Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0453

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/453 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle trí theimpléad a bhunú don doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (b)(ii), de

C/2024/8891

IO L, 2025/453, 6.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/453/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/453/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/453

6.3.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/453 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2024

lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle trí theimpléad a bhunú don doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (b)(ii), de

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1), agus go háirithe Airteagal 54a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, bunaíodh córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Le Caibidil II den Rialachán sin, cuireadh scéim deimhniúcháin gabhála i bhfeidhm chun an toirmeasc ar tháirgí iascaigh a fhaightear ó iascaireacht NNN a allmhairiú isteach san Aontas a chur chun feidhme.

(2)

Tá an deimhniú gabhála le húsáid chun a dheimhniú go ndearnadh gabhálacha, óna bhfuarthas táirgí iascaigh allmhairithe, a shaothrú i gcomhréir le bearta idirnáisiúnta caomhnúcháin agus bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, le rialacha ábhartha eile a bhfuil feidhm acu maidir leis an soitheach iascaireachta lena mbaineann.

(3)

Chun táirgí iascaigh a iompraítear san fhoirm chéanna chuig an Aontas a allmhairiú ó thríú tír seachas an Stát brataí, nó ón Stát ina ndéantar an phróiseáil, déantar foráil le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 go gcuirfidh an t-allmhaireoir fianaise dhoiciméadaithe faoi bhráid údaráis an Bhallstáit is allmhaireoir nach ndearnadh oibríochtaí ar na táirgí iascaigh seachas díluchtú, athluchtú nó aon oibríocht a ceapadh chun dea-bhail agus fíorbhail a choinneáil orthu, agus gur fhan siad faoi fhaireachas na n-údarás inniúil sa tríú tír sin. Má roinntear an choinsíneacht bhunaidh a bhaineann le deimhniú gabhála agus, más ábhartha, leis an ráiteas dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 14 den Rialachán sin, tá an t-allmhaireoir le doiciméad arna bhailíochtú ag údaráis inniúla an tríú tír sin a chur faoi bhráid údaráis an Bhallstáit is allmhaireoir.

(4)

Is iomchuí teimpléad a chruthú don doiciméad sin, chun cur i láthair aonfhoirmeach na faisnéise a cheanglaítear faoi Airteagal 14(1), pointe (b)(ii), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle a áirithiú, agus chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na faisnéise a sholáthraítear a ráthú. Tá gá le haonfhoirmeacht sna sonraí a cheanglaítear freisin chun feidhmiú ceart chóras CATCH a áirithiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An teimpléad don doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (b)(ii), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, leagfar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Teimpléad don doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(b)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008

Uimhir an doiciméid

1.

Údarás dearbhaithe

Ainm

Seoladh

Seoladh ríomhphoist

Uimhir theileafóin

2.

Teacht chuig an suíomh stórála - mionsonraí

Suíomh imeachta an táirge:

 

Dáta imeachta:

 

An calafort deireanach, an t-aerfort deireanach nó pointe imeachta eile sula sroichfear an tír stórála

 

Mionsonraí iompair

(Ainm agus bratach an tsoithigh / uimhir eitilte – bille aeriompair / bille iarnróid / bille lasta – cláruimhir trucaile)

 

Uimhreacha an choimeádáin (i gcás inarb infheidhme)

 

Dáta a sroicheadh an suíomh stórála (díluchtú)

 

An suíomh stórála

 

3.

Mionsonraí faoin gcoinsíneacht (ar theacht chuig an suíomh stórála)

Tuairisc ar na táirgí iascaigh

Speiceas

Cód Táirge

Deimhniú Gabhála/Ráiteas Próiseála/uimhreacha dearbhaithe neamhionramhála (más infheidhme)

Glanmheáchan i gcileagraim ar dhul isteach sa suíomh stórála

Glanmheáchan an táirge iascaigh i gcileagraim ar dhul isteach sa suíomh stórála

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.

Sonraí na saoráide stórála

Ainm

Seoladh

Uimhir formheasa (más infheidhme)

Á stóráil (cuir tic de réir mar is cuí)

Fuaraithe

Reoite

Eile

 

 

 

 

 

 

5.

Mionsonraí faoin gcoinsíneacht (ar imeacht ón suíomh stórála)

Tuairisc ar na táirgí iascaigh

Speiceas

Cód Táirge

Deimhniú Gabhála/Ráiteas Próiseála/uimhreacha dearbhaithe neamhionramhála (más infheidhme)

Glanmheáchan i gcileagraim ar imeacht ón suíomh stórála

Glanmheáchan an táirge iascaigh i gcileagraim ar imeacht ón suíomh stórála

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

6.

Imeacht ón suíomh stórála – mionsonraí

Dáta imeachta ón suíomh stórála (athluchtú)

 

Calafort, aerfort nó pointe imeachta eile ón tír stórála

 

Sonraí iompair

(Ainm agus bratach an tsoithigh / uimhir eitilte – bille aeriompair / bille iarnróid / bille lasta – cláruimhir trucaile)

 

Uimhreacha an choimeádáin (i gcás inarb infheidhme)

 

Ceann scríbe: Calafort, aerfort nó ceann scríbe eile

 

7.

Sonraí an onnmhaireora

Ainm na cuideachta

Seoladh

An dáta a chuir an t-onnmhaireoir an doiciméad seo faoi bhráid an údaráis inniúil

 

 

 

8.

Dearbhú ón údarás inniúil

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear sa doiciméad seo ceart agus nach ndearnadh oibríochtaí ar na táirgí lena mbaineann seachas díluchtú, athluchtú nó aon oibríocht a ceapadh chun dea-bhail agus fíorbhail a choinneáil orthu, agus gur fhan siad faoi fhaireachas an údaráis dhearbhaithe.

Ainm an údaráis

Ainm agus teideal an oifigigh

Síniú agus séala

Dáta

 

 

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/453/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top