Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0142

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/142 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 maidir le húdarú ullmhóide 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éisc eite (sealbhóir an údaraithe: AB Enzymes Finland Oy)

C/2025/535

IO L, 2025/142, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/142/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/142/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/142

30.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/142 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

maidir le húdarú ullmhóide 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éisc eite (sealbhóir an údaraithe: AB Enzymes Finland Oy)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóide 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éisc eite, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 12 Márta 2024 (2) go bhfuil an ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 sábháilte d’éisc eite. Dúirt sé thairis sin go bhfuil an ullmhóid sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin maidir leis an ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897, i ngach foirmliú den bhreiseán, nach meastar gur greannaitheoir craicinn ná súl í ná gur íogróir craicinn í, ach go meastar gur íogróir riospráide í. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go bhféadfadh an ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 a bheith éifeachtúil le haghaidh salmainidí agus éisc ornáideacha ag 500 FTU/kg d’ábhar beatha iomlán agus le haghaidh éisc eite eile ag 2 500 d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (3), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil leis an mbreiseán céanna bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh éisc eite. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8709.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta

4a19

AB Enzymes

Finland Oy

6-fíotáis (EC 3.1.3.26)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897, ullmhóid a bhfuil gníomhaíocht íosta: 5 000 FTU (1)/g aici.

Foirmeacha soladacha agus foirmeacha leachtacha

Tréithriú na substainte gníomhaí

6-fíotáis (EC 3.1.3.26) arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897

Modh anailíse  (2)

Maidir le 6-fíotáis sa bhreiseán beathaithe, i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:

modh dathmhéadrach atá bunaithe ar imoibriú einsímeach 6-fíotáise ar an bhfíotáit - EN ISO 30024.

Salmainidí

Éisc ornáideacha

500 FTU

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

19 Feabhra 2035

Éisc eite eile

2 500 FTU


(1)  Is éard atá in aonad amháin fíotáise (FTU) méid na heinsíme lena scaoiltear 1 μmol d’fhosfáit neamhorgánach in aghaidh an nóiméid ó fhíotáit sóidiam ag 37 °C, pH 5,5, faoi na coinníollacha caighdeánacha measúnachta.

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/142/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top