Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0669

Rialachán (AE) 2025/669 ón gComhairle an 31 Márta 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad

ST/6890/2025/INIT

IO L, 2025/669, 1.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/669/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/669/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/669

1.4.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/669 ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Márta 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin a leasú, lena n-áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leo, chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí an chomhairliúcháin le tríú tíortha agus torthaí chruinnithe de chuid na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna).

(2)

An 6 Márta 2025, chuaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2), maidir le leibhéal na ngabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) le haghaidh corra gainimh agus foghabhálacha gaolmhara (Ammodytes spp.) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES, agus in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn an tseasaimh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 4 Márta 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dtaifead i scríbhinn arna shíniú an 12 Márta 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, na TACanna ábhartha a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe.

(3)

Maidir le teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinníní gorma (Thunnus thynnus) i gcuid de limistéar an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (ICCAT), san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir, agus maidir leis an uas-ionchur agus uas-acmhainneacht le haghaidh fheirmeacha tuinníní gorma an Aontais sa limistéar sin, tá siad bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna pleananna bliantúla dá dtagraítear in Airteagail 11, 13 agus 15 de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). De bhun Airteagal 16(1) den Rialachán sin, tá na Ballstáit leis na pleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain. Tiomsóidh an Coimisiún na pleananna sin ina dhiaidh sin agus beidh siad ina mbonn le plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú, ar plean é a chuirfear ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lena phlé agus lena fhormheas at ICCAT, mar a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2023/2053. An 5 Márta 2025, d’fhormheas ICCAT plean bliantúil an Aontais le haghaidh 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, teorainneacha iarrachta iascaireachta an Aontais agus uas-ionchur agus uas-acmhainneacht feirmeoireachta an Aontais le haghaidh 2025 a leasú i gcomhréir leis an bplean bliantúil sin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2023/2053, chuir Ballstáit áirithe san áireamh ina bpleananna bliantúla iascaireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin iarrataí 5 % dá gcuóta bliantúil tuinníní gorma a thabhairt anonn san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir ó 2024 go 2025. Ar bhonn na n-iarrataí sin ó na Ballstáit, chuir an Coimisiún iarraidh ar chuóta an Aontais don stoc sin a thabhairt anonn ó 2024 go 2025 isteach i bplean bliantúil an Aontais le haghaidh 2025. Tar éis fhormheas phlean bliantúil an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, cuótaí na mBallstát ábhartha le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir, le haghaidh 2025, a leasú dá réir sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 8a, 17b agus 18b de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuótaí bliantúla le haghaidh Ballstáit áirithe maidir le (a) an tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach, (b) an tuinnín colgach (Thunnus alalunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T agus laisteas de 5°T, agus (c) an colgán (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T agus laisteas de 5°T, aistríodh iad ó 2023 go 2025 i gcomhréir le moltaí ábhartha ICCAT. Ba cheart, dá bhrí sin, cuótaí na mBallstát ábhartha le haghaidh na stoc sin le haghaidh 2025 a leasú dá réir sin.

(6)

Ceanglaítear le hAirteagal 33(1) de Rialachán (AE) 2017/2107 nach ndéanfaidh soithí an Aontais dochar don mhácó biorshrónach (Isurus oxyrinchus) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T (‘mácó biorshrónach an Atlantaigh Thuaidh’), agus go scaoilfidh siad isteach san fharraige go pras é, a mhéid is féidir, agus aird chuí á tabhairt ar shábháilteacht ball den chriú. Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag ICCAT in 2021, glacadh toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán de mhácó bhiorshrónach an Atlantaigh Thuaidh a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. Ba cheart, dá bhrí sin, an toirmeasc sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin go dtí an 31 Nollaig 2025 nó go dtí an dáta a bheidh feidhm ag leasú ar Rialachán (AE) 2017/2107 lena dtugtar isteach an toirmeasc céanna, cibé acu is túisce.

