Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0036

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/36 ón gCoimisiún an 9 Eanáir 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clóiríde polaivinile áirithe (PVC) de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

C/2025/42

IO L, 2025/36, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/36/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/36/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/36

10.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/36 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Eanáir 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clóiríde polaivinile áirithe (‘PVC’) de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) (an bun-Rialachán) iad, agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 15 Samhain 2023, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí fuaidreáin clóiríde polaivinile (‘S-PVC’) de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na tíortha lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne an Coiste um Thrádáil Clóiríde Polaivinile (‘na gearánaigh’) an 2 Deireadh Fómhair 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal S-PVC an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Bearta sealadacha

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 14 Meitheamh 2024, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre.

(4)

Fuair an Coimisiún roinnt barúlacha ó pháirtithe leasmhara.

(5)

Chuir Foamalite Ltd (‘Foamalite’), úsáideoir S-PVC atá lonnaithe in Éirinn, a imní in iúl faoi ‘fhadhb a bhaineann go sonrach le hÉirinn’ toisc go bhfuil a phríomhiomaitheoir lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus féadfaidh sé S-PVC le dleachtanna níos ísle a allmhairiú agus aghaidh a thabhairt ar iomaíocht ghéar ó úsáideoir lasmuigh den Aontas, go háirithe an Tuirc. Onnmhairíonn Foamalite thart ar aon trian dá tháirgeadh lasmuigh den Aontas, cuid mhór chuig an Ríocht Aontaithe. Tugann an Coimisiún dá aire go gceadófaí allmhairiú S-PVC gan dleachtanna dá n-úsáidfí próiseáil isteach an Aontais i gcás ina n-athonnmhaireofaí an t-earra próiseáilte. D’áiritheofaí leis sin nach ndéanfadh dleachtanna difear d’iomaíochas Foamalite lasmuigh den Aontas. Maidir leis an leis an iomaíocht le hiomaitheoir atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann, thug an Coimisiún dá aire go mbeidh an t-iomaitheoir i dTuaisceart Éireann faoi réir na mbeart céanna agus a bheidh Foamalite san Aontas, mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3).

(6)

Shoiléirigh an Coimisiún nár bhain na barúlacha a rinne TCI Sanmar agus Foamalite le cruinneas na ríomhanna bunúsacha dumpála agus díobhála de réir bhrí Airteagal 19a den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, níor thug an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha sin sa Rialachán sealadach. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin thíos in aithrisí (35) agus (36), áfach.

(7)

Mhaígh Formosa Plastics Corporation (‘Formosa’), táirgeoir sna Stát Aontaithe, go ndearna an Coimisiún roinnt earráidí cléireachais ina ríomhanna. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin thíos in aithris (60).

(8)

I mí Iúil 2024, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí clóiríde polaivinile áirithe (‘PVC’) de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1896 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’).

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(9)

Tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach, rinne rialtais na hÉigipte agus na Stát Aontaithe, TCI Sanmar Chemicals S.A.E. (TCI Sanmar), Formosa, Oxy Vinyls, LP (‘Oxy Vinyls’), Westlake Corporation (‘Westlake’) agus na gearánaigh aighneachtaí i scríbhinn a chomhdú ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(10)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteacht le Oxy Vinyls an 3 Deireadh Fómhair 2024.

(11)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(12)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí S-PVC de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Chuir rialtas na Stát Aontaithe, TCI Sanmar, Formosa, Oxy Vinyls, Westlake, Shin-tech, Tricon Dry Chemicals agus an European PVC Window Profiles Association (EPPA) barúlacha isteach laistigh den sprioc-am.

(13)

Na barúlacha a cuireadh isteach maidir leis an Rialachán sealadach agus a rinne na páirtithe arís ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, gan aon gné shubstainteach nua iontu, tugtar aghaidh orthu arís sa Rialachán seo.

1.4.   Sampláil

(14)

Tar éis an nochta shealadaigh, fuair an Coimisiún barúlacha maidir le hionadaíochas shampla tháirgeoirí an Aontais ó rialtais na hÉigipte agus na Stát Aontaithe agus ó Formosa. Cheistigh na páirtithe ionadaíochas sampla de chuid an Aontais a raibh thart ar 25 % den táirgeacht mheasta S-PVC agus 26 % de dhíolacháin an Aontais i gceist leis. Thagair rialtas SAM ina leith sin don tuarascáil ó Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT in CE – Ceanglóirí inar suíodh nár chomhlíon tionscal intíre arb ionann é agus 27 faoin gcéad de tháirgeadh measta iomlán an táirge chomhchosúil an tairseach chainníochtúil agus nach raibh sé i gcomhréir le hAirteagal 4.1 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT (ADA). (5)

(15)

Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún dá aire nár sholáthair aon cheann de na páirtithe leasmhara barúlacha maidir le sampla tháirgeoirí an Aontais nuair a fógraíodh é ag céim an tionscnaimh. Ar an dara dul síos, baineann an cás a luaigh Rialtas SAM leis an sainmhíniú ar ‘cion mór’ agus tionscnamh faoi 4.1 agus 5.4 den Chomhaontú Frithdhumpála faoi seach seachas sampláil. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na hAirteagail sin maidir le roghnú an tsampla. Diúltaíodh don bharúil sin dá réir sin.

(16)

D’iarr rialtas SAM ar an gCoimisiún freisin míniú a thabhairt maidir leis an gcaoi ar roghnaigh sé an sampla. Mar a luaitear san fhógra tionscnaimh, (6) roghnaigh an Coimisiún sampla sealadach ar thionscnamh na n-imscrúduithe agus bhí an fhaisnéis faoi sin le fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara (7). Ar an Nóta a ghabhann leis an gcomhad bhí ainm na gcuideachtaí a sampláladh agus na critéir a úsáideadh dá roghnú, is é sin, méid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tugadh deis do na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil agus dheimhnigh sé an sampla sealadach.

(17)

Cheistigh Rialtas SAM agus Formosa freisin an fíoras go raibh dhá dholaphróiseálaí sa sampla. Is cinnte go bhfuil INOVYN Manufacturing Belgium SA agus Vynova Wilhelmshaven GmbH ag táirgeadh S-PVC faoi chomhaontuithe dolaphróiseála. Measann an Coimisiún nach dtugann táirgeadh S-PVC faoi chomhaontú dolaphróiseála le tuiscint nach táirgeoirí iad an dá eintiteas sampláilte sin, ach a mhalairt. Chomh maith leis sin, mar a luaigh tionscal an Aontais ina fhreagra ar na barúlacha sin, ba ghá dolaí a áireamh chun na samhlacha gnó éagsúla is infheidhme san Aontas a chumhdach. Tá an dá eintiteas a tháirgeann S-PVC faoi chomhaontuithe dolaphróiseála áirithe i measc na dtáirgeoirí S-PVC is mó san Aontas. Murab ionann agus an méid a luaigh Rialtas SAM, rinne an Coimisiún breithniú ar chostas iomlán táirgthe na dtáirgeoirí, tar éis dó rochtain a fháil ar thaifid chuntasaíochta na bhfiontraithe chuige sin.

(18)

Mhaígh Formosa freisin nach raibh go leor faisnéise sa chomhad oscailte maidir leis na socruithe beachta idir na dolaphróiseálaithe agus a bhfiontraithe chun go mbeadh sé indéanta do na páirtithe leasmhara meastóireacht a dhéanamh ar ionadaíochas an tsampla.

(19)

Mar sin féin, níor chuir Formosa barúlacha isteach maidir leis an sampla beartaithe de thionscal an Aontais nuair a cuireadh ar fáil é ar an gcomhad oscailte, ná níor thug sé barúil maidir le hiomláine an chomhaid oscailte le linn an imscrúdaithe. In aon chás, bhí mionsonraí leordhóthanacha i gcomhad oscailte an imscrúdaithe chun na dolaphróiseálaithe a shainaithint ag céim níos luaithe den imeacht, lena n-áirítear a gcuid struchtúr díolacháin éagsúil, agus dá bhrí sin bhí páirtithe leasmhara in ann measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas an tsampla. Dá bhrí sin, diúltaítear do na maímh sin.

(20)

Mhaígh Rialtas SAM agus Formosa nár chuir an Coimisiún raon geografach thionscal an Aontais san áireamh agus an sampla á roghnú aige. Mar fhreagra ar an mbarúil sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún gur roghnaíodh sampla tháirgeoirí an Aontais i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán, ós rud é go bhfuil sé comhdhéanta de na trí tháirgeoir is mó de chuid an Aontais i dtéarmaí táirgeachta agus díolacháin an Aontais. Thairis sin, tá na táirgeoirí sin go léir de chuid an Aontais lonnaithe i mBallstáit éagsúla (an Bheilg, an Ghearmáin agus an Ísiltír), rud a áirithíonn raon maith geografach agus ualú na mBallstát táirgeora á chur san áireamh. Dá bhrí sin, diúltaítear do na barúlacha sin.

(21)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do bharúlacha maidir le hionadaíochas shampla an Aontais.

(22)

In éagmais aon bharúil bhreise maidir le sampláil, deimhnítear aithrisí (8) go (15) den Rialachán sealadach.

1.5.   Scrúdú aonair

(23)

In éagmais aon bharúlacha, deimhnítear aithris (16) den Rialachán sealadach.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(24)

Cháin Rialtas SAM an ‘folú iomarcach’ a rinne na gearánaigh ar dhoiciméid, rud a mheas sé a chuir bac ar chumas pháirtithe SAM barúil a thabhairt ar phríomhghnéithe an ghearáin. Sháródh sé sin Airteagail 6.4 agus 6.5 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT.

(25)

Rinne an Coimisiún anailís ar an tsaincheist. Chinn sé gur thug Rialtas SAM bréagléiriú ar an gcás nuair a shonraigh sé ‘go bhfuil na hiarscríbhinní uile a ghabhann leis an ngearán faoi rún ina n-iomláine’, nuair nárbh amhlaidh an cás. I gcás go leor iarscríbhinní, is ionann an leagan oscailte agus an leagan rúnda. I gcás go leor iarscríbhinní eile, léiríonn an leagan neamhrúnda i gceart an fhaisnéis a sholáthraítear ina leagan rúnda, agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na cuideachta de. I roinnt cásanna sonracha, níorbh fhéidir achoimre neamhrúnda a dhéanamh mar gheall ar chineál na faisnéise a bhí i gceist. I gcásanna den sórt sin, thug an páirtí nó na páirtithe a sholáthair an fhaisnéis údar leis sin agus rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar rúndacht agus ghlac sé léi. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an leagan neamhrúnda den ghearán forálacha Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán agus Airteagail 6.4 agus 6.5 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT.

(26)

Cháin Rialtas SAM freisin go bhfuil neamhaird déanta ag an gCoimisiún ar bharúlacha Oxy Vinyls maidir le hábhar ró-fholaithe a chuir tionscal an Aontais isteach. I ndáil leis sin, tugtar faoi deara, tar éis barúlacha a fháil ó Oxy Vinyls, go ndeachaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais a chuir leagan athbhreithnithe neamhrúnda dá fhreagra ar an gceistneoir isteach laistigh den sprioc-am a chuir an Coimisiún ar fáil.

(27)

I bhfianaise na gconclúidí thuas, deimhníodh aithrisí (17) go (29) den Rialachán sealadach.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(28)

Fuarthas barúlacha ó rialtas SAM agus ó Formosa maidir leis na síntí teoranta a tugadh do tháirgeoirí onnmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an gceistneoir frithdhumpála agus maidir leis an easpa solúbthachta agus an sceideal fíorúcháin á shocrú, dhá rud a chruthaíonn cruatan gan ghá d’fhreagróirí SAM. Chun bunús a thabhairt leis na maímh sin, tharraing rialtas SAM aird ar an achar ama idir an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar an gceistneoir ar cuireadh síneadh leis agus bearta sealadacha a fhorchur, agus idir fíorú ar an láthair a dhéanamh agus tuarascáil an fhíoraithe sin a eisiúint.

(29)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin agus bhí sé den tuairim nár bhain na samplaí le hábhar, toisc gur thug sé am do tháirgeoirí onnmhairiúcháin freagra a thabhairt ar an gceistneoir thar na 37 lá a sonraíodh san fhógra tionscnaimh, mar gheall ar laethanta saoire an Choimisiúin, agus gur bhunaigh sé go cúramach an sceideal fíorúcháin d’fhonn freastal ar roghanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a mhéid is féidir go praiticiúil. Chuir sé in iúl freisin go dtógann an próiseas imscrúdaitheach ar fad go leor ama agus gur tugadh roinnt deiseanna breise do tháirgeoirí onnmhairiúcháin, tar éis dóibh a bhfreagra ar an gceistneoir a chur isteach, sonraí in easnamh agus/nó sonraí breise a sholáthar, suas go dtí an tráth a dhéanfar na fíoruithe ar an láthair agus le linn na bhfíoruithe sin a bheith á ndéanamh.

(30)

In éagmais aon bharúil bhreise, deimhnítear aithrisí (30) agus (31) den Rialachán sealadach.

1.8.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(31)

Shonraigh Oxy Vinyls gur roghnaigh an Coimisiún an tréimhse imscrúdúcháin ar bhealach lenar áirithíodh an toradh ba mheasa ab fhéidir d’onnmhaireoirí na Stát Aontaithe ó thaobh na díobhála de, mar a léiríodh leis an deilte idir praghsanna conartha na Stát Aontaithe agus praghsanna conartha an Aontais. Thug an Coimisiún dá aire gur roghnaigh sé an tréimhse imscrúdúcháin i gcomhréir lena chleachtas leanúnach agus le hAirteagal 6(1) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaítear don mhaíomh sin.

(32)

In éagmais aon bharúil bhreise, deimhnítear aithris (32) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

(33)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (33) go (38) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   an Éigipt

3.1.1.   An Gnáthluach

(34)

In éagmais barúlacha breise, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (50) go (58) den Rialachán sealadach.

3.1.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(35)

Líomhain TCI Sanmar go raibh earráid thábhachtach ríofa ann toisc nárbh iad praghsanna teorann an Aontais na luachanna CAL tuairiscithe a d’úsáid an Coimisiún toisc nár tuairiscíodh costais iompair agus costais ghaolmhara na n-idirbheart uile a rinneadh ar phraghsanna FAS nó FCA ina tháblaí díolacháin.

