déanfaidh sé iarratas chuig údarás ceadaithe le haghaidh deimhniú ar chineálcheadú astaíochtaí AE le haghaidh na feithicle atá feistithe leis an éiceanuálaíocht.

1.2.

Cinnfidh an t-údarás cineálcheadaithe coigiltis CO2 na héiceanuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) 2018/858, agus úsáid á baint aige as modheolaíocht a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir leis an teicneolaíocht nuálach sin a cheadú mar éiceanuálaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/2767.

2.   CINNEADH ASTAÍOCHTAÍ CO2 AGUS ÍDIÚ BREOSLA Ó FHEITHICLÍ A CHUIRTEAR ISTEACH LE hAGHAIDH CINEÁLCHEADÚ ILCHÉIMNEACH NÓ LE hAGHAIDH CEADÚ FEITHICLE AONAIR

2.1.

I gcás cineálcheadú ilchéimneach, beidh feidhm ag nósanna imeachta Iarscríbhinn XXI chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí neamhiomlána agus lánchríochnaithe a chinneadh

2.2.

De mhaolú ar mhír 2.1, i gcás ina bhfuil an bhonnfheithicil neamhiomlán, agus má tá uirlis ríofa curtha ar fáil ag monaróir na bonnfheithicle chun an t-ídiú breosla deiridh agus na luachanna CO2 a bhunú mar a shonraítear in Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe ar bhonn pharaiméadair na bhfeithiclí lánchríochnaithe, déanfaidh an monaróir céime deiridh na hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na feithicle lánchríochnaithe a ríomh ar bhonn pharaiméadair na feithicle lánchríochnaithe mar a shonraítear i mír 3.2.4. d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, arna iarraidh sin don mhonaróir céime deiridh.

Chun na críche sin, bunóidh monaróir na bonnfheithicle aicme mhaitrís an ualaigh friotaíochta bóthair, mar a shainmhínítear i mír 6.3.4. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, bunaithe ar pharaiméadair feithicle ilchéimní ionadaíche i gcomhréir le mír 4.2.1.4. d’Iarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

Ríomhfaidh monaróir na bonnfheithicle comhéifeachtaí ualaigh friotaíochta bóthair fheithicil HM agus LM de chuid aicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair mar a leagtar amach i mír 5 d’Iarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus cinnfidh sé astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin i dtástáil Chineál 1. Is é monaróir na feithicle lánchríochnaithe a dhéanfaidh ríomh an ualaigh friotaíochta bóthair agus na friotaíochta reatha le haghaidh feithicil ilchéimneach aonair i gcomhréir le mír 5.1. d’Iarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe. Cuirfear na luachanna sin isteach san uirlis ríofa chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na feithicle lánchríochnaithe a chinneadh.

2.3.

De mhaolú ar mhír 2.1, i gcás inar feithicil lánchríochnaithe í an bhonnfheithicil, cinnfidh an monaróir céime deiridh astaíochtaí CO2 na feithicle lánchríochnaithe ar bhonn faisnéise ó mhonaróir na bonnfheithicle. Cinnfear na hastaíochtaí CO2 i gcomhréir leis an modh idirshuímh CO2 agus úsáid á baint as na sonraí iomchuí ón bhfeithicil lánchríochnaithe nó ríomhfar iad ar bhonn pharaiméadair na feithicle lánchríochnaithe mar a shonraítear i mír 3.2.4. d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus úsáid á baint as an uirlis ríofa dá dtagraítear i bpointe 2.2 más é monaróir na bonnfheithicle a sholáthraíonn í. Mura féidir an t-idirshuíomh CO2 a dhéanamh nó mura bhfuil an uirlis ar fáil, faoi réir chomhaontú an údaráis ceadaithe, is éard a bheidh in astaíochtaí CO2 na feithicle lánchríochnaithe astaíochtaí CO2 Feithicle ar Luach Ard ón mbonnfheithicil.

2.4.

Áireoidh an monaróir céime deiridh sa deimhniú comhréireachta faisnéis na feithicle lánchríochnaithe agus faisnéis na bonnfheithicle i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/683.

I gcás feithiclí ilchéimneacha a chuirtear faoi réir cineálcheadú feithicle aonair, beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa deimhniú cineálcheadaithe aonair:

(a)

na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe 2.1 nó, i gcás inarb infheidhme, i bpointe 2.2 nó 2.3;

(b)

mais in ord reatha na feithicle lánchríochnaithe;

(c)

cineál, malairt agus leagan na bonnfheithicle;

(d)

uimhir chineálcheadaithe na bonnfheithicle;

(e)

ainm agus seoladh mhonaróir na bonnfheithicle;

(f)

mais in ord reatha na bonnfheithicle.


IARSCRÍBHINN XIII

CINEÁLCHEADÚ ASTAÍOCHTAÍ FEISTÍ ATHSHOLÁTHAIR RIALAITHE TRUAILLITHE MAR AONAID THEICNIÚLA FAOI LEITH

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Tá ceanglas breise san Iarscríbhinn seo maidir le feistí rialaithe truaillithe a chineálcheadú mar aonaid theicniúla faoi leith.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Marcáil

Beidh na sainaitheantais seo a leanas ar a laghad ar fheistí athsholáthair rialaithe truaillithe bunaidh:

(a)

ainm nó trádmharc mhonaróir na feithicle;

(b)

déanamh agus uimhir aitheantais na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe bunaidh mar a taifeadadh san fhaisnéis a luaitear i bpointe 2.3.

2.2.

Doiciméadacht

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil le feistí athsholáthair rialaithe truaillithe bunaidh:

(a)

ainm nó trádmharc mhonaróir na feithicle;

(b)

déanamh agus uimhir aitheantais na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe bunaidh mar a taifeadadh san fhaisnéis a luaitear i bpointe 2.3;

(c)

na feithiclí a bhfuil an fheiste rialaithe truaillithe athsholáthair bhunaidh ina leith de chineál a chumhdaítear le pointe 2.3 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, marcáil chun a shainaithint an bhfuil an fheiste rialaithe truaillithe athsholáthair bhunaidh oiriúnach lena feistiú ar fheithicil ina bhfuil córas diagnóisice ar bord feistithe;

(d)

treoracha suiteála, i gcás inar gá.

Beidh an fhaisnéis sin ar fáil sa chatalóg táirgí arna dáileadh ag monaróir na feithicle ar dhíolphointí.

2.3.

Soláthróidh monaróir na feithicle don tseirbhís theicniúil agus/nó don údarás ceadaithe an fhaisnéis is gá i bhformáid leictreonach lena ndéantar an nasc idir uimhreacha na bpáirteanna ábhartha agus doiciméadacht an chineálcheadaithe.

Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis:

(a)

déanamh/déanaimh agus cineál/cineálacha na feithicle,

(b)

Déanamh/déanaimh agus cineál/cineálacha na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe bunaidh,

(c)

Uimhir pháirte/uimhreacha páirte na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe bunaidh,

(d)

uimhir chineálcheadaithe an chineáil feithicle nó na gcineálacha feithicle ábhartha maidir le hastaíochtaí.

3.   MARC CINEÁLCHEADAITHE AE MAIDIR LE hAONAD TEICNIÚIL FAOI LEITH

3.1.

Beidh marc cineálcheadaithe AE ar gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe a bheidh i gcomhréir leis an gcineál a cheadaítear faoin Rialachán seo mar aonad teicniúil faoi leith.

3.2.

Is éard a bheidh sa mharc sin dronuilleog timpeall ar an litir ‘e’ sa chás íochtair agus, ina dhiaidh sin, sainuimhir an Bhallstáit a dheonaigh cineálcheadú AE i gcomhréir leis an gcóras uimhrithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/683.

Áireofar le marc cineálcheadaithe AE freisin, i gcóngaracht na dronuilleoige, an ‘bhonnuimhir cheadaithe’ atá i roinn 4 den uimhir chineálcheadaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683, agus an dá fhigiúr roimhe lena léirítear an uimhir sheichimh a shanntar don mhórleasú teicniúil is déanaí ar an Rialachán seo ar an dáta a deonaíodh cineálcheadú AE d’aonad teicniúil faoi leith. Le haghaidh an Rialacháin seo, is í 00 an tsraithuimhir.

3.3.

Greamófar an marc cineálcheadaithe AE den fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe sa chaoi go mbeidh sé soléite agus doscriosta. Beidh sé infheicthe, i ngach cás inar féidir, nuair a shuiteálfar an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe san fheithicil.

3.4.

I bhFoscríbhinn 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, tugtar sampla de mharc cineálcheadaithe AE.

4.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

4.1.

Is iad na ceanglais atá i Roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais maidir le cineálcheadú feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, cé is moite de na heisceachtaí a leagtar amach i roinn 4.1.1 go roinn 4.1.4.

4.1.1.

An tagairt don ‘timthriall tástála’ i Roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe, tuigfear í mar an tástáil de Chineál 1 agus an timthriall tástála de Chineál 1 céanna a úsáideadh le haghaidh chineálcheadú bunaidh na feithicle.

4.1.2.

Tuigfear leis na téarmaí ‘tiontaire catalaíoch’ agus ‘tiontaire’ a úsáidtear i roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe go gciallaíonn siad ‘feiste rialaithe truaillithe’.

4.1.3.

Maidir leis na truailleáin uile a shonraítear in Iarscríbhinn 1, Tábla 1 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1257 le haghaidh feistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá beartaithe lena bhfeistiú i bhfeithiclí atá cineálcheadaithe de réir Rialachán (AE) Uimh. 2024/1257, cuirfear na truailleáin sin in ionad na dtruailleán rialaithe dá dtagraítear ar fud roinn 5.2.3 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.1.4.