(7)

Ag an 13ú cruinniú bliantúil a bhí aici in 2025, ghlac an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) teorainneacha gabhála le haghaidh an bholmáin ghoirm (Trachurus murphyi) agus choinnigh sí iascaigh thaiscéalaíocha le haghaidh an déadéisc (Dissostichus spp.). Ina theannta sin, rinne SPRFMO na bearta atá nasctha go feidhmiúil a choinneáil ar bun nó a leasú. Ba cheart na torthaí sin ar chruinniú SPRFMO a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(8)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) in 2024, coinníodh ar bun na tréimhsí coiscthe le haghaidh soithí peas-saighne a dhéanann iascaireacht ar an tuinnín buí (Thunnus albacares), an tuinnín mórshúileach nó an tuinníní aigéanach (Katsuwonus pelamis). Cuireadh an beart sin chun feidhme cheana féin i ndlí an Aontais trí Rialachán (AE) 2025/202. Ina theannta sin, ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag IATTC in 2024, cinneadh gur cheart do na Páirtithe Conarthacha gabhálacha bliantúla tuinníní mórshúileacha a dhéanann soithí peas-saighne aonair a thuairisciú dá Rúnaíocht faoin 15 Feabhra an bhliain dár gcionn agus ba cheart dóibh laethanta coiscthe breise a bheartú le haghaidh soithí peas-saighne aonair i gcás ina mbaineann na soithí sin tairseacha sonracha amach i ngabhálacha tuinníní mórshúileacha. Ba cheart na torthaí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(9)

In Iarscríbhinn IA, Cuid B, a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/202, ba cheart earráid i dtábla TAC le haghaidh an ronnaigh (Scomber scombrus) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt, maidir leis an gcoinníoll speisialta le haghaidh uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i limistéir ICES 2a, 5b, 6, 7, 8d, 8e, 12 agus 14 (MAC/*2AX14) i bhfonóta 1, a cheartú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2025/202 a leasú dá réir sin.

(11)

I bhfianaise na práinne atá le briseadh sna gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Tá feidhm ag na deiseanna iascaireachta, agus ag na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2025/202 ón 1 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le deiseanna iascaireachta, agus bearta atá nasctha go feidhmiúil leo, ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta sin freisin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist, nó nár ídíodh go fóill iad, agus gur cuireadh na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo chun feidhme cheana féin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2025/202

Leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Siorcanna

1.   I dteannta na dtoirmeasc a bhunaítear le hAirteagail 32 go 36 de Rialachán (AE) 2017/2107, toirmeascfar freisin tabhairt faoi iascaireacht spriocdhírithe ar speicis siorcanna súisteála den ghéineas Alopias.

2.   Toirmeascfar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán den mhácó bhiorshrónaigh (Isurus oxyrinchus) a ghabhtar san iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T.’

;

(2)

in Airteagal 37, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘5.   Maidir le gach soitheach iascaireachta peas-saighne a dhéanann iascaireacht i limistéar Choinbhinsiún IATTC agus atá faoi bhratach Bhallstáit, déanfaidh an Ballstát brataí sin sonraí maidir le gabhálacha bliantúla tuinníní mórshúileacha i limistéar Choinbhinsiún IATTC an bhliain roimhe sin a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 1 Feabhra. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur i dtoll a chéile agus a tharchur go pras chuig Rúnaíocht IATTC.

6.   Cuirfear síneadh leis na tréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais, ar bhonn a ngabhálacha tuinníní mórshúileacha i limistéar Choinbhinsiún IATTC le linn na bliana roimhe sin, mar a leanas:

i gcás soithí a ghabh idir 1 200 tona agus 1 499 dtona, cuirtear síneadh 10 lá leis an tréimhse choiscthe;

i gcás soithí a ghabh idir 1 500 tona agus 1 799 dtona, cuirtear síneadh 13 lá leis an tréimhse choiscthe;

i gcás soithí a ghabh idir 1 800 tona agus 2 099 dtona, cuirtear síneadh 16 lá leis an tréimhse choiscthe;

i gcás soithí a ghabh idir 2 100 tona agus 2 399 dtona, cuirtear síneadh 19 lá leis an tréimhse choiscthe; agus

i gcás soithí a ghabh 2 400 tona nó níos mó, cuirtear síneadh 22 lá leis an tréimhse choiscthe.

