This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2389
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2389 of 28 November 2025 concerning the extension of the action taken by the French Ministry of Ecological Transition permitting the making available on the market and use of the biocidal product Biobor JF in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2025) 8053)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2389 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2025 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8053)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2389 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2025 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8053)
C/2025/8053
IO L, 2025/2389, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2389/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2389 |
2.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2389 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2025
maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8053)
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Márta 2025, ghlac Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince (‘údarás inniúil na Fraince’) cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, lena gceadófaí an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla, chun cóireáil fhrithmhiocróbach a dhéanamh ar umair bhreosla aerárthaí agus ar chórais bhreosla aerárthaí, ón 30 Aibreáin 2025 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2025 (‘an ghníomhaíocht’). Chuir údarás inniúil na Fraince an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na Fraince ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Miocrorgánaigh, amhail baictéir, múscán agus giosta, a fhásann i mbodharuisce agus a chothaíonn iad féin ar hidreacarbóin sa bhreosla a fhaightear ag an gcomhéadan breosla le huisce, is iad is cúis le héilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí. I gcás nach ndéantar cóireáil ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh mífheidhmeanna ó thaobh inneall an aerárthaigh de teacht chun cinn agus aeracmhainneacht an aerárthaigh a chur i mbaol, rud a chuirfeadh sábháilteacht paisinéirí agus criúnna i mbaol. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach éilliú miocróbach a bhrath, a chosc, agus a chóireáil chun fadhbanna oibríochtúla in aerárthaí a sheachaint. |
|
(3) |
Tá mais imoibriúcháin 2,2’[(1-meitiolprópán-1,3-dé-il)bios(ocsa)]bios[4-meitil-1,3,2-dé-ocsabóranán] agus 2,2’-ocsaibios(4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) in Biobor JF mar shubstaint ghníomhach. Is táirge bithicídeach de chineál táirge 6 é Biobor JF (leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Níl meastóireacht déanta ar mhais imoibriúcháin 2,2’[(1-meitiolprópán-1,3-dé-il)bios(ocsa)]bios[4-meitil-1,3,2-dé-ocsabóranán] agus 2,2’-ocsaibios(4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) i ndáil lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6. Ós rud é nach liostaítear an tsubstaint sin i measc na dteaglamaí de shubstaintí/cineálacha táirgí a chuimsítear sa chlár athbhreithnithe an 17 Márta 2022, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), ní chuimsítear í sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 lena gceadaítear do na Ballstáit leanúint dá gcóras nó dá gcleachtas reatha a chur i bhfeidhm maidir le táirge bithicídeach ar leith a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid, níl feidhm aige dá bhrí sin maidir leis an tsubstaint ghníomhach sin, substaint nach mór a mheasúnú agus a fhormheas sular féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil an tsubstaint sin a údarú ar an leibhéal náisiúnta freisin. |
|
(4) |
An 30 Aibreán 2025, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na Fraince ar chead síneadh a chur leis an ngníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sábháilteacht an aeriompair a bheith fós i mbaol ó éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, agus ar bhonn na hargóinte gur gá Biobor JF chun an t-éilliú miocróbach sin a rialú. |
|
(5) |
De réir na faisnéise a sholáthair údarás inniúil na Fraince, an t-aon táirge bithicídeach malartach amháin arna mholadh ag monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí maidir le héilliú miocróbach a chóireáil, is é sin Kathon™ FP 1.5, tarraingíodh siar ón margadh é i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar aimhrialtachtaí tromchúiseacha in innill aerárthaí a tugadh faoi deara tar éis a gcóireála leis an táirge sin. Dá bhrí sin, is é Biobor JF an t-aon táirge amháin atá ar fáil a mholann monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí le haghaidh na húsáide sin. |
|
(6) |
Mar atá curtha in iúl ag údarás inniúil na Fraince, ní féidir i gcónaí cóireáil mheicniúil a dhéanamh ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí agus, de réir na nósanna imeachta a mholann monaróirí inneall, tá gá le cóireáil le táirge bithicídeach fiú nuair atá glanadh meicniúil indéanta. Thairis sin, le cóireáil mheicniúil chuirfí na hoibrithe i dteagmháil le gáis thocsaineacha agus dá bhrí sin ba cheart í a sheachaint. |
|
(7) |
Tá bearta déanta ag monaróir Biobor JF chun údarú an táirge a lorg. Cuireadh iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí atá in Biobor JF faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i mí an Mheithimh 2025. Formheas na substainte gníomhaí agus údarú an táirge bhithicídigh, is réiteach buan a bheadh sa mhéid sin, ach tá gá le tréimhse ama nach beag le haghaidh chur i gcrích na nósanna imeachta údaraithe agus formheasa sin. |
|
(8) |
An easpa rialaithe ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh sé sin sábháilteacht an aeriompair a chur i mbaol, agus ní féidir an baol sin a rialú go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid ná ar aon mhodh eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt d’údarás inniúil na Fraince síneadh a chur leis an ngníomhaíocht tar éis an 26 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(9) |
Ós rud é go ndeachaigh an ghníomhaíocht in éag an 26 Deireadh Fómhair 2025, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an ngníomhaíocht lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla, chun cóireáil fhrithmhiocróbach a dhéanamh ar umair bhreosla aerárthaí agus ar chórais bhreosla aerárthaí, féadfaidh Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince síneadh a chur leis an ngníomhaíocht sin go dtí an 30 Aibreán 2027.
Airteagal 2
Is chuig Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2389/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)