This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2282
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2282 of 13 November 2025 postponing the expiry date of the approval of cholecalciferol for use in biocidal products of product-type 14 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2282 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2282 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/7577
IO L, 2025/2282, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2282/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2282 |
17.11.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2282 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Samhain 2025
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/637 ón gCoimisiún (2), formheasadh colacailciféaról mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
An formheas maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 (‘an formheas’), bhí sé le dul in éag an 30 Meitheamh 2024. An 22 Nollaig 2022, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas (‘an t-iarratas’). |
|
(3) |
An 7 Lúnasa 2023, chuir údarás inniúil meastóireachta na Sualainne an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, nár ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 14(2), an dara fomhír, den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 180 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) glacadh leis an iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(3) den Rialachán sin. |
|
(4) |
An 16 Nollaig 2023, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta moladh faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i ndáil leis an bhformheas ar colacailciféaról a athnuachan. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar athnuachan a dhéanamh ar fhormheas substaintí gníomhacha. An 27 Feabhra 2024 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim (3) ón nGníomhaireacht, ag féachaint dó do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
|
(6) |
An 1 Iúil 2024, de bhun Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (4) athbhreithniú a dhéanamh ar an tuairim uaithi chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid na substainte ag an bpobal i gcoitinne (daoine neamhghairmiúla) agus chun teacht ar chonclúid go cinnte an bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ann chun colacailciféaról a ionadú le haghaidh cóireáil lucha tí laistigh, e.g. trí ghaistí meicniúla a úsáid. |
|
(7) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/733 ón gCoimisiún (5), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2025 dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 chun go mbeadh am leordhóthanach ann nós imeachta iomlán scrúdú an iarratais a thabhairt chun críche. |
|
(8) |
An 30 Aibreán 2025, chuir an Gníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas go raibh sé beartaithe aici an tuairim athbhreithnithe a chur faoina bhráid sa tríú ráithe de 2025. |
|
(9) |
Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar an iarratas a chur i gcrích. Agus aird á tabhairt ar na teorainneacha ama le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime athbhreithnithe ón nGníomhaireacht, agus ar an am atá de dhíth ar an gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2026. |
|
(10) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh colacailciféaról formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/637 ón gCoimisiún, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/637, cuirtear ar atráth é go dtí an go dtí an 31 Nollaig 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/637 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena bhformheastar colacailciféaról mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 (IO L 109, 24.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/637/oj).
(3) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha ar an iarratas maidir le hathnuachan a dhéanamh ar fhormheas na substainte gníomhaí: Colacailciféaról, Cineál táirge: 14, ECHA/BPC/412/2024, a glacadh an 27 Feabhra 2024.
(4) Sainordú lena n-iarrtar tuairimí ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) den Rialachán maidir le Táirgí Bithicídeacha — ‘Scrúdú ar roghanna malartacha ar cholacailciféaról agus ar an úsáid a d’fhéadfadh an pobal i gcoitinne a bhaint as’; https://www.echa.europa.eu/regulations/biocidal-products-regulation/approval-of-active-substances/opinions-on-article-75-1-g.
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/733 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/733, 1.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/733/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2282/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)