Beidh feidhm ag na síntí ar na tréimhsí coiscthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar a leanas:

i gcás na tréimhse coiscthe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), cuirtear isteach na laethanta breise roimh thús na tréimhse coiscthe sin; agus

i gcás na tréimhse coiscthe dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), cuirtear isteach na laethanta breise tar éis dheireadh na tréimhse coiscthe sin.

I gcás gach ceann de na soithí iascaireachta lena mbaineann, cuirfidh an Ballstát brataí ábhartha an Coimisiún ar an eolas faoi na síntí maidir leis na tréimhsí coiscthe agus an Coimisiún á chur ar an eolas faoi na tréimhsí coiscthe roghnaithe i gcomhréir le mír 2.’

;

(3)

in Airteagal 63, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ha)

Beidh feidhm ag Airteagal 29(2) ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 nó ón dáta a thiocfaidh leasú ar Rialachán (AE) 2017/2107 i bhfeidhm, leasú lena dtugtar isteach toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán den mhácó bhiorshrónaigh (Isurus oxyrinchus) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T, a ghabhtar in iascaigh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír, cibé acu is túisce;’

;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IA, Cuid B, agus Iarscríbhinní ID, IH agus VI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).

(2)  Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2053/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2107/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní IA, ID, IH agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/202 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn IA, leasaítear Cuid B mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:

‘Tábla 1

Speiceas:

An chorr ghainimh agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéar 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe i limistéar 2a;

Uiscí an Aontais i limistéar 3a

Ammodytes spp.

 

an Danmhairg

102 630

 (1)

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96, mura sonraítear a mhalairt i bhfonóta 2.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96, mura sonraítear a mhalairt i bhfonóta 2.

an Ghearmáin

157

 (1)

an tSualainn

3 769

 (1)

an tAontas

106 556

 

an Ríocht Aontaithe

3 522

 

TAC

110 078

 

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí sin, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil sna limistéir bainistíochta seo a leanas le haghaidh corr ghainimh, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III:

Limistéar: Uiscí an Aontais ina bhfuil limistéir bainistíochta le haghaidh corr ghainimh

 

1r

2r

3r

4

5r

6

7r

 

(SAN/234_1R)

 ()

(SAN/234_2R)

 ()

(SAN/234_3R)

(SAN/234_4)

(SAN/234_5R)

(SAN/234_6)

 ()

(SAN/234_7R)

an Danmhairg

66 016

36 509

0

0

0

104

0

an Ghearmáin

101

56

0

0

0

0

0

an tSualainn

2 424

1 341

0

0

0

4

0

an tAontas

68 541

37 906

0

0

0

108

0

an Ríocht Aontaithe

2 266

1 253

0

0

0

4

0

Iomlán

70 807

39 159

0

0

0

112

0

()  Beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’;

(b)

i dTábla 103, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1:

‘(1)

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí sin, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a thógáil sna limistéir seo a leanas:

 

3a

(MAC/*03A.)

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 3a, 4b agus 4c

(MAC/*3A4BC)

4b

(MAC/*04B.)

4c

(MAC/*04C.)

