Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0647

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/647 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2025 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471 maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh cat, leis na huimhreacha aitheantais 4d1 agus 4d23 faoi seach

C/2025/1914

IO L, 2025/647, 3.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/647/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/647/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/647

3.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/647 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Aibreán 2025

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471 maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh cat, leis na huimhreacha aitheantais 4d1 agus 4d23 faoi seach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 ón gCoimisiún (2) rinneadh údarú ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, leis an uimhir aitheantais 4d1, a athnuachan ar feadh 10 mbliana (sealbhóir an údaraithe: Bayer HealthCare AG). Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471 ón gCoimisiún (3), rinneadh ochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, leis an uimhir aitheantas 4d23, ar feadh 10 mbliana freisin (sealbhóir an údaraithe: Porus GmbH). Sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, tagraíodh don dá bhreiseán mar ullmhóid go hearráideach. Ina theannta sin, níl na coinníollacha úsáide sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin Cur Chun Feidhme sin ag teacht i gceart leis an gconclúid ar ar tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) sna tuairimí uaidh an 27 Meán Fómhair 2007 (4) agus an 27 Eanáir 2022 (5) maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a bheith sábháilte agus éifeachtúil do chait fhásta.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 agus (AE) 2022/1471 a cheartú dá réir sin.

(4)

Ina theannta sin, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Bayer HealthCare AG, sealbhóir an údaraithe i ndáil le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, leis an uimhir aitheantais 4d1, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, iarratas ina bhfuil sé beartaithe aige ainm shealbhóir an údaraithe i ndáil leis an mbreiseán beathaithe sin a athrú go Elanco GmbH.

(5)

An t-athrú atá beartaithe ar théarmaí an údaraithe maidir le hainm shealbhóir an údaraithe i ndáil le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, leis an uimhir aitheantais 4d1, is athrú de chineál riaracháin amháin é agus níl measúnú nua i gceist leis. Cuireadh an tÚdarás ar an eolas faoin iarratas.

(6)

Chun deis a thabhairt do Elanco GmbH a chearta margaíochta a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 9(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is gá téarmaí an údaraithe lena mbaineann a athrú trína ainm a shonrú mar shealbhóir an údaraithe i ndáil le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, leis an uimhir aitheantais 4d1.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 a leasú dá réir.

(8)

Os rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnaithe ar choinníollacha údaraithe ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an gceartúchán ar Rialacháin (AE) 2019/913 agus (AE) 2022/1471 agus as an leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913

Cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/913.

Airteagal 2

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471

Cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1471.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An tsubstaint a shonraítear in Iarscríbhinní I agus II agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe atá beartaithe le haghaidh cat agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 23 Deireadh Fómhair 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an an 23 Aibreán 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an tsubstaint a shonraítear in Iarscríbhinní I agus II, nithe atá beartaithe le haghaidh cat agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 23 Aibreán 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 23 Aibreán 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/913 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 maidir le húdarú ochtaihiodráit charbónáite lantanaim a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 163/2008 (sealbhóir an údaraithe Bayer HealthCare AG) (IO L 146, 5.6.2019, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/913/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe Porus GmbH) (IO L 231, 6.9.2022, lch. 113, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1471/oj).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] (2007) 542.

(5)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022:20(2):7168.


IARSCRÍBHINN I

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (laghdú ar eisfhearadh fosfair trí fhual)

4d1

Elanco GmbH

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

Ar a laghad 85 % d’ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar shubstaint ghníomhach.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

La2(CO3)3*8H2O

Uimhir CAS: 6487-39-4

Modh anailíse  (1)

Maidir le carbónáit sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: Modh an Aontais, ar modh é a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún. (2)

Maidir le lantanaim sa bhreiseán beathaithe agus sa bheatha chumaisc a chainníochtú: Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES).

Cait

-

1 500

7 500

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Ní thabharfar an breiseán mar bheatha ach do chait fásta.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

‘Le haghaidh cait fhásta.

‘Seachain úsáid chomhuaineach beathaí a bhfuil ardleibhéal fosfair iontu.’.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

25 Meitheamh 2029


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).


IARSCRÍBHINN II

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (laghdú ar eisfhearadh fosfair trí fhual)

4d23

Porus GmbH

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim ina bhfuil ar a laghad 85 % d’ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar shubstaint ghníomhach.

Foirm sholadach.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

La2(CO3)3*8H2O

Uimhir CAS: 6487-39-4

Modh anailíse  (1)

Maidir le carbónáit sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: Modh an Aontais, ar modh é a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún. (2)

Maidir le lantanaim sa bhreiseán beathaithe agus sa bheatha chumaisc a chainníochtú: Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES).

Cait

-

1 500

7 500

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Ní thabharfar an breiseán mar bheatha ach do chait fásta.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

‘Le haghaidh cait fhásta.

‘Seachain úsáid chomhuaineach beathaí a bhfuil ardleibhéal fosfair iontu.’.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

26 Meán Fómhair 2032


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/647/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top