(36)

Tugann an Coimisiún dá aire, i gcomhréir lena chleachtas comhsheasmhach agus chun na sonraí is gá a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar phraghsanna onnmhairiúcháin agus ar chorrlaigh dhumpála i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme faoin mbun-Rialachán, go bhfuil sé d’oibleagáid ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin ní hamháin praghas iarbhír an tsonraisc a thuairisciú do gach idirbheart ach praghas CAL ar leithligh den idirbheart céanna freisin. I gcás nach é CAL téarma seachadta an idirbhirt fholuitigh, ní mór don táirgeoir onnmhairiúcháin an luach CAL sin a mheas. Go deimhin, sa chás atá faoi chaibidil, bhí an Coimisiún ag brath ar na luachanna CAL a sholáthair TCI Sanmar. I gcás inarbh é CAL téarma seachadta an idirbhirt fholuitigh, d’ailínigh an Coimisiún an luach CAL a thuairiscigh TCI Sanmar go hearráideach leis an luach sonraisc iarbhír. Bhain an bharúil agus an soiléiriú ón gCoimisiún freisin, mutatis mutandis, leis an bpraghas CAL a úsáideadh chun an corrlach díobhála a ríomh (féach aithrisí (129) agus (130) den Rialachán sealadach).

(37)

De bhun an nochta deiridh, na barúlacha a thug TCI Sanmar roimhe seo maidir leis an tsaincheist, chuir sé in iúl arís iad agus líomhain sé go raibh an Coimisiún ag brath ar luachanna CAL míchuí, agus gur tháinig an earráid ríofa ina dhiaidh sin chun cinn i bpáirt mar gheall ar iarrataí ón gCoimisiún sonraí a chuir TCI Sanmar isteach ar dtús ina fhreagra ar an gceistneoir a leasú. Luaigh TCI Sanmar freisin gur léirigh sonraí Eurostat luach CAL EUR 926 in aghaidh an tona, luach a bhí i bhfad níos airde ná an luach a d’úsáid an Coimisiún ina ríomhanna, toisc gur áiríodh corrlach trádálaí (i measc costais eile) i luachanna CAL Eurostat freisin, ach nach raibh an corrlach sin san áireamh sna luachanna CAL a d’úsáid an Coimisiún.

(38)

Soiléiríonn an Coimisiún, faoina chleachtas cáis comhsheasmhach, go bhfuil tosaíocht ag sonraí a thugann na cuideachtaí aonair i bhfreagraí ar cheistneoir, lena n-áirítear freagraí ar litreacha easnaimh, ar shonraí staidrimh ginearálta agus poiblí, go háirithe má tá siad le húsáid le haghaidh ríomh a bhaineann go sonrach le cuideachta. Ní bhaineann na sonraí staidrimh go sonrach le cuideachta ar leith, agus níl siad ar fáil ach oiread ar bhonn idirbhirt. Shoiléirigh an Coimisiún freisin gur ar gach páirtí atá faoi réir imscrúdaithe atá an fhreagracht sonraí cruinne a thuairisciú.

(39)

In éagmais barúlacha breise, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (59) agus (60) den Rialachán sealadach.

3.1.3.   Comparáid

(40)

Meabhraítear go gceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna.

(41)

Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith costais phacála.

(42)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar, árachas, láimhseáil agus lódáil chomh maith le pacáil. Cuireadh san áireamh na costais chreidmheasa i gcás ina ndearna na costais sin difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna (féach freisin aithris (47) den Rialachán seo agus aithris (67) den Rialachán sealadach).

(43)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, d’athdhearbhaigh TCI Sanmar maímh a rinneadh roimhe seo, á rá gur cheart gnáthluachanna a ísliú i bhfianaise éifeachtaí géarchéime airgeadra ar gheilleagar na hÉigipte le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Chun na críche sin, thagair TCI Sanmar d’aithris (64) den Rialachán sealadach, ina ndearnadh achoimre ar mhaíomh TCI Sanmar a bhí ann roimhe seo, a raibh sé i gceist leis go bunúsach úsáid a bhaint as an ráta malairte a leag Banc Ceannais na hÉigipte (‘CBE’) síos an 6 Márta 2024 ar mhaithe leis an dumpáil a ríomh maidir le hidirbhearta a rinneadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. idir an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus an 30 Meán Fómhair 2023. Dúirt TCI Sanmar freisin gur léirigh imthosca foluiteacha na díluachála ar EGP, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go raibh fíorluach EGP i bhfad níos lú ná Ráta foilsithe CBE. Ina aighneacht tar éis an nochta shealadaigh, líomhain TCI Sanmar nár thug an Coimisiún aghaidh ar argóint TCI Sanmar sa Rialachán sealadach.

(44)

Rinne Rialtas na hÉigipte aighneacht freisin tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach inar thagair sé do mhaíomh TCI Sanmar in aithris (43) agus dúirt sé freisin go raibh an fhianaise a cuireadh isteach (coigeartú ar an ráta malairte an 6 Márta 2024) ábhartha don imscrúdú reatha. Ina aighneacht, thagair Rialtas na hÉigipte go míshoiléir do Thuarascáil ó Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT maidir leis an Airgintín – Tíleanna Ceirmeacha inar shuigh Buanchomhlacht Achomhairc EDT nár cheart fianaise i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin a bhaineann go díreach le hidirbhearta sa tréimhse imscrúdúcháin a dhíbhe toisc í a bheith neamhábhartha.

(45)

Tagraíonn an Coimisiún d’aithrisí (65) agus (66) den Rialachán sealadach inar tugadh aghaidh ar na barúlacha go hiomlán agus inar bréagnaíodh iad. Mheas an Coimisiún go raibh locht ar an maíomh a rinne Rialtas na hÉigipte toisc gur shocraigh CBE rátaí malairte is infheidhme i rith na tréimhse imscrúdúcháin ar fad ar cheart iad a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, maidir le hidirbhearta a rinneadh sa tréimhse imscrúdúcháin sin. Ar ndóigh, níor cheart ráta malairte a socraíodh an 6 Márta 2024 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a rinneadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin a mhair ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. I ndáil leis sin, is cosúil nach bhfuil úsáid an ráta malairte a mhol TCI Sanmar i gcomhréir le ceanglais Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán.

(46)

De bhun an nochta deiridh, mhaígh TCI Sanmar arís, na rátaí malairte oifigiúla arna leagan síos ag Banc Ceannais na hÉigipte (CBE) don tréimhse imscrúdúcháin, nach léiriú iad ar fhíordhálaí an mhargaidh. Tugann an Coimisiún dá aire nach raibh an maíomh athdhearbhaithe oiriúnach chun an measúnú a rinne an Coimisiún roimhe seo a athrú, measúnú a leagtar síos faoi aithrisí (65) agus (66) den Rialachán sealadach agus aithris (45) an Rialacháin seo.

(47)

Chuir TCI Sanmar an dara maíomh isteach maidir leis an gcomparáid idir gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin, dá ndearna an Coimisiún tagairt in aithris (67) den Rialachán sealadach. Mar gheall ar chineál íogair na bhfíoras bunúsach, níor thug an Coimisiún aghaidh ar an maíomh sin ach amháin le TCI Sanmar.

(48)

De bhun an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh TCI Sanmar an maíomh dá dtagraítear faoin aithris roimhe seo thuas, maidir le liúntas costas creidmheasa. Arís, i bhfianaise a íogaire atá na fíorais bhunúsacha, dheimhnigh an Coimisiún bréagnú an mhaímh sin i leith TCI Sanmar amháin.

(49)

D’athdhearbhaigh Rialtas na hÉigipte an maíomh a rinne TCI Sanmar agus dá dtagraítear faoi aithris (47) thuas agus gan á rá aige ach gur cheart coigeartú suas a dhéanamh ar phraghsanna onnmhairiúcháin TCI Sanmar, onnmhaireoir de chuid na hÉigipte, bunaithe ar fhianaise a cuireadh isteach. Bhí sé i gceist leis an maíomh sin ó TCI Sanmar an praghas onnmhairiúcháin a ardú, ach bhí coigeartú anuas ar an bpraghas onnmhairiúcháin mar thoradh ar anailís an Choimisiúin ar an maíomh. Mheas Rialtas na hÉigipte, le diúltú an Choimisiúin coigeartú suas ar phraghsanna onnmhairiúcháin TCI Sanmar a dheonú, gur sáraíodh Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear do phrionsabal na comparáide córa idir gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin. I ndáil leis sin, thagair Rialtas na hÉigipte do Thuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc EDT, maidir le AE – Ceanglóirí (an tSín), inar léiríodh an gá atá le comparáid chóir faoi Airteagal 2.4 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(50)

Deimhníonn an Coimisiún go ndearna sé comparáid chóir idir gnáthluach agus praghsanna onnmhairiúcháin a áirithiú. Ar chúiseanna rúndachta, ní fhéadfaí na sonraí bunúsacha a roinnt go díreach ach amháin le TCI Sanmar.

(51)

In éagmais aon bharúil bhreise, deimhnítear leis seo aithrisí (61) go (68) den Rialachán sealadach.

3.1.4.   Corrlaigh dhumpála

(52)

In éagmais aon bharúil glactha maidir leis an gcorrlach dumpála a ríomh, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithris (72) den Rialachán sealadach.

(53)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

TCI Sanmar Chemicals S.A.E.

86,1 %

Egyptian Petrochemicals Company

109,5 %

Gach cuideachta eile

109,5 %

3.2.   Stáit Aontaithe Mheiriceá

3.2.1.   An Gnáthluach

(54)

Ina fhreagra ar an gceistneoir, sholáthair Westlake an costas comhdhlúite chun clóirín agus sóid loiscneach a tháirgeadh agus d’asbhain sé an t-ioncam a ghintear trí shóid loiscneach a dhíol. Ag an gcéim shealadach, dhiúltaigh an Coimisiún don choigeartú sin. Sonraíodh na cúiseanna leis an gcur chuige seo sa nochtadh aonair a rinneadh do Westlake, mar seo a leanas:

(i)

is iad clóirín agus eitiléin na hamhábhair a úsáidtear chun VCM a tháirgeadh, an bunábhar a úsáidtear chun S-PVC a tháirgeadh. Is comhtháirgí den phróiseas clór-alcaileach iad an tsóid loiscneach agus an clóirín. Dá bhrí sin, ní seachtháirge í sóid loiscneach de S-PVC, ná ní comhtháirge í i dtáirgeadh S-PVC atá ina phróiseas táirgthe atá neamhspleách go hiomlán agus réamhtheachtach den cheann lena dtáirgtear sóid loiscneach.

(ii)

shainaithin an Coimisiún roinnt píosaí faisnéise a chuir Westlake ar fáil, inar míníodh gur comhtháirgí de phróiseas leictriceimiceach iad an clóirín agus an sóid loiscneach ina úsáidtear salann clóiríde sóidiam agus leictreachas mar amhábhair. Sa tuarascáil seo, míníonn siad an próiseas lán-chomhtháite clór-alcaile go S-PVC (próiseas CAV mar a thugtar air) agus sainmhínítear sóid loiscneach mar chomhtháirge sa phróiseas clór-alcaile, ní mar sheachtháirge.

(iii)

i gcomhad a chuir Westlake isteach, coinníodh torthaí oibriúcháin sóide loiscní agus clóirín ar leithligh, rud a léiríonn gur dhá ghnó ar leithligh iad EBIT na sóide loiscní agus an chlóirín, a bhfuil a gcostais agus a n-ioncaim féin ag gabháil leis an dá ghnólacht.

(iv)

i gcomhad eile a chuir Westlake isteach, rinne an chuideachta idirdhealú soiléir idir an dá ghnó ar leithligh, is iad sin clóirín agus an tsóid loiscneach, trí chostas na monaraíochta mar a bhaineann sé le táirgeadh an dá chomhtháirge a thuairisciú.

(v)

Tá tuiscint ghinearálta ann go dtáirgtear comhtháirge in éineacht leis an bpríomhtháirge d’aon ghnó

(55)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir Westlake i gcoinne chur chuige an Choimisiúin maidir leis an tsaincheist sin. D’áitigh sé go raibh sé ríthábhachtach a léiriú go bhfuil S-PVC agus sóid loiscneach fite fuaite ina dtáirgeadh agus bunaithe ar chomhbhrabúis. Chun bunús a thabhairt leis an bpointe sin, thagair sé don tuairisc ón gCoimisiún ar tháirgeadh PVC ina chinneadh maidir leis an imscrúdú cumaisc INEOS/Solvay/JV. (8) Sa Chinneadh sin, thug an Coimisiún tuairisc ar shóid loiscneach mar sheachtháirge de tháirgeadh PVC.

(56)

Thug an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, nár tharraing Westlake aon argóintí anuas lenar bréagnaíodh pointí ii) go iv) in aithris (54) sa bhreis ar na hargóintí sin a bhí san áireamh ina nochtadh aonair. Ní dhearna sé trácht ach ar phointe v) (agus dá bhrí sin, go hintuigthe, ar phointe i) freisin), agus luaigh sé nár aontaigh sé gur comhtháirge í sóid loiscneach. D’áitigh Westlake gur cheart a mheas gur seachtháirge í sóid loiscneach, mar a fuair an Coimisiún amach san imscrúdú cumaisc thuasluaite.

(57)

Maidir le INEOS/Solvay/JV, thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil cinntí a dhéanann Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta de chuid an Choimisiúin in imscrúduithe cumaisc ceangailteach ar imscrúduithe cosanta trádála a dhéanann Ard-Stiúrthóireacht na Trádála faoi shraith éagsúil rialacha. In aon chás, deimhnítear leis an gCinneadh foilsithe san imscrúdú cumaisc INEOS/Solvay/JV gur seachtháirge é sóid loiscneach de leictrealú salainn agus uisce – ní de S-PVC. Luaitear ann freisin gurb é sóid loiscneach an seachtháirge is ábhartha go heacnamaíoch sa slabhra ingearach PVC féin - agus ní do S-PVC amháin (9).

(58)

Ar bhonn a bhfuil thuas, diúltaíodh do mhaíomh Westlake maidir leis an gcoigeartú sóide loiscní.