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 2a, 5b, 6, 7, 8d, 8e, 12 agus 14

(MAC/*2AX14)

an Bheilg

0

0

0

0

228

an Danmhairg

0

4 130

0

0

13 197

an Ghearmáin

0

0

0

0

238

an Fhrainc

0

490

0

0

718

an Ísiltír

0

490

0

0

723

an tSualainn

0

0

390

10

2 184

an tAontas

0

5 110

390

10

17 288 ’,

(2)

leasaítear Iarscríbhinn ID mar a leanas:

(a)

cuirtar an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 7 agus 8:

‘Tábla 7

Speiceas:

Tuinnín colgach an Tuaiscirt

Limistéar:

an tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T

Thunnus alalunga

(ALB/AN05N)

Éire

4 603,57

 

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Spáinn

26 004,73

 

an Fhrainc

9 172,27

 

an Phortaingéil

3 198,54

 

an tAontas

42 979,11

 (2)  (3)

TAC

47 251,00

 


Tábla 8

Speiceas:

Tuinnín colgach an Deiscirt

Limistéar:

an tAigéan Atlantach, laisteas de 5°T

Thunnus alalunga

(ALB/AS05N)

an Spáinn

1 087,65

 

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96’;

an Fhrainc

357,45

 

an Phortaingéil

761,15

 

an tAontas

2 206,25

 

 

0,00

 

TAC

28 000,00

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 11 agus 12:

‘Tábla 11

Speiceas:

an tuinnín mórshúileach

Limistéar:

an tAigéan Atlantach

Thunnus obesus

(BET/ATLANT)

an Spáinn

8 404,59

 (4)

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Fhrainc

3 569,90

 (4)

an Phortaingéil

2 943,93

 (4)

an tAontas

14 918,42

 (4)

TAC

73 000,00

 (4)


Tábla 12

Speiceas:

an tuinnín gorm

Limistéar:

an tAigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus an Mheánmhuir

Thunnus thynnus

(BFT/AE45WM)

an Chipir

193,42

 (8)

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Ghréig

347,70

 

an Spáinn

7 098,54

 (6)  (8)

an Fhrainc

7 069,80

 (6)  (7)  (8)

an Chróit

1 117,41

 (10)

an Iodáil

5 579,83

 (8)  (9)

Málta

446,65

 (8)

an Phortaingéil

644,90

 

Ballstáit eile

79,90

 (5)

an tAontas

22 578,15

 (6)  (7)  (8)  (9)  (10)

TAC

40 570,00

 (5)

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 14 agus 15:

‘Tábla 14

Speiceas:

an colgán

Limistéar:

an tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T

Xiphias gladius

(SWO/AN05N)

an Spáinn

6 425,79

 (12)

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Phortaingéil

1 071,61

 (12)

Ballstáit eile

97,07

 (11)  (12)

an tAontas

7 594,47

 

TAC

14 769,00

 


Tábla 15

Speiceas:

an colgán

Limistéar:

an tAigéan Atlantach, laisteas de 5°T

Xiphias gladius

(SWO/AS05N)

an Spáinn

5 004,84

 (13)

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Phortaingéil

301,56

 (13)

an tAontas

5 306,40

 

TAC

10 000,00

 

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IH:

‘IARSCRÍBHINN IH

LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN SPRFMO

Tábla 1

Speiceas:

Déadéisc

Dissostichus spp.

Limistéar:

Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, bloic thaighde A agus B (14)

(TOT/SPR-AB)

TAC

162

 (15)  (16)  (17)

TAC Réamhchúraim


Tábla 2

Speiceas:

an bolmán

Trachurus murphyi

Limistéar:

Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO

(CJM/SPRFMO)

An Ghearmáin

23 278,33

 

TAC Anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96’;

an Ísiltír

25 231,31

 

an Liotuáin

16 197,66

 

an Pholainn

27 850,69

 

an tAontas

92 558,00

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(4)

leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1:

‘(1)

Féadfaidh méadú teacht ar an líon seo má chuirtear suas le 10 soitheach spiléireachta in ionad soitheach peas-saighne i gcomhréir leis an tábla i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 4, 5 agus 6:

‘4.

