This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0714
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/714 of 10 April 2025 concerning the authorisation of indigo carmine as a feed additive for cats, dogs and ornamental fish
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/714 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2025 maidir le cairmín plúiríneach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/714 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2025 maidir le cairmín plúiríneach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha
C/2025/2141
IO L, 2025/714, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/714/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/714 |
11.4.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/714 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Aibreán 2025
maidir le cairmín plúiríneach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Údaraíodh an tsubstaint cairmín plúiríneach faoin ainm ‘plúirínitín’ gan teorainn ama i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éisc ornáideacha a bhaineann leis an ngrúpa ‘datháin, lena n-áirítear líocha’, faoin gceannteideal ‘datháin eile’. Údaraíodh é freisin gan teorainn ama mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat agus baineann sé leis an ngrúpa ‘datháin, lena n-áirítear líocha’, faoin gceannteideal ‘datháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail’. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7, cuireadh isteach iarratas ar chairmín plúiríneach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘datháin: substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 28 Aibreán 2015 (3) agus an 27 Meitheamh 2024 (4) go bhfuil cairmín plúiríneach (íonacht 85 % de dhathán ar a laghad) sábháilte do chait agus do mhadraí ar leibhéil suas le 250 mg/kg de bheatha iomlán, agus d’éisc ornáideacha ar leibhéil suas le 1 000 mg/kg de bheatha iomlán. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbeadh sé stuama a mheas go bhfuil úsáideoirí i mbaol a bheith nochta trí ionanálú do dheannach ón mbreiseán agus in éagmais faisnéis maidir le tocsaineacht ionanálaithe cairmín phlúirínigh, go meastar gur nochtadh guaiseach é an nochtadh sin. Ní greannaitheoir craicinn ná súl é cairmín plúiríneach ach ba cheart a mheas go bhféadfadh sé a bheith ina íogróir craicinn agus riospráide i ndaoine. Tá cairmín plúiríneach éifeachtach chun dath a chur le hábhair bheatha le haghaidh madraí, cat agus éisc ornáideacha. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann cairmín plúiríneach na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údarúcháin na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘datháin: substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe plúirínitín, mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu atá beartaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha, ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Samhain 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Bealtaine 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh siad beartaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2015; 13(5):4108, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2015.4108.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(7), e8909, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8909.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: datháin: (i) substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair |
||||||||||||||||
|
2a132 |
Cairmín plúiríneach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Cairmín plúiríneach Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cairmín plúiríneach, a dtugtar tuairisc air mar an salann sóidiam, is é atá ann den chuid is mó meascán de 3,3′-dé-ocsó-2,2′-dé-iondóililídéin-5,5′-déshulfónáit déshóidiam, agus 3,3′-dé-ocsó-2,2′-dé-iondóililídéin-5,7′-déshulfónáit déshóidiam Ceadaítear cailciam agus salainn photaisiam leis an tréithriú céanna le salann sóidiam. Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C16H8N2Na2O8S2 Uimh. CAS: 860-22-0/54947-75-0 Cion iomlán dathán ≥ 85 % 3,3′-dé-ocsó-2,2′-dé-iondóililídéin-5,7′-déshulfónáit déshóidiam ≤ 18 % Fodhatháin: ≤ 1 % Comhdhúile orgánacha seachas datháin (aigéad isitin-5-sulfónach, aigéad 5-sulfa-antrainileach, aigéad antrainileach) ≤ 0,5 % príomhaimíní aramatacha gan sulfónáit ≤ 0,01 % Ábhar is in-eastósctha le héitear ≤ 0,2 % faoi dhálaí neodracha Luaidhe ≤ 2 mg/kg Modh anailíse Chun cion iomlán dathán cairmín plúiríneach a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:
Maidir le cairmín plúiríneach i mbeatha chumaisc a chainníochtú:
|
Cait Madraí |
|
|
250 |
|
1.5.2035 |
||||||||
|
Éisc ornáideacha |
1 000 |
|||||||||||||||
(1) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/714/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)