(59)

Rinne Formosa roinnt maíomh maidir le ríomh an ghnáthluacha. Bhain an chéad mhaíomh le botún líomhnaithe a rinne an Coimisiún nuair a rinne sé athbhreithniú ar dtús, ag céim an réamhnochta, ar na hioncaim agus na costais airgeadais a tuairiscíodh i dtábla brabúsachta Formosa agus ina dhiaidh sin, nuair a forchuireadh na bearta sealadacha, nach raibh na barúlacha a fuarthas ó Formosa maidir leis an athbhreithniú sin breithnithe aige. Bhain an dara botún líomhnaithe leis an measúnú ar na costais ghaolmhara iompair a tuairiscíodh sa tábla céanna. Bhain an tríú maíomh le láimhseáil lascainí díolacháin. Bhain an ceathrú maíomh le ríomh na Speansas Díola, Ginearálta agus Riaracháin nuair is gá an gnáthluach a ríomh. Bhain an maíomh deireanach leis an modheolaíocht chun díolacháin bhrabúsacha na cuideachta a ríomh i ríomh na dumpála.

(60)

Diúltaíodh do cheithre cinn acu sin agus glacadh le ceann amháin acu. Níor nochtadh na cúiseanna lena ndiúltú agus le glacadh le maíomh amháin ach don chuideachta féin, toisc nach raibh achoimre déanta ar na barúlacha i leagan oscailte.

(61)

In éagmais aon bharúil bhreise, deimhnítear leis seo aithrisí (73) go (81) den Rialachán sealadach.

(62)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Formosa dhá mhaíomh a bhaineann le ríomh an ghnáthluacha dá dtagraítear faoi aithris (59), go háirithe an maíomh a bhaineann leis an iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháileadh na n-ioncam agus na gcostas airgeadais a tuairiscíodh sa tábla brabúsachta agus an maíomh modheolaíochta ar an gcaoi ar cheart don Choimisiún céatadán na gcostas Díola, Ginearálta agus Riaracháin a ríomh.

(63)

Dhiúltaigh an Coimisiún don dá mhaíomh bunaithe ar na mínithe a cuireadh isteach cheana in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na doiciméid nochta shonracha a seoladh chuig Formosa an 29 Deireadh Fómhair 2024 (10). I mbeagán focal, i gcás an chéad mhaímh, bhí an Coimisiún ag brath ar fhigiúirí fíoraithe. Maidir leis an dara maíomh, dheimhnigh an Coimisiún gur ríomhadh céatadán SGA i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa dumpála bunaithe mar chéatadán den láimhdeachas díolachán díreach ón monarcha a tuairiscíodh sa tábla brabúsachta.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(64)

Mar a mhínítear in aithris (83) den Rialachán sealadach, maidir leis na díolachán indíreacha trí thrádálaithe neamhchomhlachaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar díoladh an táirge lena mbaineann leis na trádálaithe sin.

(65)

D’áitigh Westlake nach raibh a fhios aige, tráth an díola leis na trádálaithe neamhchomhlachaithe sin, an raibh na hearraí sonracha a díoladh, nó na méideanna díobh, ceaptha don Aontas. Dá bhrí sin, d’áitigh sé nach mbaineann praghsanna na ndíolachán sin go sonrach le margadh an Aontais agus nárbh fhéidir a mheas gur léiriú iad na díolacháin sin ar phraghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas. Mhaígh sé dá bhrí sin nár cheart na díolacháin sin a bheith curtha san áireamh sa ríomh dumpála. Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuair sé faisnéis le linn an imscrúdaithe a chuir ar a chumas ceann scríbe an Aontais a bhunú le haghaidh líon mór idirbheart leis na trádálaithe neamhchomhlachaithe sin agus nár áiríodh i ríomh an phraghais onnmhairiúcháin ach na hidirbhearta sin a bhféadfaí ceann scríbe an Aontais a shuí ina leith. Rinneadh díolacháin onnmhairiúcháin indíreacha nárbh fhéidir ceann scríbe an Aontais a dheimhniú ina leith a eisiamh ón ríomh dumpála. Shuigh an Coimisiún nach raibh sé ábhartha cé acu a bhí nó nach raibh Westlake ar an eolas faoi cheann scríbe deiridh na ndíolachán onnmhairiúcháin sin tráth an díola leis an trádálaí intíre neamhchomhlachaithe. Léirigh na fíorais gur díolacháin leis an Aontas iad na hidirbhearta díolacháin sin agus dá bhrí sin cuireadh san áireamh iad sa ríomh dumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(66)

In éagmais aon bharúil bhreise, deimhnítear leis seo aithrisí (82) agus (83) den Rialachán sealadach.

3.2.3.   Comparáid

(67)

Meabhraítear go gceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna.

(68)

Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith speansais láimhseála, luchtaithe agus choimhdeacha, agus i leith costais lasta agus árachais. Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: Costais chreidmheasa, costais phacála, lascainí agus liúntais eile, nuair is infheidhme.

(69)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith speansais láimhseála, luchtaithe agus choimhdeacha, agus i leith costais lasta agus árachais. Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: Costais chreidmheasa, costais phacála agus lascainí, nuair is infheidhme.

(70)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear leis seo aithrisí (84) go (85) den Rialachán sealadach.

3.2.4.   Corrlaigh dhumpála

(71)

Mar thoradh ar an maíomh ar glacadh leis go páirteach ó Formosa, tháinig athrú beag ar a chorrlach dumpála, a chuaigh ó 70,3 %, mar a léirítear in aithris (87) den Rialachán sealadach, go 71,2 %.

(72)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Formosa Plastics Corporation

71,2 %

Westlake Chemicals

58,0 %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

62,3 %

Gach cuideachta eile

77,0 %

4.   DÍOBHÁIL

(73)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, mhaígh Formosa gur caitheadh amhras ar iontaofacht na dtáscairí sin toisc go raibh roinnt táscairí díobhála bunaithe ar mheastacháin.

(74)

Mar fhreagra ar an mbarúil sin, thug an Coimisiún dá aire gur mheas sé na macratháscairí don mheasúnú díobhála amhail méid an táirgthe agus na ndíolachán etc., ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó tháirgeoirí sampláilte agus neamhshampláilte an Aontais agus ó Eurostat, mar a mhínítear go bunúsach in aithris (100) den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, níor shainaithin Formosa aon fhadhb shonrach leis na meastacháin sin ná níor sholáthair sé meastacháin mhalartacha.

(75)

Ar bhonn a bhfuil thuas, diúltaíodh do na barúlacha sin ó Formosa.

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(76)

In éagmais aon bharúil maidir leis an roinn sin, deimhníodh aithrisí (92) go (93) den Rialachán sealadach.

4.2.   Cinneadh an mhargaidh ábhartha de chuid an Aontais

(77)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh Westlake agus Oxy Vinyls a maímh gur cheart an t-ioncam agus na brabúis a rinneadh ó dhíolacháin sóide loiscní a bhreithniú san anailís ar díobháil, agus go raibh S-PVC agus sóid loiscneach fite fuaite ina dtáirgeadh agus ina margaí. Go háirithe, mhaígh Oxy Vinyls nár thug an Coimisiún cúiseanna leordhóthanacha nuair a dhiúltaigh sé gur cheart gnó na sóide loiscní a chur san áireamh sa mheasúnú díobhála freisin. Thairis sin, líomhain Westlake go mbraitheann táirgeoirí S-PVC atá comhtháite i dtáirgeadh clóirín ar chomhbhrabúis.

(78)

Tugann an Coimisiún dá aire nár chuir Westlake agus Oxy Vinyls aon fhianaise bhreise ar fáil a chaithfeadh amhras ar na torthaí in aithrisí (97) den Rialachán sealadach agus ar na torthaí sealadacha mar a mhínítear in aithrisí (55) go (58) thuas. In aon chás, meabhraíonn an Coimisiún nach bhfuil táirgeoirí uile an Aontais ag gabháil do tháirgeadh clóirín. Ina theannta sin, is comhtháirgí de phróiseas Clór-Alcaile iad S-PVC agus sóid loiscneach agus ní comhtháirge ná seachtháirge de tháirgeadh S-PVC í sóid loiscneach, agus dá bhrí sin ba cheart go ndéileálfar ar leithligh léi.

(79)

Barúil an-doiléir a bhí i mbarúil Oxy Vinyls inar mhaígh siad nár thug an Coimisiún cúiseanna leordhóthanacha nuair a dhiúltaigh sé sóid loiscneach a chur san áireamh san anailís ar dhíobháil agus níor sonraíodh go beacht leis na tosca ábhartha a mbeadh tionchar acu ar thionscal an Aontais, mar gheall ar an diúltú sin. Ní aontaíonn an Coimisiún leis an ráiteas thuas ó Oxy Vinyls ar na cúiseanna seo a leanas. In aithrisí (96) agus (97) den Rialachán sealadach, mhínigh an Coimisiún go soiléir próiseas táirgthe an táirge atá faoi imscrúdú ag an táirgeoir sampláilte eile de chuid an Aontais agus ábharthacht na sóide loiscní sa phróiseas sin. Tugann an Coimisiún dá aire anseo arís gur cheannaigh na táirgeoirí sampláilte uile de chuid an Aontais clóirín ó eintitis dhlíthiúla ar leithligh, bídís comhlachaithe nó neamhchomhlachaithe. Dá bhrí sin, bhí táirgeadh sóide loiscní ar leith ón bpróiseas táirgthe S-PVC agus ní dhearna sé difear do chostas táirgthe ná do bhrabúsacht an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. Mhaígh Oxy Vinyls freisin go raibh sé de dhualgas ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar dheighilt mhargadh an táirge atá faoi imscrúdú. I ndáil leis sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon deighilt sa mhargadh le haghaidh S-PVC mar a mhínítear go mionsonraithe in aithrisí (98) agus (99) den Rialachán sealadach. Níor chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin aon fhianaise nua isteach lena gcaithfí amhras ar an gconclúid shealadach maidir le deighilt an mhargaidh, dá bhrí sin diúltaíodh don mhaíomh sin.

(80)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (94) go (99) den Rialachán sealadach.

(81)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Oxy Vinyls a mhaíomh gur cheart don Choimisiún a mheas gur tionscail chomhtháite iad PVC agus sóid loiscneach, ar gá breithniú carnach a dhéanamh orthu sa mheasúnú díobhála. Chun tacú leis an maíomh sin, thagair sé go príomha don tuairisc ón gCoimisiún ar tháirgeadh PVC ina chinneadh maidir leis an imscrúdú cumaisc INEOS/Solvay/JV.

(82)

Maidir leis an méid thuas, tá an seasamh céanna ag an gCoimisiún go fóill, mar a leagtar amach in aithris (57) thuas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

(83)

In éagmais aon bharúil maidir le tomhaltas an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (100) go (103) den Rialachán sealadach.

4.4.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.4.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(84)

Chuir Rialtas na hÉigipte, TCI Sanmar agus Westlake i gcoinne an mheasúnaithe charnaigh ar éifeachtaí allmhairí ón Éigipt agus ó SAM toisc gur diomaibhseach an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón Éigipt ina measúnú. Mar thaca lena maíomh, thagair Westlake agus TCI Sanmar freisin do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás Eurofer v an Coimisiún (11), cás inar shoiléirigh an Chúirt nach tairseach éigeantach é ceanglas 1 % in Airteagal 5(7) agus in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán ar os a cionn a chuirtear cosc ar an gCoimisiún a chinneadh go bhfuil allmhairí ó thír ar leith diomaibhseach.

(85)

Athdhearbhaíonn an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go raibh na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann os cionn na tairsí maidir le neamhcháilitheacht a leagtar amach i gComhaontú Frithdhumpála EDT (12). Mheabhraigh an Coimisiún gur shroich na hallmhairí ón Éigipt sciar 1,92 % den mhargadh sa tréimhse imscrúdúcháin atá go soiléir os cionn na tairsí de minimis a leagtar síos in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Thairis sin, i gcás Eurofer v an Coimisiún, luaigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadfaí a mheas go bhfuil an sciar den mhargadh ‘beagáinín’ níos airde ná 1 % diomaibhseach, rud a fhágann go bhfuil solúbthacht éigin ag an gCoimisiún maidir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar an méid a mheasfaí a bheith diomaibhseach i ngach cás. San imscrúdú áirithe seo, an sciar 1,92 % den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, measadh nach raibh sé ‘beagáinín’ níos airde ná 1 % agus dá bhrí sin nach raibh sé diomaibhseach.

(86)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh aithrisí (104) go (107) den Rialachán sealadach.

(87)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh TCI a mhaíomh maidir le dícharnadh, agus é ag tagairt do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás Eurofer v an Coimisiún. Measann an Coimisiún go bhfuil scrúdú cuí déanta aige ar a mhaíomh, mar a mhínítear in aithris (85) thuas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.4.2.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(88)

Cheistigh Westlake an mhodheolaíocht a roghnaigh an Coimisiún maidir le meastachán a dhéanamh ar mhéid allmhairí E-PVC a thagann faoi chód AC 3904 10 00 . Go háirithe, cheistigh Westlake an chaoi ar thángthas ar an gconclúid gur léirigh an 4 % den mhéid allmhairí faoin gcód AC sin méid na n-allmhairí E-PVC isteach san Aontas. I ndáil leis sin, mar a mhínítear in aithris (102) den Rialachán sealadach, bhunaigh an Coimisiún roinnt na n-allmhairí faoi chód AC 3904 10 00 idir an dá chineál PVC ar fhaisnéis mhargaidh a áiríodh sa ghearán. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire nár chuir Westlake aon fhianaise ar fáil go raibh meastacháin an Choimisiúin mícheart ná ní dhearna siad, ach oiread, modheolaíocht mhalartach níos iomchuí a chur ar fáil chun sciar E-PVC a ríomh. Ina theannta sin, ní leor amhras a chur in iúl gan aon saincheist a shainaithint chun amhras a chaitheamh ar chur chuige an Choimisiúin atá bunaithe ar fhaisnéis mhargaidh. Mhaígh Oxy Vinyls nach raibh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ó na Stáit Aontaithe toisc gur lean allmhairí de bheith ag laghdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an argóint sin bunaithe ar na sonraí ráithiúla maidir le hallmhairí ó na Stáit Aontaithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ós rud é go raibh na hallmhairí le linn na ráithe deiridh den tréimhse imscrúdúcháin ar an leibhéal is ísle, tháinig sé ar an gconclúid gur lean allmhairí de bheith ag laghdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirítear i dTábla 1 sonraí ráithiúla maidir le hallmhairí. Le linn na gceithre ráithe uile den tréimhse imscrúdúcháin, bhí na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann níos airde ná na hallmhairí ráithiúla a breathnaíodh bliain amháin roimhe sin.