An líon uasta soithí iascaireachta de chuid gach Ballstáit a fhéadfar a údarú le hiascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma, lena gcoinneáil ar bord, lena dtrasloingsiú, lena n-iompar nó lena dtabhairt i dtír san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Tábla

 

An líon soithí iascaireachta (1)

 

an Ghréig (2)

an Spáinn

an Fhrainc

an Chróit

an Iodáil

an Chipir (3)

Málta (4)

an Phortaingéil

Soithí peas-saighne (5)

0

7

22

18

21

1

2

0

Soithí spiléireachta

0

36

23

0

40

16

63

0

Báid bhaoite

0

66

8

0

0

0

0

0

Dorú láimhe

0

1

47

12

0

0

0

0

Trálaeir

0

0

56

0

0

0

0

0

Mionscála

50

704

0

0

0

0

0

76

Soithí iascaireachta eile ar mionscála (6)

76

0

149

0

151

0

255

0

5.

An líon uasta gaistí in úsáid in iascach tuinníní gorma an Atlantaigh Thoir agus na Meánmhara arna údarú ag gach Ballstát

an líon uasta gaistí

Ballstát

an líon gaistí

an Spáinn

6

an Iodáil

2

an Phortaingéil

2

6.

An líon uasta feirmeacha údaraithe agus uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhfar go fiáin a fhéadfaidh gach Ballstát a chionroinnt ar a fheirmeacha san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir

Tábla

An líon uasta feirmeacha údaraithe agus ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhtar (i dtonaí)

Ballstát

an líon feirmeacha

ionchur (i dtonaí)

an Ghréig

0

0

an Spáinn

7

9 326,00

an Chróit

4

2 652,30

an Iodáil

7

1 910,00

an Chipir

0

0

Málta

5

12 325,00

an Phortaingéil

2

518,00 ’


(1)  Féadfaidh foghabhálacha faoitíní agus ronnach (OT1/*2A3A4X) a bheith i suas le 2 % den chuóta. Foghabhálacha faoitíní agus ronnach arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)  Beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’;

(2)  Is é seo a leanas an líon soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanfaidh tuinnín colgach an Tuaiscirt a iascach mar spriocspeiceas: 1 241.

(3)  Coinníoll speisialta: laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná an chainníocht seo a leanas a ghabháil in uiscí na Ríochta Aontaithe (ALB/*AN05N-UK): 280,00.

(4)  Gabhálacha tuinníní mórshúileacha a dhéanann soithí peas-saighne (BET/*ATLPS) agus báid spiléireachta dar fad iomlán 20 méadar (BET/*ATLLL) nó níos mó, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh. Ó mhí an Mheithimh ar aghaidh, nuair a shroichfidh gabhálacha 80 % den chuóta, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit gabhálacha na soithí iascaireachta sin a tharchur ar bhonn seachtainiúil.

(5)  Cé is moite den Chipir, den Ghréig, den Spáinn, den Fhrainc, den Chróit, den Iodáil, de Mhálta agus den Phortaingéil, agus mar fhoghabháil go heisiach. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (BFT/AE45WM_AMS).

(6)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*8301):

an Spáinn

1 079,14

an Fhrainc

501,33

an tAontas

1 580,47

(7)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma nach lú ná 6,4 kg a meáchan nó nach lú ná 70 cm a bhfad ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*641):

an Fhrainc

100,00

an tAontas

100,00

(8)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*8302):

an Spáinn

141,97

an Fhrainc

141,40

an Iodáil

111,60

an Chipir

3,87

Málta

8,93

an tAontas

407,77

(9)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*643):

an Iodáil

111,60

an tAontas

111,60

(10)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI chun críoch feirmeoireachta (BFT/*8303F):

an Chróit

1 005,67

an tAontas

1 005,67 ’;

(11)  Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (SWO/AN05N_AMS).

(12)  Coinníoll speisialta: féadfar suas le 2,39 % den chainníocht seo a iascach san Aigéan Atlantach, laisteas de 5°T (SWO/*AS05N). Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh choinníoll speisialta an chuóta chomhroinnte, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (SWO/*AS05N_AMS).