Maidir le feistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá beartaithe lena bhfeistiú i bhfeithiclí a cineálcheadaíodh de réir Rialachán (AE) Uimh. 2024/1257, sna ceanglais mharthanachta agus sna tosca meatha gaolmhara a shonraítear i roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe, déanfar tagairt dóibh siúd a shonraítear in Iarscríbhinn VII den Rialachán seo.

4.2.

I gcás feithiclí ag a bhfuil innill adhainte deimhní, más airde na hastaíochtaí NMHC a tomhaiseadh le linn na tástála taispeána ar thiontaire catalaíoch nua buntrealaimh, faoi mhír 5.2.1 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe, ná na luachanna a tomhaiseadh le linn chineálcheadú na feithicle, cuirfear an difríocht leis na tairseacha diagnóisice ar bord. Sonraítear na tairseacha diagnóisice ar bord i dTábla 4A de mhír 6.8.2. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.3.

Beidh feidhm ag na tairseacha diagnóisice ar bord athbhreithnithe le linn na dtástálacha comhoiriúnachta diagnóisice ar bord a leagtar amach i mír 5.5 go mír 5.5.5 de Rialachán Uimh. 103 CEE-NA. Go sonrach, nuair a chuirtear an sárú i bhfeidhm a cheadaítear i mír 1 d’Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.4.

Ceanglais le haghaidh córais athsholáthair a athghineann go tréimhsiúil

4.4.1.

Ceanglais maidir le hastaíochtaí

4.4.1.1.

An fheithicil/na feithiclí a luaitear in Airteagal 13(3), (4) agus (5), a bhfuil córas athsholáthair a athghineann go tréimhsiúil feistithe inti/iontu, den chineál a n-iarrtar cineálcheadú ina leith, beidh sí/siad faoi réir na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, chun feidhmíocht na feithicle/na bhfeithiclí sin a chur i gcomparáid leis an bhfeithicil chéanna/na feithiclí céanna atá feistithe leis an mbunchóras a athghineann go tréimhsiúil.

4.4.1.2.

Tuigfear gurb é atá i dtagairt do ‘thástáil Chineál 1’ agus do ‘thimthriall tástála Chineál 1’ i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus don ‘timthriall tástála’ i Roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe, an tástáil Chineál 1 chéanna agus an timthriall tástála Chineál 1 a úsáidtear le haghaidh chineálcheadú bunaidh na feithicle.

4.4.2.

An bunús le haghaidh comparáide a chinneadh

4.4.2.1.

Feisteofar bunchóras nua a athghineann go tréimhsiúil san fheithicil. Cinnfear feidhmíocht astaíochtaí an chórais sin i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.4.2.1.1.

Tuigfear gurb é atá i dtagairt do ‘thástáil Chineál 1’ agus do ‘thimthriall tástála Chineál 1’ i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus don ‘timthriall tástála’ i Roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe, an tástáil Chineál 1 chéanna agus an timthriall tástála Chineál 1 a úsáidtear le haghaidh chineálcheadú bunaidh na feithicle.

4.4.2.2.

Cuirfidh an t-údarás ceadaithe ar fáil, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3.2.12.2.10.2. den doiciméad faisnéise atá in Iarscríbhinn A1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe le haghaidh gach feithicle a thástáiltear, arna iarraidh sin don iarratasóir ar cheadú na comhpháirte athsholáthair.

4.4.3.

Tástáil gáis sceite le córas athsholáthair a athghineann go tréimhsiúil

4.4.3.1.

Cuirfear an córas athsholáthair a athghineann go tréimhsiúil in ionad an chórais a athghineann go tréimhsiúil a bhí sa bhuntrealamh. Cinnfear feidhmíocht astaíochtaí an chórais sin i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.4.3.1.1.

Tuigfear gurb é atá i dtagairt do ‘thástáil Chineál 1’ agus do ‘thimthriall tástála Chineál 1’ i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus don ‘timthriall tástála’ i Roinn 5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe, an tástáil Chineál 1 chéanna agus an timthriall tástála Chineál 1 a úsáidtear le haghaidh chineálcheadú bunaidh na feithicle.

4.4.3.2.

Chun D-fhachtóir an chórais athsholáthair a athghineann go tréimhsiúil a chinneadh, féadfar úsáid a bhaint as aon cheann de na modhanna binse tástála innill dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.4.4.

Ceanglais eile

Beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear i míreanna 5.2.3, 5.3, 5.4 agus 5.5 de Rialachán Uimh. 103 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais athsholáthair a athghineann go tréimhsiúil. Sna míreanna sin, tuigfear go gciallaíonn na focail ‘tiontaire catalaíoch’ ‘córas a athghineann go tréimhsiúil’. Na heisceachtaí dá bhforáiltear sna míreanna i roinn 4.1 den Iarscríbhinn seo, beidh feidhm acu freisin maidir le córais a athghineann go tréimhsiúil.

5.   DOICIMÉADACHT

5.1.

Déanfar gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe a mharcáil go soiléir doscriosta le hainm nó trádmharc an mhonaróra agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil léi:

(a)

na feithiclí (lena n-áirítear bliain an mhonaraithe) dá gceadaítear an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, marcáil chun a shainaithint an bhfuil an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe oiriúnach lena feistiú ar fheithicil ina bhfuil córas diagnóisice ar bord feistithe;

(b)

treoracha suiteála, i gcás inar gá.

Beidh an fhaisnéis ar fáil sa chatalóg táirgí arna dáileadh ag monaróir feistí athsholáthair rialaithe truaillithe ar dhíolphointí.

6.   COMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA

6.1.

Déanfar bearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/858.

6.2.

Forálacha speisialta

6.2.1.

Áireofar sna seiceálacha dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 comhlíonadh na saintréithe mar a shainmhínítear faoi Airteagal 3(5) den Rialachán seo.

6.2.2.

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2018/858, féadfar na tástálacha a dtugtar tuairisc orthu i roinn 4.4.1 den Iarscríbhinn seo agus i roinn 5.2 de Rialachán Uimh. 103 CEE-NA (ceanglais maidir le hastaíochtaí) a dhéanamh. Sa chás sin, féadfaidh sealbhóir an cheadaithe a iarraidh, mar rogha eile, go n-úsáidfí mar bhonn comparáide ní an fheiste rialaithe truaillithe buntrealaimh, ach an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe a úsáideadh le linn na dtástálacha cineálcheadaithe (nó sampla eile a cruthaíodh go bhfuil sé i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe). Ní rachaidh luachanna astaíochtaí arna dtomhas leis an sampla faoi fhíorú níos mó ná 15 % ar an meán thar na meánluachanna arna dtomhas leis an sampla a úsáidtear le haghaidh tagartha.

Foscríbhinn 1

SAMHAIL

Doiciméad faisnéise Uimh. …

maidir le cineálcheadú AE feistí athsholáthair rialaithe truaillithe

Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis seo a leanas, más infheidhme, agus beidh liosta ábhair inti. Ní mór gach líníocht a sholáthar sa scála iomchuí agus iad uile mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4, nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.

Má tá rialtáin leictreonacha ag na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla faoi leith, soláthrófar faisnéis maidir lena bhfeidhmíocht.

0.   GINEARÁLTA

0.1.

Déanamh (trádainm an mhonaróra): …

0.2.

Cineál: …

0.2.1.

Ainm(neacha) tráchtála, má tá siad ar fáil: …

0.5.

Ainm agus seoladh an mhonaróra: …

Ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe, más ann dóibh: …

0.7.

I gcás comhpháirteanna agus aonaid theicniúla faoi leith, an áit ar greamaíodh an marc ceadaithe AE agus an modh greamaithe: …

0.8.

Seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála: …

1.   TUAIRISC AR AN bhFEISTE

1.1.

Déanamh agus cineál na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe: …

1.2.

Líníochtaí den fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe, lena sainaithnítear go háirithe na saintréithe uile dá dtagraítear faoi Airteagal 3(5) den Rialachán seo:

1.3.

Tuairisc ar an gcineál feithicle nó ar na cineálacha feithicle maidir le hastaíochtaí dá bhfuil an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe beartaithe: …

1.3.1.

Uimhir/uimhreacha agus/nó siombail/siombailí atá ina saintréithe den inneall agus den chineál/de na cineálacha feithicle maidir le hastaíochtaí: …

1.3.2.

An bhfuil an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe beartaithe le bheith comhoiriúnach le ceanglais diagnóisice ar bord (Tá/Níl) (1)

1.4.

Tuairisc agus léaráidí lena dtaispeántar suíomh na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe i gcoibhneas le hilphíobán/ilphíobáin sceite an innill: …

(1)  Scrios murab infheidhme.


Foscríbhinn 2

MÚNLA DO DHEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE

(Uasfhormáid: A4 (210 mm × 297 mm))

DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE

Stampa riaracháin

Teachtaireacht maidir leis an méid seo a leanas:

—

Cineálcheadú AE (1), …,

—

cineálcheadú AE a shíneadh (2), …,

—

cineálcheadú AE a dhiúltú (3), …,

—

cineálcheadú AE a tharraingt siar (4), …,

de chineál comhpháirte/d’aonad teicniúil faoi leith (5)

maidir le Rialachán (AE) 2024/1257, arna chur chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 2025/1705.

Rialachán (AE) 2024/1257 nó Rialachán (AE) Uimh. 2025/1705 arna leasú go deireanach le ...