Tábla 1

Méideanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (tonaí), sonraí ráithiúla

 

12 mhí roimh an tréimhse imscrúdúcháin

Tréimhse Imscrúdúcháin

Bliain

2021

2022

2022

2022

2022

2023

2023

2023

Ráithe

Q4

Q1

Q2

Q3

Q4

Q1

Q2

Q3

an Éigipt

1 176

8 676

7 443

10 116

18 327

21 176

11 798

10 702

SAM

9 787

10 590

30 744

33 087

53 291

88 610

86 199

39 290

Iomlán

10 964

19 266

38 187

43 203

71 619

109 786

97 997

49 992

Athrú thar an ráithe chéanna roimhe seo

(R, B/R, B-1)

553 %

470 %

157 %

16 %

Foinse:

Eurostat

(89)

I bhfianaise a bhfuil thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na barúlacha agus dheimhnigh sé na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (108) go (110) den Rialachán sealadach.

(90)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Oxy Vinyls nár thug an Coimisiún aghaidh ar a líomhain maidir le trasloingsiú líomhnaithe allmhairí SAM chuig an Ríocht Aontaithe trí Bhallstáit an Aontais, rud a d’fhág gur taifeadadh méideanna níos airde allmhairí ó SAM sna himeachtaí seo.

(91)

Thug an Coimisiún dá aire nach n-áirítear sna figiúirí allmhairiúcháin a bhaintear as Eurostat earraí a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais agus a thrasloingsítear chuig cinn scríbe eile tríd an nós imeachta idirthurais, ach go ngabhtar leo earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(92)

Mhaígh Oxy Vinyls freisin nach raibh aon fhíormhéadú ar allmhairí dumpáilte ó SAM, ach tháinig aon ardú i gcomhthráth le tréimhsí force majeure, rud a léiríonn nach ndearna siad ach aghaidh a thabhairt ar an easnamh soláthair ar mhargadh an Aontais.

(93)

I ndáil leis sin, chinn an Coimisiún gur tharla formhór na dteagmhas force majeure go luath sa tréimhse faoi bhreathnú, is é sin in 2020 agus 2021, agus dá bhrí sin, ní féidir leis míniú a thabhairt ar an díobháil a léiríodh sa tréimhse imscrúdúcháin tar éis gur tháinig borradh faoi allmhairí dumpáilte ón dara leath de 2022.

(94)

I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh do na maímh a rinne Oxy Vinyls roimh an nochtadh deiridh.

4.4.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(95)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, mhaígh TCI Sanmar nár leor na praghsanna allmhairiúcháin a bheith níos ísle ná praghsanna an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a léiriú gur bhain díobháil do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún an cur chuige céanna agus atá sa chinneadh (13) Pentaerythritol a úsáid agus deireadh a chur leis an imscrúdú.

(96)

Ní raibh an cás a luaigh TCI Sanmar infheidhme ar chor ar bith maidir leis an imscrúdú a bhí idir lámha toisc go raibh an staid fhíorasach i gcinneadh Pentaerythritol an-difriúil. San imscrúdú sin, tháinig méadú 8 % ar mhéideanna na n-allmhairí dumpáilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach san imscrúdú seo ba é 91 % an méadú ar allmhairí dumpáilte idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin toisc gur tháinig méadú faoi dhó ar na méideanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (ó 2020 go 2022 tháinig méadú 131 286 thona ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte ach ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú breise 157 119 dtona ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte). In aon chás, scrúdaítear fíorais gach imeachta frithdhumpála ar a bhfiúntas féin agus níl an Coimisiún faoi cheangal na conclúidí ar thángthas orthu i gcásanna eile a leanúint. (14) Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(97)

Ina theannta sin, d’iarr Oxy Vinyls go ndéanfaí measúnú dinimiciúil ar an sladghearradh don tréimhse iomlán faoi bhreathnú trína mhaíomh nach raibh an measúnú a rinne an Coimisiún iomchuí toisc go raibh sé statach. Mar thaca leis an méid sin, luaigh Oxy Vinyls roinnt tuarascálacha de chuid EDT (15). Líomhain an páirtí céanna go raibh difríocht shuntasach idir spotphraghsanna agus praghsanna conartha tháirgeoirí SAM agus tháirgeoirí an Aontais agus gur cheart don Choimisiún a chomparáid maidir le díobháil agus praghsanna dumpála a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an tsraith chéanna praghsanna.

(98)

Ar deireadh, mhaígh Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh anailís an Choimisiúin ar shladghearradh praghsanna bunaithe ar phraghsanna CAL a fuarthas ó tháirgeoirí sampláilte na Stát Aontaithe le linn na tréimhse imscrúdaithe amháin agus nár léirigh an fíoras go raibh sé ag brath ar an tréimhse 12 mhí chéanna dá anailís ar shladghearradh praghsanna agus dá ríomhanna corrlaigh dumpála araon na difríochtaí bunúsacha idir an dá anailís.

(99)

Tugann an Coimisiún dá aire go ndearnadh a anailís sladghearrtha i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún comparáid praghsanna don tréimhse iomlán faoi bhreathnú lenar scrúdaíodh treocht na bpraghsanna agus lenar comhcheanglaíodh é sin le ríomhanna mionsonraithe an tsladghearrtha agus an ghearrdhíola, bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta ar thaobh an táirgeora onnmhairiúcháin agus ar thaobh thionscal an Aontais araon, don tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, mar a mhínítear in aithrisí (115) go (116) den Rialachán sealadach, rinneadh an corrlach sladghearrtha a ríomh ar leibhéal an chineáil táirge agus sna ceistneoirí do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do tháirgeoirí sampláilte an Aontais, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe sin na sonraí díolacháin a sholáthar bunaithe ar na cineálacha táirge don tréimhse imscrúdúcháin amháin. Níor thug aon pháirtí leasmhar barúil ar an gceistneoir á mhaíomh gur cheart don Choimisiún iarraidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais na sonraí díolacháin a thuairisciú ar leibhéal an chineáil táirge don tréimhse iomlán faoi bhreathnú ná níor thug aon pháirtí barúil nár ghá idirdhealú a dhéanamh idir spotdíolacháin agus díolacháin chonartha mar gheall ar struchtúr na huimhreach rialaithe táirge (PCN). Ar bhonn a bhfuil thuas, diúltaíodh do na barúlacha maidir le sladghearradh.

(100)

D’áitigh Oxy Vinyls agus Westlake freisin nach raibh aon fhianaise ann go raibh comhghaol idir praghsanna thionscal an Aontais agus na hallmhairí, ach go raibh ar tháirgeoirí an Aontais praghsanna a laghdú mar gheall ar dhinimic an mhargaidh seachas éifeacht na n-allmhairí. Ina theannta sin, mhaígh TCI Sanmar agus Oxy Vinyls nach raibh aon fhianaise ar chúngach praghsanna. Chomh maith leis sin, mhaígh rialtas SAM gur shuigh an Coimisiún nár chuir allmhairí ón Éigipt agus ó SAM an táirge comhchosúil faoi chois ach amháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(101)

Chinn an Coimisiún go raibh comhghaol soiléir idir an méadú ar mhéid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an laghdú de réir a chéile ar phraghsanna allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh air sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann díol ar phraghsanna lena gcumhdaítear a gcostas táirgthe agus dá bhrí sin bhain caillteanas dó le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Go deimhin, ba léir an comhghaol sin nuair a breathnaíodh ar na héagsúlachtaí idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin, nuair a tháinig méadú 91 % ar mhéideanna na n-allmhairí agus méadú 116 % ar an sciar den mhargadh, rud ba chúis le laghdú 28 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(102)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (111) go (117) den Rialachán sealadach.

(103)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Oxy Vinyls an maíomh a rinne sé níos luaithe maidir leis an measúnú dinimiciúil ar shladghearradh. Tá na torthaí céanna ag an gCoimisiún go fóill, mar a leagtar amach in aithris (99) thuas.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(104)

I dteannta roinnt barúlacha maidir le táscairí díobhála sonracha ar tugadh aghaidh orthu i ngach roinn, fuair an Coimisiún barúlacha ó Formosa maidir leis an anailís fhoriomlán ar dhíobháil a rinne sé. Mhaígh Formosa gur theip ar an gCoimisiún fianaise dhaingean a sholáthar maidir le díobháil do tháirgeoirí an Aontais toisc nár léirigh roinnt táscairí díobhála treocht dhiúltach ach gur fhan siad dearfach nó cobhsaí ar a laghad, amhail acmhainneacht táirgeachta, praghsanna agus brabúsacht. Ina theannta sin, ní féidir an laghdú ar an sciar den mhargadh a mheas ach mar laghdú an-bheag toisc gur fhan tionscal an Aontais os cionn 80 % fiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(105)

Níor bhreithnigh an Coimisiún na táscairí éagsúla ina n-aonar ach ghlac sé na táscairí díobhála go léir le chéile agus, in ainneoin an méid a mhaígh Formosa, léirigh formhór na dtáscairí sin treocht dhiúltach. Thairis sin, ní ceanglas dlíthiúil é chun díobháil ábhartha a shuí go léiríonn gach táscaire díobhála treocht dhiúltach.

(106)

In éagmais aon bharúil shonrach eile maidir leis an roinn seo, deimhníodh aithrisí (118) go (122) den Rialachán sealadach.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(107)

Cháin Rialtas SAM an Coimisiún as staitisticí oifigiúla 2022 a úsáid go sealadach chun meastachán a dhéanamh ar tháirgeadh S-PVC san Aontas don tréimhse imscrúdúcháin.

(108)

D’úsáid an Coimisiún na sonraí staidrimh is déanaí a bhí ar fáil chun meastachán a dhéanamh ar tháirgeadh S-PVC san Aontas. Ina theannta sin, theip ar Rialtas SAM aon fhianaise a sholáthar a chaithfeadh amhras ar iontaofacht na sonraí a d’úsáid an Coimisiún nó ar shonraí níos déanaí chun meastachán a dhéanamh ar an táirgeadh.

(109)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’eisigh Eurostat na figiúirí is déanaí uaidh maidir le táirgeadh an táirge lena mbaineann le haghaidh 2023. (16) Tar éis an nuashonraithe sin, tháinig meáchan coibhneasta tháirgeoirí S-PVC chun bheith ina 65 % den táirgeacht iomlán don tréimhse imscrúdúcháin. Mar chonclúid, bhí an anailís a rinne an Coimisiún ar bhonn shonraí 2022, i gcás ina raibh meáchan na dtáirgeoirí S-PVC 66 % fós bailí chun táirgeacht an Aontais a chinneadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(110)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (123) go (127) den Rialachán sealadach.

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(111)

Líomhain TCI Sanmar nach de thoradh na dumpála díobhálaí a chaill tionscal an Aontais an stádas atá aige i margadh an Aontais, is é sin amhail nach mór go bhfuil monaplacht aige, ach gur léirigh sé gnáthphróiseas iomaíoch agus cineál timthriallach an tionscail le luaineachtaí san éileamh agus athruithe i sciar an tsoláthair. Líomhain TCI Sanmar gur mheas an Chúirt Ghinearálta i mbreithiúnas Hubei (17) nach mór laghdú ar an sciar den mhargadh a mheas i bhfianaise go raibh sciar suntasach den mhargadh ag an tionscal.

(112)

Meabhraíonn an Coimisiún nach raibh imthosca an imscrúdaithe is bun le breithiúnas Hubei mar an gcéanna leis an gcás seo. Go háirithe, luaitear sa bhreithiúnas a ndéantar tagairt dó ‘go maíonn an t-iarratasóir, go bunúsach – agus mar is ceart – seachas an laghdú ar sciar thionscal an Chomhphobail den mhargadh, go bhfuil na tosca eacnamaíocha dá dtagraítear thuas dearfach agus, ar an iomlán, go dtugann siad léargas ar thionscal atá i staid nirt, ní staid laige ná leochaileachta’. (18) Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach féidir a thuiscint ón mbreithiúnas sin go mbeadh luachmhéadú na Cúirte Ginearálta maidir leis an sciar den mhargadh ábhartha don imscrúdú seo, ina raibh roinnt tosca diúltacha ann a léirigh an díobháil, chomh maith le cailliúint an sciar den mhargadh agus an fíoras, contrártha do tháirgeadh píopaí gan uaim agus feadán iarainn nó cruach, gur tionscal timthriallach é PVC a choinnigh, ina theannta sin, acmhainneacht táirgeachta chobhsaí ar bun sa chás atá idir lámha, mar a mheabhraítear in aithrisí (126-127) agus (187) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(113)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh aithrisí (128) go (132) den Rialachán sealadach.

4.5.2.3.   Fás

(114)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an táscaire sin. Dá bhrí sin, deimhníodh aithris (133) den Rialachán sealadach.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(115)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na táscairí sin. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (134) go (138) den Rialachán sealadach.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(116)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (139) go (140) den Rialachán sealadach.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(117)

Thagair Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá don fhianaise a chuir Oxy Vinyls ar fáil gur tháinig méadú beagnach 50 faoin gcéad ar chostas na heitiléine i margadh an Aontais, agus go raibh costas na heitiléine i margadh an Aontais níos mó ná na trí oiread an chostais eitiléine i margadh na Stát Aontaithe sa chéad leath de 2023 agus nár tugadh aghaidh air sin sa Rialachán sealadach. An tráth céanna, d’aithin Oxy Vinyls gur shroich an méadú suntasach ar chostais eitiléine san Aontas buaicphointe in 2022.

(118)

I ndáil leis sin, tugtar faoi deara gur cuireadh eitiléin, an príomh-amhábhar i dtáirgeadh S-PVC, san áireamh go cuí in éineacht le tosca táirgeachta eile i dTábla 7 den Rialachán sealadach. Mar sin féin, ós rud é go raibh an díobháil níos feiceálaí le linn na tréimhse imscrúdúcháin nuair a tháinig méadú beagnach faoi dhó ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann i gcomparáid le 2022, ní raibh buaic eitiléine 2022 ina toisc dhíobhálach do staid dhíobhálach thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tugtar faoi deara freisin, murach na hallmhairí dumpáilte, go mbeadh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú chun a chostais a aisghabháil (féach tábla 1 le haghaidh sonraí ráithiúla maidir le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann le haghaidh tuilleadh sonraí).