(13)  Coinníoll speisialta: féadfar suas le 3,51 % den chainníocht seo a iascach san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T (SWO/*AS05N).’;

(14)  Bloc taighde A:

TT:

50°30′D, 136°O

OT:

50°30′D, 140°30′O

OD:

54°50′D, 140°30′O

ID:

54°50′D, 136°O

Bloc taighde B:

IT:

52 45’D, 140 30’O

OT:

52 45’D, 145 30’O

OD:

54°50′D, 145°30′O

ID:

54°50′D, 140°30′O

(15)  Is le haghaidh iascach taiscéalaíoch amháin an TAC bliantúil seo. mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 11, de Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Beidh an iascaireacht teoranta do dhoimhneacht idir 600 m agus 2 500 m. Beidh an iascaireacht teoranta d’aon turas amháin nach faide ná 60 lá as a chéile agus a d’fhéadfadh tarlú aon am idir an 1 Bealtaine agus an 15 Samhain 2025. Cuirfear deireadh leis an iascaireacht uile láithreach má fhaigheann an méid seo a leanas bás:

(a)

aon cheann de na speicis seo a leanas: an t-albatras fáin (Diomedea exulans), an t-albatras ceannliath (Thalassarche chrysostoma), an t-albatras dú-mhalach (Thalassarche melanophris), an guairdeall liath (Procellaria cinerea), an guairdeall clúmhach (Pterodroma mollis); nó

(b)

trí cinn d’aon cheann de na speicis seo a leanas: an t-albatras éadrombhratach (Phoebetria palpebrata), an guairdeall mór deisceartach (Macronectes giganteus) agus an guairdeall mór tuaisceartach (Macronectes halli).

Beidh an iascaireacht teoranta freisin do 5 000 duán ar a mhéad in aghaidh an tacair, agus 100 tacar ar a mhéad. Socrófar spiléir 3 mhuirmhíle ar a laghad óna chéile, agus ní shocrófar iad ag suíomhanna spiléar inar socraíodh línte roimhe sin laistigh d’aon bhliain féilire amháin. Cuirfear deireadh leis an iascaireacht nuair a shroichfear an TAC nó má cuireadh agus má tarlaíodh 100 tacar le linn an turais, cibé acu is túisce.

*

Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle am 4 Iúil 2018 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) (IO L 179, 16.7.2018, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/975/oj).

(16)  A bhféadfar suas le 129 dtona de a iascach i mbloc taighde A. Ós rud é go bhfuiltear nach mór ag an teorainn ghabhála le haghaidh bhloc taighde A, socrófar línte níos giorra chun a áirithiú nach sárófar an teorainn ghabhála. Déanfar gabhálacha déadiasc i mbloc taighde A a thuairisciú ar leithligh (TOT/SPR-A).

(17)  A bhféadfar suas le 33 thona de a iascach i mbloc taighde B. Ós rud é go bhfuiltear nach mór ag an teorainn ghabhála le haghaidh bhloc taighde B, socrófar línte níos giorra chun a áirithiú nach sárófar an teorainn ghabhála. Déanfar gabhálacha déadiasc i mbloc taighde B a thuairisciú ar leithligh (TOT/SPR-B).

(1)  Féadfar na huimhreacha sa tábla seo a mhéadú a thuilleadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(2)  Cuireadh líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta, nó soitheach peas-saighne beag amháin agus trí shoitheach iascaireachta mionscála eile in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.

(3)  Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta nó soitheach peas-saighne beag amháin agus líon nach mó ná trí shoitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.

(4)  Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.

(5)  Is de thoradh aistrithe idir Ballstáit é líon aonair na soithí peas-saighne sa tábla seo agus ní hionann é agus cearta stairiúla don todhchaí.

(6)  Soithí ilchuspóireacha, a bhaineann úsáid as iltrealamh (spiléar, dorú láimhe, dorú trollála).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/669/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top