Uimhir chineálcheadaithe AE: …

Cúis leis an síneadh: …

ROINN I

0.1.

Déanamh (trádainm an mhonaróra): …

0.2.

Cineál: …

0.3.

Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an gcomhpháirt/aonad teicniúil faoi leith (6): …

0.3.1.

Suíomh na marcála sin: …

0.5.

Ainm agus seoladh an mhonaróra: …

0.7.

I gcás comhpháirteanna agus aonaid theicniúla faoi leith, an áit ar greamaíodh an marc ceadaithe AE agus an modh greamaithe: …

0.8.

Ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála: …

0.9.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó): …

ROINN II

1.

Faisnéis bhreise

1.1.

Déanamh agus cineál na feiste athsholáthair rialaithe truaillithe: …

1.2.

Cineál/cineálacha feithicle maidir le hastaíochtaí a bhfuil an cineál feiste rialaithe truaillithe cáilithe mar pháirt athsholáthair ina leith: …

1.3.

An cineál/na cineálacha feithiclí ar tástáladh an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe orthu: …

1.3.1.

Ar léirigh an fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe comhoiriúnacht le ceanglais diagnóisice ar bord (léirigh/níor léirigh) (7): …

2.

Seirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh: …

3.

Dáta na tuarascála tástála: …

4.

Uimhir na tuarascála tástála: …

5.

Barúlacha: …

6.

Áit: …

7.

Dáta: …

8.

Síniú: …

Ceangaltáin:

Pacáiste faisnéise.


(1)  Scrios murab infheidhme.

(2)  Scrios murab infheidhme.

(3)  Scrios murab infheidhme.

(4)  Scrios murab infheidhme.

(5)  Scrios murab infheidhme.

(6)  Más rud é go bhfuil carachtair i modh sainaitheantais an chineáil, ar carachtair iad nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar na cineálacha feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil faoi leith a chumhdaítear leis an deimhniú cineálcheadaithe seo, déanfar na carachtair sin a léiriú sa doiciméad leis an tsiombail:’?’ (e.g. ABC??123??).

(7)  Scrios murab infheidhme.


Foscríbhinn 3

Samhail de mharcanna cineálcheadaithe astaíochtaí

(féach pointe 3.2 den Iarscríbhinn seo)

Image 2

Léiríonn an marc ceadaithe thuas atá greamaithe de chomhpháirt d’fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe gur ceadaíodh an cineál lena mbaineann sa Fhrainc (e 2), de bhun an Rialacháin seo. Léirítear leis an gcéad dá dhigit den uimhir cheadaithe (00) gur ceadaíodh an pháirt sin de réir an Rialacháin seo. Is iad na ceithre dhigit (1234) seo a leanas na cinn a shannann an t-údarás ceadaithe don fheiste athsholáthair rialaithe truaillithe mar bhonnuimhir cheadaithe.


IARSCRÍBHINN XIV

FRITHCHRIOSCAÍL, SLÁNDÁIL AGUS CIBEARSHLÁNDÁIL

1.   RÉAMHRÁ

Leagtar síos san Iarscríbhinn seo bearta maidir le cineálcheadú córas frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála.

2.   SAINMHÍNITHE

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i Rialachán Uimh. 155 (1) ó na Náisiúin Aontaithe.

Tuigfear gurb éard atá i gceist le ‘hionsaithe’ iarrachtaí crioscaíola, iarrachtaí chun teacht timpeall ar an tslándáil agus cibirionsaithe.

3.   CEANGLAIS MAIDIR LE CINEÁLCHEADÚ

3.1.   Freagrachtaí na monaróirí

Tá sé de fhreagracht ar an monaróir go bhfuil an cineál feithicle (maidir le hastaíochtaí) feistithe le bearta leordhóthanacha frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála chun go mbeidh sé frithsheasmhach in aghaidh bagairtí crioscaíola, cibearshlándála agus slándála a thagann chun cinn i ngach céim dá shaolré.

Chun an fhreagracht sin a chomhlíonadh, déanfar na leochaileachtaí a bhféadfadh crioscaíl a bheith mar thoradh orthu a íoslaghdú a mhéid is féidir, bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil tráth an chineálcheadaithe, maidir leis na córais uile a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257.

Measfar é sin a bheith comhlíonta sna cásanna seo a leanas:

a)

comhlíonann an cineál feithicle, maidir le hastaíochtaí, ceanglais Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

agus

b)

breithnítear in anailís an mhonaróra ar leochaileacht/ar bhagairtí, i gcás inarb infheidhme, aidhmeanna Rialachán (AE) 2024/1257 agus go háirithe:

i)

i gcás córas insteallta breosla agus imoibrí, córais stiúrtha innill agus córais rialaithe truaillithe, breithnítear in anailís an mhonaróra ar leochaileacht/ar bhagairtí agus i measúnú riosca an mhonaróra ar a laghad na leochaileachtaí/bagairtí ardleibhéil, samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe, agus samplaí de mhaoluithe ar Fhoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

ii)

i gcás an chórais faireacháin ar bord (OBM), an chórais diagnóisice ar bord agus na feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, breithnítear in anailís an mhonaróra ar leochaileachtaí/ar bhagairtí agus i measúnú riosca an mhonaróra ar a laghad na leochaileachtaí/bagairtí ardleibhéil, samplaí den leochaileacht nó den mhodh ionsaithe, agus samplaí de mhaoluithe ar Table 4.2 ar Fhoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

iii)

i gcás an odaiméadair, cosnaítear an fad iomlán a léirítear agus na luachanna faid iomlána de réir Rialachán Uimh. 39 ó na Náisiúin Aontaithe (2) arna leasú le sraith leasuithe 02.

iv)

i gcás ceallraí tarraingthe agus córais bhainistíochta ghaolmhara, mótar leictreach agus aonaid rialaithe ghaolmhara agus pas feithicle comhshaoil, breithnítear ar a laghad in anailís an mhonaróra ar leochaileachtaí/ar bhagairtí agus i measúnú riosca an mhonaróra na leochaileachtaí/na bagairtí ardleibhéil, samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe, agus samplaí de mhaoluithe ar Table 4.3 ar Fhoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Gan dochar do cheanglais mhír 7.2.2.2(g) de Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe, déanfaidh an monaróir faireachán ar fhianaise maidir le hionsaithe rathúla ar aon cheann de na córais a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257, déanfaidh sé í a bhrath, freagróidh sé di agus cuirfidh sé an t-údarás ceadaithe ar an eolas fúithi.

3.2.   Freagrachtaí na n-údarás ceadaithe

Gan dochar do cheanglais mhír 5.1.1. de Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe, fíoróidh na húdaráis chineálcheadaithe an bhfuil an anailís ar leochaileachtaí/ar bhagairtí agus an measúnú riosca arna dhéanamh ag an monaróir iomchuí agus leordhóthanach. Áiritheofar leis an bhfíorú sin go ndearna an monaróir leochaileachtaí agus bagairtí na dtáblaí i bhFoscríbhinn 1 a bhainistiú go hiomchuí. Úsáidfear na samplaí sna táblaí sin mar thagairt.

Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe doiciméadacht bhreise a éileamh chun a fhíorú go bhfuil na gníomhaíochtaí maolaithe atá beartaithe á gcur chun feidhme i gceart.

Moltar d’údaráis chineálcheadaithe dea-chleachtais agus taithí a mhalartú faoi chuimsiú an Fhóraim um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/858.

3.3.   Freagrachtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh

De réir na gceanglas in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/858 (3), déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh tástálacha tráthrialta chun a fhíorú an leor bearta frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála. Beidh na húdaráis um fhaireachas margaidh freagrach as feithiclí a roghnú, as modhanna tástála a chur i bhfeidhm, as gníomhaíochtaí leantacha, as tuairisciú agus as bearta ceartaitheacha nó sriantacha.

3.3.1.   Roghnú feithiclí le haghaidh faireachas margaidh

Agus tástálacha um fhaireachas margaidh á ndéanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, roghnóidh siad na cineálacha feithiclí maidir le hastaíochtaí atá le tástáil bunaithe ar mheasúnú riosca. Na cineálacha feithiclí (maidir le hastaíochtaí) a mheastar gur mó an riosca a bhaineann leo de réir an mheasúnaithe riosca, tabharfar tosaíocht dóibh le haghaidh tástála i gcomhréir le mír 3.3.2.

Breithneofar na gnéithe seo a leanas sa mheasúnú riosca:

(a)

Fianaise go bhfuil táirgí crioscaíola éifeachtacha ar fáil go forleathan ar an margadh lena n-úsáid ar chineálacha áirithe feithiclí maidir le hastaíochtaí;

(b)

Fianaise ar leochaileachtaí aitheanta a dhéanann difear do chineálacha áirithe feithiclí maidir le hastaíochtaí;

(c)

Fianaise ar leitheadúlacht crioscaíola le haghaidh cineálacha áirithe feithiclí maidir le hastaíochtaí (lena n-áirítear sonraí OBM arna gcur isteach ag monaróirí feithiclí, chomh maith le nithe eile);

(d)

An líon feithiclí atá i gcúrsaíocht a bhaineann le cineálacha áirithe feithiclí maidir le hastaíochtaí;

(e)

Faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear torthaí tástála tríú páirtithe aitheanta agus faisnéis a mhalartaítear san Fhóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú, mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/858.

3.3.2.   Modhanna tástála

Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon mhodh tástála chun a shuí an bhfuil feithiclí a bhaineann le cineál áirithe feithicle maidir le hastaíochtaí cosanta go leordhóthanach ar ionsaithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú cuí na gcóras a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257. Moltar d’údaráis um fhaireachas margaidh dea-chleachtais agus taithí a mhalartú faoi chuimsiú an Fhóraim um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/858.