(119)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Oxy Vinyls gur lean costais eitiléine de bheith ag ardú in 2023, rud a chuir brú leanúnach ar tháirgeoirí an Aontais. Cé nár chuir Oxy Vinyls aon fhianaise thacaíochta ar fáil ina leith sin, shuigh an Coimisiún trí rochtain a fháil ar na staitisticí a bhí ar fáil go poiblí go raibh meánphraghas domhanda na heitiléine le linn na tréimhse imscrúdúcháin 16 % níos ísle ná an meánphraghas in 2022 (19). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(120)

Mhaígh Oxy Vinyls nach ndearnadh ‘praghasghlacadóirí’ de tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin ach go raibh ar tháirgeoirí an Aontais a bpraghsanna a ísliú le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar dhinimic an mhargaidh. Mhaígh Oxy Vinyls, tar éis trí bliana de phraghsanna a bhí ag méadú i gcónaí, go raibh táirgeoirí de chuid an Aontais díreach i mbaol coimhthiú a chothú idir iad féin agus a gcuid custaiméirí, a bhí ag dul i ngleic le margadh a bhí ag crapadh de shíor. Tugadh faoi deara nach bhféadfadh tionscal an Aontais praghsanna a mhéadú le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun costais a chumhdach mar gheall ar an mborradh a tháinig faoi na hallmhairí dumpáilte agus ní mar gheall ar dhinimic eile an mhargaidh ná ar choimhthiú cliant, mar a mhaígh Oxy Vinyls. Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (141) go (143) den Rialachán sealadach.

4.5.3.2.   Costais saothair

(121)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le costais saothair. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (144) go (146) den Rialachán sealadach.

4.5.3.3.   Fardail

(122)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le fardail. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (147) go (148) den Rialachán sealadach.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(123)

Mhaígh Rialtas SAM, Oxy Vinyls agus TCI Sanmar gur míníodh an díobháil a thug tionscal an Aontais faoi deara leis na hinfheistíochtaí arda a rinneadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mhaígh siad go raibh iarmhairtí diúltacha ag na hinfheistíochtaí sin ar chostais táirgthe agus ar bhrabúis tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(124)

D’admhaigh an Coimisiún gur spreagadh infheistíochtaí suntasacha mar gheall ar an ngá atá le comhlíonadh na rialachán is infheidhme a áirithiú (is é sin le rá, fanacht i mbun gnó). Mar sin féin, ní féidir an díobháil a fuarthas a chur i leith na n-infheistíochtaí sin toisc go ndéantar infheistíochtaí den sórt sin a dhímheas thar thréimhsí fada agus nár mhéadaigh siad na costais dímheasa reatha agus, dá bhrí sin, nár rannchuidigh siad leis an díobháil bhreathnaithe a d’fhág go raibh tionscal an Aontais ag cailleadh airgid le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(125)

Chun earráid na hargóinte a rinne na páirtithe sin a léiriú, léirítear sa tábla seo a leanas méideanna na n-infheistíochtaí agus na gcostas dímheasa le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirítear sa tábla, cé go bhfuil méadú tagtha ar infheistíochtaí, gur tháinig laghdú 14 phointe céatadáin ar an dímheas iomlán ar chostas monaraíochta S-PVC le haghaidh na dtáirgeoirí sampláilte le linn na tréimhse faoi bhreathnú, toisc gur chuir cuideachtaí infheistíocht ar atráth. Léiríonn sé sin nach féidir na caillteanais a thabhaigh tionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin a nascadh le leibhéal na n-infheistíochtaí a rinneadh.

Tábla 2

Infheistíochtaí agus costais dímheasa (EUR)

 

2020

2021

2022

Tréimhse Imscrúdúcháin

Infheistíochtaí

64 616 015

61 243 727

82 005 921

141 483 932

Innéacs

100

95

127

219

Dímheas iomlán an táirge chomhchosúil

6 730 575

8 316 453

5 295 182

5 763 630

Innéacs

100

124

79

86

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(126)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh aithrisí (149) go (154) den Rialachán sealadach.

(127)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Oxy Vinyls gur toisc shubstaintiúil in aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith roimh thionscal an Aontais iad costais mhéadaitheacha chomhlíontachta a bhaineann le roinnt iarrachtaí comhshaoil agus sóisialta de chuid an Aontais, agus d’iarr sé go léireofaí é sin go leordhóthanach i measúnú an Choimisiúin. Mhaígh sé freisin gur leithdháil táirgeoirí de chuid an Aontais acmhainní chun críoch comhlíontachta i dtreo dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú nuair a thosaigh an díobháil líomhnaithe. Mhaígh sé freisin gur chuir na costais sin leis an laghdú ar an toradh ar infheistíocht do tháirgeoirí de chuid an Aontais ag deireadh na tréimhse faoi bhreathnú.

(128)

Ar an gcéad dul síos, tagraíonn an Coimisiún d’aithrisí (124) agus (125) thuas ina ndearnadh anailís ar chostais chomhlíontachta i bhfoirm dímheasa. Cuireadh a n-éifeacht ar infheistíochtaí san áireamh go cuí san anailís díobhála. Maidir leis an toradh ar infheistíochtaí, rinneadh measúnú air sin in aithrisí (153) agus (159) den Rialachán sealadach, inar léir gur tháinig forbairt dhiúltach air i bhfianaise staid chaillteanais tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(129)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Oxy Vinyls nár tugadh aghaidh sa nochtadh deiridh ar a mhaíomh, tar éis an nochta shealadaigh, nach féidir neamhábaltacht tháirgeoirí an Aontais caipiteal a thiomsú a chur i leith allmhairí na Stát Aontaithe go réasúnach.

(130)

Mar a tugadh faoi deara in aithris (154) den Rialachán sealadach, d’fhiosraigh an Coimisiún cás ar leith na gcuideachtaí sampláilte agus shainaithin sé cúiseanna éagsúla a d’fhág go raibh sé deacair do na cuideachtaí sin tairbhe a bhaint as ath-leithdháileadh acmhainní ar leibhéal an ghrúpa. Go deimhin, mar a léirítear in aithris (154), aithníodh gur tugadh tosaíocht d’infheistíochtaí i réigiúin eile den domhan, gan aghaidh a thabhairt ar scrogaill sa phróiseas táirgthe, ciorruithe buiséadacha urghnácha leanúnacha, agus tionchair eile. Níorbh fhéidir neamhaird a dhéanamh de ról na n-allmhairí dumpáilte, áfach, mar gheall ar an tionchar a bhí acu ar staid chaillteanais na dtáirgeoirí sin, le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus mar gheall ar an éiginnteacht a bheadh ann amach anseo dá bharr. Diúltaíodh don mhéid a mhaígh Oxy Vinyls dá bhrí sin.

4.5.4.   Conclúid maidir le díobháil

(131)

Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na torthaí a nochtadh sa Rialachán sealadach, gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (155) go (161) den Rialachán sealadach.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(132)

Chuir TCI Sanmar in aghaidh go ndearna na hallmhairí dumpáilte díobháil ábhartha do thionscal an Aontais trína áitiú i) gur tomhaiseadh an méadú “géar” ar mhéideanna allmhairí ó bhonn tosaigh an-íseal de 1 % sciar den mhargadh agus gur choinnigh tionscal an Aontais sciar ollmhór den mhargadh de 80 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ii) nach raibh praghsanna na n-allmhairí díobhálach agus go raibh an tionscal brabúsach i rith na tréimhse faoi bhreathnú, seachas don tréimhse imscrúdúcháin, agus iii) gurbh é ba chúis leis na caillteanais do thionscal an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin an leibhéal ard infheistíochtaí. Mheas an Coimisiún gur tugadh aghaidh ar na gnéithe sin i ranna eile: féach aithrisí (85), (96), (99), (124) agus (125) thuas.

(133)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (163) go (170) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(134)

D’áitigh Formosa go raibh allmhairí ó thríú tíortha réasúnta cobhsaí agus d’iarr sé ar an gCoimisiún scrúdú níos cúramaí a dhéanamh ar na treochtaí allmhairiúcháin.

(135)

Dheimhnigh an Coimisiún go raibh allmhairí ó gach tríú tír seachas na tíortha lena mbaineann cobhsaí sa tréimhse imscrúdúcháin mar a bhí in 2020 (322 205 thona sa tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 317 781 in 2020 i ndearbhfhigiúirí) agus nár tháinig ach méadú measartha ar a sciar den mhargadh (ó 8 % in 2020 go 10 % sa tréimhse imscrúdúcháin). Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire nár mhínigh Formosa cad é go díreach ba cheart don Choimisiún anailís éagsúil a dhéanamh air ná aon fhianaise a cheisteodh conclúid an Choimisiúin maidir le hallmhairí tríú tíortha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh ó Formosa.

(136)

Mhaígh TCI Sanmar go raibh allmhairí ó Mheicsiceo suntasach agus go raibh sé deacair a thuiscint conas a d’fhéadfadh an Coimisiún a mheas go raibh éifeacht sochta praghsanna ag allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ach nach raibh an éifeacht chéanna ag allmhairí ó Mheicsiceo. Bhí praghas beagán níos airde ar allmhairí ó Mheicsiceo ná na hallmhairí ón Éigipt sa tréimhse imscrúdúcháin ach fós bhí siad níos ísle ná praghas thionscal an Aontais. D’iarr TCI Sanmar ar an gCoimisiún leigheas a fháil ar a mhainneachtain breithniú cuí a dhéanamh i dtaobh ar mhaolaigh allmhairí ó Mheicsiceo, an dara honnmhaireoir is mó chuig an Aontas, an nasc cúisíoch le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(137)

Tagraíonn an Coimisiún do Thábla 11 sa Rialachán sealadach, ina léirítear go soiléir go raibh méid na n-allmhairí ó Mheicsiceo sa tréimhse imscrúdúcháin 9 % níos ísle ná mar a bhí in 2020 agus gur fhan a sciar den mhargadh cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise na dtreochtaí sin, áitíonn an Coimisiún nár mhaolaigh allmhairí ó Mheicsiceo in éineacht le tíortha seachas na tíortha lena mbaineann an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte.

(138)

Thug TCI Sanmar dá aire freisin gur tháinig méadú ar allmhairí ón gCóiré Theas le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 0 % in 2020 go 2 % sa tréimhse imscrúdúcháin. Thug TCI Sanmar le fios go bhfuil an méadú ar mhéid agus ar sciar den mhargadh cosúil leis an méadú ar allmhairí ón Éigipt agus nár scrúdaigh an Coimisiún go leordhóthanach an méadú ar allmhairí ón gCóiré Theas.

(139)

Go deimhin, tugann an Coimisiún dá aire gur tháinig méadú 48 368 dtona ar allmhairí ón gCóiré Theas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus go bhfuair siad sciar 1.6 % den mhargadh sa tréimhse imscrúdúcháin. Tugann sé dá aire freisin, cé go raibh praghsanna allmhairiúcháin na Cóiré Theas sa tréimhse imscrúdúcháin 14 % ní b’ísle ná praghsanna tháirgeoirí sampláilte an Aontais, bhí siad 7 % ní b’airde ná praghsanna allmhairiúcháin na dtíortha lena mbaineann. An tráth céanna, bhí na praghsanna allmhairiúcháin ón gCóiré Theas níos airde go seasta ná praghsanna tháirgeoirí an Aontais i ngach tréimhse eile den tréimhse faoi bhreathnú. Cé go n-aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh sé gur chuir allmhairí na Cóiré Theas leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus an méadú ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú á chur san áireamh go háirithe, deimhníonn an Coimisiún an chonclúid a leagtar amach in aithris (175) den Rialachán sealadach nár mhaolaigh allmhairí ó thríú tíortha (lena n-áirítear an Chóiré Theas) an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann.

(140)

I bhfianaise a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (171) go (175) den Rialachán sealadach.

(141)

Tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh TCI Sanmar le measúnú an Choimisiúin nár mhaolaigh allmhairí ón gCóiré Theas an nasc cúisíoch, ar an gcéad dul síos toisc go raibh na praghsanna allmhairiúcháin ón gCóiré Theas níos ísle ná praghsanna tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ar an dara dul síos toisc go raibh an Coimisiún ag brath ar shonraí tréimhsí nach í an tréimhse imscrúdúcháin iad.

(142)

D’admhaigh an Coimisiún, mar a luaitear in aithris (139), go bhféadfadh sé gur chuir allmhairí na Cóiré Theas leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, ach d’áitigh sé, áfach, nach féidir a mheas go haonarach go bhfuil a dtionchar suntasach i dtéarmaí méideanna agus praghsanna agus nach féidir an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann a mhaolú leo.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(143)

Mhaígh Formosa agus Oxy Vinyls freisin nach raibh bunús leis an tagairt d’onnmhairí chuig an Eilvéis ar phraghas faoi bhun luach an mhargaidh agus leis an líomhain go bhfuil margaí tríú tíortha amhail an Ríocht Aontaithe agus an Eilvéis ar maos in allmhairí ‘saora’ ó na Stáit Aontaithe agus ón Éigipt.

(144)

Mar sin féin, bhí an toradh sin bunaithe ar an measúnú ar shonraí díolacháin a chuir táirgeoirí SAM agus trádálaithe neamhchomhlachaithe ar fáil agus faoi threoir staitisticí allmhairiúcháin na hEilvéise agus na Ríochta Aontaithe. Thairis sin, deimhníodh in imscrúdú leanúnach na Ríochta Aontaithe, go háirithe tar éis an chinnidh a rinneadh maidir le clárú allmhairí amhail ón 26 Iúil 2024 (20), nach raibh conclúidí an Choimisiúin gan bhunús.

(145)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (176) go (184) den Rialachán sealadach.

5.2.3.   Ró-acmhainneacht sa tionscal S-PVC

(146)

Maidir leis an gcúis le húsáid ísealacmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus aon iarmhairtí diúltacha a bhí ann dá bharr, leis an bhfíoras go raibh i bhfad níos mó acmhainneachta ag tionscal an Aontais ná mar a d’fhéadfadh an margadh intíre a ionsú. D’áitigh Westlake gur fhan toilleadh shuiteáilte thionscal an Aontais i bhfad os cionn éileamh an Aontais fiú nuair a shroich an t-éileamh buaicphointe in 2021, bliain ina raibh téarnamh láidir eacnamaíoch san Aontas, sháraigh acmhainneacht tháirgeoirí de chuid an Aontais éileamh an Aontais sa bhliain sin faoi 22,5 %, agus gur ghá go mbeadh éifeachtaí diúltacha ag ró-acmhainn leanúnach den sórt sin ar tháirgeoirí de chuid an Aontais, ach ní fhéadfadh sé a bheith ina léiriú ar an díobháil a rinneadh de bharr na n-allmhairí dumpáilte.

