Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2663

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Chróit (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 9239)

C/2025/9239

IO L, 2025/2663, 30.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2663/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2663/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2663

30.12.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2663 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Nollaig 2025

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Chróit

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 9239)

(Is é an téacs Cróitise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráige de phlá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429 agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta agus crios faireachais.

(3)

Chuir an Chróit an Coimisiún ar an eolas faoin staid eipidéimeolaíoch ina críoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, tar éis ráig den ghalar sin in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach i mbardasacht Prgomet i gcontae Splitsko-Dalmatinska, ráig a deimhníodh an 13 Nollaig 2025 agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tá crios srianta bunaithe aici, lena gcuimsítear crios cosanta agus faireachais, áit ina bhfuil na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin i bhfeidhm.

(4)

Chun leathadh an ghalair a rialú, chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun aon bhacainn gan údar ar thrádáil ó thríú tíortha a sheachaint, an crios srianta arna bhunú ag an gCróit, i dtaca leis an ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ar crios é lena gcuimsítear na criosanna cosanta agus faireachais, ní mór an crios sin a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais.

(5)

Tá méid agus fad tréimhse na gcriosanna cosanta agus faireachais, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm iontu, bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinní X agus XI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán an ionfhabhtaithe sin le plá na n-athchogantach beag sa Bhallstát lena mbaineann mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin laistigh den Bhallstát sin agus san Aontas. Chomh maith leis sin, fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo, rinneadh é a chinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (4).

(6)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón mbunaíocht atá buailte leis sa Chróit go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(7)

Dá réir sin, ba cheart an crios srianta a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Chróit a bhunú agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh an Chróit an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann;

(b)

go gcuimseofar leis na criosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c)

maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Cróite a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

LIMISTÉIR A BUNAÍODH AR LEIBHÉAL AN AONTAIS MAR CHRIOSANNA SRIANTA, LENA gCUIMSÍTEAR CRIOSANNA COSANTA AGUS FAIREACHAIS SA CHRÓIT

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

HR-PPR-2025-00001

Cuimsítear leis an gcrios cosanta na limistéir seo a leanas:

a)

Splitsko dalmatinska županija

općina Prgomet, naselja Bogdanovići i Trolokve

općina Lećevica, naselja Divojevići, Kladnjice, Lećevica i Radošić

3.1.2026

HR-PPR-2025-00001

Cuimsítear leis an gcrios faireachais na limistéir seo a leanas:

a)

Splitsko dalmatinska županija

Grad Kaštela, naselja Kaštel Gomilica, Kaštel Kambelovac, Kaštel Lukšić, Kaštel Novi, Kaštel Stari, Kaštel Sućurac i Kaštel Štafilić

općina Klis, naselja Brštanovo, Dugobabe, Konjsko, Korušce, Nisko, Prugovo, Veliki Bročanac i Vučevica

općina Marina, naselja Blizna Donja, Blizna Gornja, Dograde, Gustirna, Mitlo, Najevi, Poljica, Pozorac, Rastovac, Vinovac i Vrsine

općina Muć, naselja Bračević, Crivac, Donje Ogorje, Donje Postinje, Donji Muć, Gizdavac, Gornje Ogorje, Gornje Postinje, Gornji Muć, Mala Milešina, Pribude, Radunić, Ramljane i Velika Milešina

općina Okrug, naselja Okrug Gornji i Okrug Donji

općina Prgomet, naselja Labin, Prgomet i Sitno

općina Primorski Dolac, naselje Primorski Dolac

općina Seget, naselja Bristivica, Ljubitovica, Prapatnica, Seget Donji, Seget Gornji i Seget Vranjica

Grad Solin, naselja Blaca i Solin

Grad Split, naselje Slatine

Grad Trogir, naselja Arbanija, Divulje, Mastrinka, Plano, Trogir i Žedno

b)

Šibensko kninska županija

Grad Drniš, naselja Kričke i Sedramić

općina Primošten, naselja Kruševo i Široke

općina Ružić, naselja Baljci, Čavoglave, Gradac, Kljake, Mirlović Polje, Moseć, Ružić i Umljanović

Grad Šibenik, naselja Boraja, Danilo, Danilo Kraljice, Lepenica, Mravnica, Perković, Podine, Sitno Donje, Slivno, Vrpolje i Vrsno

općina Unešić, naselja Cera, Čvrljevo, Donje Planjane, Donje Utore, Donje Vinovo, Gornje Planjane, Gornje Vinovo, Gornje Utore, Koprno, Ljubostinje, Mirlović Zagora, Nevest, Ostrogašica, Podumci, Unešić i Visoka

15.1.2026

HR-PPR-2025-00001

Cuimsítear leis an gcrios faireachais na limistéir seo a leanas:

a)

Splitsko dalmatinska županija

općina Prgomet, naselja Bogdanovići i Trolokve

općina Lećevica, naselja Divojevići, Kladnjice, Lećevica i Radošić

4.1.2026-15.1.2026


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2663/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top