Fíorófar dea-staid gach feithicle tástála sula ndéanfar na tástálacha, lena n-áiritheofar go háirithe oibriú cuí na gcóras a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257 agus nach ndearnadh ionsaithe orthu faoi raon feidhme na dtástálacha. Áiritheofar leis an bhfíorú nach stóráiltear aon lochtchód ábhartha ná nach bhfuil aon solas rabhaidh ábhartha ar siúl, nach bhfuil aon cheann de na stádais faireacháin truailleán in ‘Earráid’ agus gurb é ‘Leibhéal 0’ an leibhéal braite crioscaíola mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707 arna thuairisciú ag OBM.

Cuimseofar leis an bhfíorú sin freisin, i gcás inarb iomchuí, tástáil ex ante Chineál 1 nó tástáil astaíochtaí fíorthiomána de réir an Rialacháin seo. Ní rachfar ar aghaidh leis an tástáil ionsaithe mura gcomhlíonann torthaí astaíochta na tástála ex ante na teorainneacha astaíochta is infheidhme.

Beidh sé d’aidhm ag na tástálacha a dhéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na hionsaithe is dócha a dhéanfar ar chineálacha áirithe feithiclí a atáirgeadh maidir le hastaíochtaí sa réimse mar gheall ar chóimheas costais is tairbhe. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin iarrachtaí chun baint d’fheithiclí trí theacht i dtír ar leochaileachtaí crioscaíola, slándála agus cibearshlándála atá ann cheana, nó trí tháirgí crioscaíola atá ar fáil ar an margadh a shuiteáil. Beidh roghnú na n-ionsaithe bunaithe ar an measúnú riosca a thuairiscítear i mír 3.3.1.

3.3.3.   Meastóireacht tástála

Cinnfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh toradh na tástála trí mheastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an ionsaithe ar astaíochtaí sceite nó ar shláine na sonraí a úsáideann na córais a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257, agus freagairt na feithicle ar na hionsaithe á cur san áireamh. Tiocfaidh an t-údarás ar chinneadh ‘pas’, ‘leantach’ nó ‘teip’ maidir le gné amháin nó an dá ghné, de réir mar is iomchuí de réir chineál an ionsaithe.

Ní gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun toradh ‘pas’ a bhaint amach.

Leanfaidh na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu i mír 3.3.4 toradh ‘leantach’.

Leanfaidh na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu i mír 3.3.5 toradh ‘teip’.

Tar éis an ionsaithe, féadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an fheithicil a riochtú trína tiomáint thar achar áirithe, thar níos mó ná turas amháin, nó i ndálaí eile a mheastar a bheith iomchuí chun an t-ionsaí a bhrath.

3.3.3.1.   Meastóireacht ar éifeachtaí ar astaíochtaí sceite (truailleáin a ndéanann OBM faireachán orthu)

Tar éis an ionsaithe agus an chomhoiriúnaithe roghnaigh, déanfar tástáil ex post Chineál 1 nó tástáil astaíochtaí fíorthiomána. Beidh na tástálacha ex ante agus ex post den chineál céanna. Má thiomáintear dhá thástáil astaíochtaí fíorthiomána, déanfar na tástálacha ar an mbealach céanna, le hiompraíocht tiomána chomhchosúil, agus faoi dhálaí comhshaoil agus tráchta inchomparáide.

Tar éis na tástála astaíochtaí ex post, cinnfear toradh na tástála le haghaidh gach truailleáin a ndéanann córas OBM faireachán air. Measfar gur ‘pas’ é toradh na tástála má fheictear ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

Ní thagann méadú suntasach ar astaíochtaí sceite ó astaíochtaí sceite na tástála astaíochtaí ex ante. Tuigfear gurb é atá i méadú substaintiúil méadú is mó ná 100 % ar astaíochtaí sceite ar an teorainn astaíochta is infheidhme agus i gcás ina bhfuil astaíochtaí na tástála ex-post os cionn na tairsí diagnóisice ar bord is infheidhme.

(b)

Méadaítear astaíochtaí sceite go substaintiúil go leibhéal suas le 2,5 oiread na teorann astaíochta is infheidhme, agus socraítear an leibhéal braite crioscaíola ag ‘Leibhéal 1’ nó níos airde.

(c)

Méadaítear astaíochtaí sceite go substaintiúil go leibhéal atá cothrom le nó níos airde ná 2,5 oiread na teorann astaíochta is infheidhme, agus socraítear an leibhéal braite crioscaíola ag ‘Leibhéal 2’ agus tá stádas comhfhreagrach OBM athraithe go ‘Earráid’.

Mura ‘pas’ díreach é toradh na tástála, féadfar an fheithicil a chóiriú a thuilleadh chun níos mó ama meastóireachta a thabhairt do chóras OBM chun na stádais faireacháin truailleán agus an leibhéal braite crioscaíola a athrú.

Más rud é, tar éis tuilleadh comhoiriúnaithe a dhéanamh, nach n-athraítear na stádais faireacháin nó an leibhéal braite crioscaíola ar bhealach a fhágann go mbeidh toradh ‘pas’ mar thoradh orthu, measfar gur ‘obair leantach’ é toradh na tástála má bhreithnítear ceann de na torthaí seo a leanas:

(a)

Méadaítear astaíochtaí sceite go substaintiúil go leibhéal suas le 2,5 oiread na teorann astaíochta is infheidhme, agus socraítear an leibhéal braite crioscaíola ag ‘Leibhéal 0’.

(b)

Méadaítear astaíochtaí sceite go substaintiúil go leibhéal atá cothrom le nó níos airde ná 2,5 oiread na teorann astaíochta is infheidhme, agus tá an stádas comhfhreagrach OBM athraithe go ‘Earráid’ agus socraítear an leibhéal braite crioscaíola ag ‘Leibhéal 1’ nó níos ísle.

Mura ‘pas’ ná ‘obair leantach’ é an toradh, measfar gur ‘teip’ é.

Déanfar feithiclí nach bhfuil feistithe le córas OBM a eisiamh ón meastóireacht ar na héifeachtaí ar astaíochtaí sceite de réir na míre seo.

3.3.3.2.   Meastóireacht ar éifeachtaí ar astaíochtaí sceite (truailleáin nach ndéanann OBM faireachán orthu)

Tar éis an ionsaithe agus an chomhoiriúnaithe roghnaigh, déanfar tástáil ex post Chineál 1 nó tástáil astaíochtaí fíorthiomána. Beidh na tástálacha ex ante agus ex post den chineál céanna. Má thiomáintear dhá thástáil astaíochtaí fíorthiomána, déanfar na tástálacha ar an mbealach céanna, le hiompraíocht tiomána chomhchosúil, agus faoi dhálaí comhshaoil agus tráchta inchomparáide.

Tar éis na tástála astaíochtaí ex post, maidir le gach truailleán nach ndéantar faireachán orthu le córas OBM, measfar gur ‘obair leantach’ é toradh na tástála nuair a mhéadaítear na truailleáin go substaintiúil go leibhéal os cionn na luachanna tairsí diagnóisice ar bord is infheidhme mar a shonraítear i mír 6.8.2 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe agus nuair nach ngníomhachtaítear an táscaire mífheidhme (TM). In aon chás eile, measfar gur ‘pas’ é.

Mura ‘pas’ díreach é toradh na tástála, féadfar an fheithicil a chomhoiriúnú a thuilleadh chun níos mó ama meastóireachta a thabhairt don chóras diagnóisice ar bord chun an táscaire mífheidhme a ghníomhachtú.

3.3.3.3.   Meastóireacht ar éifeachtaí ar shláine sonraí

Tar éis an ionsaithe agus an chomhoiriúnaithe roghnaigh, measfar gur ‘pas’ é an toradh nuair nach n-éiríonn leis an ionsaí sonraí na gcóras a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257 a mhodhnú.

Má éiríonn leis an ionsaí sonraí na gcóras a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257 a mhodhnú, déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh meastóireacht ar an toradh de réir an dá chritéar seo a leanas:

(a)

Tionchar: cad é ábharthacht an mhodhnaithe sonraí i dtéarmaí tionchar ar an gcomhshaol nó ar aidhmeanna Rialachán (AE) 2024/1257;

(b)

Freagairt: ar fhreagair an fheithicil trí fhaisnéis a chur in iúl go leormhaith faoi neamhbhailíocht na sonraí modhnaithe.

I gcás ina meastar an tionchar a bheith neamhshuntasach, measfar gur ‘pas’ é an toradh.

Nuair a mheastar an tionchar a bheith suntasach, agus nuair a mheasann an t-údarás go bhfuil an fhreagairt leormhaith, measfar gur ‘pas’ é an toradh.

Nuair a mheastar an tionchar a bheith suntasach agus nuair a mheastar nach leor an fhreagairt, measfar gur ‘obair leantach’ é an toradh. I gcásanna den sórt sin, rachaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh i dteagmháil leis an monaróir chun é a chur ar an eolas faoi thoradh na tástála, faoi shaintréithe na feithicle agus faoi chineál na dtástálacha a rinneadh.

Féadfaidh an monaróir comhoiriúnú breise a mholadh chun am breise a thabhairt don fheithicil freagairt don ionsaí, nó tástálacha leantacha ar fheithiclí comhchosúla. Tar éis an chomhoiriúnaithe bhreise nó na dtástálacha breise, déanfar meastóireacht ar fhreagairt na feithicle. Má mheasann an t-údarás um fhaireachas margaidh ach leor freagairt na feithicle fós, deimhneofar an toradh mar ‘obair leantach’. Má mheastar freagairt na feithicle a bheith leormhaith, measfar gur ‘pas’ é an toradh.