(147)

Ar an gcaoi chéanna, líomhain Oxy Vinyls, cé gur admhaigh an Coimisiún an ‘leibhéal réasúnta ard ró-acmhainne’, dhiúltaigh sé don fhadhb sin toisc nach mbaineann sí le staid thionscal an Aontais, ar an bhforas sách seachantach gur ghnáth rud a bhí sa ró-acmhainn sin ar bhealach éigin. D’áitigh Oxy Vinyls nach féidir glacadh leis gur bhreathnaigh an Coimisiún ar ró-acmhainn thar lear le hamhras agus gur ghníomhaigh sé ina choinne, agus ag an am céanna gur mheas sé go raibh ró-acmhainn san Aontas neamhurchóideach.

(148)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire nach gcuirtear feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais san áireamh i mbarúlacha Westlake agus ró-acmhainneacht á tomhas. Dá bhrí sin, diúltaíodh dóibh toisc nach ndéanann siad ró-acmhainneacht a thomhas ach amháin i ndáil le héileamh an Aontais. Ina theannta sin, bhí na figiúirí a cuireadh i láthair ina maímh míchruinn. Thairis sin, agus i ndáil leis na barúlacha ó Oxy Vinyls, thug an Coimisiún dá aire nach raibh comharthaí ag baint le tionscal an Aontais a léirigh go raibh rátaí ísle úsáide acmhainneachta ann sular tháinig borradh faoi allmhairí dumpáilte go déanach in 2022 (21) agus go raibh leibhéal réasúnta ard ró-acmhainneachta thionscal an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin mar thoradh díreach ar an mborradh ar allmhairí dumpáilte agus ar an gcrapadh eacnamaíoch sealadach a breithníodh ar leithligh thíos i roinn 5.2.5.

(149)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (185) go (190) den Rialachán sealadach.

5.2.4.   Géarchéim fuinnimh san Aontas

(150)

Mhaígh rialtas na Stát Aontaithe gur admhaigh an Coimisiún in aithris (192) den Rialachán sealadach gurbh é an ghéarchéim fhuinnimh a bhí ann an bhliain sin ba chúis leis an méadú ar phraghsanna an táirge chomhchosúil in 2022. Luadh ann freisin go raibh tionchar ag géarchéim fuinnimh in 2022 ar thionscal an Aontais, rud ba chúis le méadú ar phraghsanna an táirge chomhchosúil.

(151)

Mhaígh rialtas na hÉigipte ‘nach ndearna an Coimisiún breithniú leordhóthanach ar éifeachtaí suntasacha na géarchéime fuinnimh agus an chraptha eacnamaíoch i margadh an Aontais’, mar ‘go bhfuil conclúid an Choimisiúin go ndearna praghsanna allmhairiúcháin díobháil gan taca, toisc gur fhulaing táirgeoirí de chuid an Aontais costais mhéadaithe mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh ach gur chuir siad na costais sin ar aghaidh chuig custaiméirí gan díobháil ábhartha a fhulaingt’.

(152)

D’iarr Formosa ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a mheasúnú agus tionchar díobhálach na géarchéime fuinnimh a bhreithniú gan a mhaíomh gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ba chúis le haon díobháil den sórt sin. Mhaígh Formosa freisin go raibh an Coimisiún ag brath an iomarca ar na sonraí ó 2021 agus ón gcéad leath den bhliain 2022, agus gur thug sé neamhaird mhíchuí ar thionchar na géarchéime fuinnimh sna míonna deiridh de 2022 agus go luath in 2023.

(153)

Maidir leis an méid thuas, thug an Coimisiún dá aire gur thagair a ráiteas in aithris (193) den Rialachán sealadach do thionscal an Aontais a bheith in ann na costais arda, lena n-áirítear na costais fuinnimh arda, a chur ar aghaidh chuig úsáideoirí in 2022. Mar sin féin, mar a luaitear in aithris (142) den Rialachán sealadach, ní raibh an staid mar an gcéanna ag deireadh 2022 nuair a bhí deacrachtaí ag táirgeoirí sampláilte an Aontais na costais uile a chlúdach leis na praghsanna díola.

(154)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún go ndearna an ghéarchéim fuinnimh difear do chostais thionscal an Aontais ó thús 2022. Mar sin féin, bhí tionscal an Aontais in ann na costais arda sin a chur ar aghaidh go dtí gur tháinig borradh faoi allmhairí dumpáilte ag deireadh 2022 agus in 2023 (i.e. sa tréimhse imscrúdúcháin). Ar deireadh, mheas an Coimisiún gur deimhníodh san anailís ar na hallmhairí ó thríú tíortha, dá mba rud é go mbeadh an ghéarchéim fuinnimh, seachas na hallmhairí dumpáilte, ina cúis leis an díobháil, agus an tAontas a bheith in ann na costais fuinnimh a chur ar aghaidh, go mbeifí ag súil go bhfeicfí méaduithe suntasacha ar an sciar den mhargadh d’allmhairí ó thíortha eile. Níor breathnaíodh méaduithe suntasacha ar an sciar den mhargadh, áfach, ach amháin i gcás na n-allmhairí dumpáilte.

(155)

Chuir Westlake i gcoinne an ráitis a rinne na gearánaigh maidir le deireadh na géarchéime fuinnimh ag deireadh 2022. I ndáil leis sin, mheas an Coimisiún, cé gur thagair na gearánaigh agus an Coimisiún don ghéarchéim fuinnimh mar thréimhse inar tháinig méadú leanúnach ar phraghsanna fuinnimh, mheas Westlake agus táirgeoirí eile de chuid na Stát Aontaithe amhail Formosa, gur thagair an ghéarchéim fuinnimh do thréimhse ina raibh praghsanna fuinnimh san Aontas i bhfad níos airde ná mar a bhí sna Stáit Aontaithe. Níor chuir an Coimisiún ina choinne go raibh praghsanna fuinnimh sna Stáit Aontaithe níos ísle ná mar a bhí san Aontas (agus tá siad fós amhlaidh) ach is fíor nár lean praghsanna fuinnimh san Aontas de bheith ag ardú. Thug an Coimisiún dá aire, mar gheall ar ghníomhaíocht chomhpháirteach ó na Ballstáit, gur tháinig laghdú suntasach ar phraghas an gháis (an fhoinse fuinnimh is mó a ndearna cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine difear di) ‘i dtreo dheireadh 2022 agus gur fhan sé réasúnta cobhsaí in 2023’. (22) Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún nach raibh tionchar ag ardú leanúnach ar phraghsanna fuinnimh san Aontas ar na sonraí don tréimhse imscrúdúcháin. Os a choinne sin, dheimhnigh cobhsú praghsanna nach ndearna athruithe ar phraghsanna fuinnimh difear do na sonraí don tréimhse imscrúdúcháin.

(156)

Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris (191) go haithris (194) den Rialachán sealadach.

5.2.5.   Crapadh eacnamaíoch, dinimic an mhargaidh

(157)

Mhaígh Oxy Vinyls gurbh é margadh craptha an Aontais ba chúis le haon díobháil líomhnaithe do thionscal an Aontais. D’iarr sé ar an gCoimisiún deireadh a chur leis an imscrúdú ar an bhforas sin, i gcomhréir leis an gcleachtas a bhí ann roimhe seo. D’iarr Formosa ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a mheasúnú agus tionchar díobhálach chrapadh eacnamaíoch ginearálta an tionscail a bhreithniú gan a mhaíomh gurbh iad na hallmhairí a líomhnaítear a dumpáladh ba chúis le haon díobháil den sórt sin. Mhaígh TCI Sanmar freisin gur bhain torthaí an Choimisiúin an bonn dá mheasúnú agus gur léirigh sé nár bhreithnigh an Coimisiún go cuí ar mhaolaigh an crapadh ar éileamh an nasc cúisíoch.

(158)

Mar a leagtar amach in aithris (196) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú 18 % ar éileamh S-PVC ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In aithris (197) mhínigh an Coimisiún freisin gurbh é an chúis a bhí leis sin ná an meascán de bhoilsciú ard agus costais iasachtaíochta a raibh tionchar aige an ngeilleagar i gcoitinne agus a chuir srian le héileamh na hearnála tógála, is é sin, an príomh-mhargadh do PVC. Thairis sin, in aithris (200) den Rialachán sealadach, admhaíodh go raibh tionchar teoranta ag an gcrapadh ach nár bhris sé ná nár mhaolaigh sé an nasc cúisíoch. Go deimhin, i ndáil leis sin, is féidir a chur i dtábhacht gur breathnaíodh an díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus gurbh é 11 % an laghdú ar an éileamh i ndáil le 2022, san am céanna tháinig méadú 91 % ar na hallmhairí dumpáilte ón Éigipt agus ó SAM i ndearbhmhéid agus méadú 116 % ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse céanna agus bhí a bpraghsanna 20 % faoi bhun phraghsanna tháirgeoirí an Aontais. Léiríonn na figiúirí sin go soiléir, fiú dá bhféadfadh sé gur chuir an crapadh ar éileamh leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, gurbh é an phríomhchúis díobhála do tháirgeoirí an Aontais an borradh ar allmhairí dumpáilte agus nár mhaolaigh an crapadh ar éileamh an nasc sin.

(159)

Líomhain Westlake nach léiriú é an fíoras go bhféadfadh laghdú a bheith tagtha ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse ábhartha ar dhíobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ba chúis léi, ach nach bhfuil ann ach gur iarmhairt loighciúil é ar éileamh laghdaitheach san Aontas in 2022 agus ina dhiaidh sin.

(160)

Bhí argóint Westlake i gcodarsnacht leis an bhfíoras go raibh crapadh éileamh 18 % gur tháinig méadú ocht n-oiread ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann a d’fhág gur taifeadadh méadú 9.2 pointe céatadáin ar sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, a fhad agus a tháinig laghdú 28 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais. Thairis sin, tháinig laghdú 4 phointe céatadáin níos mó ar tháirgeacht an Aontais ná an laghdú ar thomhaltas, arbh é ba chúis leis, an caillteanas sa sciar den mhargadh chun tairbhe an sciar den mhargadh atá ag na hallmhairí dumpáilte.

(161)

Thug an Coimisiún dá aire go ndeimhníonn na treochtaí sin a mheasúnú a mhéid a bhaineann leis an díobháil a rinneadh de bharr na n-allmhairí dumpáilte i gcomhthéacs éileamh srianta.

(162)

I bhfianaise a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (195) go (200) den Rialachán sealadach.

(163)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Oxy Vinyls gur choimhthigh tionscal an Aontais a chliaint lena straitéis praghsála, mar mhéadaigh siad a phraghsanna i ndiaidh a chéile suas go dtí 2022 agus cuireadh iallach air praghsanna a laghdú toisc nach raibh custaiméirí sásta glacadh le haon mhéadú eile. Mhaígh sé freisin go dtagann caillteanais ar deireadh ar dhíolacháin thionscal an Aontais as an meascán sin de phraghsanna arda agus éileamh atá ag laghdú. Mar thaca leis an maíomh sin, tharchuir sé rialú ón gCúirt maidir leis an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar iompar tháirgeoirí an Aontais sa chinneadh maidir le díobháil (23).

(164)

Thug an Coimisiún dá aire ina leith sin gur chuir sé san áireamh an crapadh ar an éileamh le linn na tréimhse imscrúdúcháin in aithrisí (195) go (200) den Rialachán sealadach agus d’admhaigh sé go raibh tionchar áirithe aige ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Maidir leis na praghsanna, áfach, contrártha leis an maíomh a rinne Oxy Vinyls, shuigh an Coimisiún go raibh praghsanna ag laghdú go mór le linn na tréimhse imscrúdúcháin (- 28 %) i gcomhthráth leis an mborradh suntasach ar allmhairí dumpáilte (+ 91 %), i gcomparáid le 2022. Maidir leis an bhfianaise ar choimhthiú a sholáthair Oxy Vinyls, níor tugadh bunús leis an maíomh agus ní chuirtear san áireamh ann go bhfuil tionscal an Aontais comhdhéanta de níos mó ná táirgeoir aonair. Ar deireadh, ós rud é go bhfuil tionscal an Aontais comhdhéanta de roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais, thabharfadh maíomh Oxy Vinyls le fios go raibh siad i mbun cleachtais fhrithiomaíocha i dteannta a chéile.

(165)

Ar bhonn a bhfuil thuas, diúltaíodh do na barúlacha a rinne Oxy Vinyls roimh an nochtadh deiridh.

5.2.6.   Force majeure

(166)

Dúirt Oxy Vinyls gur tharla an méadú ar allmhairí SAM idir 2021-2022 agus 2022-an Tréimhse Imscrúdúcháin ag an am céanna le tréimhse dearbhuithe force majeure arís agus arís eile ó tháirgeoirí de chuid an Aontais agus nach raibh i gceist, dá bhrí sin, ach go raibh bearna á líonadh ag allmhairí SAM i soláthar S-PVC d’úsáideoirí an Aontais. Mhaígh TCI Sanmar go bhféadfadh go raibh tionchar diúltach ag dearbhuithe force majeure ar an gcaidreamh muiníne idir custaiméirí agus táirgeoirí de chuid an Aontais, rud a spreag custaiméirí chun comhpháirtithe gnó iontaofa a lorg sna tíortha lena mbaineann.

(167)

Mheabhraigh an Coimisiún nár chuir páirtithe an imscrúdaithe aon fhianaise ar fáil maidir leis na hargóintí sin. Thug an Coimisiún dá aire nach raibh sé neamhghnách teagmhais force majeure a bheith sa tionscal S-PVC a bhí scaipthe i measc an iliomad láithreán san Aontas agus go raibh sé ag brath ar thionscail réamhtheachtacha le haghaidh amhábhair chriticiúla, ach nár cuireadh aon fhianaise ar fáil lenar nascadh imeachtaí force majeure le borradh na n-allmhairí dumpáilte go fóill. Tharla formhór na dteagmhas force majeure in 2020 agus 2021, i bhfad sular tháinig borradh faoi allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann.

(168)

Chun laige na líomhaintí a léiriú, thug an Coimisiún dá aire freisin gur dhearbhaigh gach ceann de thrí tháirgeoir S-PVC SAM teagmhais force majeure in 2021 (24), ag deimhniú nach raibh na dearbhuithe sin uathúil do thionscal an Aontais agus ag tabhairt le fios nach féidir le himeachtaí den sórt sin tionchar a bheith acu ar an gcaidreamh idir úsáideoirí agus táirgeoirí. Thairis sin, mar a léirítear go soiléir in aithris (203) den Rialachán sealadach, tharla formhór na dteagmhas force majeure a bhain le tionscal an Aontais go luath sa tréimhse faoi bhreathnú (dearbhaithe in 2020 agus 2021), i bhfad sular tháinig borradh faoi na hallmhairí dumpáilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(169)

Dá réir sin, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (201) go (206) den Rialachán sealadach.

