This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2489
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2489 of 3 December 2025 concerning certain interim emergency measures relating to African swine fever in Spain (notified under document C(2025) 8483)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2489 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Spáinn (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8483)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2489 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Spáinn (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8483)
C/2025/8483
IO L, 2025/2489, 4.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2489/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 19/12/2025; Arna aisghairm le 32025R2629
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2489 |
4.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2489 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Nollaig 2025
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Spáinn
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8483)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí eile muc-ainmhithe ar coimeád. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás ráig ghalair de chatagóir A in ainmhithe fiáine a bheith deimhnithe go hoifigiúil, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe, déantar foráil le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, agus go bhfuil an crios ionfhabhtaithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios ionfhabhtaithe a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 8(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin is infheidhme maidir le criosanna srianta II sna limistéir a liostaítear mar chriosanna ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, chomh maith leis na bearta a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 8(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go bhfuil na Ballstáit le toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha ó chrios ionfhabhtaithe an Bhallstáit sin lena mbaineann a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II. |
|
(5) |
Ar deireadh, déantar foráil le hAirteagal 8(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go bhféadfaidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, ar coinsíneachtaí iad a ndearnadh an chóireáil ábhartha maolaithe riosca orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(6) |
Chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas faoin staid fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair ar a críoch, tar éis ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc a bheith deimhnithe in dhá mhuc-ainmhí fiáin i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine i gcúige Barcelona an 28 Samhain 2025, i limistéar a bhí saor ón ngalar sin roimhe sin. Dá réir sin, bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
|
(7) |
Chun suaitheadh gan ghá ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc sa Spáinn a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. |
|
(8) |
Ina theannta sin, chun leathadh breise fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar na limistéir sin sa Spáinn atá buailte ag an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí in dhá mhuc-ainmhí fiáin, mar chrios ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart na limistéir sin sa Spáinn a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart iad a bheith faoi réir bearta rialaithe galar, amhail na bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le criosanna srianta II dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 i gcás limistéir a liostaíodh mar chriosanna ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(9) |
Mar gheall ar chineál marthanach agus tromchúiseach na staide eipidéimeolaíche nua sin a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Aontas, agus an riosca láithreach méadaithe atá ann go leathfaidh an galar á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag bearta rialaithe galar, amhail na bearta speisialta rialaithe galar i dtaca le fiabhras Afracach na muc dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 freisin maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí ó na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, chomh maith leis na bearta a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(10) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta éigeandála rialaithe galar a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(11) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sa Spáinn a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an chriosúcháin sin a shocrú, agus ba cheart bearta éigeandála eatramhacha rialaithe galar a leagan síos. |
|
(12) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunóidh an Spáinn crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Cuimseoidh an crios sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus coinneofar ar bun é le linn na tréimhse a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, beidh feidhm ag an Spáinn go dtí na dátaí a shonraítear san Iarscríbhinn:
|
(a) |
na bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, |
|
(b) |
na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus |
|
(c) |
na bearta rialaithe galar a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 28 Feabhra 2026.
Airteagal 4
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/594/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Limistéir a bunaíodh mar chrios ionfhabhtaithe sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é |
|
The municipalities of Vallès Occidental region: Badia del Vallès, Barberà del Vallès, Castellar del Vallès, Castellbisbal, Cerdanyola del Vallès, Gallifa, Matadepera, Montcada i Reixac, Palau-solità i Plegamans, Polinyà, Ripollet, Rubí, Sabadell, Sant Cugat del Vallès, Sant Llorenç Savall, Sant Quirze del Vallès, Santa Perpètua de Mogoda, Rellinars, Sentmenat, Terrassa, Ullastrell, Vacarisses, Viladecavalls. The municipalities of Vallès Oriental region: Ametlla del Vallès, Bigues i Riells del Fai, Caldes de Montbui, Canovelles, Granollers, La Roca del Vallès, Llagosta, Lliçà d’Amunt, Lliçà de Vall, Mollet del Vallès, Martorelles, Montmeló, Montornès del Vallès, Parets del Vallès, Sant Feliu de Codines, Sant Fost de Campsentelles, Santa Eulàlia de Ronçana, Santa Maria de Martorelles, Vallromanes, Vilanova del Vallès. The municipalities of Baix Llobregat region: Abrera, Castellví de Rosanes, Cervelló, Collbató, Corbera de Llobregat, Cornellà de Llobregat, El Papiol, Esparreguera, Esplugues de Llobregat, Martorell, Molins de Rei, Olesa de Montserrat, Pallejà, El Prat de Llobregat, Sant Andreu de la Barca, Sant Boi de Llobregat, Sant Climent de Llobregat, Sant Esteve Sesrovires, Sant Feliu de Llobregat, Sant Joan Despí, Sant Just Desvern, Sant Vicenç dels Horts, Santa Coloma de Cervelló, Torrelles de Llobregat, Vallirana, Viladecans, La Palma de Cervelló. The municipalities of Barcelonès region: Badalona, Barcelona, L’Hospitalet de Llobregat, Sant Adrià de Besòs, Santa Coloma de Gramenet. The municipalities of Maresme region: Alella, Cabrils, El Masnou, Montgat, Òrrius, Premià de Dalt, Premià de Mar, Teià, Tiana, Vilassar de Dalt. The municipalities of Alt Penedès region: Gelida, Sant Llorenç d’Hortons. The municipalities of Anoia region: Els Hostalets de Pierola, Masquefa. The municipalities of Bages region: Castellbell i el Vilar i Mura. |
28.2.2026 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2489/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)