This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2640
Council Decision (EU) 2025/2640 of 16 December 2025 authorising the opening of negotiations for a framework agreement between the European Union and the United States of America on the reciprocal exchange of information for security screenings and identity verifications relating to border procedures and visa applications
Cinneadh (AE) 2025/2640 ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh creat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le malartú cómhalartach faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta a bhaineann le nósanna imeachta teorann agus iarratais ar víosaí
Cinneadh (AE) 2025/2640 ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh creat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le malartú cómhalartach faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta a bhaineann le nósanna imeachta teorann agus iarratais ar víosaí
ST/16039/2025/INIT
IO L, 2025/2640, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2640/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2640 |
19.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2640 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Nollaig 2025
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh creat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le malartú cómhalartach faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta a bhaineann le nósanna imeachta teorann agus iarratais ar víosaí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 77(2), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4), de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ceanglas nua tugtha isteach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) maidir le cead isteach i gClár Tarscaoilte Víosa na Stát Aontaithe, clár a chuireann ar a gcumas do shaoránaigh de na tíortha rannpháirteacha taisteal chuig na Stáit Aontaithe gan víosa ar feadh 90 lá ar a mhéad chun críocha turasóireachta nó gnó. Baineann an ceanglas nua le tabhairt i gcrích ‘comhpháirtíocht um shlándáil teorann feabhsaithe’ (‘CSTF’) le Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe. Mar thoradh air sin, tá gá le creat comhchoiteann ar thaobh an Aontais maidir le malartú faisnéise i gcomhthéacs CSTF arb é is aidhm dó deimhneacht an mhalartaithe faisnéise idir comhpháirtithe a éascú agus a mhéadú. Ba cheart, dá bhrí sin, tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn creat-chomhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir leis an malartú cómhalartach faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta taistealaithe is gá chun a chinneadh an mbeadh riosca don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí ag baint le teacht isteach nó fanacht taistealaí (‘an creat-chomhaontú’). Ba cheart é a bheith indéanta faisnéis a mhalartaítear chun tacú leis an scagadh agus fíorú céannachta taistealaithe a úsáid ina dhiaidh sin, gan dochar do chur i bhfeidhm creataí ábhartha le haghaidh malartú faisnéise leis na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear maidir le forfheidhmiú an dlí agus ábhair choiriúla ar nós comhaontuithe maidir le coireanna tromchúiseacha a chosc agus a chomhrac (‘comhaontuithe CTCC’) agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach (‘comhaontuithe CDF’), agus nuair is gá agus nuair a údaraítear é le comhaontú déthaobhach nó socrú déthaobhach, agus sa chás sin amháin, chun tacú leis na húdaráis inniúla ina n-iarrachtaí ina dhiaidh sin aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus chun an choireacht thromchúiseach agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac, ar choinníoll go bhfuil na hiarrachtaí sin á ndéanamh i gcomhthéacs an bhainistithe teorainneacha agus an rialaithe teorann. |
|
(2) |
Níor cheart don chreat-chomhaontú difear a dhéanamh d’fheidhmiú comhaontuithe eile idir an tAontas nó a Bhallstáit, agus na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear comhaontuithe CTCC le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí nó comhaontuithe CDF in ábhair choiriúla. |
|
(3) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcreat-chomhaontú léiriú a thabhairt ar thiomantas na mBallstát a bheith rannpháirteach i gClár Tarscaoilte Víosaí na Stát Aontaithe. Dá réir sin, tá sé ríthábhachtach don Aontas a chur in iúl go soiléir, i bhfianaise thús na caibidlíochta maidir leis an gcreat-chomhaontú, nár cheart do na Stáit Aontaithe measúnú a dhéanamh ach amháin tar éis tréimhse iomchuí ama ar cé acu atá nó nach bhfuil comhaontú déthaobhach nó socrú déthaobhach CSTF tugtha i gcrích ag na Ballstáit. |
|
(4) |
Leis an gcreat-chomhaontú, ba cheart cearta bunúsacha a urramú, agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (‘an Chairt’) a chomhlíonadh, go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála a aithnítear in Airteagal 6 den Chairt, an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh mar a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go gcosnófar sonraí pearsanta mar a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime mar a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta mar a aithnítear in Airteagal 48 den Chairt agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis mar a aithnítear in Airteagal 49 den Chairt. Ba cheart an creat-chomhaontú a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt. Ba cheart an creat-chomhaontú a bheith i gcomhréir freisin le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le prionsabail Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(5) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus thug sé tuairim uaidh an 17 Meán Fómhair 2025. |
|
(6) |
Leis an gcreat-chomhaontú, ba cheart a bheith in ann socruithe déthaobhacha agus comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích idir na Ballstáit agus na Stáit Aontaithe maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gcreat-chomhaontú, ar choinníoll go bhfuil forálacha na socruithe déthaobhacha nó na gcomhaontuithe déthaobhacha sin comhoiriúnach le forálacha an chreat-chomhaontaithe agus le dlí an Aontais. Ba cheart socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gcreat-chomhaontú agus a tugadh i gcrích roimh theacht i bhfeidhm an chreat-chomhaontaithe a ailíniú leis an gcreat-chomhaontú. |
|
(7) |
Ba cheart an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Cinneadh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus CFAE, agus, faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Coimisiún caibidlíocht a dhéanamh le haghaidh creat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an malartú cómhalartach faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta taistealaithe is gá chun a chinneadh an mbeadh a dteacht isteach nó a bhfanacht ina riosca don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí.
Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.
Airteagal 3
Seolfar an chaibidlíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Malartú Faisnéise CGB (IXIM), atá ainmnithe mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) CFAE, faoi réir aon treoir a d’fhéadfadh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin don Choimisiún.
Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le seoladh, dul chun cinn agus toradh na caibidlíochta ar bhonn rialta agus aon uair a iarrfaidh an Chomhairle air, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar aghaidh chuici a luaithe is féidir chun go mbeidh tréimhse ama réasúnta ag comhaltaí de chuid na Comhairle chun iad féin a ullmhú i gceart don phlé a dhéanfaidh an mheitheal ar an gcaibidlíocht a bheidh ann amach anseo maidir leis an gcreat-chomhaontú.
I gcás inarb iomchuí, nó arna iarraidh sin don Chomhairle, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn ar fáil.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(2) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(3) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2640/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)