3.3.4.   Gníomhaíochtaí leantacha

I gcás ionsaí a mbeidh ‘obair leantach’ mar thoradh air, déanfar imscrúdú mionsonraithe air, i gcomhar leis an monaróir agus leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe i gcás inar gá, chun an méid seo a leanas a shuí:

(a)

cé na leochaileachtaí a saothraíodh agus ar sainaithníodh iad tráth an chineálcheadaithe;

(b)

i gcás inar sainaithníodh leochaileachtaí tráth an chineálcheadaithe, ar cuireadh na bearta maolaithe i bhfeidhm i gceart;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag na leochaileachtaí maidir le cineálacha eile feithiclí i ndáil le hastaíochtaí.

Gan dochar do cheanglais Chaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858, déanfaidh an monaróir, laistigh de thréimhse arna comhaontú leis an údarás um fhaireachas margaidh, réiteach teicniúil a mholadh don údarás um fhaireachas margaidh chun frithsheasmhacht na feithicle in aghaidh ionsaithe a mhéadú, trí shaothrú na leochaileachta a mhaolú go héifeachtach nó trí mhodhanna a chur chun feidhme chun an t-ionsaí a bhrath agus chun freagairt iomchuí a thionscnamh, mar aon le plean chun an réiteach teicniúil sin a chur chun feidhme. Déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh meastóireacht ar an réiteach teicniúil agus ar an bplean cur chun feidhme a ghabhann leis agus iarrfaidh sé modhnuithe i gcás inarb iomchuí.

Nuair a ghlacfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh leis an réiteach teicniúil agus leis an bplean cur chun feidhme, rachaidh an monaróir ar aghaidh le cur chun feidhme an réitigh theicniúil mar a comhaontaíodh leis an údarás um fhaireachas margaidh.

I gcás nach sásaíonn an réiteach teicniúil agus an plean cur chun feidhme an t-údarás um fhaireachas margaidh, measfar gur ‘teip’ é an toradh.

Cuirfear torthaí an imscrúdaithe ar ionsaithe lena mbaineann toradh ‘obair leantach’ faoi bhráid an Fhóraim um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/858.

3.3.5.   Tuairisciú, bearta ceartaitheacha agus riaracháin tar éis toradh ‘teip’

Déanfar imscrúdú mionsonraithe ar thoradh ‘teip’ ar ionsaí, i gcomhar leis an monaróir agus leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe i gcás inar gá, chun an méid seo a leanas a shuí:

(a)

cé na leochaileachtaí a saothraíodh agus ar sainaithníodh iad tráth an chineálcheadaithe;

(b)

i gcás inar sainaithníodh leochaileachtaí tráth an chineálcheadaithe, ar cuireadh na bearta maolaithe i bhfeidhm i gceart;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag na leochaileachtaí maidir le cineálacha eile feithiclí i ndáil le hastaíochtaí.

Déanfar mionsonraí na dtástálacha lena mbaineann toradh ‘teip’ a thuairisciú don mhonaróir, agus ceanglóidh na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an monaróir bearta a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858 chun a áirithiú go ndéanfar an leochaileacht a shaothraítear a mhaolú go héifeachtach, de rogha trí nuashonrú bogearraí thar an líonra ar na córais ábhartha feithicle i gcomhréir le Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (4).

Agus oiriúnacht na mbeart ceartaitheach á cinneadh, breithneoidh na húdaráis staid teicneolaíochta an chineáil feithicle maidir le hastaíochtaí, indéantacht theicniúil na maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus an dóchúlacht go saothrófar an leochaileacht (arna neasú le cóimheas costais is tairbhe an ionsaithe). Féadfaidh an monaróir, le fianaise thacaíochta iomchuí, a léiriú nach féidir leochaileacht a mhaolú go héifeachtach nó nach féidir freagairt iomchuí ón mbrath crioscaíola a bhaint amach, mar gheall ar shrianta teicniúla ar ailtireacht na feithicle. Má léiríonn an monaróir go cuimsitheach don údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil maolú indéanta go teicniúil, ní cheanglófar ar an monaróir bearta ceartaitheacha a dhéanamh.

Cuirfear torthaí an imscrúdaithe ar ionsaithe lena mbaineann toradh ‘teip’ faoi bhráid an Fhóraim um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/858. I gcás ina sainaithnítear leochaileachtaí nach féidir a mhaolú go héifeachtach mar gheall ar theorainneacha teicniúla, breithneoidh an Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú maoluithe comhfhreagracha breise a iarraidh i gcineálcheaduithe amach anseo.

3.4.   Róil agus freagrachtaí an Choimisiúin agus tríú páirtithe aitheanta

Féadfaidh an Coimisiún agus tríú páirtithe aitheanta a fhíorú an bhfuil feithiclí a bhaineann le cineál áirithe feithicle i ndáil le hastaíochtaí cosanta leordhóthanach ar iarrachtaí crioscaíola, ar ionsaithe slándála agus cibearshlándála a dhéanann difear do na córais a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257 de réir na modhanna a thuairiscítear i mír 3.3.2.

4.   FORÁLACHA RIARACHÁIN

4.1.   Forálacha riaracháin maidir le frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Cuirfidh an monaróir doiciméadacht ar fáil ina dhá chuid chun comhlíonadh mhír 3.1 a léiriú: (a) An pacáiste foirmiúil doiciméadachta le haghaidh an cheadaithe, de réir na gceanglas doiciméadachta i mír 3.3 de Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe, a sholáthrófar don údarás cineálcheadaithe tráth a chuirtear isteach an t-iarratas ar chineálcheadú. Úsáidfidh an t-údarás cineálcheadaithe an pacáiste doiciméadachta sin mar thagairt bhunúsach don phróiseas ceadaithe. Áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe go mbeidh an pacáiste doiciméadachta sin fós ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad, tréimhse a chomhairfear ón uair a scoirfear go cinntitheach de tháirgeadh an chineáil feithicle (maidir le hastaíochtaí). (b) Féadfaidh an monaróir ábhar breise a bhaineann le ceanglais an rialacháin seo a choinneáil, ach é a chur ar oscailt lena iniúchadh tráth an chineálcheadaithe. Áiritheoidh an monaróir go leanfaidh aon ábhar a chuirfear ar oscailt lena iniúchadh tráth an chineálcheadaithe de bheith ar fáil ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad, tréimhse a chomhairfear ón tráth a scoirfear go cinntitheach de tháirgeadh an chineáil feithicle (maidir le hastaíochtaí).

I gcásanna ina léireofar go gcumhdaítear faisnéis le cearta maoine intleachtúla nó gur fios gnó sonrach de chuid an mhonaróra nó a sholáthróirí atá inti, cuirfidh an monaróir nó a sholáthróirí faisnéis leordhóthanach ar fáil chun go mbeifear in ann na seiceálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo a dhéanamh i gceart. Déileálfar leis an bhfaisnéis sin ar bhonn rúnda.

Soláthróidh an monaróir dearbhú ón monaróir maidir le comhlíonadh cheanglais frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála an Rialacháin seo chun críoch cineálcheadaithe. Úsáidfear sa dearbhú sin an fhormáid dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.


(1)  Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas bainistithe cibearshlándála (IO L, 2025/5, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/5/oj).

(2)  Rialachán Uimh. 39 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil leis an trealamh luasmhéadair agus odaiméadair lena n-áirítear suiteáil an trealaimh sin ([2018/1857] (IO L 302, 28.11.2018, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1857/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).

(4)  Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le nuashonrú bogearraí agus córas bainistithe nuashonruithe bogearraí [2021/388] (IO L 82, 9.3.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/388/oj).


Foscríbhinn 1

LEOCHAILEACHTAÍ/BAGAIRTÍ ARDLEIBHÉIL, SAMPLAÍ DE LEOCHAILEACHTAÍ NÓ DE MHODHANNA IONSAITHE, AGUS SAMPLAÍ DE MHAOLUITHE

Agus anailís á déanamh ag na monaróirí ar na leochaileachtaí/na bagairtí agus measúnú á dhéanamh acu ar na rioscaí do na córais a liostaítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1257, breithneoidh siad na leochaileachtaí nó na modhanna ionsaithe ábhartha uile a bhaineann le gach leochaileacht/bagairt ardleibhéil, agus cuirfidh siad maoluithe comhréireacha chun feidhme chun an cineál feithicle a chosaint maidir le hastaíochtaí de réir mar is iomchuí. Samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe atá le cur san áireamh agus samplaí de mhaoluithe atá le cur chun feidhme, áirítear iad i Table 4.1, Table 4.2 agus Table 4.3 do gach leochaileacht/bagairt ardleibhéil i ngach córas. Déanfar na samplaí a thagraíonn d’Iarscríbhinn 5, Cuid A agus Cuid B de Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe a mheas i gcomhthéacs an chórais shonraigh a bhfuil feidhm acu maidir leis.