(170)

Tar éis an nochta deiridh, sholáthair Oxy Vinyls dearbhuithe force majeure áirithe ó 2022 agus 2023 inar maíodh, contrártha le seasamh an Choimisiúin, nach raibh siad teoranta do 2020 agus 2021. D’admhaigh an Coimisiún nach neamhghnách é teagmhais force majeure a bheith ann i dtionscal a bhfuil láithreáin táirgthe iomadúla ina saintréith aige, ach ba amhlaidh gur dearbhaíodh formhór na dteagmhas force majeure in 2020 agus 2021 roimh an mborradh ar allmhairí dumpáilte, de réir mar a thuairiscigh na hallmhaireoirí comhoibríocha freisin le linn an imscrúdaithe (25).

(171)

Thairis sin, i bhfianaise ró-acmhainneacht thionscal an Aontais, tháinig an Coimisiún ar fhianaise le linn a imscrúdaithe gur éirigh le táirgeoirí de chuid an Aontais ar bhain teagmhas force majeure leo acmhainneacht táirgeachta a dtáirgeoirí comhlachaithe a úsáid (féach aithris (205) den Rialachán sealadach). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

5.2.7.   Conclúid maidir le cúisíocht

(172)

Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na torthaí a nochtar sa Rialachán sealadach, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón Éigipt agus ó na Stáit Aontaithe agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(173)

Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an nochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile in allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta a dtugtar tuairisc air in aithris (3) agus, dá bhrí sin, lena léirítear an díobháil bhreise mar thoradh ar mhéadú den sórt sin nuair a bhí an corrlach díobhála á chinneadh.

(174)

Bunaithe ar shonraí ó Eurostat, bhí na méideanna allmhairí ón Éigipt agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn thréimhse 4 seachtaine an réamhnochta 35 % níos ísle ná na meánmhéideanna allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn 4 seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár tháinig ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta.

(175)

Dá bhrí sin, níor choigeartaigh an Coimisiún leibhéal an díothaithe díobhála i ndáil leis sin.

(176)

Chuir Rialtas na hÉigipte agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá barúlacha isteach faoin gcoigeartú iar-allmhairiúcháin. Rinne an Coimisiún a ríomhanna i bhfianaise meastachán stuama ar chostais iar-allmhairiúcháin atá coibhéiseach le 1,0 % den luach CAL a nochtadh do na honnmhaireoirí sampláilte agus ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an ngné sin de chinneadh an chorrlaigh díobhála.

(177)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó Rialtas SAM agus ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch inar dhírigh siad aird ar spriocbhrabús iomarcach. Líomhnaíodh sna hargóintí nach gcomhfhreagraíonn an spriocbhrabús 13.1 % do spriocbhrabús is féidir a bhaint amach go réasúnach faoi ghnáthdhálaí iomaíochta toisc gur lean na torthaí a fuarthas in 2021, a bhí níos airde ná mar is gnách, don chuid is mó de 2022. Rinne Westlake mionléiriú ar an gcáineadh a thug le fios go raibh méadú tagtha cheana féin ar mhéid na n-allmhairí ón Éigipt agus ó na Stáit Aontaithe in 2022.

(178)

Mar fhreagra ar na maímh sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún, ar dtús, na hargóintí a cuireadh chun cinn in aithrisí (217) go (219) den Rialachán sealadach, is é sin gurb é an brabús a gnóthaíodh sa bhliain 2022 an brabús is oiriúnaí chun a úsáid mar spriocbhrabús ó na blianta a chumhdaítear leis an tréimhse faoi bhreathnú. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go raibh an téarnamh tar éis phaindéim COVID-19 thart faoin mbliain 2022, agus gur tharla téarnamh eacnamaíoch sin sa bhliain 2021. Thairis sin, admhaíonn an Coimisiún go raibh na hallmhairí dumpáilte ar an margadh cheana féin in 2022 agus go bhféadfadh go raibh tionchar aige sin ar an mbrabús a bhain tionscal an Aontais amach. Mar sin féin, dá mbeadh tionchar aige ar an leibhéal brabúis a gnóthaíodh, bhí tionchar diúltach aige agus bhí na brabúis níos ísle dá bharr, rud nach bhféadfadh a bheith tairbheach ach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus an brabús sin á úsáid acu chun an leibhéal díothaithe díobhála a ríomh.

(179)

D’áitigh TCI Sanmar gur bhain an tionscal tairbhe as téarnamh láidir iar-COVID in 2022 agus, dá bhrí sin, nár cheart an brabús a cláraíodh sa bhliain sin a úsáid mar spriocbhrabús. Níor aontaigh an Coimisiún leis an ráiteas sin toisc gur tháinig laghdú 18.3 % ar thomhaltas de réir méide in 2022. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(180)

Mhol Westlake agus TCI Sanmar brabús breathnaithe thionscal an Aontais in 2019 a úsáid. Mheas an Coimisiún go bhfuil sé amhrasach cén fáth a mbeadh sé níos iomchuí spriocbhrabús a úsáid bunaithe ar thorthaí lasmuigh den tréimhse faoi bhreathnú ná brabús corrlaigh 2022 a úsáid, bliain ina raibh tionscal an Aontais thíos leis an ngéarchéim fuinnimh agus inar thosaigh sé de bheith thíos leis an drochthionchar a bhí ag na hallmhairí dumpáilte air.

(181)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh aithrisí (216) go (224) den Rialachán sealadach.

(182)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh TCI Sanmar go raibh an praghas neamhdhíobhálach de EUR 1 405,48 in aghaidh an tona ró-ard, agus rinne sé tagairt do thuarascálacha Platts ar PVC sa tréimhse Eanáir 2014 go Márta 2024. Thairis sin, d’athdhearbhaigh sé a mhaíomh maidir le mí-oiriúnacht an spriocbhrabúis don bhliain 2022 agus d’athdhearbhaigh sé a mholadh brabús na bliana 2019 a úsáid.

(183)

Thug an Coimisiún dá aire gur ríomhadh an praghas neamhdhíobhálach i gcomhréir le hAirteagail 7(2c) agus 7(2d) den bhun-Rialachán agus nach féidir é a bhunú ar thuarascálacha ná ar chineál eile foinsí seachtracha.

(184)

Maidir leis an spriocbhrabús, i dteannta na réasúnaíochta in aithris (180) thuas, shuigh an Coimisiún go raibh tionscal an Aontais i staid chaillteanais in 2019 agus, dá bhrí sin, go raibh 2019 mí-oiriúnach chun na críche sin.

(185)

Tar éis an nochta deiridh, líomhain Oxy Vinyls gurbh é ba chúis leis an gcorrlach díobhála ard d’onnmhaireoirí SAM ná go raibh an Coimisiún ag cur spotphraghsanna onnmhairiúcháin SAM i gcomparáid le praghsanna conartha an Aontais nó gur shuigh sé spriocphraghas lena n-áirítear an corrlach brabúis ‘níos airde’ le haghaidh praghsanna conartha.

(186)

Mhaígh Oxy Vinyls freisin go raibh an spriocphraghas a d’úsáid an Coimisiún ró-ard toisc gur sháraigh sé praghsanna díolacháin an Aontais in 2020 agus 2021 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Mhol sé go n-úsáidfí meánchorrlach brabúis agus meánchostas táirgthe ar feadh na gceithre thréimhse uile den tréimhse faoi bhreathnú, rud a mbeadh costas táirgthe EUR 1 040 in aghaidh an tona agus corrlach brabúis 7,9 % mar thoradh air.

(187)

Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Coimisiún gur ríomhadh an praghas neamhdhíobhálach bunaithe ar chostas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus nach raibh aon chomparáid idir praghsanna i gceist leis an gcleachtadh sin. Ina theannta sin, ní féidir an spriocbhrabús a bhunú ar thréimhsí lena mbaineann caillteanais, rud is amhlaidh i gcás na tréimhse imscrúdúcháin a mhol Oxy Vinyls.

(188)

Ar an dara dul síos, a mhéid a bhaineann leis an spriocbhrabús, thug an Coimisiún dá aire, fiú dá n-úsáidfeadh sé an brabús is ísle 6 %, dá bhforáiltear in Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, in ionad 13,1 %, go mbeadh na corrlaigh dhumpála le haghaidh onnmhaireoirí uile SAM níos ísle ná na corrlaigh dhíobhála faoi seach. Ciallaíonn sé sin nach mbeadh aon athrú ar leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála is infheidhme maidir le honnmhaireoirí SAM.

(189)

Dá bhrí sin, is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:

Tír

Cuideachta

Corrlach díobhála (%)

an Éigipt

Egyptian Petrochemicals Company

100,1

TCI Sanmar Chemicals S.A.E.

74,2

Gach cuideachta eile

100,1

SAM

Formosa Plastics Corporation

90,6

Westlake Chemicals

87,2

Cuideachtaí comhoibríocha eile

88,3

Gach cuideachta eile

90,6

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(190)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le leas thionscal an Aontais. Dá réir sin, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (227) go (232) den Rialachán sealadach.

7.2.   Allmhaireoirí

(191)

In éagmais aon bharúlacha maidir le leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (233) go (235) den Rialachán sealadach.

7.3.   Úsáideoirí

(192)

Mhaígh TCI Sanmar nár chuir an Coimisiún san áireamh an éifeacht dhíobhálach a bhí ag forchur dleachtanna ar úsáideoirí trína mhaíomh go bhfuil soláthar ag táirgeoirí an Aontais amhail nach mór go bhfuil monaplacht acu ar mhagadh an Aontais agus go raibh siad in ann praghsanna a ardú i bhfad os cionn na gcostas le linn na tréimhse téarnaimh tar éis COVID agus go gcuirfidh na dleachtanna teorainn le cumas na n-úsáideoirí foinsiú ó na tíortha lena mbaineann chun roinnt brú iomaíoch a choinneáil ar tháirgeoirí an Aontais.

(193)

Athdhearbhaíonn an Coimisiún go mbainfeadh na húsáideoirí tairbhe ar deireadh as margadh iomaíoch san Aontais ina mbeadh roinnt táirgeoirí S-PVC, staid nach bhféadfaí a bhaint amach ach amháin dá dtabharfaí aghaidh ar iomaíocht éagórach na n-allmhairí dumpáilte. Thairis sin, meabhraítear go n-áirítear dhá tháirgeoir déag sa tionscal S-PVC san Aontas agus go bhfágann saintréithe an táirge go bhfuil an margadh thar a bheith iomaíoch. Thairis sin, tá foinsí malartacha ar fáil freisin i margadh an Aontais, amhail allmhairí ó Mheicsiceo, ón gCóiré Theas, ón Iorua agus ón Ríocht Aontaithe. In aon chás, ní hé cuspóir na ndleachtanna scor d’allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, ach cothrom iomaíochta a athbhunú i margadh an Aontais.

(194)

Thagair TCI Sanmar do chás ina bhfuil soláthar S-PVC amhail nach mór go bhfuil monaplacht i gceist leis i margadh an Aontais. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an ráiteas sin ag teacht salach ar bharúlacha TCI Sanmar maidir le sprioc-chorrlach brabúis toisc gur tráchtearra é S-PVC agus go bhfuil sé ag teacht salach freisin ar an bhfíoras nach rialaíonn na trí shuíomh/eintiteas dhlíthiúla is mó a tháirgeann S-PVC san Aontas ach an ceathrú cuid de tháirgeacht an Aontais. Thairis sin, tá foinsí soláthairtí ann ó thríú tíortha eile mar a léirítear in aithris (171) den Rialachán sealadach.

(195)

Líomhain Westlake ‘gur cinnte go mbeidh tionchar an-diúltach ag forchur dleachtanna arda den sórt sin ar úsáideoirí agus ar thionscail iartheachtacha a bhíonn ag brath ar PVC san Aontas.’ Luaigh Westlake barúlacha a rinne Rehau Industries SE & Co (Rehau) roimhe seo, ar ceann de na húsáideoirí iad a chuir barúlacha isteach i ndiaidh na tionscanta, maidir leis an dochar do thionscail iartheachtacha an Aontais arb é S-PVC an príomhábhar dóibh go háirithe mar gheall ar na praghsanna arda atá á ngearradh ag tionscal an Aontais agus ar an suaitheadh soláthair’. Bhí barúlacha comhchosúla ag Oxy Vinyls inar leagadh béim ar thábhacht allmhairí SAM chun soláthar S-PVC a dhaingniú.

(196)

I ndáil leis sin, admhaíonn an Coimisiún, mar gheall ar chleachtais dumpála go háirithe, go raibh úsáideoirí in ann S-PVC a cheannach ó na tíortha lena mbaineann ar phraghsanna ísle. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, an neamhréireacht a bhaineann le bheith ag éileamh go bhfuil tairbhe ag baint leis na praghsanna ísle, ar thaobh amháin, agus tagairt a dhéanamh don ghá atá le suaitheadh soláthair a sheachaint ar an taobh eile. Athdhearbhaíonn an Coimisiún gur mar gheall ar leas na dtionscal iartheachtach soláthar slán S-PVC a bheith acu, agus mar gheall air sin amháin, gur cheart aghaidh a thabhairt ar an díobháil arb iad na hallmhairí dumpáilte is cúis léi. In éagmais bearta ceartaitheacha, is beag amhras a bheadh ann go mbeadh dearcadh diúltach ag tionscal an Aontais agus go mbeadh líon níos ísle táirgeoirí san Aontas os comhair úsáideoirí agus go mbeadh soláthar comhchruinnithe i líon níos ísle táirgeoirí. Go deimhin, d’fhéadfadh laghdú den sórt sin ar líon na dtáirgeoirí de chuid an Aontais fadhb a chruthú le slándáil an tsoláthair S-PVC san Aontas.

(197)

Tháinig cúig allmhaireoir/úsáideoir déag agus an European PVC Window Profiles Association (EPPA) agus gach táirgeoir onnmhairiúcháin chun tosaigh tar éis bearta sealadacha a fhorchur, ag áitiú go mbeidh siad neamhchosanta ar phraghsanna an-ard i margadh an Aontais, toisc go ndéanfar na hallmhairí ábhair a thiomáint amach as an margadh agus go gcosnófar táirgeoirí an Aontais ar aon iomaíocht éifeachtach eachtrach. D’áitigh siad freisin go ndéanfaidh bearta difear freisin d’infhaighteacht S-PVC i margadh an Aontais, ós rud é go bhfuil táirgeoirí de chuid an Aontais neamhéifeachtúil le blianta beaga anuas, go ndeachaigh siad trí roinnt dúnadh táirgeachta, agus go ginearálta nach bhfuil siad aireach go leor do riachtanais na gcustaiméirí.

