Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1427

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1427 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 lena gcuirtear allmhairí teireataláite poileitiléine (TPE) áirithe de thionscnamh Vítneam faoi réir a gcláraithe

C/2025/4834

IO L, 2025/1427, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1427/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1427/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1427

18.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1427 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Iúil 2025

lena gcuirtear allmhairí teireataláite poileitiléine (‘TPE’) áirithe de thionscnamh Vítneam faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Bealtaine 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí TPE isteach san Aontas de thionscnamh Vítneam.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir PET Europe isteach an 9 Aibreán 2025 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán TPE an Aontais acu.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is éard atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) teireataláit phoileitiléine (‘TPE’), ag a bhfuil slaodacht 78 ml/g nó níos airde, de réir Chaighdeán ISO 1628-5 a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 3907 61 00 . Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar an cód AC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

2.   CLÁRÚ

(4)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a thobhach go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

(5)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(6)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(7)

De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlach dumpála idir 11 % agus 19 % agus leibhéal díothaithe díobhála idir 19 % agus 28 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. De ghnáth, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

(8)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith ann leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(9)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí teireataláite poileitiléine (‘TPE’) isteach san Aontas a chlárú, ag a bhfuil slaodacht 78 ml/g nó níos airde, de réir Chaighdeán ISO 1628-5 a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 3907 61 00 agus ar de thionscnamh Vítneam é.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2025/2787, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2787/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1427/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top