This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2506
Council Decision (CFSP) 2025/2506 of 8 December 2025 on an assistance measure under the European Peace Facility to support the Armed Forces of Côte d’Ivoire
Cinneadh (CBES) 2025/2506 ón gComhairle an 8 Nollaig 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha an Chósta Eabhair
Cinneadh (CBES) 2025/2506 ón gComhairle an 8 Nollaig 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha an Chósta Eabhair
ST/10454/2025/INIT
IO L, 2025/2506, 9.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2506/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2506 |
9.12.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2506 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Nollaig 2025
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha an Chósta Eabhair
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1) ón gComhairle, bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta cúnaimh amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta. |
|
(2) |
Tá dálaí slándála ag dul in olcas sna réigiúin thuaidh de 4 thír chósta i Murascaill na Guine – eadhon Gána, an Cósta Eabhair, Beinin agus Tóga – i ngeall ar an ngéarchéim sa tSaiheil láir. |
|
(3) |
I bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag dul in olcas, is den tábhacht na fórsaí armtha a neartú chun iarrachtaí cobhsaíochta a chumasú sa Chósta Eabhair agus chun tacú leis na hiarrachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, agus é á aithint aige go bhfuil gá le freagairt chomhtháite sa chás sin, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais fós é an tsíocháin agus an tslándáil fhadtéarmach a áirithiú sa Chósta Eabhair. |
|
(4) |
An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES)2023/1599 (2), lenar bunaíodh Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine, eadhon Gána agus Beinin, faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) (‘an Tionscnamh’). An 25 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2066 (3) lenar bunaíodh an Tionscnamh sa Chósta Eabhair agus i dTóga freisin. An 11 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2786 (4) lenar seoladh an Tionscnamh. Is é cuspóir straitéiseach an tionscnaimh cabhrú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine ina bhfuil an tionscnamh bunaithe chun cumais leordhóthanacha a fhorbairt ina bhfórsaí slándála agus cosanta chun an brú ó ghrúpaí armtha sceimhlitheoireachta a shrianadh agus chun freagairt dó. |
|
(5) |
An 29 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1248 (5) lenar bunaíodh beart cúnaimh faoi SES chun tacú le Fórsaí Armtha an Chósta Eabhair. |
|
(6) |
I mí an Mheithimh 2025, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ón gCósta Eabhair go dtabharfadh an tAontas cúnamh breise d’Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair i ndáil le soláthar trealaimh thábhachtaigh agus seirbhísí tábhachtacha chun a gcumais oibríochtúla a neartú le teorainneacha talún a dhaingniú agus chun cur i gcoinne grúpaí armtha nach grúpaí de chuid an stáit iad a bhfuil an tír agus réigiún na hAfraice Thiar ina iomláine á ndíchobhsú acu. |
|
(7) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme, agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (6), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES. |
|
(8) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Bunaítear leis seo beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe don Chósta Eabhair (‘an tairbhí’) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:
|
(a) |
an comhar maidir le slándáil agus cosaint idir an tAontas agus an Cósta Eabhair a neartú; |
|
(b) |
rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí foriomlána slándála agus cosanta Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair chun iomláine chríochach agus ceannasacht an Chósta Eabhair agus a phobail shibhialta a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha. |
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar, leis an mbeart cúnaimh, na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt:
|
(a) |
trealamh faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta; |
|
(b) |
paraisiúit chomhraic aonair. |
Leis an mbeart cúnaimh, maoineofar freisin seirbhísí agus saoráidí ábhartha, lena n-áirítear oiliúint theicniúil in éineacht leis an trealamh a sholáthraítear, i gcás inar gá sin.
4. Mairfidh an beart cúnaimh 42 mhí ó dháta glactha an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme agus an Creat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Défense Conseil International (Grúpa DCI) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, leis na soláthairtí agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na míreanna ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
R. STOKLUND
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1599/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2023/2066 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 238, 27.9.2023, lch. 141, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2066/oj).
(4) Cinneadh (CBES) 2023/2786 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 lena seoltar Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L, 2023/2786, 12.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2786/oj).
(5) Cinneadh (CBES) 2024/1248 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha an Chósta Eabhair (IO L, 2024/1248, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1248/oj).
(6) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2506/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)