(198)

Léiríonn na hargóintí thuas argóintí níos luaithe ar thugamar aghaidh orthu sa Rialachán sealadach agus ar dhiúltaíomar dóibh ann, go háirithe trína chur in iúl go n-áirítear dhá tháirgeoir déag sa tionscal S-PVC san Aontas agus go bhfágann saintréithe an táirge go bhfuil an margadh thar a bheith iomaíoch. Go háirithe, tugadh aghaidh cheana féin ar an argóint maidir le dúnadh táirgthe in aithrisí (126-127) agus (187) den Rialachán sealadach. Thairis sin, maidir le hiomaíocht eachtrach, tá foinsí malartacha ar fáil freisin i margadh an Aontais, amhail allmhairí ó Mheicsiceo, ón gCóiré Theas, ón Iorua agus ón Ríocht Aontaithe. In aon chás, ní hé cuspóir na ndleachtanna scor d’allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, ach cothrom iomaíochta a athbhunú i margadh an Aontais.

(199)

Diúltaíodh do na barúlacha a tugadh maidir le leas na n-úsáideoirí. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (236) go (241) den Rialachán sealadach.

(200)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh EPPA go bhfuil an leibhéal beart atá beartaithe ró-ard. Ina ionad sin, mhol sí leibhéal dleachta nach mó ná 25 %. Thairis sin, mhaígh sí nach bhfuil a soláthairtí daingnithe de bharr na mbeart, mar gheall ar theagmhais force majeure a bhaineann le táirgeoirí an Aontais agus toisc nach bhfuil suim ag na tíortha táirgthe eile i margadh an Aontais, sin nó go bhfuil siad dírithe go príomha ar sholáthar dá margaí intíre. Ina theannta sin, mhaígh sí, de réir a meastachán, go dtiocfaidh fás 40 %-50 % ar phraghsanna intíre an Aontais agus go sroichfidh siad leibhéil arda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

(201)

Mar thaca leis na maímh sin, thagair siad do theagmhais force majeure 2021 agus do staitisticí onnmhairiúcháin PVC do Mheicsiceo agus don Chóiré Theas. I gcás na Cóiré Theas, chuir siad alt preasa ar fáil freisin, agus dá réir sin ‘fágann costais lasta níos airde agus agaí seachadta níos faide nach bhfuil sé chomh hinmharthana céanna do cheannaitheoirí Eorpacha PVC a fhoinsiú ón Áise’.

(202)

Mar fhreagairt ar na maímh sin, tugann an Coimisiún dá aire gur tugadh aghaidh go cuí ar na teagmhais force majeure in aithrisí (168) go (171) thuas agus in aithrisí (201) go (206) den Rialachán sealadach. Maidir leis an gCóiré Theas, thug an Coimisiún dá aire go raibh roinnt mhaith cinn scríbe Eorpacha le feiceáil ina staitisticí onnmhairiúcháin PVC, cé go raibh láithreacht sheasta chobhsaí ag Meicsiceo ar mhargadh an Aontais, mar a suíodh don tréimhse iomlán faoi bhreathnú (féach tábla 11 den Rialachán sealadach). Ar deireadh, ní raibh bunús le meastacháin EPPA maidir leis na méaduithe arda ar phraghsanna an Aontais a líomhnaíodh.

(203)

Mhaígh EPPA freisin go mbeidh costais tógála níos airde, inacmhainneacht tithíochta laghdaithe agus tionscadail tithíochta mhoillithe mar thoradh ar mhéaduithe ar phraghsanna S-PVC i bhfianaise na ndleachtanna.

(204)

Na maímh sin mar a mhínítear thuas in aithris (202) thuas, tá siad fós gan bhunús agus dá bhrí sin diúltaíodh dóibh.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(205)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithris (242).

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(206)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(207)

Mhol Westlake, i bhfianaise leas na n-úsáideoirí, gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar ‘cineál birt nach bhfuil chomh toirmeascach sin ... agus go sonrach dleacht ad valorem a mbeadh uasteorainn curtha leis i bhfoirm íosphraghas allmhairiúcháin (‘MIP’).’ Chuir na gearánaigh i gcoinne na deise beart den sórt sin a dhéanamh, ós rud é nach beart iomchuí iad MIPanna ós rud é go bhfuil amhábhair S-PVC arb ionann iad agus thart ar 80 % de chostas an táirgthe luaineach, an riosca imchéimnithe agus ionsúcháin mar gheall ar dhíolacháin indíreacha trí thrádálaithe neamhchomhlachaithe a bheith ann agus mar gheall ar an acmhainneacht bhreise leordhóthanach san Aontas, lena n-áirithítear slándáil an tsoláthair d’úsáideoirí.

(208)

D’aontaigh an Coimisiún nach mbeadh íosphraghas allmhairiúcháin leordhóthanach toisc go mbíonn tionchar ag luaineacht na bpraghsanna fuinnimh a fhágann go bhfuil praghas na n-amhábhar luaineach ar phraghsanna S-PVC. Mheas an Coimisiún freisin nach soláthródh an t-íosphraghas sin cinnteacht d’úsáideoirí agus do tháirgeoirí maidir le hinfhaighteacht S-PVC, toisc nach léireodh an praghas sin dinimic an mhargaidh.

(209)

Tar éis an nochta deiridh, shoiléirigh Westlake, in éineacht le trí tháirgeoir onnmhairiúcháin eile (Oxy Vinyls, Shin-tech agus Tricon) an iarraidh sin. Shonraigh siad go socrófaí an t-íosphraghas allmhairiúcháin bunaidh ar leibhéal an mheán-ghnáthluacha ualaithe, lena n-áirítear costais iompair an dá tháirgeoir shampláilte de chuid SAM le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus go mbeadh sé infheidhme maidir leis na hallmhairí uile ó SAM. Bheadh allmhairí faoi bhun an íosphraghais allmhairiúcháin faoi réir na dleachta ad valorem aonair le haghaidh na difríochta idir an praghas allmhairiúcháin agus an t-íosphraghas allmhairiúcháin. Chun luaineacht praghsanna na n-amhábhar a úsáidtear chun PVC a tháirgeadh a chur san áireamh agus chun dinimic an mhargaidh a léiriú, mhol siad go bhféadfadh an Coimisiún an t-íosphraghas allmhairiúcháin a innéacsú ar bhonn rialta (go ráithiúil nó go leathbhliantúil) bunaithe ar phraghsanna eitiléine in Iarthar na hEorpa mar a fhoilsíonn Chemical Market Analytics.

(210)

Thairis sin, mhaígh siad go raibh na difreálacha praghsanna idir spotphraghsanna onnmhairiúcháin na Stát Aontaithe agus spotphraghsanna an Aontais an-ard in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus gur fhill na difreálacha praghsanna ar na leibhéil thraidisiúnta le linn na tréimhse imscrúdúcháin, is iad sin leibhéil chosúla. D’iarr siad, dá bhforchuirfí bearta, go ndéanfaí athbhreithniú eatramhach a thionscnamh go huathoibríoch laistigh de dhá bhliain.

(211)

Rinne an Coimisiún anailís ar a iarraidh. Fuarthas amach nach léireodh íosphraghas allmhairiúcháin aonair do tháirgeoirí a bhfuil corrlaigh dumpála atá an-difriúil acu na leibhéil éagsúla dumpála a fuarthas do na páirtithe agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht na mbeart. Thairis sin, bheadh sé an-deacair an fhoirm atá beartaithe a chur chun feidhme toisc go mbeadh líon suntasach nuashonruithe riaracháin agus reachtacha ag teastáil ina leith arís eile. Ar an mbonn sin, ní fhéadfaí glacadh go cinntitheach leis an togra.

(212)

Maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú eatramhach uathoibríoch laistigh de 2 bhliain, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil sé bunaithe ar fhaisnéis tar éis na tréimhse imscrúdúcháin nach bhféadfaí a fhíorú go hiomchuí ná go leordhóthanach. In aon chás, de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán, féadfaidh aon onnmhaireoir nó allmhaireoir athbhreithniú eatramhach a iarraidh má tá bliain amháin caite ó forchuireadh bearta cinntitheacha.

(213)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

an Éigipt

Egyptian Petrochemicals Company

100,1

TCI Sanmar Chemicals S.A.E.

74,2

Gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte

100,1

SAM

Formosa Plastics Corporation

71,2

Westlake Chemicals

58,0

Oxy Vinyls, LP

62,3

Shintech Incorporated

62,3

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá

77,0

(214)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na hÉigipte nó Stáit Aontaithe Mheiriceá’.

(215)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (26). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(216)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go dtíolacfar an sonrasc sin, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte nó Stáit Aontaithe Mheiriceá’.

(217)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(218)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha lena dhéanamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(219)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

8.1.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(220)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(221)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(222)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fuaidreáin clóiríde polaivinile (‘S-PVC’), nach bhfuil measctha le haon substaint eile, atá faoi láthair faoi chód AC ex 3904 10 00 (cóid TARIC 3904 10 00 15 agus 3904 10 00 80) agus ar de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Cód breise TARIC

an Éigipt

Egyptian Petrochemicals Company

100,1

89BA

TCI Sanmar Chemicals S.A.E.

74,2

89BB

Gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte

100,1

8999

SAM

Formosa Plastics Corporation

71,2

89BC

Westlake Chemicals

58,0

89BD

Oxy Vinyls, LP

62,3

89BE

Shintech Incorporated

62,3

89BF

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá

77,0

8999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar le hainm agus le feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le méid i dtonaí fuaidreáin clóiríde polaivinile (‘S-PVC’) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh iad i/in/sa/san [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Na méideanna a fuarthas trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán (AE) 2024/1896 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí fuaidreáin clóiríde polaivinile (‘S-PVC’), nach bhfuil measctha le haon substaint eile, de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí clóiríde polaivinile áirithe (‘PVC’) de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO C, C/2023/1033, 15.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1033/oj).

(3)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1896 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí clóiríde polaivinile áirithe (PVC) de thionscnamh na hÉigipte agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, IO L, 2024/1896, 12.7.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1896/oj.

(5)  Tuarascáil ó Bhuanchomhlacht Achomhairc, Comhphobail Eorpacha - Bearta Cinntitheacha Frithdhumpála ar Cheanglóirí Áirithe Iarann nó Cruach ón tSín, Doic. EDT WT/DS397/AB/R (15 Iúil, 2011), míreanna 430 agus 468.

(6)  Féach fonóta 2.

(7)  t23.005593.

(8)  Cás Uimh. M.6905 – Ineos/Solvay/JV (2014).

(9)  Cás Uimh. M.6905 – Ineos/Solvay/JV, mír 83.

(10)  t24.009617.

(11)  Breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Eurofer, Association Européenne de l’Acier, AISBL v An Coimisiún Eorpach, C-226/20P, EU:C:2022:122, mír 90.

(12)  Airteagal 5.8 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT.

(13)  Cinneadh ón gCoimisiún 2007/214/CE an 3 Aibreán 2007 lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí peinteiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Rúise, na Tuirce, na hÚcráine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 94, 4.4.2007, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2007/214/oj).

(14)  In aon chás, meabhraíonn an Coimisiún go ndéanfar measúnú ar dhlíthiúlacht na rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála faoi threoir na rialacha dlí is infheidhme agus ní faoi threoir an chleachtais riaracháin a bhí ann roimhe seo. Féach Breithiúnas an 12 Márta 2020, Eurofer v an Coimisiún, T-835/17, EU:T:2020:96, mír 76 (‘ní mór measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht rialacháin lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála nó, mar atá sa chás seo, lena bhfoirceanntar na himeachtaí gan dleachtanna frithdhumpála a fhorchur, i bhfianaise rialacha dlíthiúla, agus go háirithe, fhorálacha an bhun-Rialacháin, ní ar bhonn chleachtas cinnteoireachta líomhnaithe an Choimisiúin agus na Comhairle roimhe seo. ’)

(15)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, An tSín – HP-SSST (an tSeapáin/AE), mír 5.159., Tuarascáil ón bPainéal, An tSín – táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní, mír 7.528.

(16)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/product/view/ds-056121__custom_12544654?lang=en.

(17)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra), an 29 Eanáir 2014 Hubei Xinyegang Steel Co. Ltd v Comhairle an Aontais Eorpaigh, https://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf;jsessionid=40954BAF1F62AA7A028721CFC94C10D9?text=&docid=147002&pageIndex=0&doclang=EN&mode=lst&ampa;dir=&occ=céad&ampa;part=1&cid=1702873.

(18)  Breithiúnas an 29 Eanáir 2014, Hubei v an Chomhairle, T-528/09, EU:T:2014:35, mír 61.

(19)   Praghsanna míosúla eitiléine ar fud an domhain 2024 | Statista (arna rochtain go deireanach an 13 Samhain 2024).

(20)   Fógra maidir le leigheasanna trádála 2024/07: allmhairí a chlárú ar phola(clóiríd vinile) ar fionraí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá - GOV.UK.

(21)  Ráta úsáide acmhainneachta 91 % in 2020 agus 2021 (féach Tábla 4 den Rialachán sealadach).

(22)  Féach leathanach gréasáin Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin ábhar seo (https://www.consilium.europa.eu/ga/policies/energy-prices-and-security-of-supply/#:~:text=In%20Nollaig%202023%2C%20one%20megawatt,energy%20imports%20away%20ó%20an Rúis).

(23)  Cás C-10/12 P Transnational Company ‘Kazchrome’ AO agus ENRC Marketing AG vs Comhairle an Aontais Eorpaigh, mír 13.

(24)  Oxy Vinyls (https://www.chemorbis.com/en/plastics-news/Production-News-Oxy---America---PVC-/2021/02/17/810029#reportH), Westlake ( Westlake lifts US PVC force majeure: litir | S&P Global ) agus Formosa (https://www.spglobal.com/commodityinsights/en/market-insights/latest-news/chemicals/070621-formosa-plastics-usa-lifts-february-force-majeure-on-pvc-letter)

(25)  Éisteacht Meraxis agus Rehau an 24 Aibreán 2024, sleamhnáin 7 go 9.

(26)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/36/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top