Tábla 4.1

Leochaileachtaí/bagairtí ardleibhéil, samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe agus sampla de mhaoluithe

Córas

Leochaileacht/bagairt ardleibhéil

Samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe

Samplaí de mhaoluithe

Córais rialaithe truaillithe

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora (ECU/SCU) nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 9.1, 12.1, 17.1, 18.3

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Instealladh bogearraí neamhúdaraithe trí uirlisí splancála córais stiúrtha innill chun comhpháirteanna rialaithe astaíochta a dhíchumasú nó a athrú, spreagadh diagnóisic ar bord/OBM a shochtadh, nó cóid diagnóise fabht (DTCanna) a chosc

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 28.2, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach aonad rialaithe na gcomhpháirteanna a bhaineann le hastaíochtaí agus modhnú ar an gciorcad sin

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo

Ionramháil teachtaireachtaí cumarsáide laistigh den fheithicil trí mhodhnuithe sonraí

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 11.3, 20.3, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Teachtaireachtaí cumarsáide feithicle a instealladh, a idircheapadh nó a athrú (e.g., Líonra Achair Rialaitheora (CAN)), mar shampla trí aithriseoirí

Bearta chun teachtaireachtaí nó gníomhaíocht mhailíseach inmheánach a bhrath e.g. seiceálacha inchreidteachta, anailís uainiúcháin nó fíordheimhniú bunaithe ar dheimhniú chun sláine sonraí astaíochtaí a choinneáil ar bun

Ionramháil comharthaí laistigh den fheithicil trí mhodhnuithe crua-earraí

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 11.1, 25.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Athrú nó ionramháil neamhúdaraithe ar chomharthaí a bhaineann le hastaíochtaí (e.g. teocht chomhthimpeallach nó teocht sceite) trí mhodhnuithe fisiceacha, déanta ag modhnaitheoirí, mar shampla

Feidhmeanna diagnóiseacha, seiceálacha inchreidteachta nó córais braite aimhrialtachta

Córas breosla agus imoibrí

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 9.1, 20.4, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Modhnú neamhúdaraithe ar bhogearraí rialaithe innill chun instealladh breosla nó imoibrí a mhodhnú e.g., cainníocht insteallta a athrú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 25.1, 27.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach chórais stiúrtha na gcomhpháirteanna a bhaineann le breosla nó le himoibrí agus modhnú ar an gciorcad sin

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo

An t-inneall agus córais stiúrtha innill

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 9.1, 20.4, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Dochtearraí neamhúdaraithe a shuiteáil chun paraiméadair fheidhmiúla an innill a mhodhnú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú rua-earraí córais stiúrtha innill agus modhnú orthu

Leochaileachtaí nó modhanna ionsaithe in Iarscríbhinn 5, Cuid A, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 11.3, 18.3, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach córas stiúrtha innill agus modhnú air

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo


Tábla 4.2

Leochaileachtaí/bagairtí ardleibhéil, samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe agus sampla de mhaoluithe

Córas

Leochaileacht/bagairt ardleibhéil

Samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe

Samplaí de mhaoluithe

córas OBM

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 9.1, 20.4, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Sonraí feithicle arna dtuairisciú ag córas OBM a mhodhnú nó a dhíchumasú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 25.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach chórais stiúrtha na gcomhpháirteanna a bhaineann le OBM agus modhnú ar an gciorcad sin

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo

córas OBM

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 19.1, 18.3, 20.4, 20.5, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Dochtearraí neamhúdaraithe a shuiteáil chun iompraíocht dhiagnóiseach a mhodhnú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 25.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach chórais stiúrtha na gcomhpháirteanna a bhaineann le OBM agus modhnú ar an gciorcad sin

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo

feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 9.1, 20.4, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Sonraí maidir le hídiú breosla arna dtuairisciú ag an bhfeiste a mhodhnú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 25.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach chórais stiúrtha na gcomhpháirteanna a bhaineann le feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh agus modhnú ar an gciorcad sin

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo


Tábla 4.3

Leochaileachtaí/bagairtí ardleibhéil, samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe agus sampla de mhaoluithe

Córas

Leochaileacht/bagairt ardleibhéil

Samplaí de leochaileachtaí nó de mhodhanna ionsaithe

Samplaí de mhaoluithe

Ceallraí tarraingthe agus córais bhainistíochta ghaolmhara

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 12.2, 20.3, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Bogearraí a athrú chun rátaí luchtaithe/díluchtaithe agus sonraí marthanachta ceallraí a mhodhnú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 27.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach aonad rialaithe comhpháirteanna a bhaineann le ceallraí agus modhnú air

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo

Mótar Leictreach agus Aonaid Rialaithe Ghaolmhara

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 5.1, 9.1, 20.4, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Dochtearraí neamhúdaraithe a shuiteáil chun inbhéartóir nó rialaitheoirí mótair a mhodhnú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 25.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach chórais stiúrtha na gcomhpháirteanna a bhaineann le mótar leictreach agus modhnú ar an gciorcad sin

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo

Pas Comhshaoil Feithicle (EVP)

Modhnú neamhúdaraithe ar shonraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora nó ar chód bogearraí

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 9.1, 20.4, 23.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Sonraí comhshaoil a bhaineann le pas comhshaoil feithicle a mhodhnú

Teicnící/dearaí rialaithe rochtana agus nósanna imeachta slána chun bogearraí a nuashonrú e.g., fíordheimhniú nuashonraithe, seiceáil sláine, próiseas slán bútála

Rochtain neamhúdaraithe agus modhnú neamhúdaraithe ar chrua-earraí córais stiúrtha innill/aonaid rialaithe braiteora

Leochaileachtaí i gCuid A d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: 25.1, 32.1

Maoluithe comhfhreagracha in Iarscríbhinn 5, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

Rochtain neamhúdaraithe ar chiorcad inmheánach córas stiúrtha, agus modhnú ar an gciorcad sin, chun sonraí comhshaoil a bhaineann le pas comhshaoil feithicle a mhodhnú

Bearta chun rochtain a chosc nó a bhrath e.g. le crua-earraí crioscaíldíonacha nó le crua-earraí ar léir má dhéantar crioscaíl leo


Foscríbhinn 2

DEARBHÚ COMHLÍONTACHTA AN MHONARÓRA LEIS NA CEANGLAIS MAIDIR LE FRITHCHRIOSCAÍL, SLÁNDÁIL AGUS CIBEARSHLÁNDÁIL CHUN CRÍOCH CINEÁLCHEADAITHE

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé:

(2)

Maidir leis na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo / na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo (1), tá siad i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2024/1257 agus a reachtaíocht cur chun feidhme a bhaineann le frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil;

(3)

Go bhfuil an doiciméadacht faisnéise frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an dearbhú seo ina dtugtar tuairisc ar na critéir theicniúla mhionsonraithe a ghabhann leis an dearbhú seo ceart agus iomlán le haghaidh gach feithicle lena mbaineann an dearbhú seo;

(4)

Liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an dearbhú seo aon díolúine is infheidhme maidir leis na feithiclí sin a bhaineann leis na forálacha frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo.

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (2) ]

An [..... Dáta]

[Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó ag Ionadaí an Mhonaróra(  (3) ?) ]

Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An liosta Cineálacha/Aicmí Feithicle nó tuairisceoirí feithicle eile maidir le hastaíochtaí a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo

Iarscríbhinn II: Pacáiste Doiciméadachta maidir le Frithchrioscaíl, Slándáil agus Cibearshlándáil

Iarscríbhinn III: liosta d’aon díolúine agus/nó aon easnamh is infheidhme maidir leis na feithiclí sin a bhaineann leis na forálacha frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo


(1)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(2)  Bunaithe san Aontas.

(3)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN XV

(forchoimeádta)


IARSCRÍBHINN XVI

CEANGLAIS AR FHEITHICLÍ A ÚSÁIDEANN IMOIBRÍ DON CHÓRAS IARCHÓIREÁLA GÁIS SCEITE

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na ceanglais le haghaidh feithiclí a bhraitheann ar imoibrí a úsáid don chóras iarchóireála chun astaíochtaí a laghdú.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Is iad na ceanglais a leagtar amach i mír 6.9. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais ghinearálta maidir le feithiclí a úsáideann imoibrí don chóras iarchóireála gáis sceite.

2.2.

Leagtar síos i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo teimpléad le haghaidh dhearbhú an mhonaróra maidir le comhlíonadh na gceanglas imoibrí.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

3.1.

Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais a bhaineann le feithiclí a úsáideann imoibrí don chóras iarchóireála gáis sceite. Níl feidhm ag an tagairt do thaispeántas mar a leagtar amach i mír 8.7. d’Fhoscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.2.

Tuigfear gurb é atá sa tagairt d’Iarscríbhinn A1 i mír 4.1. d’Fhoscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe tagairt d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Foscríbhinn 1

DEARBHÚ ÓN MONARÓIR MAIDIR LE COMHLÍONADH NA gCEANGLAS IMOIBRÍ

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé:

Maidir leis na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo / na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo (1), tá siad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hoibriú ceart córas ina n-úsáidtear imoibrí inchaite i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (2) ]

An [..... Dáta]

[Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó ag Ionadaí an Mhonaróra  (3) ]

Ceangaltán/Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An Cineál Feithicle/na Cineálacha Feithiclí, an Aicme Feithicle/na hAicmí Feithiclí nó na feithiclí ar a dtugtar tuairisc le tuairisceoir(í) feithicle eile a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo (más infheidhme).


(1)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(2)  Bunaithe san Aontas.

(3)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN XVII

(forchoimeádta)


IARSCRÍBHINN XVIII

LEASUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/683

Leasaítear na nótaí míniúcháin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an nóta míniúcháin (116):

‘(116)

Cuir isteach uimhir an leibhéil Euro agus, más iomchuí, cuir isteach:

—

an carachtar a chomhfhreagraíonn do na forálacha a úsáidtear maidir le cineálcheadú;

—

i gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (‘Euro 6’), an carachtar ábhartha dá bhforáiltear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 6, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1151;

—

i gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1257 (‘Euro 7’), an carachtar ábhartha dá bhforáiltear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 6, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707.’

