This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0813
Council Regulation (EU) 2025/813 of 25 April 2025 amending Regulation (EU) 2016/44 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Rialachán (AE) 2025/813 ón gComhairle an 25 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Rialachán (AE) 2025/813 ón gComhairle an 25 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/6815/2025/INIT
IO L, 2025/813, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/813/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/813 |
28.4.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/813 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Aibreán 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2025/814 an 25 Aibreán 2025 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (1) ,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (3). |
|
(2) |
An 16 Eanáir 2025, an Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1970 (2011) maidir leis an Libia, ghlac sé Rún 2769 (2025), lena dtugtar isteach dhá dhíolúine ón trádbhac arm arna fhorchur le Rún 1970 (2011). |
|
(3) |
Ina theannta sin, tugtar isteach le Rún 2769 (2025) critéar nua maidir le liostú chun sócmhainní a reo agus maidir leis an toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil. Modhnaítear leis freisin raon feidhme na mbeart a fhorchuirtear ar Údarás Infheistíochta na Libia. |
|
(4) |
Tagann na leasuithe seo faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
; |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 1. Toirmiscfear an méid seo a leanas a dhéanamh:
2. Toirmiscfear trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a cheannach, a allmhairiú nó a iompar ón Libia, bíodh an t-earra lena mbaineann de thionscnamh na Libia nó ná bíodh. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le héadaí cosanta, lena n-áirítear seaicéid philéardhíonacha agus clogaid mhíleata, arna n-onnmhairiú go sealadach chuig an Libia ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, pearsanra an Aontais nó a Bhallstát, ionadaithe na meán, agus oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra gaolmhar dá n-úsáid phearsanta amháin. 4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, má chinneann siad go bhfuil an trealamh sin beartaithe le haghaidh úsáid dhaonnúil nó chosantach agus lena haghaidh sin amháin. 5. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cúnamh teicniúil, maoiniú agus cúnamh airgeadais a bhaineann le trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach a sholáthar, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, má chinneann siad go bhfuil an trealamh sin beartaithe le haghaidh úsáid dhaonnúil nó chosantach agus lena haghaidh sin amháin.’ |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: ‘Airteagal 3 1. Beidh toirmeasc ar na hearraí agus ar an teicneolaíocht a liostaítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (*1) (an Liosta Comhchoiteann Míleata), mar aon le hairm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha, agus armlón mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Libia nó lena n-úsáid sa Libia. 2. Toirmiscfear an méid seo a leanas a dhéanamh:
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le:
4. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, ar choinníoll gur fhormheas an Coiste Smachtbhannaí roimh ré an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin, nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair, na seirbhísí bróicéireachta gaolmhara, an mhaoinithe ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair. 5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais dá dtagraítear i mír 2 atá beartaithe le haghaidh cúnamh slándála nó dí-armála amháin a sholáthar do rialtas na Libia, ar choinníoll gur fhormheas an Coiste Smachtbhannaí roimh ré an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin, nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair, na seirbhísí bróicéireachta gaolmhara, an mhaoinithe ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair. 6. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt airm, armáin éadroma agus ábhair ghaolmhara a onnmhairítear go sealadach chuig an Libia lena n-úsáid ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, ionadaithe ó na meáin agus oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra lena mbaineann amháin, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don Choiste Smachtbhannaí roimh ré agus nach mbeidh agóid déanta ag an gCoiste Smachtbhannaí i gcoinne na gníomhaíochta sin laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra sin a fháil. 7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cúnamh teicniúil dá dtagraítear i mír 2 a bheith á sholáthar ag na Ballstáit d’fhórsaí slándála na Libia arb é is aidhm dóibh an próiseas maidir le hathaontú institiúidí míleata agus slándála na Libia a chur chun cinn, agus an próiseas sin amháin, ná maidir le hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a bheith á dtabhairt isteach go sealadach sa Libia, ar earraí agus teicneolaíocht iad atá beartaithe lena n-úsáid ag soláthraithe cúnaimh theicniúil den sórt sin nach soláthraithe de chuid na Libia iad, agus acu sin amháin, chun cúnamh den sórt sin a sheachadadh nó chun iad a úsáid go cosantach, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don Choiste Smachtbhannaí roimh ré. 8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le haerárthaí míleata ná soithí cabhlaigh arna dtabhairt isteach go sealadach i gcríoch na Libia ag Ballstát, chun earraí a sheachadadh nó chun gníomhaíochtaí a éascú, agus sin amháin, ar ghníomhaíochtaí iad atá díolmhaithe ar shlí eile nó nach gcumhdaítear le míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear cúnamh daonnúil, chomh maith leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun críoch cosanta a fhanann i gcónaí ar bord an tsoithigh nó an aerárthaigh le linn dóibh a bheith sa Libia go sealadach, nó a bhíonn i gcónarí ar iompar ag aon phearsanra nach pearsanra de chuid na Libia iad a dhíbhordáil go sealadach ón soitheach nó ón aerárthach sin. (*1) An leagan is déanaí a foilsíodh in IO C, C/2024/1945, 1.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1945/oj." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/258/oj).’ " |
|
(4) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 3a Beidh toirmeasc ar na hearraí agus ar an teicneolaíocht a liostaítear sa Liosta Comhchoiteann Míleata, mar aon le hairm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha, agus armlón mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a allmhairiú, a cheannach nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, ón Libia, bíodh siad de thionscnamh chríoch na Libia nó ná bíodh.’ |
|
(5) |
In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Áireofar in Iarscríbhinn II na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste Smachtbhannaí i gcomhréir le mír 22 de Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 19, mír 22 nó mír 23 de Rún 1973 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 4 de Rún 2174 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2213 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2362 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2441 (2018) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó mír 18 de Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.’ |
|
(6) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 11a 1. Tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí, agus ar choinníoll gur fhormheas an Coiste Smachtbhannaí úsáid cúlchistí airgid reoite dá dtagraítear i mír 14 de Rún 2769(2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear comhairliúchán le Rialtas na Libia, agus i gcomhréir leis an mír sin, údaróidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin úsáid cúlchistí airgid reoite ar leis an eintiteas atá liostaithe faoi iontráil uimhir 1 in Iarscríbhinn VI iad, le haghaidh infheistíochta sna nithe seo a leanas, agus na nithe seo amháin:
i gcomhréir le formheas an Choiste Smachtbhannaí. 2. Fanfaidh na taiscí ama ísealriosca dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 15 agus na húis a fabhraíodh orthu reoite. Fanfaidh na hionstraimí ioncaim sheasta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 15 agus an t-ioncam a fabhraíodh orthu reoite. Beidh gach athinfheistiú faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 15. 3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L, 2025/814, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/814/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/44/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1333/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/813/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)