(2)

cuirtear isteach na nótaí míniúcháin (190) agus (191):

‘(190)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (‘Euro 7’)

(191)

I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1257 (‘Euro 7’): cuir isteach uimhreacha deimhnithe ceadaithe na nGníomhartha Cur Chun Feidhme ábhartha uile, i gcomhréir le sampla (e) de phointe 3.1 d’Iarscríbhinn IV. Cuir isteach freisin aitheantóirí ábhartha na haicme OBM mar a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1707. Liostaigh gach uimhir deimhnithe ceadaithe ábhartha ró i ndiaidh ró i dtábla. Beidh an líon rónna sa tábla ag teacht leis an líon uimhreacha deimhnithe ceadaithe agus le haitheantóirí na haicme OBM.

I gcásanna eile, níl feidhm ag pointe 48.3.’

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(1)

I bpointe 2.2 (roinn 2), cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d)

uimhir an Rialacháin Cur Chun Feidhme arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2024/1257 agus lena leagtar síos na ceanglais is infheidhme.’

(2)

Ag deireadh phointe 2.3 (roinn 3), cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘I gcás inarb ann do chineálcheadú astaíochtaí i gcomhréir leis an nGníomh Cur Chun Feidhme ábhartha a bhfuil feidhm aige faoi Rialachán (AE) 2024/1257, tiocfaidh ceann amháin de na carachtair dhá litir óna tábla comhfhreagrach den ghníomh cur chun feidhme i ndiaidh uimhir an ghnímh cur chun feidhme leasaithigh dheireanaigh, i.e. gan réiltín a chur idir an uimhir sin agus an carachtar dhá litir ábhartha.’

(3)

I bpointe 3.1, cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:

‘(e)

i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) <Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir thagartha a bhaineann leis an Rialachán sin>(190):

e2*<Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir thagartha a bhaineann leis an Rialachán sin>*<Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir thagartha a bhaineann leis an Rialachán sin>MA*00003*00’

Leasaítear an Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VIII mar a leanas:

(1)

Cuirtear an pointe 48.3 seo a leanas le Samhail B-Cuid 2 (feithiclí iomlána agus lánchríochnaithe de chatagóirí M1, N1 agus N2) agus Samhail C-Cuid 2 (feithiclí neamhiomlána de chatagóirí M1, N1 agus N2):

‘48.3

Uimhir/uimhreacha ábhartha an deimhnithe ceadaithe agus aitheantóir(í) na haicme OBM’ (191):

 

 

 


IARSCRÍBHINN XIX

(forchoimeádta)


IARSCRÍBHINN XX

TOMHAIS DE GHLANCHUMHACHT AGUS D’UASCHUMHACHT 30 NÓIMÉAD GLÉASRAÍ CUMHACHTA LEICTREACHA

1.   RÉAMHRÁ

1.1.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo ceanglais maidir leis an méid seo a leanas a thomhas: (a) glanchumhacht innill, (b) glanchumhacht agus an t-uasmhéid de 30 nóiméad cumhachta atá ag gléasraí cumhachta leictreacha.

1.2.

An ceann deireanach i gcás gléasraí cumhachta leictreacha atá comhdhéanta de rialaitheoirí agus mótair a úsáidtear mar an t-aon mhodh tiomána, ar feadh cuid den am ar a laghad.

2.   SONRAÍOCHTAÍ GINEARÁLTA

2.1.

Is iad na sonraíochtaí ginearálta a leagtar amach i mír 5 de Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe , cé is moite de na heisceachtaí a shonraítear san Iarscríbhinn seo, na sonraíochtaí ginearálta maidir leis na tástálacha a dhéanamh agus na torthaí a léirmhíniú,.

2.2.

Breosla tástála

2.2.1.

Tuigfear míreanna 5.2.3.1., 5.2.3.2.1., 5.2.3.3.1., agus 5.2.3.4. de Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

2.2.2.

Is é an breosla a úsáidfear an breosla atá ar fáil ar an margadh. In aon chás díospóide, is é an breosla an breosla tagartha iomchuí a shonraítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.3.

Fachtóirí ceartaithe cumhachta

2.3.1.

De mhaolú ar mhír 5.1 d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe, nuair atá inneall turbaluchtaithe feistithe le córas lenar féidir teocht agus airde na ndálaí comhthimpeallacha a chúiteamh, arna iarraidh sin don mhonaróir, socrófar na fachtóirí ceartúcháin αa nó αd ag luach 1.

IARSCRÍBHINN XXI

NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA COMHCHUIBHITHE DOMHANDA D’FHEITHICLÍ ÉADROMA (WLTP) — (TÁSTÁIL CHINEÁL 1)

1.   RÉAMHRÁ

Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar an nós imeachta chun na leibhéil astaíochtaí comhdhúl gásach, ábhar cáithníneach, líon na gcáithníní, astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh leictrigh agus an raon leictreach ó fheithiclí saothair éadroim a chinneadh.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

2.1.

Is iad na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, i ndáil le leibhéal 1A, na ceanglais ghinearálta maidir le tástáil Chineál 1 a dhéanamh.

2.2.

Cuirfear na teorainnluachanna a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 in ionad na dteorainnluachanna dá dtagraítear i dTábla 1A de mhír 6.3.10. de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

2.3.

Maidir leis an tástáil ceartaithe teochta comhthimpeallaí (ATCT), mura n-éilíonn an t-údarás ceadaithe go ndéanfar tástáil, úsáidfear an teimpléad le haghaidh dhearbhú an mhonaróra mar atá leagtha síos i bhFoscríbhinn 1 den Iarscríbhinn seo.

2.4.

Leagtar síos teimpléad le haghaidh dhearbhú an mhonaróra maidir leis na ceanglais athghiniúna i bhFoscríbhinn 2 den Iarscríbhinn seo.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach i mír 6.3. agus i gCuid B de na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais a úsáidfear chun tástáil Chineál 1 a dhéanamh.

3.1.

Léifear Tábla A4/2 i mír 4.2.2.1. d’Iarscríbhinn B4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

Aicme éifeachtúlachta breosla

Raon RRC le haghaidh bhoinn C1

Raon RRC le haghaidh bhoinn C2

Raon RRC le haghaidh bhoinn C3

A

RRC ≤ 6,5

RRC ≤ 5,5

RRC ≤ 4,0

B

6,6 ≤ RRC ≤ 7,7

5,6 ≤ RRC ≤ 6,7

4,1 ≤ RRC ≤ 5,0

C

7,8 ≤ RRC ≤ 9,0

6,8 ≤ RRC ≤ 8,0

5,1 ≤ RRC ≤ 6,0

D

9,1 ≤ RRC ≤ 10,5

8,1 ≤ RRC ≤ 9,0

6,1 ≤ RRC ≤ 7,0

E

RRC ≥10,6

RRC ≥ 9,1

RRC ≥ 7,1

Aicme éifeachtúlachta breosla

Luach RRC le húsáid don idirshuíomh le haghaidh bhoinn C1

Luach RRC le húsáid don idirshuíomh le haghaidh bhoinn C2

Luach RRC le húsáid don idirshuíomh le haghaidh bhoinn C3

A

RRC = 5,9 (*1)

RRC = 4,9 (*1)

RRC = 3,5 (*1)

B

RRC = 7,1

RRC = 6,1

RRC = 4,5

C

RRC = 8,4

RRC = 7,4

RRC = 5,5

D

RRC = 9,8

RRC = 8,6

RRC = 6,5

E

RRC = 11,3

RRC = 9,9

RRC = 7,5

3.2

Léifear mír 4.3.1.2.1.3. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘4.3.1.2.1.3.

Aon chumraíocht samplála eile le haghaidh an chórais aistrithe cáithníní ar féidir treá choibhéiseach cáithníní soladacha ag 15 nm a léiriú ina leith, measfar sin a bheith inghlactha.’

3.3

Léifear mír 4.3.1.2.1.5. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘4.3.1.2.1.5.

Aon chumraíocht samplála eile le haghaidh an fheadáin asraoin ar féidir treá coibhéiseach cáithníní soladacha ag 15 nm a léiriú ina leith, measfar sin a bheith inghlactha.’

3.4

Léifear an chéad mhír de 4.3.1.3.3.(g) d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘(g)

Fachtóir laghdaithe tiúchana cáithníní fr(di) a bhaint amach le haghaidh cáithníní de thrastomhais soghluaisteachta leictrí 15 nm, 30 nm agus 50 nm nach bhfuil níos mó ná 100 faoin gcéad, 30 faoin gcéad agus 20 faoin gcéad faoi seach níos airde, agus nach bhfuil níos airde ná 5 faoin gcéad níos ísle ná cáithníní de thrastomhas soghluaisteachta leictrí 100 nm le haghaidh an easbhainteora cáithníní so-ghalaithe (VPR) ina iomláine;’

3.5

Léifear mír 4.3.1.3.3.(i) d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘(i)

Níos mó ná 99,9 faoin gcéad de ghalú cáithníní teitreacontáin (CH3(CH2)38CH3) a bhaint amach a bhfuil trastomhas airmheánach comhairimh > 50 nm agus mais > 1 mg/m3 acu, trí bhíthin brúnna páirteacha an teitreacontáin a théamh agus a laghdú.’

3.6

Léifear Tábla A5/2 i mír 4.3.1.3.4. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘Tábla A5/2

Éifeachtúlacht áirimh áiritheoir líon na gcáithníní

Trastomhas soghluaisteachta leictrí an cháithnín ainmniúil (nm)

Éifeachtúlacht áirimh áiritheoir líon na gcáithníní (faoin gcéad)

10

65 ± 15

15

> 90’

3.7

Léifear Fíor A5/14 i mír 4.3.1.4. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘ Figiúr A5/14

Córas samplála cáithníní molta

Image 3
’

3.8

Léifear an abairt deiridh i mír 4.3.1.4. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘Beidh an feadán galaithe gníomhach ar bhonn catalaíoch agus teocht an bhalla ag 350 °C (± 10 °C).’

3.9

Níl feidhm ag mír 5.7. go mír 5.7.1 d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.10

Léifear mír 5.7.1.3.(b) d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘(b)

Áiritheoir eile lánsreafa ar líon na gcáithníní ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh cáithníní trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseacha de 10 nm arna gcalabrú leis an modh a thuairiscítear thuas. Cuirfear éifeachtúlacht áirimh an áiritheora eile ar líon na gcáithníní san áireamh sa chalabrúchán.’

3.11

Léifear mír 5.7.1.4. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘5.7.1.4.

Áireofar seiceáil leis an gcalabrúchán freisin, de réir cheanglais mhír 4.3.1.3.4.(h) den Iarscríbhinn seo, seiceáil ar éifeachtúlacht áirimh áiritheoir líon na gcáithníní le cáithníní de thrastomhas soghluaisteachta leictrí de 10 nm. Ní éilítear seiceáil ar an éifeachtúlacht áirimh le cáithníní 15 nm le linn calabrúchán tréimhsiúil.’

3.12

Léifear an roinn dheireanach de mhír 5.7.2.1. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe:

‘Bainfidh fachtóir laghdaithe comhdhlúthúcháin cáithníní de cháithníní soladacha de thrastomhas soghluaisteachta leictrí, 15, 30, 50 agus 100 nm leis an easbhainteoir cáithníní so-ghalaithe. Ní bheidh fachtóirí laghdaithe comhdhlúthúcháin cáithníní fr(d) le haghaidh cáithníní de thrastomhais soghluaisteachta leictrí 15 nm, 30 nm agus 50 nm níos mó ná 100 faoin gcéad, 30 faoin gcéad agus 20 faoin gcéad níos airde faoi seach, agus ní bheidh siad níos mó ná 5 faoin gcéad níos ísle ná cáithníní de thrastomhas soghluaisteachta leictrí 100 nm. Chun críocha an bhailíochtaithe, beidh meán uimhríochtúil an fhachtóra laghdaithe comhdhlúthúcháin cáithníní a ríomhtar le haghaidh cáithníní de thrastomhas soghluaisteachta leictrí de 30 nm, 50 nm agus 100 nm laistigh de ±10 faoin gcéad de mheán uimhríochtúil an fhachtóra fr laghdaithe comhdhlúthúcháin cáithníní a chinntear le linn an chalabrúcháin iomláin is déanaí den easbhainteoir cáithníní so-ghalaithe.’

3.13

Léifear an chéad roinn de mhír 5.7.2.2. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘Is éard a bheidh san aerasól tástála le haghaidh na dtomhas sin cáithníní soladacha de thrastomhas soghluaisteachta leictrí 30, 50 agus 100 nm le tiúchan íosta 5 000 cáithnín in aghaidh cm3 agus íostiúchan 3 000 cáithnín in aghaidh cm3 de thrastomhas soghluaisteachta leictrí 15 nm ag ionraon an easbhainteora cáithníní so-ghalaithe. Beidh an t-aerasól tástála cobhsaí ar bhonn teirmeach ag teochtaí oibriúcháin an easbhainteora cáithníní so-ghalaithe. Déanfar tiúchain cáithníní a thomhas taobh thuas agus taobh thíos de na comhpháirteanna.’

3.14

Scriosfar an dara habairt i mír 5.7.2.2. agus an téacs i ndiaidh an dara cothromóid i mír 5.7.2.2. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.15

Léifear mír 5.7.2.3. d’Iarscríbhinn B5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe mar a leanas:

‘5.7.2.3.

Léireoidh an t-easbhainteoir cáithníní so-ghalaithe níos mó ná 99,9 faoin gcéad d’éifeachtúlacht asghlanta cáithníní teitreacontáin (CH3(CH2)38CH3) le trastomhas airmheánach comhairimh > 50 nm agus mais > 1 mg/m3.’

(*1)  I gcás inarb ísle an fíorluach RRC ná an luach sin, úsáidfear le haghaidh an idirshuímh fíorluach friotaíochta rollaí an bhoinn nó aon luach is airde suas leis an luach RRC a shonraítear anseo.


Foscríbhinn 1

DEARBHÚ AN MHONARÓRA LE hAGHAIDH NA TÁSTÁLA CEARTAITHE TEOCHTA COMHTHIMPEALLAÍ (ATCT)

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé:

Maidir leis na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo / na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo (1), déanfar an fachtóir ceartúcháin/na fachtóirí ceartúcháin aicme seo a leanas a mheas le haghaidh iarphróiseáil na dtástálacha WLTP Chineál 1 ábhartha ag 23 °C.

Tá an dearbhú sin bunaithe ar na dálaí agus na socruithe tástála mar a shainmhínítear in Iarscríbhinní B6a agus B6 (Leibhéal 1A) a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe, de réir mar is infheidhme:

Tuairisc ar an bhfeithicle (OEM le sainiú)

Fachtóir ceartúcháin aicme (2)

X

 

Y

 

Z

 

 

 

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (3) ]

An [..... Dáta]

[Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó ag Ionadaí an Mhonaróra  (4) ]

Ceangaltán/Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An Cineál Feithicle/na Cineálacha Feithiclí, an Aicme Feithicle/na hAicmí Feithiclí nó na feithiclí ar a dtugtar tuairisc le tuairisceoir(í) feithicle eile a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo (más infheidhme).


(1)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(2)  Dearbhóidh monaróirí an Fachtóir Ceartúcháin Aicme slánaithe go ceithre dheachúil.

(3)  Bunaithe san Aontas.

(4)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


Foscríbhinn 2

DEARBHÚ AN MHONARÓRA LE hAGHAIDH NA gCEANGLAS ATHGHINIÚNA

(Monaróir): …..

(Seoladh an mhonaróra): …..

Dearbhaíonn sé:

Maidir leis na feithiclí a chumhdaítear leis an gceadú seo / na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo, úsáidfear na fachtóirí Ki seo a leanas ina leith i gcomhréir le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn B6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe:

Tosca athghiniúna innill adhainte comhbhrú (Ki)  (1)

 

NOX

CO

THC+NOX

PM

CO2

Iolraíoch (2)

 

 

 

 

 

Breiseánach29

 

 

 

 

 


Tosca athghiniúna innill adhainte deimhní (Ki) (28)

NOX

CO

THC

HCNM

PM

CO2

Iolraíoch29

 

 

 

 

 

 

Breiseánach29

 

 

 

 

 

 

De rogha air sin (más infheidhme):

[ ] fachtóirí Ki ag a bhfuil luach 1,0 toisc go dtarlaíonn athghiniúint thréimhsiúil uair amháin ar a laghad in aghaidh na tástála de Chineál 1 agus gur tharla sí cheana uair amháin ar a laghad le linn ullmhú na feithicle.

[ ] fachtóirí Ki ag a bhfuil luach 1,0 toisc go bhfuil an fad idir dhá athghiniúint thréimhsiúla as a chéile níos mó ná 4 000 km de thiomáint tástálacha Chineál 1.

[ ] fachtóirí Ki CO2 ag a bhfuil luach 1,05 toisc go gcomhlíontar teorainneacha astaíochta le linn athghiniúna.

Ina theannta sin, chun críche Tástálacha Cothaithe Luchtaithe Chineál 1 WLTP arna ndéanamh chun críche cineálcheadaithe, comhréireachta táirgeachta, comhréireachta inseirbhíse agus faireachais margaidh, cuirfear na fachtóirí Ki sin i bhfeidhm maidir leis na feithiclí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dearbhú seo.

Arna dhéanamh i/in/sa [….. Áit (3) ]

An [..... Dáta]

[ Ainm agus síniú an duine atá údaraithe ag an Monaróir nó ag Ionadaí an Mhonaróra  (4)]

Ceangaltán/Ceangaltáin

Iarscríbhinn I: An Cineál Feithicle/na Cineálacha Feithiclí, an Aicme Feithicle/na hAicmí Feithiclí nó na feithiclí ar a dtugtar tuairisc le tuairisceoir(í) feithicle eile a bhfuil feidhm ag an dearbhú seo maidir leo


(1)  Slánaithe go ceithre dheachúil.

(2)  Scrios an méid nach bhfuil infheidhme.

(3)  Bunaithe san Aontas.

(4)  Ciallaíonn ‘ionadaí an mhonaróra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(41) de Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN XXII

FEISTÍ CHUN FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR ÍDIÚ BREOSLA AGUS AR ÍDIÚ FUINNIMH LEICTRIGH AR BORD NA FEITHICLE

1.   RÉAMHRÁ

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na sainmhínithe agus na ceanglais is infheidhme maidir leis na feistí a dhéanann faireachán ar ídiú breosla agus/nó ar ídiú fuinnimh leictreach ar bord na feithicle.

2.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

Is iad na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i mír 6.3.9 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais ghinearálta le haghaidh feistí OBFCM.

3.   CEANGLAIS THEICNIÚLA

Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais theicniúla le haghaidh feiste OBFCM.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1706/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top